Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a earcaíodh tráchtairí spóirt that sports commentators were hired
" Ba é seo an chéad uair a earcaíodh tráchtairí spóirt Gaeilge laistigh de RTÉ seachas duine ó Raidió na Gaeltachta.
go sciobfaidh spórt eile iad that another sport will grab them
" Is gá aire mhaith a thabhairt do na gasúir sin, fiú amháin má chosnaíonn sé mórán airgid, mar seans go sciobfaidh spórt eile iad atá gairmiúil agus atá ar thóir imreoirí óga cumasacha.
an spóirt is úire the newest sport
" Tá sí i mbun an spóirt is úire ar chlár imeachtaí turasóireachta thíortha lár na hAfraice.
gcomhfhreagraithe spóirt sports correspondents
" com/) agus is féidir léamh mar gheall ar bhotúin na gcomhfhreagraithe spóirt ar (www.
staid náisiúnta spóirt national sports stadium
" Ar an gcéad dul síos, le tamall maith anuas tá plean ag an rialtas staid náisiúnta spóirt a thógáil i mBaile na nAb, i mBaile Átha Cliath thiar.
spóirt aonair individual sports
" Am agus dua ======= Ar an gcéad amharc, déarfadh duine gur mhaith an rud é cúnamh a thabhairt dóibh siúd atá ag iomaíocht thar ceann na tíre ag leibhéal ard idirnáisiunta i spóirt aonair a mbíonn go leor ama agus dua ag baint leo agus costas go leor freisin.
eagraíocht spóirt sports organisation
" Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b'fhéidir san Eoraip.
eite spóirt sporting wing
" Fear a labhraíonn go binbeach fá Chaitlicigh, agus fán chultúr Éireannach, an fear a dúirt gur teanga leipreachán a bhí sa Ghaeilge, a thug "leadbelly" ar Alex Maskey i ndiaidh do dhílseoirí é a scaoileadh sa bholg, an fear a dúirt gurb é Cumann Luthchleas Gael eite spóirt an IRA.
scléip sport
" Bíonn ceol agus scléip sna tithe tábhairne agus, le dhá óstán agus rogha mhaith tithe lóistín, níl aon easpa leapacha ar an mbaile.
spórtúil sporting
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
sa spórt úr is mó ráchairt in the most popular new sport
" " Chuig Aerfort na Sionainne a chuaigh sé ansin le páirt a ghlacadh sa spórt úr is mó ráchairt ar chlár imeachtaí samhraidh na hÉireann: "Aimsigh an Turasóir Meiriceánach".
forais spóirt sports bodies
" Ní haon ionadh é, b'fhéidir, gur mhaígh an cumadóir Caitliceach James MacMillan ina dhiaidh sin go bhfuil "ár ngairmeacha, ionaid oibre, ciorcail acadúla agus forais spóirt lán le leithéidí Findlay".
pearsanra spóirt sports personalities
" Tá scríofa aige faoi Choirn Eorpacha agus Dhomhanda, Cluichí Oilimpeacha agus Cluichí Ceannais na hÉireann, chomh maith le pearsanra spóirt ar nós George Best, Muhammad Ali agus Stephen Roche.
na tuairisceoirí eile spóirt the other sports reporters
" Bhíodh na tuairiscí sin iomlán difriúil ó na tuairiscí a scríobhadh na tuairisceoirí eile spóirt.
na húdaráis spóirt the sports authorities
" I gcás THG is cosúil nach raibh eolas ag na húdaráis spóirt go dtí le déanaí go raibh a leithéid in úsáid go forleathan.
lucht leanúna spóirt sports supporters
" Ní haon rud nua é lucht leanúna spóirt a bheith ag faíreach.
a dhúil sa spórt his liking for sport
" An spórt mar ghairm ======= Deirtear gurb é a dhúil sa spórt ba chúis lena imeacht.
eagraíochtaí spóirt sports organizations
" Is gá don rialtas suim a chur sa cheist agus féachaint chuige gur féidir le heagraíochtaí spóirt an obair thábhachtach atá le déanamh acu a dhéanamh gan an imní sin a bheith orthu.
ag spraoi sporting
" "Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a d'fhágadh Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna na dúnta Lá Bealtaine leis an chéad sé mhí eile a chaitheamh ag seilg ar na sléibhte agus ag spraoi ar na bánta," a deir Balor an Réamhstaraí.
meath a chumais spórtúil the decline in his sporting ability
" Nó b'fhéidir, ar nós cuid mhaith imreoirí agus lúithchleasaithe eile, nach raibh sé in ann déileáil le meath a chumais spórtúil agus dá bhrí sin gur chuir sé an chuid sin dá shaol ar leataobh agus thug a aghaidh ar nithe eile.
fhanaiceach spóirt sports fanatic
" Tá an tír siúlta aige féin ó shin mar iriseoir agus mar fhanaiceach spóirt agus tá peann curtha le pár aige chun cuntas a thabhairt dúinn, ní hamháin ar na cluichí ar fhreastail sé orthu, ach ar dhaoine a casadh dó, eachtraí a tharla dó, scéalta a insíodh dó agus amhráin a canadh dó.
áiseanna spóirt sports facilities
" Infheistíocht an-chiallmhar a bheadh ann dá gcaithfí na billiúin euro ar fud na tíre ar áiseanna spóirt ar nós linnte snámha agus hallaí ina bhféadfaí gach saghas spóirt a chleachtadh.
easpa áiseanna spóirt agus corpoideachais lack of sports and PE facilities
" Cuireann sí an milleán chomh maith ar an easpa áiseanna spóirt agus corpoideachais inár gcuid scoileanna.
craoltóirí spóirt sports broadcasters
" Bunaíodh coiste roghnaithe i measc iriseoirí agus craoltóirí spóirt agus bunaíodh coiste stiúrtha freisin chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos don scéim.
spóirt ghairmiúla professional sports
" Is spóirt iad atá in iomaíocht ghéar leis na cluichí dúchasacha Gaelacha go háirithe, agus ní hamháin sin is spóirt ghairmiúla iad a ritear ar bhonn ghnó agus atá ag déanamh a míle dícheall an t-aos óg a mhealladh chucu féin.
tuairiscí spóirt sports reports
" Go hiondúil tagann na cluichí Gaelacha sa tríú háit sna tuairiscí spóirt ar na nuachtáin, ar an raidió agus ar an teilifís (tá ardmholadh ag dul do TG4 agus do RTÉ as an méid cluichí Gaelacha a chraolann siad).
an-tugtha don spórt very taken with sport
" Nuair a bhíos i mo ghasúr ag fás aníos i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, bhíomar go léir an-tugtha don spórt agus bhí sé de nós ag gasúir ceist a chur ar a chéile i dtaobh na foirne ar thug siad tacaíocht di.
chraoltaí ócáidí móra spóirt beo big sports occasions used to be broadcast live
" Ar feadh na mblianta ní raibh againne ach Teilifís Éireann ach chraoltaí ócáidí móra spóirt beo ó am go ham, cluichí leathcheannais agus ceannais na hÉireann, Corn an FA agus imeachtaí eile ar nós dornálaíochta trom-mheáchain an domhain (is cuimhin liom Cassius Clay/ Muhammad Ali ag tosú amach le Craobh Dhomhanda i gcoinne Sonny Liston), corn sacair an domhain i 1966 agus mar sin de.
Craoltar mórán ócáidí spóirt many sports events are broadcast
" Craoltar mórán ócáidí spóirt ar TG4, idir chluichí Gaelacha, rugbaí, sacar, pheil na hAstráile is araile, ach cé a cheapfadh, cúpla bliain ó shin fiú amháin, go bhféadfadh duine féachaint ar cheann de na hócáidí spóirt is ardnósaí ar domhan, is é sin comórtas leadóige Wimbledon, é “beo” ar theilifis na Gaeilge agus an tráchtaireacht á déanamh tré mheán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais Gaeilge! B’fhéidir nár cheart a bheith ag déanamh iontais dá leithéid níos mó, ach i gcás cuid againn is gearr le míorúilt ann féin é sin.
Seargánach spoil-sport
" ” “Caidé mar atá tú, a Aire?” a d’fhiafraigh Balor an Seargánach.
sa léann spóirt in sports studies
" Ivor Neill an t-ainm atá air agus is múinteoir sa léann spóirt é.
sholáthar spóirt sports output
" ” Is é an comhlacht aitheanta Nemeton ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge a léiríonn an tsraith agus go leor eile de sholáthar spóirt TG4.
áiseanna spóirt faoi dhíon indoor sports facilities
" I gcás breis is leath de na scoileanna, níl áiseanna spóirt faoi dhíon de saghas ar bith acu.
cumas spóirt sporting ability
" Bhí sé fíor i gcónaí go raibh céatadán áirithe de ghasúir nach raibh cumas spóirt iontu, rud a luíonn le réasún, ach measaim go bhfuil níos mó daltaí anois ag teacht isteach atá go hiomlán mí-aclaí.
aire spóirt cúil shadow sports minister
" Fuair Fowler tacaíocht fosta ón fheisire Tom Pendry, aire spóirt cúil Pháirtí an Lucht Oibre.
ionad spóirt agus aclaíochta trasphobail cross-community sports and fitness centre
" (Tá an láithreán le forbairt anois mar ionad spóirt agus aclaíochta trasphobail.
gaiscígh spóirt sports heroes
" Is beag duine a d’easaontódh leis an tuairim gur gaiscígh spóirt ar leith iad an bheirt sin a bhfuil a gcáil is a n-éachtaí i ndiaidh teorainneacha cultúrtha agus polaitiúla an domhain mhóir a thrasnú.
spórt an mhionlaigh the sport of the minority
" Bíodh sin mar atá, tá an phoiblíocht a cheannaíonn mórbhuiséid mhargaíochta leithéidí Nike agus Coke i ndiaidh ainm Michael Jordan a leathú ar fud na hEorpa cé nach bhfuil sa chispheil ann ach spórt an mhionlaigh.
imeacht spóirt sports event
" Bíonn lucht féachana de 600 milliún ag an imeacht ar fud an domhan, rud a fhágann gurb é an t-imeacht spóirt is mó ar an phláinéad, deirtear.
na hócáidí móra spóirt the great sport occasions
" Is deacair súil a choinneáil ar chúrsaí spóirt i gcomhthéacs mar sin, in ainneoin gurb é an samhradh an t-am a tharlaíonn na hócáidí móra spóirt sa chuid seo den domhan.
ó thaobh díospóireachta, drámaíochta, ceoil, spóirt as regards debating, drama, music and sport
" Thug an scoil muinín dom agus thug sé deiseanna dom, ó thaobh díospóireachta, drámaíochta, ceoil, spóirt – bhí mé bainteach le chuile rud.
rannpháirtíocht daoine óga i gcúrsaí spóirt the participation of young people in sport
" Ach an bhfuil an urraíocht ag cur aidhmeanna CLG agus an IRFU chun cinn? Is eagraíochtaí iad atá dírithe ar rannpháirtíocht daoine óga i gcúrsaí spóirt mar rud sláintiúil agus folláin.
nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh that sports organisations don't consider the interests of young people
" Tá an chuma ar an scéal nach gcuireann eagraíochtaí spóirt leas an aosa óig san áireamh nuair a théann siad ar thóir an airgid mhóir i bhfoirm urraíochta agus fógraíochta.
réaltaí spóirt sports stars
" Is réaltaí spóirt de chuid na tíre seo iad, agus de chuid na hAstráile amach anseo, agus de bharr an chláir tá siad thuas ansin sa strataisféar céanna le réaltaí spóirt ar nós Uí Dhrisceoil, Uí Arrachtáin agus Uí Chatháin.
róbait spóirt sports robots
" Ar aon nós, clár an-taitneamhach a bhí ann agus bhí sé go deas a fhoghlaim go bhfuil na deartháireacha seo daonna agus spraíúil agus go bhfuil taobh eile ag baint leo seachas an taobh a bhí feicthe againn roimhe seo, is é sin gur cineál róbait spóirt iad a bhíonn dáiríre i gcónaí agus de shíor i mbun traenála.
an spórt gairmiúil professional sport
" Dúirt Setanta é minic go leor gurb é an spórt gairmiúil a rogha agus a mhian.
an tseirbhís spóirt the sports service
" Molaim TG4 as an tseirbhís spóirt a chuireann an cainéal ar fáil do mhuintir na hÉireann.
an spórt fola is déistiní agus is samhnasaí agus is fuiltí the most disgusting and most nauseating and most bloody blood sport
" Tá Balor ag súil agus ag dréim agus ag dúil leis an spórt fola is déistiní agus is samhnasaí agus is fuiltí dá bhfuil ann, a léitheoirí dílse.
foirne spóirt sports teams
" Ollscoil cháiliúil is ea Virginia Tech, in ainm is a bheith mar “MIT an Deiscirt”, agus bíonn foirne spóirt na hollscoile, na *Hokies*, le feiceáil ag imirt ar bhonn náisiúnta gach bliain.
áiseanna spóirt sports facilities
" Tá an caiteachas poiblí ar chúrsaí spóirt cúlaitheach, is é sin tá an dream is lú ioncaim ag soláthar an airgid chun áiseanna spóirt a chur ar fáil d’aicme níos saibhre.
do pholasaithe spóirt to sports policies
" Tá sé ceart airgead poiblí a chaitheamh ar spórt in Éirinn ach is gá tosaíocht a thabhairt do pholasaithe spóirt atá fabhrach do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.
ar chur chun cinn an spóirt on the promotion of sport
" Tá ciste níos lú ná sin ag an gComhairle Náisiúnta Spóirt freisin le caitheamh ar chur chun cinn an spóirt agus ar scéimeanna áitiúla.
tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin a majority of those who play those two sports
" I gcás sacair agus peile Gaelaí, mar shampla, samhlaítear go minic go mbaineann na cluichí sin le haicmí áirithe daoine atá ar ioncam íseal ach de réir na tuarascála tá ioncam níos airde ag tromlach de lucht imeartha an dá chluiche sin agus tá cáilíocht 3ú leibhéal ag 40% dá líon.
aistríonn siad chuig spórt aonair they switch to an individual sport
" Maidir le daoine fásta os cionn 30 bliain, aistríonn siad chuig spórt aonair go minic i ndiaidh dóibh bheith críochnaithe le spórt foirne.
éiríonn siad as an spórt ar fad they give up sport entirely
" I gcás daoine ar ioncam íseal, áfach, éiríonn siad as an spórt ar fad de ghnáth.
na deiseanna agus an rogha maidir le spórt the opportunities and the choice as regards sport
" I gcás scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste bíonn na deiseanna agus an rogha maidir le spórt teoranta.
imeallaithe i gcomhthéacs spóirt margainalised in the context of sport
" Is gá aithint go bhfuil daoine faoi mhíbhuntáiste imeallaithe i gcomhthéacs spóirt agus go bhfuil impleachtaí aige sin ó thaobh bochtaineachta, sláinte, oideachais, obair dheonach sa phobal agus spórt sa tír é féin.
a chaitear ar spórt that is spent of sport
" Formhór an airgid a chaitear ar spórt sa tír seo caitear é ar áiseanna, agus faigheann cumainn spóirt an t-airgead (deontais agus araile) chun foirgnimh a thógáil.
do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt to Local Sports Partnerships
" Is gá níos mó airgid a thabhairt do Chomhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt atá dírithe ar dhaoine ar ioncam íseal agus easpa oideachais agus na comhpháirtíochtaí seo a fhorbairt tuilleadh.
an tseirbhís spóirt the sports service
" Is minic TG4 molta agam as an tseirbhís spóirt a chuireann sé ar fáil do mhuintir na hÉireann ach tá cúpla gearán beag le déanamh agam.
eagras spóirt sporting organisation
" “Is eagras spóirt é CLG go príomha, ach is eagras é fosta a bhfuil baint aige le forbairt – forbairt daoine agus forbairt phobail.
dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt to compete with other kinds of sports
" Tá ag teip ar CLG dul in iomaíocht le cineálacha eile spóirt sa lá atá inniu ann agus caithfear an fhadhb sin a réiteach.
na cluichí Gaelacha Gaelic sports
" Caithfidh sé go bhfuil dúil ag Dia sna cluichí Gaelacha! An té a bhí ag breathnú ar chraoladh beo na gcluichí ar an teilifís cheapfadh sé go raibh an aimsir go breá fiú agus an bháisteach throm ag titim, a bhuíochas sin don teicneolaíocht teilifíse agus do dhea-chuma Pháirc an Chrócaigh i mbliana.
an-tógtha le cúrsaí spóirt, very taken with sport,
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt, agus ó thaobh lucht leanúna de, caithfear a rá go bhfuil muintir Melbourne i bhfad chun tosaigh ar áit ar bith eile sa tír.
tráchtairí spóirt sports commentators
" Thar fóir Gan amhras, téann cuid de lucht leanúna na peile abhus thar fóir, na tráchtairí spóirt sna meáin ach go háirithe.
le tús an spóirt Mheiriceánaigh seo. with the start of this American sport.
" Aisteach le rá, ach tá dlúthbhaint ag Sasana le tús an spóirt Mheiriceánaigh seo.
mar phríomhspórt na scoile. as the main sport of the school.
" B’athrú mór millteach i mo shaolsa é dul ar mheánscoil ina raibh an rugbaí mar phríomhspórt na scoile.
mar thráchtaire spóirt as a sports commentator
" * D’oibrigh sé fosta mar thráchtaire spóirt ar Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1.
an t-iliomad urdhálaí spóirt many sporting fixtures
" Fianaise ar an méid atá thuas ná an tslí ar fhoghlaim Irial ceacht faoi thábhacht an tsean-*clíche* gnó “*diversify or die*” in 2001 nuair a cuireadh an t-iliomad urdhálaí spóirt ar ceal timpeall na tíre ar feadh sé seachtaine.
comhlacht spóirt éigin some sports company
" Ní fhaigheann sí pioc codlata roimh chluiche mór!”Ar ócáid eile, thug comhlacht spóirt éigin bróga peile do gach ball d'fhoireann Átha Cliath, ach fuair Mick bróga difriúla go pearsanta ó chomhlacht eile fosta.
bainistíocht i gcúrsaí spóirt. sports management
" Bainisteoirí bómantaNíl iontas ar bith nach bhfuair mise post an eagarthóra nó ní thuigim cúrsaí bainistíochta, go háirithe bainistíocht i gcúrsaí spóirt.
Dealraíonn sé go mbaineann Myers spórt It appears that Myers makes a sport
" Dealraíonn sé go mbaineann Myers spórt as “ba naofa” na hÉireann a mharú – an Ghaeilge ina measc – agus déanann sé a dhícheall i gcónaí snámh i gcoinne an easa.
lucht leanúna an spóirt fans of sport
" Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn.
an t-éacht ba shuntasaí spóirt the most notable sporting achievement
" Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn.
i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo amongst the big sporting heros of this country
" Ní ionadh ar bith, dá bhrí sin, go bhfuil ainm Phádraig luaite anois i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo in éineacht le Stephen Roche, Christy Ring, Ronnie Delany, Éamon Coughlan, Sonia O’Sullivan agus mar sin de.
imrítear a lán spórt éagsúil a lot of various different sports are played
" Sa chéad dul síos, tá daonra an-bheag in Éirinn agus imrítear a lán spórt éagsúil sa tír.
spórt dainséarach mar seo a dangerous sport like this
" Ní raibh cead agam riamh spórt dainséarach mar seo a dhéanamh cionn is go raibh mé ag obair mar dhamhsóir gairmiúil; bhíodh cosc ar rudaí mar dhreapadóireacht agus sciáil i gceist sna conarthaí.
nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt. that politicans should be sticking their oar into sporting matters
" Is amhlaidh go mbeidís ag fógairt go hard nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt.
Ó thaobh an spóirt ghairmiúil de, as regards professional sports,
" Níl aon athrú air seo, tá mé ag ceapadh, agus níl gá le síceolaí chun é a mhíniú! Ó thaobh an spóirt ghairmiúil de, b’fhéidir go bhfuil tábhacht ag baint le síceolaithe.
lucht bainistíochta spóirt those involved in sports management
" Cuid mhór de ghnó lucht bainistíochta spóirt sa lá atá inniu ann is ea an obair shíceolaíoch – is é sin, bíonn bainisteoirí agus traenálaithe ag gríosú, ag spreagadh agus ag moladh na n-imreoirí.
sainmhíniú ar shíceolaíocht spóirt a definition of sports psychology
" Lorg mé sainmhíniú ar shíceolaíocht spóirt agus, dar ndóigh, bhí na mílte díobh le fáil.
lá spóirt agus oireachtais day of fun and sport
" Mionchluichí Oilimpeacha atá i gceist ar bhealach, nó meascán de lá spóirt agus oireachtais, de fhleá cheoil agus rásaí bád seoil, mar a bhíonn ar siúl in áiteanna éagsúla in Éirinn i rith an tsamhraidh.
eachaíocht equestrian sport
" I dtaca leis na cluichí sa tSín, is iad an dá spórt ina gcruthaíonn na hÉireannaigh go maith go hiondúil ná an dornálaíocht agus an eachaíocht.
tráchtaire iomráiteach spóirt really well known sports commentator
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
spóirt éilíteacha elite sports
" DíospóireachtAg eascairt as an míshástacht seo, tá díospóireacht ar siúl faoi láthair maidir leis an maoiniú a chuirtear ar fáil do spóirt éilíteacha san Astráil.
tráchtairí spóirt sports commentators
" Aisteach le rá, áfach, níl daoine áirithe san Astráil – tráchtairí spóirt go príomha – go hiomlán sásta leis an méid a bhain foireann na tíre amach i mBéising.
na húdaráis spóirt the sporting authorities
" Ach roinnt blianta ó shin, chinn na húdaráis spóirt sa Bhreatain Mhór ar thriail a bhaint as córas traenála atá an-chosúil leis an gcóras a úsáidtear san institiúid Astrálach.
músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus a particular interest is awakened in sports fans over here
" Is tír í an Astráil atá an-tógtha le cúrsaí spóirt agus músclaítear suim ar leith i lucht leanúna spóirt abhus agus foirne na tíre páirteach i gcomórtais mhóra idirnáisiúnta ar nós na gCluichí Oilimpeacha.
spraoi sport
" Agus bhí – gach aon duine acu lán de cheiliúradh, spraoi agus damhsa - níor ghá dúinn ach seinnt! Agus is maith mar a sheinneamar.
laoch spóirt sports hero
" Bhuaigh sé 37 as na 51 rás a raibh sé páirteach iontu idir 1928-32 agus ba laoch spóirt náisiúnta é le linn an Spealadh Mhóir, am a raibh gaiscígh ag teastáil go géar ó mhuintir na hAstráile.
bhanghaiscíoch spóirt sport’s wonder woman
" Cé gur mórimeachtaí náisiúnta cultúrtha agus spóirt iad na cluichí ceannais iomána, camógaíochta agus peile atá thart go ceann bliana eile, agus muid ag caitheamh súil siar ar imeachtaí mhí Mheán Fómhair, ní mór tús áite a thabhairt do bhanghaiscíoch spóirt na hÉireann, Katie Taylor, atá tar éis gach a bhfuil déanta ag gaiscígh spóirt na tíre bige seo, idir fhir is mhná, a shárú.
B’iomaí áis spóirt there were many sporting facilities
" B’iomaí áis spóirt agus seoltóireachta a bhí ar fáil san óstán ach níor bhac muid lena bhformhór toisc gur thit muid isteach in am an oileáin sar i bhfad.
spórt páirce is mó the greater field sports
" As an gcomhrá sin bheartaigh mé beagán taighde (agus tabhair beagán air) a dhéanamh ar an ábhar agus chuige sin scrúdaigh mé na nuachtáin (an Irish Times, an Irish Examiner, an Irish Independent agus Foinse) i lár na seachtaine go bhfeicfinn an raibh mórán scéalta faoi shárimreoirí na spórt páirce is mó, an pheil Ghaelach, iománaíocht, sacar agus an rugbaí, a bheith gortaithe.
spóirt pháirce field sports
" Ba é an chúis ar bunaíodh an mheitheal athbhreithnithe úd ná go bhfacthas do lucht cur chun cinn na hiomána san ardchathair nach raibh staid ná stádas an chluiche ársa sásúil ná sláintiúil le hais spóirt pháirce eile agus le fada roimhe sin.
aigneolaí spóirt sport psychologist
" Is é an ghné is mó den chluiche a bhfuil ar Dhaithí feabhas a chur air dar leis, gné na hintinne: “tá aigneolaí spóirt ar fáil do lucht spóirt an choláiste agus cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom a bheith ar mo shuaimhneas agus roghanna maithe a dhéanamh nuair a thagann an crú ar an tairne le linn cluiche”.
Dálaí Spóirt conditions for sport
" Dálaí Spóirt ====== Is í an cheist a gcuidíonn leabhar Diamond linn a fhreagairt dar liom ná cén fáth gur tháinig cluichí nó spóirt áirithe chun cinn in áiteanna áirithe seachas a chéile.
dálta bhainisteoir fhoireann spóirt similar to sports team manager
" Ach dálta bhainisteoir fhoireann spóirt atá gar do bhun na sraithe, ní mheasfar Nesbitt mar is ceart go dtí go bhfeicfidh muid é ag tabhairt aghaidh ar na fáthaigh sa DUP agus i Sinn Féin.
mórimeachtaí spóirt major sports events
" Ba chóir do dhuine a bheith ag tnúth le mórimeachtaí spóirt an tsamhraidh, na craobhchomórtais iomána agus peile sa bhaile, agus na himeachtaí spóirt idirnáisiúnta thar lear, go háirithe na Cluichí Oilimpeacha i Londain agus *Euro 2012* sa Pholainn/ Úcráin.
i ngnóthaí spóirt in sport
" Má tá neamhfheidhmiúlacht Ghaeilge curtha i leith ranna rialtais ó bhunú an tSaorstáit anuas, tá athbheochaint i gceol na hÉireann, i saol rince agus dam(h)sa gaelacha – ar fud an domhain, i ngnóthaí spóirt (na Gaeil Óga, foireann ag Gael-Taca, Comórtas Laochra Loch Lao 7 eile nuair a thiocfas ann dóibh), sa damsa aonair, sna hamhráin sean-nóis, i scolaíocht lán-Ghaeilge, i ngnóthaí físe agus craolta na Gaeilge le glúin anuas.
láthair laistigh spóirt an indoor sports centre
" Ba é Nelson McCausland ón DUP a d'fhógair gur cinneadh go dtógfaí réileán peile, sacair agus rugbaí, láthair laistigh spóirt, foirgneamh tráchtála ina mbeidh fiontair ghnó agus an gheilleagair shóisialta anuas ar na tithe.