Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an choiste stiúrtha the steering committee
" In áit taoisigh, uachtaráin, leaschathaoirligh is araile, níl ann ach baill, agus baill an choiste stiúrtha - fíordhaonlathas atá i gceist.
roth stiúrtha steering wheel
" Bhí greim aige ar an roth stiúrtha ach ní raibh sé ag tiomáint.
tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, after the driver had lost control of the steering wheel,
" Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
á stiúradh tríd go cúramach steering him through it carefully
" Lance agus Eoin á stiúradh tríd go cúramach le rithim an cheoil.
den Ghrúpa Stiúrtha of the Steering Group
" Bhí rólanna tábhachtacha ag Riobard lena linn, ina measc: Eagarthóir ar an iris *Comhar* (1950-57) Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (1970-76) Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA) (1972-82) Cathaoirleach ar An Oireachtas (1972-1977) Comhalta de Bhord na Gaeilge (1975-1988) Ba bhall é den Ghrúpa Stiúrtha sa Rialtas Áitiúil Chuir sé tionscal an cheoil dúchais chun cinn trína chuid páirtíochta san eagras IFPI (International Federation of the Phonographic Industry), mar chomhalta boird IRMA agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceoil IBEC.
grúpa stiúrtha steering group
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
bhord stiúrtha steering bord
" Tá Maurice Templesman ina chathaoirleach ar bhord stiúrtha Lazare Kaplan International, corparáid ollmhór diamant.
taobh thiar den roth stiúrtha behind the steering wheel
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
stiúradh to steer
" Bhí captaen na loinge ag iarraidh an bád a stiúradh chuig Oileán Nollag.
stiúradh to steer
" ’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
stiúradh steering
" Is iad na ceannairí polaitiúla a riarann an tír agus ar ndóigh b’iadsan a bhí freagrach as an tír a stiúradh agus muid ag dul amú.
stiúir sé sinn he steered us
" Brains Bocht Cowen! Tháinig sé fríd an dara reifreann ar Chonradh Lisbon; choinnigh sé greim ar an tír nuair a tháinig an ghéarchéim gheilleagair; stiúir sé sinn trí thrioblóid i ndiaidh trioblóide gan tuisle, gan leagadh, gan leonadh, ach… Nuair a bhí cluiche beag cairdiúil gailf aige le Seánie Beag Fitzpatrick, bhuel, bhí a phort seinnte.
gCoiste Stiúrtha steering committee
stiúir steered
" Ba é sin Diarmuid Healy as Cill Chainnigh, an fear a stiúir foireann iomána Uíbh Fhailí ag tús na n-ochtóidí chun Craobh na hÉireann a bhuachan.
roth stiúrtha steering wheel
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
stiúradh an bád the boat was steered
" Tar éis Eilean a’ Chalmain a fhágaint ar dheasbhord, stiúradh an bád idir Bogha nam Ramfhear agus Ruadh Sgeir: is mar sin atá an dá charraig ainmnithe ag an British Admiralty ar an gcairt mhara.
atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma who are steering the vessel no matter
" Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma.
ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha the steering wheel ought not to be too worn in appearance
" Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe.
Tú Féin atá ar an Maide Eolais you’re the one steering, on the rudder
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
cé nach bhfuil an roth stiúrtha although the steering wheel isn’t
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
roth stiúrtha steering wheel
" Mar gheall ar an dá chineál crochta seo, gluaiseann an 159 níos míne ná an 156 agus tá roth stiúrtha i bhfad níos cruinne inti.
Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach the steering wheel is really capable
" Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach d’aon bhóthar agus, i ndáiríre, ní fhaca mé aon fhadhb inti ó thaobh iompar ar an mbóthar.
roth stiúrtha déanta as leathair a leather steering wheel
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
rialú ar an roth stiúrtha steering wheel control
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
an roth stiúrtha the steering wheel
" Arís, mar gheall ar an dlí, ní féidir liom an meid sin a dhearbhú! Measaim go bhfuil an roth stiúrtha go hiontach.
fanacht glan ar to steer clear of
" Bhí Balor na Fadfhulaingthe faoi bhrú treoir na Bliana Úire a sholáthar do lucht léite na liarlóige seo, Beo ar Éigean agus é ag iarraidh fanacht glan ar na cantaláin a chuireann a gcuid ama amú á léamh.