Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
staidéar socheacnamaíoch socio-economic study
" Le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta, d'údaraigh an fiontar staidéar socheacnamaíoch (a rinne Coláiste na hOllscoile, Gaillimh) ar céard ab fhiú idirghabhálacha an stáit ó thaobh na Gaeilge de i gceantar na Gaillimhe.
staidéar neamhbheo still-life studies
" Creideann sí gur áit é an stiúideo le maireachtáil ann chomh maith le háit le saothar a chruthú ann agus is iad na gnáthrudaí a bhíonn le fáil i stiúideo atá le feiceáil ina cuid staidéar neamhbheo.
staidéar pearsantachta personality study
"staidéar pearsantachta déanta ag Curran ar na tógálaithe - fir mhóra, leathana, a n-aghaidh ag taispeáint meascán den bhród, den ghreann agus den amhras, a gcraiceann dearg leis an aimsir agus leis an sclábhaíocht.
Máistreacht i Staidéar Gnó Masters in Business Studies
" " Nuair a d'fhág sé an scoil, thug sé aghaidh ar Choláiste na hOllscoile Corcaigh, áit a ndearna sé céim sa tráchtáil agus ansin céim taighde bliana, Máistreacht i Staidéar Gnó, ina dhiaidh sin.
staidéar trasteorann cross-border study
" Lena chois sin, léiríonn staidéar trasteorann a rinneadh in ollscoileanna sa dá chuid den oileán go bhfuil muintir na hÉireann ag ithe béilí taobh amuigh den bhaile níos minicí ná riamh.
staidéir neamhbheo still-life studies
" Is ag an am seo a tháinig méadú ollmhór ar líon na saothar ealaíne a léirigh an gnáthshaol laethúil: mná ag dul don obair tí, fuadar na sráide, radharcanna gáirsiúla tábhairne ina raibh fír agus mná ag radaireacht le chéile, staidéir neamhbheo agus tírdhreacha.
staidéar féidearthachta viability study
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag IFC? An leor iad? Fuaireamar maoiniú ó Údarás na Gaeltachta anuraidh chun staidéar féidearthachta a dhéanamh, rud gur éirigh go hiontach leis.
staidéar féidearthachta viability study
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag IFC? An leor iad? Fuaireamar maoiniú ó Údarás na Gaeltachta anuraidh chun staidéar féidearthachta a dhéanamh, rud gur éirigh go hiontach leis.
Staidéar na Coimhlinte Eitneapholaitiúla the Study of Ethnopolitical Conflict
" Is é Brendan O’Leary, Ollamh Lauder le hEolaíocht Pholaitiúil, agus Stiúrthóir Ionad Solomon Asch do Staidéar na Coimhlinte Eitneapholaitiúla in Ollscoil Pennsylvania, a scríobh an t-alt seo.
chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar Seán decided to get stuck into the studying
" ” Céim oíche ======= Ceann de na cúiseanna go raibh an t-airgead gann ná gur chinn Seán ar luí isteach ar an staidéar.
staidéar eolaíoch scientific study
" Thug mé faoi deara gur chaith a lán daoine a raibh AMD orthu tobac agus rinne mé staidéar eolaíoch ar an cheist," a dúirt sé liom.
torthaí an staidéir teangeolaíochta the results of the linguistic study
" Beidh Gaeltachtaí (más féidir sin a thabhairt ar chuid acu) faoi bhrú i mbliana nuair a chuirfear torthaí an staidéir teangeolaíochta faoi bhráid an phobail.
treo an taighde agus an staidéir the direction of the research and the study
" AÓF: An raibh aon rud speisialta ar an gcúrsa staidéir a thaitin go mór leat? EO’B: An rud a thaitin liom ná an tsaoirse a bhí ag an scoláire treo an taighde agus an staidéir a shocrú mar a d’fheil dó/di féin.
staidéar roghnach cumadóireachta optional study in composition
" EO’B: Chum mé an fonn mall “The Silvermines Mountains” agus an damhsa seite “Keeper Hill” mar chuid den staidéar roghnach cumadóireachta le linn an chúrsa in Ollscoil Luimnigh.
ag déanamh staidéir ar theicníochtaí na n-ealaíontóirí sa seanam the techniques of artists in olden times
" Chaith sé an chuid is mó dá shaol ag déanamh staidéir ar theicníochtaí na n-ealaíontóirí sa seanam agus an dóigh ar cruthaíodh na gréasa casta matamaiticiúla.
ag staidéar go dian. studying hard.
" Ag an am sin, bhí an-suim agam sa léann – bhí mé ag staidéar go dian.
chun staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht. to study journalism.
" Agus an mheánscolaíocht curtha di aici chuaigh Justine níosfaide fós ó bhaile agus aghaidh tugtha aici ar Choláiste na Tráchtálai Rathmines i 1977 chun staidéar a dhéanamh ar an iriseoireacht.
foilsíodh tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice. the report of the Iraq Study Group was published.
" Mar shraith tréanbhuillí, chaill na Poblachtánaigh (an páirtí is mó a bhí i bhfabhar an chogaidh) Teach na nIonadaithe agus an Seanad araon sa toghchán meántéarma, d’éirigh Donald Rumsfeld as a phost mar Rúnaí Cosanta (ar iarratas ón uachtarán), agus foilsíodh tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice.
in ainneoin mholtaí an Ghrúpa Staidéir. despite the recommendations of the Study Group.
" ” Is cosúil, ámh, go bhfuil an t-uachtarán ag dul sa chéad treo, in ainneoin mholtaí an Ghrúpa Staidéir.
ag déanamh faillí ina chuid staidéir. neglecting his studies.
" ” Ní cúis iontais é mar sin gur chuir Nicholas suim sa cheol agus é an-óg – in ainneoin go raibh imní ar a thuismitheoirí go raibh spéis aige ina leithéid de chaitheamh aimsire agus go mbeadh sé ag déanamh faillí ina chuid staidéir.
ag déanamh staidéir ar mhúrmhaisiú studying murals
" Tá seal caite aici ag obair i Hollywood ar sheiteanna scannán ar nós “Mission Impossible” agus seal eile ag déanamh staidéir ar mhúrmhaisiú i Meiriceá Theas.
ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge studying the sound system of Irish
" Nuair a labhair mé le Kruass le gairid ar an ghuthán, mhínigh sé dom gur chaith sé suas le bliain in Inis Meáin ag deireadh na gcaogaidí ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge agus ag foghlaim na teanga, agus gur spreag an tréimhse sin é lena shaol a chaitheamh ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis.
staidéar gnó business studies
" Tá mo mhic comhshamhlaithe go maith i sochaí na hÉireann, tá duine acu ar fhoireann sacair Chorcaí faoi bhun ceithre bliana déag, agus tá staidéar gnó á dhéanamh ag an duine eile in institiúid tríú leibhéal.
ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, studying the media, doing media studies
" Mholfainn go láidir do dhaoine atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide, nó d’aon duine a bhfuil spéis aige sna cúrsaí seo i gcoitinne, a leabhar *Broadcasting in Irish* (2003)a léamh chomh maith.
ar mian leo seal a chaitheamh i mbun staidéir who would like to spend a period studying
" Cuirtear sparánachtaí ar fáil faoin Chlár Fulbright do mhic léinn Éireannacha ar mian leo seal a chaitheamh i mbun staidéir in ollscoil Mheiriceánach.
staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar a scientific study of thought processes and of behaviour
" Sampla amháin ná, “is éard atá i gceist le ‘síceolaíocht spóirt’ ná staidéar eolaíoch ar phróisis intinne agus ar iompar i gcomhthéacs an spóirt.
ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht studying geography
" Nuair a bhí mise ag déanamh staidéir ar an tíreolaíocht sa mheánscoil in Éirinn fadó, bhí léarscáileanna na hAstráile agus na Nua-Shéalainne ar an dá leathanach dheireanacha den atlas scoile.
más fíor do thorthaí staidéir chuimsithigh a foilsíodh le gairid if the results of a comprehensive study published recently are correct
" (Paragraf 3) ** ** **Staidéar** Tharla an eachtra áirithe seo in Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach is léir gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht in Éirinn chomh maith, más fíor do thorthaí staidéir chuimsithigh a foilsíodh le gairid.
De réir an staidéir seo, according to this study,
" De réir an staidéir seo, ar thug an clár teilifíse “Primetime” agus an nuachtán *The Irish Independent *faoi, tá cailín Éireannach amháin as gach cúigear i ndiaidh a bheith thíos leis an gcibirbhulaíocht ag uair éigin ina saol.
a foilsíodh sa staidéar, published in the study,
" (Paragraf 8) I measc na dtorthaí eile a foilsíodh sa staidéar, fuarthas amach gur admhaigh buachaill amháin as gach ochtar go raibh sé thíos le cibirbhulaíocht le míonna beaga roimhe sin agus gur admhaigh duine amháin as gach aon dalta dhéag go ndearna sé cibirbhulaíocht é féin ar dhalta éigin eile le déanaí.
toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu because the pressure of exams and study was on them
" Mé i m’aonar mar go raibh na *lads* eile tar éis éirí as na ranganna toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu – agus easpa spéise ba chúis le hiad a bheith as láthair chomh maith, déarfainn.
staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha. the study of global dance in a cultural context
" Máistreacht mhúinte atá inti agus is éard a ndírítear air sa chúrsa ná staidéar ar dhamhsa domhanda i gcomhthéacs cultúrtha.
Staidéar study
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
staidéar gnó business studies
" “Tá cúrsa ceithre bliana á dhéanamh agam i staidéar gnó in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus táim ag dul isteach sa bhliain dheireanach.
Ghlac mé staidéar I studied
" Ghlac mé staidéar go leor ar an gceist agus labhair mé le daoine go leor faoi.
áit a ndearna sé staidéar where he studied
" Chláraigh sé ar chúrsa HND i ndearadh múrmhaisithe ag *Chelsea School of Art*, áit a ndearna sé staidéar 1984-86 agus áit ar léigh sé *The Ragged Trousered Philanthropists*.
dhá staidéar costasacha two costly studies
" An méid a rinne sé ná am a mheilt agus airgead stáit a chur amú ar dhá staidéar costasacha.
staidéir go leor plenty of studies
" Faoi Athmheas ======= Foilsíodh leabhair agus staidéir go leor thar na blianta a chuir faoi bhráid an phobail an cruthúnas go mbíodh bainistíocht úsáide talún ar siúl ag an mhuintir dhúchais ar feadh mílte bliain sular cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach abhus.
an réimse staidéir seo this area of scholarship
" Bhí an tOllamh Patrick O Farrell ar an duine is údarásaí i measc na staraithe áitiúla a rinne staidéar ar chúrsaí Éireannacha-Astrálacha agus ba ea a leabhar, The Irish in Australia, an foilseachán ag a raibh an tionchar is mó ar an réimse staidéir seo.
staidéar a ghlacadh to reflect
" Tháinig muidinne ó theaghlaigh Chaitliceacha, náisiúnaíocha choimhéadacha ar chuid mhór bealaí, agus níor thuig muid go hiomlán cad chuige a raibh muid ar an leaba chláir go dtí go raibh muid ar an pláta bheag agus fuair muid deis leabhair a léamh, éisteacht le daoine agus staidéar a ghlacadh.
staidéar measartha domhain a fairly deep study
" 
 "Le blianta beaga anuas, diaidh ar ndiaidh, mhothaigh mé mé féin ’ mo mhealladh ar ais go Gaillimh agus nuair a rinne mé staidéar measartha domhain ar mo chraobh ghinealaigh, mhothaigh mé go raibh mé féin beo beathach i saol na ndaoine seo de mo shinsear a chuaigh romham.
staidéar na síochána peace studies
" , nach bhfuil an duine in ann éirí aniar leis na deacrachtaí a eascraíonn as míreachtú nó forlámhas phobail an domhain ar a chéile? Ar cheart do na hÉireannaigh a gcuid féin a dhéanamh de thaighde agus de staidéar na síochána agus torthaí a n-iarrachtaí a roinnt le muintir eile an domhain ar dhóigh a dhéanfadh leas na comhdhaonnachta? Bíonn *‘Centre for Peace Studies’* thall is abhus sna forais tríú leibhéal in Éirinn agus i dtíortha i bhfad is i ngar.
Is é an dóigh go ndearna sí staidéar she went about studying
" Is é an dóigh go ndearna sí staidéar ar an mhéid a bhí le rá ag na meáin chumarsáide agus ar pholaiteoirí agus thug sí faoi deara go raibh na Moslamaigh curtha le chéile in aon dream amhrais amháin, d’ainneoin a gcúlraí difriúla.
a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar who decide to study
" ) Pé scéal é, mhol na saineolaithe go ndíreodh rogha amháin ar scileanna teanga ardleibhéil, idir scileanna cainte agus scileanna scríofa, agus ar staidéar ar an litríocht sa Ghaeilge, agus “bheifí dírithe ar mhic léinn a bheartaíonn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal agus/nó a d’fhéadfadh an teanga a úsáid ar mhodh gairmiúil tráth is faide anonn.
ag staidéar na diagachta studying divinity
" Ach an dtig liom ceist eile a chur ort anois? An bhfuil seans ar bith ag seanphágánach de mo leithéid dul isteach i Ríocht Dé ar ball? Caidé do bharúil dhiaga shaineolach?** Benedictus: Bhuel, a Bhaloir, tá iomlán mo shaoil caite agam ag staidéar na diagachta, agus is é atá foghlamtha agam ina dhiaidh sin is uile ná gur cóir i gcónaí dul ar ais chuig an Scrioptúr.
Staidéir Dúchasacha native studies
" “Mar shaoránaigh Cheanada nach Dúchasach sinn, ba cheart dúinn ar fad fearg a bheith orainn mar gheall ar an éagóir agus ar an idirdhealú atá á dhéanamh ag an rialtas ar an bPobal Dúchasach i gCeanada” -William Leonard Felepchuk, ionadaí Chomhphobal na Mac Léinn sna Staidéir Dúchasacha agus Ceanadacha, Ollscoil Ottawa.
Sás staidéir a device for studying
" Sás staidéir is ea PoetryBeo a chuireann filíocht Ghaeilge na hArdteiste ar fáil ar bhealach atá i dtiúin leis an bhforbairt thar cuimse atá ag teacht ar an nuatheicneolaíocht, ar phraghas níos ísle ná modhanna eile teagaisc phríobháidigh.
sa staidéar cuimsitheach seo in this comprehensive study
" An Síofrú === Nithe suntasacha eile a chíorann O Donnell go beacht sa staidéar cuimsitheach seo is ea na teagmhálacha rialta a bhí ag cimí Poblachtacha le cimí Shasanacha, an tionchar a bhí ag cuairteanna teaghlaigh ar smaointeoireacht agus ar straitéisí frithimpiriúla na gcimí, cúrsaí oideachais sna carcracha agus an ní ar tugadh ghosting air, is é sin, dearcadh fhoireann na carcrach i dtaca le doiciméadú.
má tá tú ag tabhairt faoi chúrsa staidéir sa sruithléann if you’re starting a course in humanities
" Tá neart téacsleabhar ar fáil ar an Kindle go deimhin freisin agus go háirithe má tá tú ag tabhairt faoi chúrsa staidéir sa sruithléann, mholfainn go mór é.
ag staidéar go géar studying intently
" Go háirithe má bhí tú amuigh ar an drabhlas go breacadh an lae ag staidéar go géar go breacadh an lae.
beagán staidéar a ghlacadh ponder matters a little
" B’fhearr liom a bheith in ann suí siar anois is arís agus beagán staidéar a ghlacadh agus smaoineamh a dhéanamh, ach ba mhaith liom níos mó den chraoltóireacht, den iriseoireacht scríofa, agus tá mé ag cuimhneamh ar chúpla leabhar chomh maith.
Ghlac mé staidéar domhain orthu go léir I watched them all closely
" ) Ghlac mé staidéar domhain orthu go léir dá bhrí sin.
cead dó staidéar a dhéanamh ar permission to study
" Tuairiscíonn Cheiro gur thug Brámain agus lucht léinn an cheantair sin cead dó staidéar a dhéanamh ar théacsanna ársa éagsúla, téacsanna a bhain leis an asarlaíocht agus leis an draíocht ar feadh tréimhse dhá bhliain.
an dóigh le staidéar a dhéanamh how to study
" D’fhoghlaim mé an dóigh le staidéar a dhéanamh, le hiniúchadh a dhéanamh agus bhí sin ina chuidiú mhór.
neart staidéir déanta plenty of study done
" Beidh an leibhéal murtaill san Ísiltír ardaithe 15%, fágaim, ach in Éirinn, meastar go mbeifear ag súil le hardú 47%! Tá neart staidéir déanta ar ról an tuismitheora agus na clainne i gcúrsaí spóirt agus spraoi an pháiste atá róthrom.
Staidéar Tionchair Teanga Language Impact Study
" Rinneadh Staidéar Tionchair Teanga le déanaí chun an éifeacht a bheadh ag tógáil eastáit nua tithíochta ar an gCeathrú Rua i gConamara ar an nGaeilge a mheas.
staidéar cuimsitheach comprehensive study
" Le cois a bheith ina amhránaí cumasach, is scoláire é Lillis Ó Laoire a bhfuil staidéar cuimsitheach déanta aige ar an sean-nós.
staidéar cuimsitheach a comprehensive study
" Léiríonn staidéar cuimsitheach ar tugadh faoi le gairid gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht i measc an aosa óig.
staidéar sense
" Fear gaoismhear amháin, Job Cohen, a choinnigh guaim agus staidéar i muintir na hÍsiltíre sé bliana ó shin nuair a bhí an tír ar tí pléascadh.
clár staidéir study program
" Bunaithe in 1864, is í seo an t-aon ollscoil ar domhan a bhfuil rochtain ar gach clár staidéir do na bodhair ann agus pléann Lucas le gothaíl agus le héagsúlacht na dteangacha comharthaíochta.