Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stailc strike
" Feiceann sise na fadhbanna sa chóras sláinte, agus labhrann sí fós faoi stailc na n-altraí cúpla bliain ó shin agus a laghad atá athraithe ó shin.
ar stailc on strike
stailc ocrais hunger strike
" An t-aonú stailceoir déag a tugadh air mar gur ghlac sé páirt i stailc ocrais 1981, nuair a fuair deichniúr poblachtánach bás.
ar stailc on strike
" Chuadar ar stailc ag tús na bliana agus beidh chuile dhuine ag coinneáil súil ghéar orthu mar gheall air sin, féachaint a mbeidh siad níos fearr ná mar a bhí siad anuraidh nuair ba léir nach raibh cúrsaí ar fónamh sa champa.
ar stailc on strike
" B'éigean dom dul chun cainte leis na dóchtúirí a bhí ar stailc.
stailc ocrais hunger strike
" Mhair sé 70 lá ar stailc ocrais i 1981 le linn na tréimhse ina bhfuair Bobby Sands agus naonúr eile bás.
ar stailc on strike
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
leathnaigh an stailc the strike spread
" D'éirigh an pobal níos radacaí nuair a chonaic siad mar a caitheadh leo go foréigneach, leathnaigh an stailc go cathracha eile sa tír agus d'éiligh siad go n-éireodh el Goni as.
tráth na stailce at the time of the strike
" Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor tráth na stailce.
tráth na stailce at the time of the strike
" Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor tráth na stailce.
stailc strike
" An chéad phost a bhí aige nuair a tháinig sé go Learpholl in 1863 ná ag obair mar dhugaire agus ba é cisteoir an choiste tacaíochta sa stailc mhór sna duganna in 1887.
stailc iománaithe Chorcaí the Cork hurlers' strike
" Eachtraí tromchúiseacha ======= Chomh maith leis an méid sin thuas, pléann an Suibhneach eachtraí tromchúiseacha ar nós stailc iománaithe Chorcaí ag tús na bliana 2003, ceist íocaíochta agus urraíochta d'imreoirí agus staid na hiomána.
stailc ghinearálta general strike
" ” Crith talún ======= Bhí stailc ghinearálta ar siúl agus mé i Lucca – ní rud neamhchoitianta é sin san Iodáil – agus bhí crith talún ann freisin, a mhothaigh mé i lár na hoíche.
ar stailc ocrais. on hunger strike.
" ” Ach ní raibh a fhios agam féin, ag a bhean, nó ag duine ar bith eile go raibh sé ar stailc ocrais.
Stailc Oibrithe Uladh the Ulster Workers' Strike
" Ón am a bhris *coup d’état* Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.
aimsir na stailceanna ocrais. at the time of the hunger strikes.
" Músclaíodh an chumhacht sin aimsir na stailceanna ocrais.
an stailc ocrais the hunger strike
" ” Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.
stailc na gcúntóirí ranga the strike of the classroom assistants
"stailc na gcúntóirí ranga atá ar siúl faoi láthair ó thuaidh an-suimiúil agus tugann sé léargas glinn dúinn ar na contrárthachtaí taobh istigh de Shinn Féin agus ar an bhearna sin idir idé-eolaíocht agus praiticiúlacht atá fealsaimh pholaitíochta a phlé leis na céadta bliain.
laoch stailc na mianadóirí, the hero of the miners' strike,
" Bhí na cúntóirí chomh míshásta sin go raibh póstaer acu agus aghaidh Chaitríona Ruane agus Margaret Thatcher, laoch stailc na mianadóirí, air.
nithe mar chúrsaí stailce, things such as the situation with the strike
" Níl seans faoin spéir go mbuailfidh Corcaigh – tá nithe mar chúrsaí stailce, mar bhainisteoir nua agus mar an dóigh ar theip orthu in 2007 go léir ina gcoinne.
stailc ocrais hunger strike
" Níos deireanaí ina shaol, bhí fadhbanna sláinte aige – a chroí, radharc na súl agus airtríteas – ó chuaigh sé féin agus seisear eile ar stailc ocrais ar feadh 53 lá i 1980 sa Cheis Fhada.
stailc ocrais hunger strike
" Níos deireanaí ina shaol, bhí fadhbanna sláinte aige – a chroí, radharc na súl agus airtríteas – ó chuaigh sé féin agus seisear eile ar stailc ocrais ar feadh 53 lá i 1980 sa Cheis Fhada.
chuadar ar stailc. they went on strike.
" Níor thaitin na rialacha leis na himreoirí agus chuadar ar stailc.
stailc strike
" Níor thaitin na rialacha leis na himreoirí agus chuadar ar stailc.
deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc an end to the strife which gave rise to the strike
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
ar stailc on strike
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
na stailceanna ocrais the hunger strikes
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
ar stailc ocrais on hunger strike
" Baineann an clár a chraolfar ar an 16 Aibreán le Máire Nic Suibhne Brugha, iníon le Traolach Mac Suibhne, a cailleadh i ndiaidh dó a bheith ar stailc ocrais sa bhliain 1920.
bhí stailc sna bainc, there was a strike in the banks
" Ansin, bhí stailc sna bainc, i 1965, sílim, agus d’imigh Christy leis go Sasana.
Stailc an tsalachair the Dirty Protest
" Stailc an tsalachair Is scannán neamhghéilliúil dorcha é Hunger ina bhfuil saol truamhéileach na bpríosúnach atá ar an ‘Dirty Protest’ mar chúlra do scéal stailc ocrais Bobby Sands (Michael Fassbender) agus a idé-eolaíocht.
stailc ocras hunger strike
" Dhiúltaigh sé teacht, mar fuair Mac Suibhne bás ar stailc ocras agus d'fhoilsigh Breandán sliocht as an litir a chuir Laffan chuig an GLC: "Many people would assume that there was an association between a series with such a title and more recent Provo/ INLA hunger strikers.
stailc ocrais hunger strike
" Tosaíodh stailc ocrais i bpríosún na Ceise Fada le stádas polaitiúil a bhaint amach i 1980 agus creideann cimí go réiteofaí an chéad stailc ocrais sin go macánta ach gur bualadh bob orthu agus gur Thatcher a bhí taobh thiar de sin.
mbagairtí stailce strike threats
" Grád: C+ Batt O'Keefe (An tAire Oideachais agus Eolaíochta): Bliain saor ó mhórchonspóid ó tharla gur beag tacaíochta ón phobal a fuair múinteoirí dá mbagairtí stailce i bhfianaise drochstaid na tíre.
stailc ollmhór massive strike
" Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.
stailc strike
" An mbeidh an margadh sásta cúrsaí i Stair na Meánaoise nó sa Teangeolaíocht a mhaoiniú? Chuir stailceanna leanúnacha deireadh le ranganna agus le léachtaí i dtuairim is dhá thrian d’ollscoileanna na Fraince ó mhí Eanáir 2009 i leith.
Stailce Ocrais hunger-strike
" Tá seisean le feiceáil ar You Tube ag scairtigh 'IRA Scum!' ar pharáid phoblachtánach i Learpholl i gcuimhne na Stailce Ocrais mí Bealtaine 2001.
stailc strike
" Luaim an chonspóid a raibh an deartháir is sine, Seán Óg, bainteach léi agus é ina chaptaen ar fhoireann iomána Chorcaí nuair a chuaigh na himreoirí ar stailc i 2008.
stailc ocrais hunger strike
" Tá chor a bheith achan leabhar ar an stailc ocrais léite agam.
ar stailc on strike
" Tá ceathrú leath na tíre scriosta ag na múinteoirí, a chuaigh amach ar stailc ag lorg.
stailce strike
" Bhain an scéal le marú cúigear, a bhí páirteach i máirseáil le linn stailce sa bhliain 1931, nuair a scaoil saighdiúirí ó Arm na Sualainne leis na stailceoirí.
Stailc strike
" Nuair a rugadh an tAthair Mallin ar an 13ú Meán Fómhair 1913, bhí an Stailc mhór ar siúl ar a dtugtar 'An 1913 Lockout’.
stailc strike
" Rinne sé athléiriú i 2001, cuirim i gcás, ar an choimhlint foréigin a tháinig chun cinn le linn stailc mhianadóirí na Breataine sna 80í, ar tugadh Cath Orgreave air.
ar stailc on strike
" Ní gá a rá, ar ndóigh, gur rialtas sóisialach é an rialtas Zapatero! Criogair na hÉireann agus na Gréige ================ Tuigtear freisin go raibh oibrithe ón earnáil phoiblí in Éirinn agus sa Ghréig ar stailc le deireanas chun a gcuid míshástachta a léiriú in aghaidh ciorruithe rialtais agus díluacháil a gcuid pinsean.
lucht stailce strikers
" Ar dhá chúis: cúiseanna airgid - an duine a théann ar stailc, caillfidh sé lá pá; agus cúiseanna aigneolaíochta - tá an tuairim ann nach dtacóidh an pobal leis an lucht stailce san fhadtéarma.
stailc ocrais hunger strike
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
stailceanna ollmhóra of massive strikes
" Ach faoi stiúr Lula thosaigh na ceardchumainn ag éileamh chearta an phobail, agus ag tús na n-ochtóidí thosaigh sraith stailceanna ollmhóra a chuir ar shúile na nginearál go raibh a ré caite.
stailc strike
" Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
mná a bhí ar stailc women who were on strike
" Bhí mé féin agus baill eile de Chomhairle na gCeardchumann in Acton taobh amuigh den mhonarcha Grunwick chun tacaíocht a thabhairt do na mná a bhí ar stailc ansin.
ceannaire na stailce the strike leader
" Ghair Tom Mann, ceannaire na stailce i Learpholl, ar an phobal a dtacaíocht a léiriú leis na hoibrithe ag slógadh ar St George’s Plateau, os comhair the Walker Art Gallery, Dé Domhnaigh 13ú Lúnasa.
Stailc strike
" Bhí an mana Gaeilge ‘Stailc anseo’ breactha ar chlár ar crochadh ina láimh aige.
stailc a strike
" Bhí páirt aige i stailc ar theip uirthi i mí na Samhna 1968; dar le cairde leis agus le lucht a chomhaimsire ba í an eachtra seo a chuir i dtreo na gníomhaíochta radacaí é.
Stailc Ocrais a hunger strike
" Stailc Ocrais agus Agóid in Aghaidh Yanukovich =============== Chuaigh Tymoshenko ar Stailc Ocrais ar 20 Aibreán mar gheall ar dhrochíde a thug na heochróirí di.
ar stailc ocrais on hunger strike
" Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí ==================== Fuair a hathair Terence McSwiney, Ard-Mheara Chorcaí, bás ar stailc ocrais a lean 74 lá i gcarcair Brixton Shasana.
i mbun stailc teanga engaged in a language strike
" Cailín óg de bhunadh na Pacastáine a rugadh in Éirinn i mbun stailc teanga.
stailceanna ocrais the hunger strikes
" " Stailc Ocrais ’81 ======== D'athraigh sin ar ndóigh le stailceanna ocrais 1981.
Stailc strike
" Stailc Theresa Spence ========= Tháinig Theresa Spence, ceannaire tréibhe Attawapiskat chun tosaigh go gairid tar éis bhunú an ghrúpa nuair a chuaigh sí ar Stailc ocrais ar son a muintire ag tús Mhí na Nollag.
stailc ocrais a hunger strike
" Stailc Theresa Spence ========= Tháinig Theresa Spence, ceannaire tréibhe Attawapiskat chun tosaigh go gairid tar éis bhunú an ghrúpa nuair a chuaigh sí ar stailc ocrais ar son a muintire ag tús Mhí na Nollag.
le linn na stailce during the strike
" Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici.
barraíocht stailceanna too many strikes
" Ghnáthdhaoine ab ea iad, agus iad uilig ag iarraidh freagra ar an cheist shimplí: “cén fáth a rinne sí amhlaidh?” Saorfhiontraíocht ====== De réir cuid de na tráchtairí den eite dheis, réitigh Thatcher fadhbanna a bhí sa gheilleagar, mar shampla barraíocht stailceanna.
is deacra dul i mbun stailce it’s harder to strike
" Tá sé sin intuigthe, nó is deacair dul i mbun ballóide nuair atá múinteoirí ar saoire agus cuid acu imithe as baile; ach is deacra dul i mbun stailce nuair nach bhfuil múinteoirí ag obair.
thug said léasadh do lucht stailce they beat up strikers
" Ghlac siad móid *'to uphold King, Country and Constitution*’ agus mar sin de thug said léasadh do lucht stailce le linn na tréimhse ar a dtugtar Red Clydeside.
stailceanna ocrais sa Cheis Fhada hunger strikes in Long Kesh
" Deir Balor gurbh fhiú an bás a fhulaingt, beagnach, le bheith in ann éisteacht le Páidí Ó Sé ag bualadh le Maggie Thatcher: “Anois, a Mhaighréad, tá a fhios agat nach n-oireann an comhluadar seo de dhaoine córa leithéidí iar-phríomhairí na Breataine a bhí i gcumhacht le linn na stailceanna ocrais sa Cheis Fhada.
An té a chuir stailc ocrais the person who put the hunger strike
" An té a chuir stailc ocrais Bobby Sands - ‘*Hunger*’ (2008), agus an andúil ghnéis - ‘*Shame*’ (2011) faoi chaibilil.
ar stailc on strike
" Níl rud ar bith curtha i gcríoch go fóill ach tá cuid fostaithe Cinecittà go mór in amhras faoin bheart seo de réir cosúlachta agus bhí siad ar stailc go dtí le gairid lena n-imní agus a míshasamh a chur in iúl.
le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha during the (Price) sisters’ hunger strike
" Tugann Campbell léargas ar leith dúinn ar chur chuige Jenkins le linn stailc ocrais na ndeirfiúracha Price, Marion agus Dolours, i mBrixton, beirt dar ciontaíodh as buamáil an Old Bailey agus a bhí i gcarcair le fiche bliain.
stailceanna ocrais hunger strikes
" Féachann Robert McMillen ar an éifeacht a bhí ag na stailceanna ocrais 1981 ar shaol polaitíochta na Sé Chontae.
stailc strike
" Ar mhaith leat gabháil chun na Fraince ar Erasmus? Má théann, an mbeidh rang teagaisc nó léacht acu romhat, nó an mbeidh siad ar stailc? An mbeidh meas ar do chuid pointí creidmheasa nuair a fhillfeas tú? Tá an scéal ar fad ag PJ Mac Gabhann thall i bPáras dúinn.