Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an streachailt the struggle
" Ní bhíonn an streachailt chéanna le déanamh agat nuair a bhíonn conradh ceart agat.
streachailt struggle
" Bhí clár an-suimiúil ar an teilifís i mí an Mheithimh fá George Best, an t-imreoir sacair ab fhearr ar domhan - b'fhéidir - agus a streachailt leis an alcólachas.
streachailt armtha armed struggle
" Rinne Máirtín féin cinneadh, áfach, a bheith "ar thaobh na n-aingeal" (mar a deir sé) agus dul leis an pholaitíocht seachas a bheith páirteach sa streachailt armtha.
ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír struggling to make a living
" " Deir sí go bhfuil claonadh ann airgead a chur ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil clú bainte amach acu cheana, seachas é a thabhairt do dhaoine atá ag streachailt lena mbeatha a thabhairt i dtír.
streachailte struggle
" Ach is dóigh liom gur tháinig na hathruithe sin de bharr na streachailte chun cothrom na Féinne a bhaint amach.
streachailt struggle
" Measann sé gur dúshlán agus streachailt an-mhór atá i gceist an teanga a fhoghlaim.
ag streachailt struggling
" Mar sin, i mo thuairim féin, tá sé tábhachtach an chuid eile den scéal a thaispeáint: go raibh daoine ann in áiteanna mar an tSúdáin agus Éire ag streachailt ar son saoirse agus daonlathais in aghaidh na himpireachta ba mhó agus ba láidre ar an domhan.
streachailt struggle
" Bhí an pragmatachas i réim in áit an dogma, an tuigbheáil nárbh é an streachailt í féin an bhunscríbe, ach an bóthar chun na bunscríbe sin, agus, dá leanfaí ar aghaidh le cur i bhfeidhm Chomhaontú Aoine an Chéasta, bhí an tír tairngire sin insroichthe ag na Sealadaigh ach na gunnaí a thabhairt uathu.
ag streachailt leis na ceisteanna seo struggling with these questions
" Agus iad ag tabhairt aghaidhe ar bhliain an chéid sa chumann, tá na baill ag streachailt leis na ceisteanna seo agus ag iarraidh freagraí a fháil.
ag stracadh struggling
" Gheobhaidh tú anseo léargas fáiltiúil físiúil ar an saol sin as ar fáisceadh leithéidí Pheig Sayers, Tomás Ó Criomhthain (An tOileánach), Muiris Ó Súilleabháin (*Fiche Blian ag Fás*) agus iad ag stracadh i gcoinne an chruatain agus réabadh na mara móire.
ag streachailt struggling
" Go han-mhinic, meastar nach bhfuil daoine i bpostanna le hioncam íseal i dteideal Medicaid a fháil, fiú agus iad de shíor ag streachailt le bheith beo.
ag streachailt leis struggling away
" In ainneoin gur chaill Newton a phost, agus go bhfuil sé ag streachailt leis mar shaoririseoir anois, tá sé ag leanúint ar aghaidh leis an suíomh.
streachailt to struggle
" B'éigean don fhoireann tarrthála streachailt trí shneachta domhain agus gaoth láidir ar feadh cúig huaire sular aimsigh siad na coirp.
ag streachailt struggling
" Tá a lán cumann, go mór mhór sna cathracha agus sna bailte móra (eisceacht é Biorra seans) atá ag streachailt in aghaidh fórsaí láidre coimhthíocha agus fadhbanna sóisialta a dhéanann an-deacair dóibh é dul chun cinn a dhéanamh.
bagáiste na streachtailte armtha the baggage of the armed struggle
" Bhí sé suimiúil go raibh gach duine a labhair ag Ardfheis Fhianna Fáil i mí an Mhárta faoi bhun 30 bliain d'aois, daoine a bheas ag dul in iomaíocht le Sinn Féin - a mbeidh bagáiste na streachtailte armtha caite ar leataobh le fada an lá acu - má fhanann siad sa pholaitíocht.
streachailt struggle
" Labhair sé fosta faoi streachailt Chonradh na Gaeilge, an dul chun cinn a bhí déanta ag an eagraíocht agus an tionchar a bhí ag athbheochan na teanga ar gheilleagar na hÉireann.
streachailt struggle
" Tá cuntas ann ar an streachailt a bhí le déanamh chun uisce a thabhairt chun na cathrach nua, chun an tart a chosc, chomh maith (ar ndóigh) leis na tinte a mhúchadh a scaip go minic trí na foirgnimh adhmaid.
ag streachailt léi struggling with it
" I 1996, agus mé dhá bhliain déag agus fiche d'aois, thosnaigh mé ag foghlaim na Gaeilge agus tá mé ag streachailt léi ó shin i leith.
an sracadh le maireachtáil the struggle to survive
" Tarchéimníonn daoine nithe dofhulaingthe agus cuireann siad tús le rud úr … Ní daoine éagumasacha muid … Is uirlis chumhachtach iad na healaíona a thacaíonn leis an sracadh le maireachtáil agus chun fuascailt a bhaint amach.
ag stracadh struggling
" I mbliana, agus muid ag comóradh 50 bliain ó tréigeadh an Blascaod Mór amach ó chósta Chiarraí, ní mór do mhuintir na Éireann agus don rialtas cuimhneamh ar na hoileáin mar Thoraigh ar a bhfuil pobail bheo bhríomhara ina gcónaí go fóill, ag stracadh leis an aimsir agus le cruatan, agus gan dearmad a dhéanamh orthu nuair a bheas na pleananna móra á ndéanamh agus an t-airgead á rann.
ag iomarscáil struggling
" Ní raibh a bua le fáil nuair a bhí tú ag iomarscáil le gas searbháin nó cuilceach ar bith eile a raibh a shíol curtha aige san áit nach raibh iarraidh air.
an-streachailt a big struggle
" Bhí an-streachailt agus fulaingt i dTíomór Thoir fosta, go dtí gur bhain an tír neamhspleáchas amach i 1999.
streachailt armtha armed struggle
" Tá agóidí síochánta déanta acu, le cois méid áirithe den streachailt armtha.
na streachailte armtha of the armed struggle
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
ag streachailt struggling
" Bhí go leor teaghlach eile le cois mhuintir Chinnéide ag streachailt lena gcreideamh, a deir sé.
ag streachailt leis an saol struggling
" "Ba scannán é faoin dóigh a mbíonn na hinimircigh ag streachailt leis an saol, gan faic acu nuair a bhaineann siad an tír amach.
ag sracadh leis an saol struggling to survive
" Dúirt sé go leagtar oiread béime ar "an Aisling Mheiriceánach" ach nach mbíonn aon trácht ar an chaoi a mbíonn ar dhaoine áirithe a bheith "ag maireachtáil le francaigh agus a bheith ag sracadh leis an saol.
streachailt struggle
" Ba iad na daoine óga ba ghníomhaí sa streachailt seo chun neamhspleáchas a bhaint amach ón Danmhairg agus sna hiarrachtaí chun an tseanteanga a athbheochan.
ag streachailt leis an saol struggling to survive
" Bhunaigh sí teach súip agus oifig chun airgead a bhailiú i mBaile Átha Cliath, agus chabhraigh sí leo siúd a bhí ag dáileadh min bhuí ar na daoine a bhí ag streachailt leis an saol ag tús an Ghorta.
streachailt uafásach terrible struggle
" Tá gnáthchuma air, cé go mbíonn streachailt uafásach aige achan am a bhíonn air dul suas an cnoc in Bowmore!" Níl ceann scríbe bainte amach i dtaca le cumhacht hidrigin ar Íle, dar leis an Ollamh Gair.
ag streachailt struggling
" Bhí thart fá 15 nó 20 duine sa ghrúpa, agus meascán maith ann - pinsinéirí agus daoine óga, daoine tanaí agus daoine ramhra, daoine folláine agus daoine a bhí ag streachailt.
streachailt armtha armed struggle
" B'fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an "streachailt armtha" ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
streachailt leanúnach ongoing struggle
" B'fhéidir gurb é an sampla is suntasaí de vótóirí a bheith ag iarraidh a gcuid tuairimí maidir le cúrsaí rialtais a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile ná an streachailt leanúnach, an-fheiceálach idir na liobrálaigh ar mian leo go bhfanfadh an deighilt idir an eaglais agus an stát, agus an dream coimeádach, bunúsach a bhfuil sé mar sprioc acu an rialtas a dhéanamh Críostaí.
ag corraíocht leis an ghaoth struggling/doing battle with the wind
" Is léir gur bhuail néal codlata iad beirt i ndiaidh na caismirte uilig nó fán am a dtáinig siad chucu féin arís bhí an fharraige ina blár cothrom agus ní creidfeadh duine ná deoraí go raibh siad ag corraíocht leis an ghaoth níos lú ná uair roimhe sin.
ag iomrascáil le struggling with
" "Cathy!" arsa Clíona, "an bhfeiceann tú an diabhal sráid sin? Caithfidh mé tiontú ar dheis nó ar chlí gan mhoill agus, mura bhfuil muid ag iarraidh iomlán na maidine a chaitheamh ag iomrascáil le trácht na Spáinne, féadann tú a theacht air go damanta gasta.
toradh na hollstreachailte the outcome of the huge struggle
" "Seo toradh na hollstreachailte a rinne muid, na n-íobairtí, na n-anbhásanna agus na coimhlinte a ndeachaigh muid tríothu," a déarfaidh poblachtánaigh.
ag streachailt le geilleagar na Stát Aontaithe struggling with the US economy
" Tá na hÉireannaigh, dar le Guerrera agus daoine eile, ag streachailt le geilleagar na Stát Aontaithe mar aon leis na dlíthe inimirce.
ag streachailt struggling
" Seo ceann de na costais a bhfuil na boird ag streachailt le bheith ag déileáil leis.
streachailt struggling
" Tá gá le hathrú nó dhó, dar liom, chun deireadh a chur le cuid den streachailt agus den tarraingt atá tagtha chun cinn le tamall anuas.
chomhraic struggle
" Is i gcomhthéacs an chomhraic seo idir corparáideachas agus cúram pobail a chaithfear todhchaí Aer Lingus a mheas.
de cheal "na streachailte armtha" in the absence of the armed struggle
" Den chéad uair, tá an pobal náisiúnach ag glacadh leis, de cheal "na streachailte armtha", gur beag *raison d'etre *atá ag an IRA.
síorstreachailt continuous struggle
" Tá ag éirí go maith le clubanna i gceantair áirithe ach is síorstreachailt atá i gceist i gcás clubanna i gceantair eile.
ag streachailt struggling
" "Táimid ag streachailt chun freastal ar an éileamh atá ar an Ghaelscolaíocht anseo," a deir sé.
ag streachailt struggling
" I lár na habhann tá dealbh mhór alúmanaim, *Molecule Man*, beirt ag streachailt lena chéile nó ag iarraidh teacht le chéile.
streachailt armtha armed struggle
" D’aithin an IRA agus Sinn Féin – amharcaim ar an cheangal idir an dá eagraíocht mar phósadh, ní hionann fear agus a bhean chéile ach is lánúin iad, níl duine amháin i gcónaí freagrach as iompar an duine eile – go raibh féidearthachtaí ann deireadh a chur leis an “streachailt armtha” agus a gcuspóirí a thabhairt chun críche.
ag streachailt struggling
" I lár na habhann tá dealbh mhór alúmanaim, *Molecule Man*, beirt ag streachailt lena chéile nó ag iarraidh teacht le chéile.
ag streachailt struggling
" I lár na habhann tá dealbh mhór alúmanaim, *Molecule Man*, beirt ag streachailt lena chéile nó ag iarraidh teacht le chéile.
an streachailt armtha the armed struggle
" An bhfuil plean B ag an DUP? Nó ar shíl siad go mbeadh “Sinn Féin /IRA” ann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh? Má tá an streachailt armtha críochnaithe, ní chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.
ag streachailt leis an saol struggling in their lives
" Tá láithreoir an chláir, an Corcaíoch Eddie Hobbs, gona chanúint ghéar dhúchasach, ag díriú go neamhbhalbh ar an tslí a bhfuil ar cháiníocóirí na tíre seo bheith ag streachailt leis an saol agus, ag an am chéanna, bheith ag íoc as drochbhainistíocht i gcás tionscadal mór caipitil a gcaitear na milliúin euro breise orthu ná mar a bhí sé i gceist a dhéanamh.
ag streachailt leis na mbás struggling with death
" Amanna, fágann siad an t-ainmhí i bpian, chun breathnú air ag fualaingt agus ag streachailt leis na mbás.
streachailt struggle
" "Bhí Jim Larkin ina dhuine lárnach i stair Bhaile Átha Cliath agus i stair Learphoill, agus bhí an frithdhúnadh i 1913 ar cheann de na samplaí ba mhó riamh de streachailt an lucht oibre,” ar seisean.
faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail struggling to understand the horrors and the terrors of the world
" Bhí sé faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail.
streachailt struggle
" Ní raibh suim dá laghad ag rialtas “New Labour” sa tsáinn ina raibh na dugairí, agus tar éis leanúint leis an streachailt ocht mí eile, agus dul trí Nollaig chrua eile, ghéill siad i mí Eanáir 1998 agus ghlac siad leis an airgead iomarcaíochta ón MDHC.
streachailt struggle
" Ó shin i leith, mar a bheifeá ag súil, d'athraigh carachtar an mhórshiúil go hócáid Chaitliceach a cheiliúrann, ní hamháin an tÉireannachas, ach streachailt na gCaitliceach in aghaidh Shasana in Éirinn.
ag streachailt struggling
" The Unforgettable Fire – U2 ======= Fós cloisim an t-amhránaí ag cumadh na liricí; na ceoltóirí ag streachailt leis na cordaí, na fuaimeanna, na struchtúir; na léiritheoirí ag stiúradh na smaointe agus ag fáiltiú rompu.
i ngleic mharfach lena chéile in a deadly struggle with each other
" Sular éirigh pluais Lemass fuar ar a imeacht, bhí na leoin óga i ngleic mharfach lena chéile faoi chraobh cheannaireacht Fhianna Fáil.
an streachailt in aghaidh an fhaisisteachais the struggle against fascism
" Ach ní raibh Padaí críochnaithe leis an streachailt in aghaidh an fhaisisteachais agus nuair a fógraíodh an cogadh i 1939 chuaigh sé isteach san RAF.
ag streachailt lena chéile struggling with each other
" Tá an dá oidhreacht fite fuaite ina chéile agus bíonn siad ag streachailt lena chéile in amanna.
ag streachailt struggling
" Cá bhfágann sé sin an *Premiership*? Fágann sé é, mar atá ráite agam, le trí nó ceithre fhoireann láidre ar a bhfuil imreoirí costasacha as tíortha éagsúla den chuid is mó, agus clubanna eile atá ag streachailt le bheith beo i sraithchomórtas nach bhfuil leath chomh suimiúil is a deirtear agus atá ar chaighdeán an-dona.
ag streachailt struggling
" Tá súil agam go bhfuil spreagadh tugtha agam do dhaoine atá ag streachailt leis an Ghaeilge ina n-aonar.
gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha. that learning Irish was the same as a bullet in the armed struggle.
" Ní dhéanfaidh aontachtaithe dearmad – mar ní ligfidh Nelson McCausland dóibh dearmad a dhéanamh – gur dhúirt gníomhaithe de chuid Shinn Féin gurbh ionann an Ghaeilge a fhoghlaim agus piléar eile sa streachailt armtha.
ag streachailt struggling
" Gach nóta ag éalú as an bpíb is ag streachailt leis an domhan.
an streachailt armtha the armed struggle
" An sceithfidh Sinn Féin ar phoblachtánaigh atá ag leanstan ar aghaidh leis an streachailt armtha in éadan fhórsaí diamhra na Breataine, i.
ag sracadh struggling
" AÓF: An dtagann an t-amhrán chugat as a stuaim féin in aon gheábh amháin nó an mbíonn ort a bheith ag obair air agus ag sracadh leis? ENíC: Bíonn sé difriúil chuile uair.
ag strácáil leat struggling away
" Nuair a bhíonn tú ag dreapadóireacht, go minic bíonn tú ag strácáil leat in áiteanna salacha, garbha, contúirteacha agus scriosann tú agus stróiceann tú do chuid éadaí.
an streachailt armtha the armed struggle
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, in the struggle towards a united Ireland,
" Bhí luach leis an ghníomh agus leo féin mar dhaoine sa streachailt i dtreo Éireann aontaithe, dar leo.
an streachailt the struggle
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
i ndiaidh streachailte after a struggle
" Tháinig mé slán aisti i ndiaidh streachailte agus lean mé ar aghaidh go dtí an bun.
ag streachailt leis an saol. struggling with the world.
" Sin mar a bhíonn sé sna sléibhte áille sa gheimhreadh - bomaite amháin bíonn tú ar bharr na gaoithe agus an chéad bhomaite eile bíonn tú ag streachailt leis an saol.
ag spairneadh le struggling with
" Cé go raibh ráflaí ann go raibh neamhaird tugtha ag Picasso ar chruachás a thíre dúchais agus go raibh sé báúil leis na Faisistigh, chuir sé amach ráiteas i ndiaidh uafás Gernika ina ndúirt sé: Tá mo shaol ar fad mar ealaíontóir caite agam ag spairneadh le lucht chúl-le-forás agus le lucht truaillithe na healaíne.
ag streachailt leis an bhfáschoill struggling with the undergrowth
" Gléasta i gcultacha uisce, clogaid agus úmacha sábháilteachta, chaitheamar an lá ag léim isteach in uisce fíorfhuar ó bhruacha agus ó charraigeacha, ag rópadóireacht anuas na heasa, agus ag streachailt leis an bhfáschoill sa Waitakere.
ag iomrascáil le deacrachtaí a shaoil. struggling with the difficulties of his life.
" An-chomhairle tugtha aige do Ger le blianta beaga anuas agus é ag iomrascáil le deacrachtaí a shaoil.
ag streachailt struggling
" **An bob a buaileadh ar shaol na healaíne**Cuireadh céad síol na caimiléireachta i dtosach sa bhliain 1985 nuair a chuir Myatt, a bhí ag streachailt le go leor fadhbanna ina shaol pearsanta agus é ag iarraidh a pháistí a thógáil ina aonar, fógra san iris aorach Private Eye.
Ní raibh orm streachailt I didn't have to struggle
" Ní raibh orm streachailt le hathrú aeráide, mar bhí an aimsir sa leathsféar thuaidh ar aon dul leis an aeráid sa leathsféar theas – báisteach ghruama - ach thaitin na tráthnónta geala in Éirinn go mór liom.
ag achrann leis an gceol struggling with the music
" Muid ag achrann leis an gceol go fóill.
i gcoimhlint cumhachta in a power struggle
" Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.
coimhlint cumhachta power struggle
" Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.
ag streachailt struggling
" Is rud amháin é bheith ag streachailt le hÉire Aontaithe a bhaint amach, ach scéal eile é níos mó airgid a chur i bpócaí daoine bochta, jabanna fiúntacha a chur ar fáil dóibh agus cosaint a thabhairt dóibh ó na bligeaird óga atá á gcrá gach lá den tseachtain.
streachailt na nGormach. struggle of black people
" Rinne siad amhlaidh le haird an domhain mhóir a tharraingt ar streachailt na nGormach.
streachailt chrua hard struggle
" Mar gheall ar chaighdeán agus ar fhairsinge na saothar seo, spreagadh Brownfield le teacht ar bhealach éigin le cuidiú leis na healaíontóirí seo a raibh streachailt chrua á déanamh acu le slí bheatha a bhaint amach dóibh féin.
ag streachailt struggling
" Tá an choinne marcáilte ar an fhéilire ar an bhalla; is eol duit go bhfuil an choinne ann; ní bhíonn eagla ar bith ort roimh an choinne nach bhfuil le tarlú go ceann tamaill fhada eile ná faitíos ort go dtiocfaidh an choinne aniar aduaidh ort agus, ansin, go tobann, pléascann an choinne gan choinne agus sin tú ag streachailt amach an doras le málaí spóirt agus cótaí agus páistí agus gach “Beidh muid mall.
An snámh in aghaidh easa the uphill struggle
" An snámh in aghaidh easa Ach ní raibh an scéal amhlaidh i gcónaí i Meiriceá agus ba mhall agus ba go drogallach a d’athraigh meon an phobail.
streachailt le ceird struggling with (the) trade
" Seo mar a tharla: ar dtús cheannaigh mé luach fiche million de scaireanna i do pháipéar nuachta féin – Beo Ar Éigean! Theastaigh uaim tacaíocht a thabhairt duitse go pearsanta mar scríbhneoir den scoth, agus bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt fosta do na hiriseoirí bochta a bhíonn ag streachailt le ceird na scríbhneoireachta, leithéidí Bhreandán Delapdancer agus Cholm Mhic Seilide.
chun sracadh to struggle
" Tá sé againn ó Chogadh na Talún, ó bhunú ChLG, ó bhunú ChnaG, ó Éirí Amach na Cásca i leith, cé gur buaileadh siar sinn in amanna agus gur roinneadh Éire ina dhá leath, philleamar chun sracadh an athuair le borradh a chur faoi cheol, faoi chluichí, faoi Ghaelscoileana agus níor as an aer a thosaigh an borradh mór geilleagair faoi Éire Inc.
stracadh struggling
" Bhí muintir na Rómáine an-mhíshásta go raibh tír s’acusan léirithe mar pháirc súgartha ar théama Dracula agus samhlaíodh tírín bocht iathghlas ‘s againn féin ina portach donn agus píob mhór ag gobadh amach as a taobh thuaidh! Feictear triúr fear ina seasamh ar léarscáíl na Liotuáine ag déanamh a gcuid múin ar an Rúis agus scaifte sagart ag stracadh le bratach ildaite an phobail aeraigh a ardú ar thalamh cráifeach na Polainne - leagan scigaithrise den ghrianghraf chlúiteach de shaighdiúirí laochta Mheiriceá ar Iwo Jima sa Dara Cogadh Domhanda.
tuisliú tripping up, struggling
" Dhún roinnt de na carthanais cheana féin, agus tá Ollscoil Yeshiva ag tuisliú le cailliúintí $110 milliún, ach an fáth gurbh fhéidir leis an Uasal Madoff a bheith bainteach leatsa ná go raibh infheisteoirí aige as gach cearn ar domhan, ina measc, BNP Paribas, Banco Santander, agus Royal Bank of Scotland.
i ndiaidh na coimhlinte after the struggle
" Bhí Lincoln móraigeanta agus flaithiúil nuair a bhuaigh sé, agus d'fhéach sé le guth a thabhairt do gach dream i ndiaidh na coimhlinte.
streachailt idir struggle between
" Tá an choimhlint seo i gcroílár cuid mhaith creideamh ar fud an domhain: an streachailt idir yin agus yan i dTaochas na Síne, idir Séat agus Osiris na sean-Éigipte, idir fhorsaí diaga agus lucht an tsaoil seo sa tsean-Ghréig, agus idir an Mhaith agus an t-Olc i mBíobla na Críostaíochta.
choimhlint struggle
" Tharla na chéad sosanna cogaidh 15 bliana ó shin agus ní bheadh cuimhne ag daoine óga, atá in aois vótála don chéad uair anois, ar na Trioblóidí, ach tá na heasaontóirí ag iarraidh iad a tharraing isteach sa "choimhlint".
stair na coimhlinte the history of the struggle
" Is beag duine i stair na coimhlinte ó thuaidh a bhfuil a oiread céanna fuatha orthu i measc náisiúnaithe an tuaiscirt ná atá ar “iníon an ghrósaera”, Margaret Hilda Thatcher.
sáite i gcoimhlint na carcrach engrossed in the jail struggle
" Ní fios cad é a tharlódh dá dtiocfaí ar réiteach go luath sa scéal, ach de réir mar a fuair an deichniúr príosúnach bás i gcarchair na Ceise Fada, b’amhlaidh ba láidre a d’éirigh Sinn Féin agus mothúcháin gach náisiúntóir sáite i gcoimhlint na carcrach, a mhalairt den rud a bhí Thatcher ag iarraidh a chur i gcrích.
streachailt struggling
" An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, tá Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht? Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975.
choimhlint struggle
" An chontúirt agus cruatain bheaga mar seo, go díreach le dinnéar a chur ar an tábla, bhí an fócas go hiomlán ar seo – an rud simplí bunúsach seo – agus bhí fadhbanna beaga laethúil an domhain, a chuireann bliantaí ar dhuine go hiondúil, imithe mar gheall ar an choimhlint chun marthana seo.
streachailt armtha armed struggle
" Bhí, mar dhea, a fhios ag ceannaire Shinn Fein go raibh a dheartháir ag tabhairt drochíde gnéasúil d’Áine, le fada an lá, ó 1987 nuair nach raibh sí ach 14 bliana d’aois 1987 - deir Áine go raibh an drochíde ag dul ar aghaidh ó bhí sí ceithre bliana d’aois - ach ní thiocfaí a shamhlú go rachadh Gerry Adams chuig an RUC leis an líomhain agus an ‘streachailt armtha’ faoi lán seoil.
streachailt struggle
" D’eisigh Marilyn Hatton, urlabhraí Astrálach de chuid *Women’s Ordination Worldwide*, ráiteas inar mhaígh sí go raibh an-chosúlacht idir an streachailt a bhí ag Mary MacKillop leis an gcliarlathas agus an feachtas atá ar siúl ag mná áirithe ar fud na cruinne a bheith níos lárnaí san Eaglais Chaitliceach.
streachailt struggling
" Thosaigh muid ag siúl anios ón sráidbhaile Hayfield agus b'éigean dúinn streachailt trí mhuca sneachta roimh i bhfad.
streachailt struggling
" Aisteach le rá, is é sacar, an cineál peile ar a dtugtar ‘cluiche an domhain’, atá ag streachailt san iomaíocht seo, in ainneoin go mbeidh foireann náisiúnta na hAstráile páirteach i gcluichí ceannais an Choirn Dhomhanda san Afraic Theas i mbliana.
streachailt armtha armed struggle
" Meastar go bhfuil comhoibriú níos daingne idir an Fíor-IRA agus an IRA leanúnach - an bhfuil a fhios ag duine ar bith an difir eatarthu? - ach de réir mar a thuigimse é, is é an ‘streachailt armtha’ raison d’etre na n-eagraíochtaí seo.
streachailt struggled
" Le deacracht agus le mórdhua a d’éirigh le Balor a bhealach a streachailt go Droim Conrach sa chathair cois Life, áit a bhfuil dúnfort daingean ag Ardeaspag na gCaitliceach i mBaile Átha Cliath.