Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
lomnocht stark naked
" Ba é an chéad uair freisin a chonaic mé scata fear mór agus iad lomnocht.
beo scáfar stark and live
" Chonaic muid uafáis IRA na 1970í-90í beo scáfar ar an teilifís, ach ní fhaca muid marú Phil Kelleher ar ordaithe Mhic Eoin, nó na dúnmharuithe ar fad a rinneadh chun glóire Dé agus onóra na hÉireann.
gan snáth orm stark naked
" D’fhág mé mo léine agus mo threabhsar crochta ar thairne meirgeach taobh amuigh den chéad doras, isteach liom ansin agus gan snáth orm ach an fobhríste.
i gcodarsnacht lom in stark contrast
" Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.