Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar thóir an spraoi looking for fun
" In ainneoin go bhfuil an chuid is mó acu an-bhocht, bíonn cuma ghealgháireach ar na Cúbaigh de ghnáth agus bíonn siad i gcónaí ar thóir an spraoi.
ag spraoi playing
" Cá bhfios, dar leo, nach Semtex seachas marla a mbíonn na cailíní sin ag spraoi leis ar scoil.
spraoi fun
" Bhí Murphy an-tógtha le ceol Meiriceánach ó na tríochaidí, go háirithe leis na hamhráin a scríobh Leon Redbone, agus thosaigh sé féin agus Spillane ag canadh le chéile ar mhaithe le spraoi.
spraoi fun
" Bhain mé a leithéid de spraoi as an eagarthóireacht, a leithéid de phléisiúr.
spraoi fun
" Is le cartúin ildaite a chuirtear an t-ábhar i láthair agus tá cuid mhaith spraoi le baint as na cluichí atá ar an diosca.
spraoi fun
" Sílim go mbaineann siad spraoi as ár seachrán.
spraoi fun
" com) *Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
spraoi fun, playing
" Seomra ranga le ceithre chuid - don spraoi, don scéalaíocht, don cheardaíocht agus cistin bheag don lón.
ag spraoi playing
" Ach má leanann an doineann ar feadh na míonna an geimhreadh seo, agus gan an deis chéanna acu a bheith ag spraoi amuigh faoin aer, beidh siad istigh sa teach agus beidh an-bhrú ann an teilifiseán a chur ar siúl níos minicí ná ba cheart.
spraoi fun
" Bhaineamar spraoi as, agus dúirt muid, "Ó, caithfidh muid teacht le chéile am éicint nuair a rachaidh muid abhaile.
spraoi fun
" Tabharfaidh an leabhar sin deis do McEvoy roinnt spraoi a bheith aige agus a bheith ag cur thairis faoi staid na polaitíochta áitiúla i Nua-Eabhrac sna 1990í.
ag spraoi lena gcamáin playing with their hurl
" Tá triúr ina measc a rugadh i dToronto, atá anois ina gcónaí i dTobar Phádraig agus a chaitheann a gcuid ama saor ar fad, beagnach, ag cleachtadh agus ag spraoi lena gcamáin.
spraoi fun
" Ach in ainneoin an rince, an spraoi agus an bhailiú airgid go léir a bhí i gceist ag an ócáid seo, agus a bheidh le fáil ag ócáidí eile de chuid an IPPCH a bheas ann roimh an samhradh, beidh an bhagairt ón sceimhlitheoireacht, atá ag méadú leis, ina ábhar gruama machnaimh.
an-spraoi a lot of fun
an-spraoi go deo great fun altogether
" Bíonn an-spraoi go deo againn, mar is daoine den scoth iad a fhreastalaíonn ar na ranganna, agus is spéisiúil na cúiseanna a bhíonn acu leis an Ghaeilge a fhoghlaim.
spraoi fun
" Bhí cáil freisin ar na lomthóirí a raibh fochultúr dá gcuid féin ag baint leo - a gcuid taistil, an obair agus an spraoi a bhíodh acu agus na héachtaí (más fíor) a rinne siad.
spraoi fun
" ÉÓD: Is sa gcaint agus sa bhfocal is mó atá an saibhreas agus an ealaín, agus tá idir chlisteacht agus spraoi sna hagallaimh bheirte agus sna lúibíní.
spraoi fun
" Chomh fada is a bhaineann sé le cuid againn, ábhar suilt agus spraoi is ea an spórt.
ag spraoi sporting
" "Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a d'fhágadh Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna na dúnta Lá Bealtaine leis an chéad sé mhí eile a chaitheamh ag seilg ar na sléibhte agus ag spraoi ar na bánta," a deir Balor an Réamhstaraí.
spraoi fun
" "An-chainteoir is ea mo mháthair," arsa Angela, "agus bhí an-ghreann ag m'athair", rud a d'fhág go mbíodh spraoi sa chomhrá sa bhaile.
spraoi fun
" Ba léir go raibh i bhfad níos mó spraoi ag na Caitlicigh.
spraoi fun
" Tá tú ag iarraidh dul abhaile istoíche agus tá tú ag iarraidh breathnú ar rud éicint atá cosúil le ‘Cornation Street’ nó ‘Eastenders’ nó ‘Ros na Rún’, i nGaeilge, ar féidir leat spraoi agus taitneamh a bhaint as, in ionad bheith i gcónaí ag breathnú ar chláir faoi mhórfhilí na Gaeilge nó rud éicint mar sin.
spraoi fun
" MNíB: Gurab amhlaidh duit, a chuirliúin chladaigh! *Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
spraoi fun
" Más craic agus spraoi fríd mheán na Gaeilge (agus na Gàidhlig) atá de dhíobháil ort an t-earrach seo, b’fhiú duit bheith i láthair ag Gaelfest, an fhéile mhór Ghaelach a bheas ar siúl ag tús mhí an Aibreáin i mbliana i mbaile an Chabháin.
spraoi fun
" Ní *deep and meaningful television* atá i gceist lena leithéid ach píosa craice agus píosa spraoi agus cén bealach atá agat leis an bpobal agus céard is féidir leat a bhaint amach as daoine ag déanamh agallaimh ar an toirt.
ag déanamh spraoi playing
" “An bhfeiceann tú na gasúir ag déanamh spraoi in aice leis an bhfarraige?” a dúirt an cailín liom as Béarla.
spraoi fun
" I dteach tábhairne ceann tuí i gceartlár Ghaeltacht Chonamara a bhíos agus comhluadar breá i mo thimpeall agus cé gur thit an ghruaim ar an gcomhluadar ar feadh scathaimhín tar éis an chluiche ba ghearr gur thosaigh an ceol agus an amhránaíocht agus an spraoi arís.
an-iomarca spraoi too much fun
" An fhadhb ba mhó a bhíodh ag na mic léinn seo, dar liom, ná go mbíodh an-iomarca spraoi ar siúl acu.
an-spraoi a lot of fun
" Bhí an-spraoi againn á thaifeadadh mar go raibh an aimsir go breá ag an am agus bhí muid in ann ár scíth a ligint ar an trá tar éis laethanta fada a chaitheamh ag taifeadadh.
spraoi fun
" Imeachtaí náisiúnta a reáchtáil, ar nós Thóstal na bhFiann (lá spraoi do 2,000 déagóir), Scléip(lá na gCumann), Féile an Fhómhair, agus araile.
ina mbídís ag spraoi. where they used to play.
" Chonaic muid an áit inar tógadh muintir Ailpín i gCorcaigh agus an garraí ar chúl an tí ("Semple") ina mbídís ag spraoi.
gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, that she is a fun woman willing to make sacrifices,
" Is ansin a bhídís ag traenáil agus ag imirt ina n-óige, ag fáil máistreachta ar an gcamán agus ar an sliotar agus a máthair bhocht sa chúl toisc nach ligfeadh sí dóibh a ndeirfiúr óg a chur ann ar eagla go mbuailfidís í! Bhí *mum* an-lárnach sa scéal agus ba léir gur bean spraoi agus íobartha in éineacht í, agus cócaire maith freisin! Lean an clár Setanta agus ansin Aisake go dtí an Astráil agus chonaic muid iad i mbun traenála le cumann peile na hAstráile i Melbourne.
spraoi fun
" Tá cúrsaí ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.
spraoi. fun.
" Atmaisféar ársa ann – sorcas, scátháin, seó, smideadh, siamsa, spraoi.
spraoi agus dheochanna, fun and drinks,
" Dhá lá lán de chaint agus de dhíospóireacht, gan trácht ar cheol, spraoi agus dheochanna, a chaith mé ansin.
ag spraoi agus ag suairceas playing and having fun
" Tá na cnaipí ar cheamaraí digiteacha á mbrú gan tairiseamh agus roinnt de na déagóirí ag spraoi agus ag suairceas mar a bheidís i bpáirc aonaigh nó in iarsmalann ina bhfuil stair ársa á léiriú nach bhfuil aon bhaint acu in aon chor léi.
an spraoi the fun
" Thuigfeá cad as a dtagann an spraoi a bhaineann le Fíbín dá gcaithfeá uair nó dhó ina chomhluadar – ag tús ár gcomhrá insíonn sé dom mar gheall ar Bhrian na mBromanna, carachtar a bhfuil “fadhb gáis” aige ón tsraith atá á léiriú aige do Raidió na Life faoi láthair.
cuirtear tús leis an spraoi! let the fun begin!
" Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.
an-spraoi a lot of fun
" Ach bhí an-spraoi agam ar ‘Echo Island’ chomh maith.
ag lorg spraoi looking for fun
" ”Bob Burke, múinteoir Gaeilge, Washington State agus Portland, Oregon“Bhíodh Seán i gcónaí ag lorg spraoi – ba bhreá leis damhsa, ceol agus a bheith ag insint scéalta.
spraoi fun
" ” Ba iad “Damhsaíocha agus Suirí” agus “An Cleamhnas” na caibidlí ba mhó a thaitin liom mar gheall ar an ghreann agus an spraoi a bhaineann leo.
spraoi fun
" Bhuel, tá an spraoi ar fad thart agus beidh orainn fanacht go ceann ceithre bliana eile sula bhfeicfimid arís in aon choicís amháin a leithéid de lúithnireacht, de dhochloíteacht dhaonna agus d'éachtaí gaiscíochta.
spraoi fun
" Ach ní hé go raibh cigire ag dul timpeall agus bata ina lámh aige lena chinntiú go raibh an teanga á labhairt ag gach uile dhuine: ba í an sprioc a bhí leis ná spraoi agus siamsaíocht a chur ar fáil – agus diabhlaíocht a chothú! “Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl sa phuball – fíbíní cleamhnais, seónna puipéad, fuirseoireacht agus ceachtanna inar múineadh do dhaoine conas eascainí a ligean trí Ghaeilge! I measc na n-imeachtaí ba mhó ar éirigh leo, dar liomsa, bhí imeacht ar ar bhaist muid Cáirióice CLG.
spraoi fun
" Deiseanna cainte, deiseanna spraoi, deiseanna saoil.
spraoi fun
" Bíonn spraoi sa teach againn nuair a bhíonn an dá fhoireann ag imirt in aghaidh a chéile.
spraoi fun
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a chruthaítear nuair atá na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
spraoi sport
" Agus bhí – gach aon duine acu lán de cheiliúradh, spraoi agus damhsa - níor ghá dúinn ach seinnt! Agus is maith mar a sheinneamar.
spraoi fun, enjoyment
" Díreach ar mhúnla na nglún a chuaigh romhainn, is breá linn ár gcairde agus is mór againn an spraoi, an spriolladh agus an spórt; siamsa simplí an tsaoil, mar a déarfá.
spraoi fun
" Tugann an t-údar cuairt an athuair sa leabhar seo ar oirthear na hAfraice, ag súil go bhfeice sé taobh eile den Afraic: Afraic an ghrá agus an gháire, Afraic na féile agus na flaithiúlachta, Afraic an spraoi agus an tsonais – íomhá nach bhfuil chomh forleathan sin i meáin an Iarthair, iad gafa le scéalta faoi ghorta, cogaíocht, caimiléireacht pholaitiúil agus faoin anró gan stad gan staonadh.
spraoi of fun
" Ócáidí pléisiúrtha, spraoiúla sa chuid is mó - Carnabhal Rio, Notting Hill, Lá na Féile Pádraig i Nua-Eabhrac, Mardi Gras agus an Walt Disney World Christmas Day Parade.
spraoi fun
" Ní hiad na cluichí féin a mhaireann im’ chuimhne le fírinne, ach an comhluadar is an spraoi, an ceol agus an t-atmaisféar speisialta a bhíonn ann nuair a bhailíonn na Gaeil ó Ghaeltachtaí uile na tíre i dteannta a chéile.
diabhlaíocht agus spraoi devilment and fun
" Ar na chéad scéalta troma seo tá ‘An tÁdh’ ina n-iompaíonn diabhlaíocht agus spraoi na ngasúr chun tubaiste agus gan ‘an t-ádh’ ach le gasúr amháin acu sa deireadh.
spraoi fun
" Ach tá feidhm dháiríre leis an spraoi freisin – is as an tsúgradh a chuireann an páiste eolas ar an tsaol.
ag spraoi playing
" Tá cuid mhaith cairde aici ach, ar an drochuair, tá rud amháin faoi Chiara nach maith le duine ar bith… tá sí iontach cainteach! Ansin cuireann sí aithne ar Laura agus cloiseann sí teanga nach bhfuil sí in ann aon rud a rá inti… go fóill beag! 'Bronntanais agus Féiríní Eile': ============= Imíonn Ben le gaoth agus é ag spraoi lena bhronntanas breithe.
spraoi playing
" Mar aon leis na héin, tiocfaidh an bláth ar an bhfál, an buinne ar an gcrann, léimfidh na loscainn romhat go fóill, agus beidh na gasúir amuigh ag spraoi leis an bhfad coiscéim coiligh atá ar chaon lá.
ag spraoi having fun
" Bhí féile beorach ar siúl sa chathair agus muid ann, na sráideanna lán le daoine óga béasacha ag canadh agus ag spraoi.
díreach mar spraoi just for fun
" Ach ar ball agus níos mó féinmhuinín múscailte agam, bhí mé ag déanamh bearna do na beithígh agus ag ligean dóibh éalú díreach mar spraoi! Nathracha Nimhe ======== Tá an áit te, fliuch agus uaine tá féar ard ann.
suíomhanna spraoi fun locations
" “Mar chuid dár bplean straitéise 2008-2010, agus arís, an beartas straitéise reatha, tá sprioc ag Glór na nGael áiseanna don fhoghlamóir agus don chainteoir Gaeilge araon, a chuidíonn le deiseanna labhartha i suíomhanna spraoi agus sóisialta a fhorbairt.
bhuíonta spraoi do ghasúir play groups for children
" Bíonn imeachtaí Gaelacha ar siúl go laethúil sa chathair mhór seo, 5,000 chiliméadar siar as Baile Átha Cliath, idir ranganna, chiorcail chomhrá, bhuíonta spraoi do ghasúir, agus chomhdhálacha de gach chineál.
an-ghreann agus an-spraoi great fun and enjoyment
" Bíonn sé i gcónaí nuair a bhí dráma nua á chleachtadh, bíonn sé i gcónaí sa seomra cleachtaidh agus is breá leis aisteoirí agus tá an-ghreann agus an-spraoi ag baint leis.
lucht spraoi an bháid the boat’s happy punters
" Déanann na línéir ollmhóra (leithéidí an Costa Concordia) ar phort na cathrach i rith bhiaiste na bhfámairí mara, agus tá de rogha ag lucht spraoi an bháid cúpla uair an chloig a chaitheamh ar tír mór más áil leo.
spraoi áirithe sa bhreis some extra spirit
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo of the delight in the magic of being alive
" Is iomaí cineál saibhris i saol an duine agus má tá spraoi áirithe sa bhreis ionainne ó shíorshileadh na fearthainne a thiomáineann go Gleann na nGealt sinn níos mó ná aon dream eile timpeall orainn, bímis groíúil agus roinnimis a bhfuil ionainn de spraoi faoi dhraíocht an tsaoil seo.
spraoi fun
" D'amharc an Sliabh Dubh anuas ar na dúnmharaithe, na buamaí, na racáin, na mórshiúlta conspóideacha - agus ar an spraoi, an charthanacht agus ar an mhisneach.
ag spraoi playing
" Mo shúile dúnta, feicim breacnú de línte ar dhathanna éagsúla á lúbadh féin isteach ina chéile, ag casadh, ag spraoi, timpeall agus timpeall orthu féin.
spraoi fun
" Is bealach é le suaimhneas a fháil, le spraoi a bheith acu agus is bealach é le meanma comhluadair a ardú.
Má chothaítear spraoi agus greann if fun and humour are nourished
" Má chothaítear spraoi agus greann sa saol, b’fhéidir go gcuideodh sé leis an duine nuair a iompaíonn cúrsaí an tsaoil ina éadan.
Bhí tábhacht le spraoi fun was important
" Bhí tábhacht le spraoi, le gáire, fiú san ionad oibre is leadránaí amuigh.
i mbun spraoi playing
" Le tuiscint cheart a lorg ar chumhacht an ghrinn agus ar thábhacht an gháire, ní gá ach scathamh a chaitheamh ag faire ar pháistí óga i mbun spraoi.
fear spraoi a man of fun
" Bhain cainteoirí agus scríbhneoirí leas as focail agus nathanna áirithe arís is arís eile agus cur síos á dhéanamh acu ar Pháidí Ó Sé: fathach peile, gaiscíoch, laoch, uasal, dílis, tiomanta, láidir, fear cuideachta, fear Gaeltachta, fear spraoi, fear a thug uaidh ar son an phobail, Ciarraíoch go smior.
cúpla céad dalta ag spraoi gan srian thart orthu a few hundred pupils out of control playing around them
" I gclós na scoile a bhí siad ag caint, le cúpla céad dalta ag spraoi gan srian thart orthu.
píosa spraoi a bit of crack
" Bhain mé an-sult as - ag breathnú siar - píosa spraoi a bhí ann,” a dúirt sí liom.
ar mhaithe leis an spraoi for the fun of it
" Dúirt sé go suíonn sé isteach ina Bugatti Veyron (luach £2,000,000) gach maidin agus go dtiomáineann sé síos go dtí oifig a chuntasóra é, sula dtiomáineann sé suas go dtí teach a ghníomhaire é, agus ansin tiomáineann sé é thart ar an timpeallán cúig nó sé huaire ar mhaithe leis an spraoi, sula dtiomáineann sé an Bugatti síos go dtí teach an fhir a choinníonn cuntas cruinn ar an mhéid carranna atá aige.
Ar mhaithe le spraoi for the fun of it
" Ar mhaithe le spraoi a chruthaigh Huygens na chéad lóchrainn sin, go háirithe agus íomhánna deasa tréadacha á dteilgean aige, ach ba mhinic íomhánna dorcha de thaibhsí, d’ollphéisteanna agus de dhiabhail a chuir sceon ar an lucht féachana iad.
mar phíosa spraoi for the fun of it
" Tá bóithre Nua-Gheirsí go huafásach cheana féin, agus b'é buille na tubaiste é do roinnt mhaith daoine sa stáit go raibh polaiteoirí ag cur moill orthu d'aon ghnó mar phíosa spraoi.
i nósanna spraoi in the playing habits
" Nuair a bhí mise i mo ghasúr bhí an spórt lárnach i nósanna spraoi gasúir na háite.
níl aon spraoi there’s no fun
" Daoine os Cionn Aoise Áirithe ============ Ach níl aon spraoi ag baint le bheith ag ‘fanacht go bhfeicimid’.
spraoi fun
" Mar a mhíníonn Liz Curtis, áfach, bíonn dáiríreacht agus crá croí i gceist fosta, chomh maith leis an spraoi.
spraoi of fun
" Tá Robert McMillen den tuairim gur mór idir mórshiúl spraoi agus siamsa i dtír ínteacht eile agus an mórshiúl abhus thrí cheantar nach bhfuil fáilte roimhe ann.