Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ranna stáit state departments
" **(d)** Táimíd ag plé le ranna stáit éagsúla ach is obair í seo a thógann an-chuid ama agus is deacair dul chun cinn a mheas.
Bhagair an rialtas stáit the state government threatened
" Bhagair an rialtas stáit píonós níos géire ar aon duine a chiontófaí.
háisíneachtaí stáit state agencies
" Bhuail Aogán Ó Muircheartaigh an sprioc nuair a rinne sé an gearán seo thíos: Ar deireadh thiar ná fuil sé in am ag na háisíneachtaí stáit - agus ag na scoláirí gairmiúla sna coláistí tríú leibhéal chomh maith - áis cheart/áiseanna cearta a sholáthar ar an Idirlíon ina mbeadh teacht ar gach focal nua a chumtar (mar aon le dáta a chumtha!) agus ligean do dhaoine a bheith ag áiteamh ina dtaobh agus ag baint feidhme astu … Is mór an náire ná fuil a leithéid de áis Idirlín ar fáil go fóill (*Feasta*, Feabhra 2001).
gníomhaireachtaí an Stáit state agencies
" Bíonn gníomhaireachtaí an Stáit ag síormhaslú lucht na Gaeilge le heaspa measa.
an t-aitheantas céanna stáit the same state recognition
" Amach anseo, beidh na cearta céanna agus an t-aitheantas céanna stáit, beagnach, ag na scoileanna príobháideacha is atá ag na scoileanna poiblí.
ghnóthaigh na Stáit Aontaithe The US earned
" Bhí (agus tá) muintir na Gearmáine Thiar an-bhuíoch as an gcuidiú seo gan dabht, ach ní raibh trácht aontreoch i gceist ach oiread: ghnóthaigh na Stáit Aontaithe ní ba mhó cumhachta polaitiúla san Eoraip dá bharr.
bord eadrána stáit a state arbitration board
" Cuireadh dlús leis an chaint ar dhul ar stailc sa NYPD an tseachtain seo caite nuair a tuairiscíodh sa *New York Daily News* go mb'fhéidir nach dtabharfadh bord eadrána stáit ach ardú de 5% sa bhliain do na póilíní, thar dhá bhliain.
eagraisí stáit state organizations
" Tá brú an Bhéarla ag teacht orainn ó eagraisí stáit agus ón eaglais chomh maith.
ar riaradh an stáit the running of the state
" D'fhág sin a lorg go tréan ar riaradh an stáit ar feadh an chuid is mó den 20ú haois, agus tá an lorg ann go fóill.
Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá The US State Department
" Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír.
faoi smacht an stáit in state control
" Bhí an turas níos lú na trí huaire bealach amháin agus bhí ticéad fillte saor go leor, mar bhí an córas faoi smacht an stáit ansin.
An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit Offences Against the State Act
" Mar shampla, chomh fada agus a bhaineann sé le cearta sibhialta agus polaitiúla, deir an Coimisiún go mbeidh siad ag scrúdú reachtaíochta ar leith ar nós An tAcht Um Chiontaithe in Aghaidh an Stáit 1939-1998 agus An Bille um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) féachaint an sáraíonn sé cearta daonna.
tacaíocht stáit state support
" Níl sé furasta fiontraíocht mar seo a chothú agus bíonn gá le tacaíocht stáit, go háirithe i dtús an phróisis.
i seilbh an Stáit in State ownership
" Dea-scéala do phobail na gceantar sin gan amhras, ach ar chuir éinne an cheist fhollasach: dá mbeadh Eircom fós i seilbh an Stáit nach mbeadh sé níos fusa agus níos saoire treoir a thabhairt don chomhlacht na seirbhísí riachtanacha sin a chur ar fáil do chuile dhuine, ar mhaithe leis an leas coiteann? Botúin ======= Léiriú is ea an scéal truamhéalach seo ar na botúin a dhéanann rialtais nuair a bhíonn siad á dtiomáint ag ídéolaíocht sheanchaite na heite deise.
eagraíochtaí stáit state organizations
" Chun teacht timpeall ar an gcoimhlint idir forbairt ar bhóithre nua agus caomhnú na hoidhreachta, fostaíonn eagraíochtaí stáit seandálaithe chun taighde a dhéanamh ar na láithreacha trína mbeidh na bóithre á dtógáil.
na ranna stáit the state departments
" Is cinnte gur dúshlán a bheas ann dó na ranna stáit a mhealladh le seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil go forleathan agus le dea-mhéin.
gníomhaireachtaí stáit state agencies
" Bíonn plé againn freisin le gníomhaireachtaí stáit agus le dreamanna mar Fhoras na Gaeilge, an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coiste Gairmoideachais an Chontae, etc.
gníomhaireachtaí stáit state agencies
" Má tá an Rialtas i ndáiríre faoin dílárnú, ba cheart dóibh an Rialtas a bhogadh amach as Baile Átha Cliath, roinn nó dhó a fhágáil ann agus roinnt gníomhaireachtaí stáit.
éiteas an stáit the ethos of the state
" Fáisceann seo as éiteas an stáit, ó Sir James Craig agus a pharlaimint Phrotastúnach do Phobal Protastúnach anuas fríd na blianta.
maoiniú stáit state funding
" Cén fáth ar bunaíodh é? Socraíodh ar chomhlacht teoranta a bhunú chun go bhféadfaimis urraíocht a dhéanamh ar thionscadail FÁS, Oifig Eolais don phobal a reáchtáil, scoileanna nó eile a bhunú agus maoiniú stáit a fháil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCiarraí (agus lasmuigh den chontae).
scaradh na heaglaise agus an stáit the separation of church and state
" Os a choinne sin, tá *Americans United for Separation of Church and State *(AU), eagraíocht a chuireann béim ar shaoirse reiligiúnda, ag maíomh gurb é an t-aon phrionsabal a chinnteoidh go mbeidh saoirse fhealsúnach agus reiligiúnda ag gach Meiriceánach ná scaradh na heaglaise agus an stáit.
choistí stáit state committees
" Deir *The Christian Statesman:* "Tá tromlach na suíochán ag coimeádaithe Críostaí i gcás 36% de choistí stáit an Pháirtí Phoblachtaigh (nó 18 stát as 50), mar aon le mionlach ard suíochán i gcás na gcoistí eile.
Rúnaí Stáit Secretary of State
" Labhair Nixon agus a Rúnaí Stáit le chéile ar an ghuthán níos déanaí an lá sin faoin chruacheist pholaitiúil a chothaigh na himeachtaí seo do na Stáit Aontaithe.
heagraíochtaí stáit state organizations
" Tá na heagraíochtaí stáit ag rá go bhfuil méadú tagtha i mbliana ar líon na dturasóirí, ach is dócha nach gcreideann éinne sin agus, i ndáiríre, níl aon chóras éifeachtach acu le fás a thomhas ná le figúirí cearta a chur ar fáil.
a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit that the affairs of the State are run
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
ag príobháidiú comhlachtaí Stáit privatising State companies
" Ní raibh riamh oiread gá ag an tír seo le díospóireacht, a scrúdódh buncheisteanna ar nós, ar chóir leanúint ag príobháidiú comhlachtaí Stáit; ar chóir go mbeadh ísliú cánach mar phríomhchuspóir i gcónaí; an bhfuil seasamh na tíre seo i leith chogadh na hIaráice mar ba cheart, agus mar sin de.
ó stáit na n-oibrithe láimhe from the blue-collar states
" Dá bhrí sin, tá Marlin den tuairim le fada gurb iad na Caitlicigh ghníomhacha ó stáit na n-oibrithe láimhe sa Mheán-Iarthar a shocróidh toradh an toghcháin.
comhlachtaí stáit state companies
" Deacracht eile ná nach leagann comhlachtaí stáit dóthain ama síos le haghaidh an achair a thógann sé aistriúchán a chur ar fáil.
monaplacht stáit state monopoly
" An tionscal teilechumarsáide ======= Díreach tar éis na hollscoile, fuair Goggin post mar innealtóir leictreonach leis an monaplacht stáit Telecom Éireann.
comhlachta fho-stáit semi-state body
" Tarlaíonn sé seo ag leibhéal i bhfad níos sóisearaí fiú agus is scannal uafásach é go raibh teacht ag Príomfheidhmeannach comhlachta fho-stáit ar eolas rúnda ar feadh trí mhí a d'fhéadfaí a úsáid chun aimhleas na heagraíochta a dhéanamh.
cáipéisí oifigiúla stáit official state documents
" Bailíonn an taighdeoir leaganacha stairiúla de na hainmneacha as réimse leathan foinsí scríofa; is iad na cáipéisí oifigiúla stáit agus eaglasta na príomhfhoinsí a is mó a úsáidtear; cáipéisí na Suirbhéireachta Ordanáis ón 19ú céad, ionchoisní agus suirbhéanna talún den 16ú - 17ú céad, rollaí éagsúla den 13ú - 14ú céad, anáidí eaglasta ón 15ú céad.
namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit a famous enemy of State interference
" Na laethanta seo, agus Iarnród Éireann ag lorg breis airgid ón Rialtais chun a ghréasán féin a fhorbairt i gceart, b’ait an rud é dá bhfaigheadh Ryanair (namhaid cáiliúil “cur isteach” an Stáit) fóirdheontas chun dul in iomaíocht leis an traein ar bhealach ionsaitheach, agus chun daoine a spreagadh le modh iompair a roghnú a bhfuil truailliú níos measa ag baint leis ná mar atá ag baint leis an traein.
na heagrais Stáit the State organisations
" Tá gaol maith forbartha leis na heagrais Stáit, na meáin chumarsáide, scoileanna, coistí agus eagrais phobail agus le pobal na Gaeltachta go ginearálta.
an Paiteolaí Stáit the State Pathologist
" In ainneoin nach bhféadfadh an Paiteolaí Stáit, an Dr John Harbison, aon fhianaise a aimsiú maidir le conas a bhásaigh an leanbh a fuarthas ar an bhfeirm, dúirt an giúistís gur léir gur thacht Joanne an leanbh agus go raibh sé i gceist ag an teaghlach an leanbh a thabhairt chuig an Daingean agus é a chaitheamh isteach san fharraige, ach gur athraigh siad a n-aigne.
ranna stáit state departments
" Beidh an tAontas Eorpach ag lorg breis aistritheoirí tar éis 2007, chomh maith le hinstitiúidí poiblí agus ranna stáit anseo in Éirinn.
eagrais Stáit State bodies
" Uimhir a ceathair, comhairle a chur ar eagrais Stáit maidir le na dualgais atá orthu, agus ar deireadh, breathnú ar ghearáin a bhaineann le haon Acht eile.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm to implement the law of this State
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
comhlachtaí stáit state bodies
" Go mbeimis tar éis dul i bhfeidhm ar fhostaithe na gcomhlachtaí stáit agus go mbeadh cultúr an dátheangachais i réim sna comhlachtaí ar chuireamar oiliúint ar fáil dóibh.
ranna stáit state departments
" Beidh an tAontas Eorpach ag lorg breis aistritheoirí tar éis 2007, chomh maith le hinstitiúidí poiblí agus ranna stáit anseo in Éirinn.
dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm to implement the law of this State
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
comhlachtaí stáit state bodies
" Go mbeimis tar éis dul i bhfeidhm ar fhostaithe na gcomhlachtaí stáit agus go mbeadh cultúr an dátheangachais i réim sna comhlachtaí ar chuireamar oiliúint ar fáil dóibh.
san earnáil stáit in the state sector
" Bhí an t-ádh orainn daoine an-chumasacha agus fláithiúla a bheith bainteach leis an tionscadal ó thosaigh sé, idir na daoine ar an fhoireann, ár gcairde sa phobal agus, muise, daoine áirithe san earnáil stáit a raibh agus a bhfuil fíorthuiscint acu ar an tábhacht a bhaineann le cultúr agus teanga.
a fheidhmíonn ar son a stáit who act for their state
" Baill tofa go hiomlán atá sa bhrainse seo, idir bhaill Seanaid, a fheidhmíonn ar son a stáit, agus bhaill Chomhdhála, a fheidhmíonn ar son a dtoghcheantar.
ón earnáil stáit from the state sector
" Glactar leis anois ar bhonn domhanda gur trí na córais nua-theicneolaíochta seo a chuirfear ar fáil seirbhísí gutháin, seirbhísí teilifíse, an Gréasán Domhanda agus deiseanna oideachais baile, mar aon le siopadóireacht ar líne agus seirbhísí ón earnáil stáit.
an rialtas feidearálach agus stáit the federal and state government
"an rialtas feidearálach agus stáit ag teacht i gcabhair ar na daoine agus tá $100 milliún fógartha go dtí seo i bhfoirm deontas agus iasachtaí le ráta íseal úis.
phaiteolaí stáit state pathologist
" De réir thuarascáil an phaiteolaí stáit, cuireadh sé philéar san uasal Fullerton, sa chloigeann, sa mhuineál, ina lámh dheis, ina cholainn, agus ina cholpa clé.
cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit some of the corporate memory of the various state departments
" Leis an mhéid athruithe foirne atá tuartha, níl dabht ar bith ach go gcaillfear cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit.
iasachtaí stáit state loans
" ” An dara fadhb a bhí ann ná go raibh airgead an Údaráis leagtha amach i dtrí chiste: airgead riaracháin, airgead caipitil, agus rud nach bhfuil ann a thuilleadh, airleacain, nó iasachtaí stáit.
sna stáit dheisceartacha in the southern states
" Samhlaíonn go leor gur thit cogadh cathartha Mheiriceá amach sna stáit dheisceartacha den chuid is mó, ach déantar dearmad gur tharla cathanna sa tuaisceart freisin.
Rúnaithe Stáit na linne the Secretaries of State of the time
" Is gá an cheist a chur: An raibh a fhios ag Rúnaithe Stáit na linne, nuair a bhí gníomhaithe an Bhrainse Speisialta ag marú daoine, cad é a bhí ar bun acu? Má bhí a fhios, nach bhfuil siad féin ciontach? Is ceist bhunúsach í.
a chaitheann na Stáit Aontaithe which the US uses
" Úsáidtear 68% den ola a chaitheann na Stáit Aontaithe ar chúrsaí iompair, an mhórchuid di ar iompar bóthair.
eagraíochtaí stáit state organisations
" Go deimhin, dúirt sí mura mbeadh iriseoirí ag seoladh iarratais rialta ar thóir eolais ó eagraíochtaí stáit faoin Acht nach mbeidís ag feidhmiú ar bharr a maitheasa.
eagraíocht stáit state body
" “Slieve League” an teideal a bhí air agus ghlac mé leis gur “Sliabh Liag” a bhí i gceist ag an eagraíocht stáit seo, in ainneoin Acht na dTeangacha Oifigiúla.
toghchán stáit a state election
" Beidh dhá thoghchán i NSW i mbliana: toghchán stáit ar an 24 Márta agus níos deireanaí (b’fhéidir i mí Dheireadh Fómhair) toghchán náisiúnta.
brúidiúlacht stáit state brutality
" ” Deir Krauss go bhfuil gach seans ann go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, cé go ndeir sé go dtiocfadh le brúidiúlacht stáit deireadh a chur le teanga a mbeadh fiú an méid sin cainteoirí aici.
tacaíocht láidir stáit. strong state support.
" Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit.
tacaíocht oifigiúil stáit official state support
" Deir sé go bhfuil os cionn dhá chéad teanga ar domhan a bhfuil tacaíocht oifigiúil stáit acu agus gur eisceacht í an Ghaeilge sa mhéid is go bhfuil an rialtas ag tacú léi ach gur beag duine atá á labhairt mar sin féin agus gur dócha go bhfuil an bás i ndán di mar theanga phobail.
dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit murders being committed by agents of the State
" Luaigh sé teip d’aon turas taifid a choinneáil, díobháil cuntasachta, coinneáil siar faisnéise agus fianaise, síos fríd an réimse iomlán, dúnmharaithe á ndéanamh ag gníomhairí an Stáit san áireamh.
Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit This was the period during which state universities were establised and grew
" Ba é seo aimsir bhunaithe agus fháis na n-ollscoileanna móra stáit freisin, agus taobh istigh de scór bliain nó mar sin bhí ollscoileanna ag imirt an spóirt nua seo ó chósta go cósta.
eagraíocht stáit state organisation
" Dá gcaithfinnse éirí gach maidin agus siúl isteach in institiúid nó eagraíocht stáit chun post a dhéanamh, gheobhainn bás mall lá i ndiaidh lae!” Taitníonn na dúshláin atá ag baint leis an bpost leis – agus admhaíonn sé nach post é do dhuine ach amháin a bhfuil “tairseach leadráin an-íseal” aige.
seanlaethanta an stáit aonpháirtí the old days of the one-party state
" Tá deireadh le seanlaethanta an stáit aonpháirtí go deo na ndeor.
aire stáit junior minister
" I rith na trialach, rinne Bobby Molloy – a bhí ina aire stáit ag an am – iarracht teagmháil a dhéanamh leis an mBreitheamh Philip O’Sullivan, breitheamh den Ard-Chúirt a bhí i gceannas ar an triail.
i mbunreacht an stáit. in the constitution of the state
" Níl ach mí imithe tharainn anseo ó bhí toghchán méarachta ar siúl i mo bhaile féin agus reifreann ar chúpla airteagal i mbunreacht an stáit.
stát i ndiaidh stáit. state after state
" Is é 2008 an bhli ain chinniúnach, ámh, mar is i dtús na bliana seo a roghnóidh na páirtithe a n-iarrthóirí oifigiúla don toghchán, stát i ndiaidh stáit.
institiúidí stáit state institutions
" Tá ról lárnach ag na hinstitiúidí stáit sa bhainistíocht agus sa phleanáil teanga mar is tríothusan a chuirtear tacaíocht agus treoir ar fáil do na heagraíochtaí agus coistí pobail chun gur féidir leo gníomhaíochtaí dearfacha a thionscain.
áisíneacht stáit state agency
" Agus teach príobháideach i gceist, ní féidir le heagraíocht nó áisíneacht stáit dul thar thairseach an dorais le háitiú ar mhuintir an tí gur chóir dóibh Gaeilge a labhairt.
i stáit bhochta an deiscirt in the poor southern states
" Tá cónaí ar Ghormaigh na Stát Aontaithe, den chuid is mó, i stáit bhochta an deiscirt agus i ngeiteonna na gcathracha móra – Harlem i Nua-Eabhrac agus South Central i Los Angeles, cuir i gcás.
rúnaí stáit secretary of state
" Chuir seo alltacht ar an Fheisire Jim Wells, an fear a léim ar charr Tom King nuair a bhí sé ina rúnaí stáit ó thuaidh mar agóid in éadan an Chomhaontaithe Angla-Éireannaigh i 1985.
ranna stáit, state departments
" **Oiliúint** Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
pholasaithe teanga an stáit state language policies
" ” Aistí Ar cheann de na haistí is mó a chuaigh i bhfeidhm orm bhí “The State and the Irish Language” le Gearóid Ó Tuathaigh ina ndéantar cur síos, mar a thugann an teideal le fios, ar pholasaithe teanga an stáit thar na blianta.
oibriú le heagraíochtaí Stáit to work with State agencies
" ” Dúirt sé nach raibh ach triúr nó ceathrar a raibh suim acu scaradh ón Stát, agus go raibh a bhformhór ag iarraidh oibriú le heagraíochtaí Stáit ar thionscadail eacnamaíocha.
ceann stáit head of state
" Is monarcacht bhunreachtúil í an Astráil arb é monarc na Ríochta Aontaithe a ceann stáit.
cosaint an stáit, the protection of the state,
" Willie O’Dea** (Lánchúlaí ar dheis): Fear atá breá ábalta guaille a thabhairt dá chuid naimhde ach is í cosaint an stáit, murab ionann agus cosaint na cearnóige, atá faoina chúram anois.
an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn the most important state document that we have
" Ní vótáil theibí ar chonradh teibí a síníodh i Liospóin atá ann ach bunathruithe atá á moladh ar an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn chun ár gcearta mar shaoránaigh Éireannacha a chosaint.
gur chuma leis na Stáit Aontaithe that the US didn't care
" Meastar go forleathan gur chuma leis na Stáit Aontaithe faoi Ruanda mar nach bhfuil mórán acmhainní nádúrtha ann.
cheann stáit. head of state
" Sa bhliain 2008 rinne cúirt sa Spáinn 40 ceannaire de chuid an RPF a dhíotáil as coir an chinedhíothaithe a bheith déanta acu, ach bhí díolúine ó ionchúiseamh ag Kagame mar gheall ar é a bheith ina cheann stáit.
go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh that Australia would take a stand with America in the war
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit which counts the votes by state
" Ba mar gheall ar an tuath a thug George Bush an toghchán leis i 2000 agus arís i 2004, a bhuíochas sin ar an gcóras "Coláiste Toghchánaíochta", a dhéanann na vótaí a chomhaireamh de réir stáit seachas de réir vótaí na dtoghthóirí féin.
stáit uirbeacha urban states
" Níl casadh sa treo eile le sonrú sna stáit uirbeacha agus ar ndóigh, drochnuacht is ea í don pháirtí Poblachtánach.
stáit tuaithe dheireanacha last rural states
" I bhfírinne, tá Alasca ar cheann de na stáit tuaithe dheireanacha sa tír, agus is eisceacht é nó tá an stát dubh le hola.
stáit tuaithe rural states
" Is stáit tuaithe iad na cinn atá ag claonadh leis na Poblachtánaigh – Idaho, Utah, Arizona, Texas, agus Georgia, mar shampla.
má thriomaíonn tobar na bhfógraí stáit, if the well of state advertising dries up
" Trá fholamhAr ndóigh, fágfar na nuachtáin Ghaeilge ar an trá fholamh ar fad má thriomaíonn tobar na bhfógraí stáit, rud a d’fhéadfadh a bheith ar na bacáin, dar liomsa.
dualgais chomhlachtaí stáit the duties of state companies
" Baineann na rialacháin seo le dualgais chomhlachtaí stáit i leith na Gaeilge.
nascghabhadh na Stáit Bhaltacha the Baltic States were annexed
" “Mar shampla, dá n-abrófá gur nascghabhadh na Stáit Bhaltacha, nó gur cheart easaontóirí a scaoileadh saor as an phríosún, chuirfí príosún ort, ach anois, chualathas an chaint seo ag na cruinnithe ollmhóra a bhíodh á reáchtáil agus ba iad na hollchruinnithe seo a chuidigh le deireadh a chur leis an chumannachas.
rún stáit state secret
" Nuair a thionscain Edmonds caingean dlí ar dhífhostú éagórach, d’agair an tArd-Aigne John Ashcroft “pribhléid rún stáit,” rud atá thar a bheith neamhchoitianta.
Stáit Bhalcánacha Balkan States
" “Ina dhiaidh sin, bhí mé ag obair ar feadh naoi mbliana sna Stáit Bhalcánacha agus theip na Náisiúin Aontaithe ar na daoine ansin fosta agus an glanadh eitneach ag dul ar aghaidh.
gcomhlachtaí ola stáit state oil companies
" Glacadh le scaireanna i gcomhlachtaí ola stáit mar chomhthaobhacht.
sóisialachas stáit state socialism
" Arís, deir na criticí nach bhfuil sa moladh seo ach sóisialachas stáit, agus go mba cheart do dhrochchomhlachtaí titim.
áisínteachtaí stáit state agencies
" Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí De réir tuarascáil a d'fhoilsigh an meitheal smaointe TASC, tá níos mó ná 450 áisínteachtaí stáit sa tír seo.
stáit Chríoch Lochlainn Nordic States
" Ní dhéanann stáit Chríoch Lochlainn an botún a dhéantar abhus.
aidhm an stáit the state's aim, target
" Is é saol níos fearr sa stát agus ní fás geilleagair sa stát, i ndeireadh báire, aidhm an stáit! Caighdeán saoil, sin é an sprioc.
slánú stáit salvation of a state
" É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit á thiomnú orthu.
stáit of state
" Tá bun morálta an stáit agus an chreidimh, Chríostaíochta nó eile, cúisithe níos troime ag an scéal seo ná a bhí riamh.
stiúir an stáit state managed
" Go dtí go gcreidfear in achan teach in Éirinn gur éigníodh agus gur maraíodh gasúir in institiúidí na tíre a bhí faoi stiúir an stáit agus na n-ord Caitliceach in éineacht, níltear ag íoc mar is cóir leis an tslua bhocht daoine a sheol na breithimh isteach sna hinstitiúidí ar iompadh na boise.
Stáit Aontaithe the US
" Is minic a chloistear polaiteoirí Mheiriceá ag rá gurb é Iosrael an cara is fearr atá ag na Stáit Aontaithe sa Mheánoirthear, agus is iomaí Meiriceánach aineolach a chreideann an tseafóid chontúirteach seo.
chaiteachas an stáit state expenditure
" Ach más mian linn go gcaithfí leis ar an bhonn sin seachas mar phlean buile eile de chuid an Aire Uí Chuív, caithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú go dtarlóidh díospóireacht leathan roimhré, sa dóigh is go dtig leo teacht roimh aon chlamhsán faoi chaiteachas an stáit ar an teanga (bíodh sé bunaithe ar an fhírinne nó ar an aineolas.
n-eagraíochtaí stáit state bodies
" Bhí barúil an Dr O Malley ag teacht sna sála ar cholún a bhí ag an iar-Thaoiseach, Garret Fitzgerald, san *Irish Times* inar nocht sé an tuairim gur cheart don Chomhaontas Glas tionchar a imirt ar an rialtas le stop a chur le caiteacha peannaideach na n-eagraíochtaí stáit ar chúrsaí teangan.
eagraíocht stáit state body
" Ach is finscéal é go gcaithfear gach aon tuarascáil is cáipéis a eisíonn eagraíocht stáit a fhoilsiú i nGaeilge.
thiocfadh le heagrais stáit state bodies could
" Anuas ar sin, thiocfadh le heagrais stáit daoine a earcú a bhfuil cumas i nGaeilge agus i mBéarla acu seachas cumas in aon teanga amháin agus a bheadh ábalta tabhairt faoin obair aistriúcháin go hinmheánach.
mhaoiniú an stáit state funding
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.