Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fíor-fhidléir ina steillbheatha a real fiddler, as large as life
" Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíor-fhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil.
ina steillbheatha as large as life
ina steillbheatha arís, as large as life again,
" *Cliché* a chloistear go minic ag an am seo bliana ná “there’s no room in the inn” ach dá mbeadh Naomh Iosaef agus a chomhluadar ina steillbheatha arís, is dócha go ndéarfaí leo go bhfuil neart spáis sa teach leanna.
ina steillbheatha sa cheol, large as life in the music,
" Thosaigh sé ag inseacht scéil dóibh faoi mhadra rua agus go tobann thosaigh sé ag seinnt foinn agus ansin, ina steillbheatha sa cheol, bhí an madra rua ag rith agus ag éalú ós na daoine a bhí ar a thóir.
fós ina steillbheatha, still large as life,
" Ní minic a thagann an cineama ardealaíne agus an cultúr coiteann le chéile in aon bhladhm inspioráide amháin! Tá Donie Wallace fós ina steillbheatha, buíochas le Dia.
ina steillbheatha really live
" Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíorfhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil ar na saolta seo.
ina steillbheatha incarnate
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
ina steillbheatha in real life
" “Bain Díot” arsa an Bhanríon ============ Anonn leis agus cé a bhí ag fanacht leis ina steillbheatha ag doras an chaisleáin ach Banríon na hEorpa í féin.
fheiceáil ina steillbheatha to see (the players) live
" Is é an feall é ó thaobh mhuintir na hAfraice agus Meiriceá Theas nach mbíonn an deis acu ach go hannamh na himreoirí acusan a fheiceáil ina steillbheatha.