Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
stailc strike
" Feiceann sise na fadhbanna sa chóras sláinte, agus labhrann sí fós faoi stailc na n-altraí cúpla bliain ó shin agus a laghad atá athraithe ó shin.
a chriogadh strike, hit
" Is mithid dúinn an Fear Dearg a chriogadh!" a mhaíonn Balor Bodúil agus é ag trácht go tuaisceartach ar Shan Nioclás bocht.
chnag sé mé he struck me
" Bhí sé iontach tógtha agus tháinig sé anuas agus chnag sé mé.
thobstailc neamhoifigiúil wildcat strike
" Tá an chathair ag déanamh réidh cheana féin do thobstailc neamhoifigiúil ar Labor Day, 2 Meán Fómhair.
ar stailc on strike
ar an ngannchuid poverty-stricken
" Seo mo shaoire, seachas príosún nó *bootcamp*! Nílim ar an ngannchuid.
chuaigh dhá ghrianghraf de Collins i bhfeidhm go mór ar McEvoy two photos of Collins struck a deep chord with McEvoy
" Cé gur dhírigh an t-ábhar sa phacáiste ar Eamon de Valera den chuid is mó, chuaigh dhá ghrianghraf de Collins i bhfeidhm go mór ar McEvoy.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh who is not afraid to strike up a song
" Is fear deas éirimiúil é féin nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh who is not afraid to strike up a song
" Is fear deas éirimiúil é féin nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
stailc ocrais hunger strike
" An t-aonú stailceoir déag a tugadh air mar gur ghlac sé páirt i stailc ocrais 1981, nuair a fuair deichniúr poblachtánach bás.
ar stailc on strike
" Chuadar ar stailc ag tús na bliana agus beidh chuile dhuine ag coinneáil súil ghéar orthu mar gheall air sin, féachaint a mbeidh siad níos fearr ná mar a bhí siad anuraidh nuair ba léir nach raibh cúrsaí ar fónamh sa champa.
ar stailc on strike
" B'éigean dom dul chun cainte leis na dóchtúirí a bhí ar stailc.
stailc ocrais hunger strike
" Mhair sé 70 lá ar stailc ocrais i 1981 le linn na tréimhse ina bhfuair Bobby Sands agus naonúr eile bás.
rith sé liom it struck me
" Ar dtús, nuair a chonaic mé go raibh sráideacha á n-ainmniú as íospartaigh de chuid 9/11, rith sé liom go raibh onóir níb fhearr tuillte acu.
ar stailc on strike
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
leathnaigh an stailc the strike spread
" D'éirigh an pobal níos radacaí nuair a chonaic siad mar a caitheadh leo go foréigneach, leathnaigh an stailc go cathracha eile sa tír agus d'éiligh siad go n-éireodh el Goni as.
tráth na stailce at the time of the strike
" Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor tráth na stailce.
tráth na stailce at the time of the strike
" Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor tráth na stailce.
stailc strike
" An chéad phost a bhí aige nuair a tháinig sé go Learpholl in 1863 ná ag obair mar dhugaire agus ba é cisteoir an choiste tacaíochta sa stailc mhór sna duganna in 1887.
stailc iománaithe Chorcaí the Cork hurlers' strike
" Eachtraí tromchúiseacha ======= Chomh maith leis an méid sin thuas, pléann an Suibhneach eachtraí tromchúiseacha ar nós stailc iománaithe Chorcaí ag tús na bliana 2003, ceist íocaíochta agus urraíochta d'imreoirí agus staid na hiomána.
ionsaithe pointeáilte surgical strikes
" "Ná bainigí triail as eachtraí mire ar nós ionsaithe pointeáilte," a dúirt ceannaire Chúba ag deireadh na míosa seo caite.
ionsaithe aeir air strikes
" Nuair a cuireadh ceist faoin tuairisc le foireann as Ollscoil Johns Hopkins a foilsíodh sa *Lancet *mí Dheireadh Fómhair seo caite a dúirt gur maraíodh 98,000 de bharr an ionraidh agus gurbh iad fórsaí na comhghuaillíochta ba chúis le 84% acu sin, a bhformhór trí ionsaithe aeir agus gunnaí móra, dúirt siad nach raibh modheolaíocht na tuairisce "trédhearcach" agus nach bhféadfadh mórán muiníne a bheith ag daoine aisti.
stailc ghinearálta general strike
" ” Crith talún ======= Bhí stailc ghinearálta ar siúl agus mé i Lucca – ní rud neamhchoitianta é sin san Iodáil – agus bhí crith talún ann freisin, a mhothaigh mé i lár na hoíche.
balbh leis an eagla struck dumb with fear
" Bhí cuid acu a raibh an saol fágtha acu, tuilleadh as a gcéill le pian, daoine eile a bhí balbh leis an eagla, agus tuilleadh arís a bhí ag siortadh thart fríd chonamar an charráiste ag iarraidh teacht i bhfóir ar dhaoine nach raibh tarrtháil le déanamh orthu.
ag lascadh a chéile striking each other
" Pé rud faoi fhir óga lúfara ag lascadh a chéile ar pháirc na himeartha a bheith ina ábhar díomá, is ábhar fíorthromchúiseach é nuair a scaipeann teannas agus foréigean ón bpáirc go dtí an ceantar ina bhfuil gasúir, mná, seandaoine agus mar sin de suite.
chloígh mé leis an nGaeilge amháin I struck with Irish only
" Ar deireadh, d’fhág mé na ranganna Fraincise agus Spáinnise agus chloígh mé leis an nGaeilge amháin mar theanga eile.
ar stailc ocrais. on hunger strike.
" ” Ach ní raibh a fhios agam féin, ag a bhean, nó ag duine ar bith eile go raibh sé ar stailc ocrais.
Stailc Oibrithe Uladh the Ulster Workers' Strike
" Ón am a bhris *coup d’état* Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.
aimsir na stailceanna ocrais. at the time of the hunger strikes.
" Músclaíodh an chumhacht sin aimsir na stailceanna ocrais.
é a lascadh le camán, to strike him with a hurl,
" Tá sé mar chuid den chluiche freisin dorn a bhualadh ar imreoir eile, cic a thabhairt dó, é a lascadh le camán, a gheansaí a tharraingt agus é a tharraingt síos go neamhdhleathach.
an stailc ocrais the hunger strike
" ” Ní hamháin sin ach tá stair ag an dá chultúr ar fiú iad a chur i gcomparáid lena chéile toisc go ndeachaigh an Bhreatain go mór i bhfeidhm ar an dá thír; go ndeachaigh an Béarla i bhfeidhm go mór orainn beirt; gur tharla críochdheighilt sa dá thír agus go bhfuil tábhacht leis an stailc ocrais sa dá thraidisiún.
stailc na gcúntóirí ranga the strike of the classroom assistants
"stailc na gcúntóirí ranga atá ar siúl faoi láthair ó thuaidh an-suimiúil agus tugann sé léargas glinn dúinn ar na contrárthachtaí taobh istigh de Shinn Féin agus ar an bhearna sin idir idé-eolaíocht agus praiticiúlacht atá fealsaimh pholaitíochta a phlé leis na céadta bliain.
laoch stailc na mianadóirí, the hero of the miners' strike,
" Bhí na cúntóirí chomh míshásta sin go raibh póstaer acu agus aghaidh Chaitríona Ruane agus Margaret Thatcher, laoch stailc na mianadóirí, air.
nithe mar chúrsaí stailce, things such as the situation with the strike
" Níl seans faoin spéir go mbuailfidh Corcaigh – tá nithe mar chúrsaí stailce, mar bhainisteoir nua agus mar an dóigh ar theip orthu in 2007 go léir ina gcoinne.
stailc ocrais hunger strike
" Níos deireanaí ina shaol, bhí fadhbanna sláinte aige – a chroí, radharc na súl agus airtríteas – ó chuaigh sé féin agus seisear eile ar stailc ocrais ar feadh 53 lá i 1980 sa Cheis Fhada.
stailc ocrais hunger strike
" Níos deireanaí ina shaol, bhí fadhbanna sláinte aige – a chroí, radharc na súl agus airtríteas – ó chuaigh sé féin agus seisear eile ar stailc ocrais ar feadh 53 lá i 1980 sa Cheis Fhada.
chuadar ar stailc. they went on strike.
" Níor thaitin na rialacha leis na himreoirí agus chuadar ar stailc.
stailc strike
" Níor thaitin na rialacha leis na himreoirí agus chuadar ar stailc.
deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc an end to the strife which gave rise to the strike
" Rinneadh éagóir ar Teddy Holland, an t-aon bhainisteoir riamh – go bhfios domsa – nach bhfuair deis a phraiseach féin a dhéanamh de rudaí! Cé go bhfuil stailc imreoirí CLG Chorcaí thart anois, an ndéarfadh mórán daoine go bhfuil deireadh leis an imreas ba chúis leis an stailc agus a chuir bearna mhór leathan idir imreoirí agus lucht bainistíochta an chontae? ** ** **Amhras**Beidh amhras agus drochfhuil, b’fhéidir, i gceist eatarthu go dtí go n-imeoidh an ghlúin peileadóirí atá ag imirt faoi láthair, ar a laghad, agus go dtí go dtiocfaidh an chéad ghlúin eile chun cinn.
ar stailc on strike
" Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.
na stailceanna ocrais the hunger strikes
" Ó bhí na stailceanna ocrais ann i 1981, chonaic muid an páirtí ag fás as cuimse, a bhuíochas d’íobairt na ndaoine a fuair bás go doilíosach 27 bliain ó shin agus straitéis chliste a oibríodh amach taobh amuigh agus taobh istigh de charcair an tuaiscirt.
ar stailc ocrais on hunger strike
" Baineann an clár a chraolfar ar an 16 Aibreán le Máire Nic Suibhne Brugha, iníon le Traolach Mac Suibhne, a cailleadh i ndiaidh dó a bheith ar stailc ocrais sa bhliain 1920.
buille a bhualadh to strike a blow
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
bhí stailc sna bainc, there was a strike in the banks
" Ansin, bhí stailc sna bainc, i 1965, sílim, agus d’imigh Christy leis go Sasana.
Ar bhuille a trí on the strike of three
" Ar bhuille a trí, chualathas trup mór taobh amuigh agus isteach thar an tairseach le Maidhc Dainín Ó Sé agus Micheál Ó Mórdha chun an Tóirse Oilimpeach a bhreith leo ar an chéad chuid eile dá chamchuairt.
bhuille i gcoinne tíorántachta. a strike or blow against tyranny
" D’éirigh go hiontach le Saakashvili, ar ndóigh, agus mhol na meáin an *coup d’état* gan mharú mar bhua iontach ar son na saoirse agus an daonlathais agus mar bhuille i gcoinne tíorántachta.
bhuail anfa mór a great tempest struck
" Is cinnte gur bhuail anfa mór an córas airgeadais, ach má bhuail sí gan choinne, ní mhaithfidh sé sin dúinn as an neamhaird a dhéanamh den pholl a bhí sa díon.
bob dána a bhualadh struck a brazen trick
" Níorbh fhada gur léir do gach duine go raibh Cerný i ndiaidh bob dána a bhualadh leis an tsaothar ghéar seo, atá ar taispeáint sa Bhruiséil, agus a bhain an anáil díobh siúd a chonaic é.
stailc ocras hunger strike
" Dhiúltaigh sé teacht, mar fuair Mac Suibhne bás ar stailc ocras agus d'fhoilsigh Breandán sliocht as an litir a chuir Laffan chuig an GLC: "Many people would assume that there was an association between a series with such a title and more recent Provo/ INLA hunger strikers.
bhuail tinneas illness struck
" Choinnigh sé ansin í ar feadh 24 bliain, go dtí gur bhuail tinneas duine de na páiste a bhí aige léi tar éis dó í a éigniú.
stailc ocrais hunger strike
" Tosaíodh stailc ocrais i bpríosún na Ceise Fada le stádas polaitiúil a bhaint amach i 1980 agus creideann cimí go réiteofaí an chéad stailc ocrais sin go macánta ach gur bualadh bob orthu agus gur Thatcher a bhí taobh thiar de sin.
Iarmhairt na Bánmhartra the result of the hunger strike death(s)
" Iarmhairt na Bánmhartra Nuair a tháinig an tsraith de stailceanna ocrais i 1981, ní raibh ceachtar taobh sásta géilleadh.
buaileadh na liathróide striking the ball
" B’ionann a bheith ag buaileadh na liathróide le do chloigeann agus tréas in aghaidh do thír dhúchais.
mbagairtí stailce strike threats
" Grád: C+ Batt O'Keefe (An tAire Oideachais agus Eolaíochta): Bliain saor ó mhórchonspóid ó tharla gur beag tacaíochta ón phobal a fuair múinteoirí dá mbagairtí stailce i bhfianaise drochstaid na tíre.
stailc ollmhór massive strike
" Ise a chuir deireadh le stailc ollmhór na n-imreoirí Daorchluiche 1995 a chuir an cluiche ar fionraí ar feadh bliana.
bhuail struck
" Thug an ghramaisc faoi féin go fíochmhar agus bhuail taom croí Kevin.
stailc strike
" An mbeidh an margadh sásta cúrsaí i Stair na Meánaoise nó sa Teangeolaíocht a mhaoiniú? Chuir stailceanna leanúnacha deireadh le ranganna agus le léachtaí i dtuairim is dhá thrian d’ollscoileanna na Fraince ó mhí Eanáir 2009 i leith.
Stailce Ocrais hunger-strike
" Tá seisean le feiceáil ar You Tube ag scairtigh 'IRA Scum!' ar pharáid phoblachtánach i Learpholl i gcuimhne na Stailce Ocrais mí Bealtaine 2001.
buaileadh was struck
" Is iomaí buille a buaileadh ar an Ghaeilg in imeacht an ama, ach tá an ceann is tromchúisí ar na gaobhair - fear beag féasóige as tuaisceart Bhéal Feirste! Cuireadh Reacht Chill Chainnigh i bhfeidhm sa 14ú céad, 1367 le bheith beacht, 35 reacht a raibh sé d'aidhm acu smacht a chur ar an lucht plandála sin a bhí ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, i gcodanna den tír.
stailc strike
" Luaim an chonspóid a raibh an deartháir is sine, Seán Óg, bainteach léi agus é ina chaptaen ar fhoireann iomána Chorcaí nuair a chuaigh na himreoirí ar stailc i 2008.
réamhionsaí pre-emptive strike
" Thug Charles Krauthammer, colúnaí nuachoimeádach, “dúnghaois Bush” ar an bpolasaí maidir le réamhionsaí a dhéanamh ar aon tír a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt do SAM ag an am nó amach anseo.
stailc ocrais hunger strike
" Tá chor a bheith achan leabhar ar an stailc ocrais léite agam.
bhuail struck
" In 1848 bhuail an Fiabhras Buí California nuair a fuarthas ór sna haibhneacha agus sna sléibhte.
ar stailc on strike
" Tá ceathrú leath na tíre scriosta ag na múinteoirí, a chuaigh amach ar stailc ag lorg.
bhuail struck
" ‘Bunaíodh formhór na gcuntas ar an nGorta Mór dar foilsíodh go fóill ar dhoiciméid Bhéarla, ainneoin gur chainteoirí Gaeilge go leor acu sin ar bhuail an t-imeacht úd a bhuille marfach féin orthu.
á bhualadh being struck
" Mar atá luaite agam cheana, bhíodh "curfew bell" á bhualadh i gCúl Raithin ag a 9 a chlog gach oíche le foláireamh a thabhairt do Chaitlicigh gurbh fhearr dóibh dul chun an bhaile suas go dtí 1954.
faoin chroí has struck a deep chord
" Tá muintir na hÉireann suaite go dona ag an tubaiste seo ar fad: tá daoine ciaptha ag an imní agus tá fearg mhór chiúin faoin chroí ar go leor leor daoine.
stailce strike
" Bhain an scéal le marú cúigear, a bhí páirteach i máirseáil le linn stailce sa bhliain 1931, nuair a scaoil saighdiúirí ó Arm na Sualainne leis na stailceoirí.
Stailc strike
" Nuair a rugadh an tAthair Mallin ar an 13ú Meán Fómhair 1913, bhí an Stailc mhór ar siúl ar a dtugtar 'An 1913 Lockout’.
stailc strike
" Rinne sé athléiriú i 2001, cuirim i gcás, ar an choimhlint foréigin a tháinig chun cinn le linn stailc mhianadóirí na Breataine sna 80í, ar tugadh Cath Orgreave air.
ar stailc on strike
" Ní gá a rá, ar ndóigh, gur rialtas sóisialach é an rialtas Zapatero! Criogair na hÉireann agus na Gréige ================ Tuigtear freisin go raibh oibrithe ón earnáil phoiblí in Éirinn agus sa Ghréig ar stailc le deireanas chun a gcuid míshástachta a léiriú in aghaidh ciorruithe rialtais agus díluacháil a gcuid pinsean.
smíochta struck, smitten
" Ón bhomaite sin ar aghaidh bhí Balor an Breallán smíochta; bhí sé prioctha ag an bheach Shasanach, agus ní raibh sí féin in ann mórán a dhéanamh as bealach de réir Laoch na Cealgaireachta.
dá mbuailfí le cloich thú you were struck by a rock
" Tugann roinnt daoine 'rock beetles' orthu mar dá mbuailfeadh ceann acu san éadan thú lá samhraidh leagfadh sé de rothar chomh furasta céanna amhail is dá mbuailfí le cloich thú.
stailc ocrais hunger strike
" Bliain chinniúnach ab ea 1980 inar dúnmharaíodh John Lennon agus an tArd-Easpag Oscar Romero; inar inis an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh, do phobal na tíre go raibh siad ag maireachtáil thar a n-achmhainn; inar toghadh Ronald Reagan agus Robert Mugabe mar Uachtarán ar Mheiriceá agus mar Phríomh-Aire ar an tSiombáib fá seach; inar bhain Johnny Logan Comórtas na hEorafíse le *‘What’s Another Year’;* inar cuireadh tús leis an chéad stailc ocrais sa Cheis Fhada; ina ndearna SAM baghcat ar na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i Moscó; inar bhuaigh Solidarność a stailc i longchlós Gdańska na Polainne.
stailceanna ollmhóra of massive strikes
" Ach faoi stiúr Lula thosaigh na ceardchumainn ag éileamh chearta an phobail, agus ag tús na n-ochtóidí thosaigh sraith stailceanna ollmhóra a chuir ar shúile na nginearál go raibh a ré caite.
Bhuail struck
" I dtús *Twelfth Night* de chuid Shakespeare, fiafraíonn Viola, príomhcharachtar an dráma, dá comhluadar, “Cén tír í seo, a chairde?” Bhuail stoirm an long ar a raibh sí ag taisteal agus cuireadh go tóin poill í.
buailte stricken
" Dhá Mháthair an Mhí-Áidh ============= Tá dhá chúis leis an difear ollmhór idir líon na marbh sa dá cheantar buailte.
buaileadh was struck
" Níl an fhadhb seo teoranta don cheantar a buaileadh.
stailc strike
" Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair.
an-suntasach very striking
" Tá an obair thógála atá ar siúl ar an chósta thiar an-suntasach anois i gcomparáid le deich mbliana ó shin.
bhuailtear an liathróid the ball is struck
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
buaileadh was struck
" Scaití, taispeántar gur buaileadh an rón go trom ar shlí éigin agus sa chás seo, ní fhéadfaimid rud ar bith a dhéanamh.
mná a bhí ar stailc women who were on strike
" Bhí mé féin agus baill eile de Chomhairle na gCeardchumann in Acton taobh amuigh den mhonarcha Grunwick chun tacaíocht a thabhairt do na mná a bhí ar stailc ansin.
bhuail struck
" Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú.
sceilpeanna máinliachta surgical strikes
" Is leamh gur ‘sceilpeanna máinliachta’ a thugann siad ar na botúin a dhéantar san Áis as féachaint ar scáileán in ionsamhlóir in Oregon, sceilpeanna a chuireann daoine den saol in ionad a slánú mar dhéanfadh máinlia.
ceannaire na stailce the strike leader
" Ghair Tom Mann, ceannaire na stailce i Learpholl, ar an phobal a dtacaíocht a léiriú leis na hoibrithe ag slógadh ar St George’s Plateau, os comhair the Walker Art Gallery, Dé Domhnaigh 13ú Lúnasa.
cromtha fén lobhra stricken with leprosy
" Sa Mhéan-Aois, ba bhochtáin cromtha fén lobhra iad a bhformhór, ach anois, b’othair leighis iad fé chúram stáit.
Fadbhuailteacht long strike
" Fadbhuailteacht, Fadbheartacht agus Fadfhulangacht ============================== Bhí an duine is airde céim acu ar fad rud beag luath lena scíste.
An bádóir a thriomódh anyone who’d strike land
" An bádóir a thriomódh ar cheachtar den dá chósta, bheadh gaisce déanta aige.
Thug mé suntas I was struck by
" Thug mé suntas don charachtar a raibh sloinne Éireannach aige, Neal Cassady, (alter-ego Dean Moriarty) mar a tugadh air sna húrscéalta éagsúla a scríobh Kerouac ar luas lasrach.
Stailc strike
" Bhí an mana Gaeilge ‘Stailc anseo’ breactha ar chlár ar crochadh ina láimh aige.
stailc a strike
" Bhí páirt aige i stailc ar theip uirthi i mí na Samhna 1968; dar le cairde leis agus le lucht a chomhaimsire ba í an eachtra seo a chuir i dtreo na gníomhaíochta radacaí é.
Bhí bodhráin á mbualadh binders were being struck
" Bhí bodhráin á mbualadh acu ar fad le cur leis an ngleo.
níor bhain sé aon cheol nua he didn’t strike any new note
" Ach níor bhain sé aon cheol nua as na foinsí seo toisc gur chloígh sé go dílis le cur chuige intleachtúil caomhnach.
agus an buille maraithe buailte when the fell blow is struck
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
Stailc Ocrais a hunger strike
" Stailc Ocrais agus Agóid in Aghaidh Yanukovich =============== Chuaigh Tymoshenko ar Stailc Ocrais ar 20 Aibreán mar gheall ar dhrochíde a thug na heochróirí di.
ar stailc ocrais on hunger strike
" Traolach Mac Suibhne, Ard-Mhéara Chorcaí ==================== Fuair a hathair Terence McSwiney, Ard-Mheara Chorcaí, bás ar stailc ocrais a lean 74 lá i gcarcair Brixton Shasana.
i mbun stailc teanga engaged in a language strike
" Cailín óg de bhunadh na Pacastáine a rugadh in Éirinn i mbun stailc teanga.
stailceanna ocrais the hunger strikes
" " Stailc Ocrais ’81 ======== D'athraigh sin ar ndóigh le stailceanna ocrais 1981.
cé chomh buailte how badly struck
" Cailleadh Cumhachta ========= Ar maidin, agus an aibhléis gearrtha, níorbh eol dúinne ná d'éinne eile sa cheantar, cé chomh buailte is a bhíomar.