Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ana-shuáilceach very pleasant
" An fear bocht, bhí sé ana-lách agus bhí sé ana-shuáilceach.
ina chomhluadar séimh, suáilceach in his gentle, pleasant company
" Agus duine chomh deas is a bhfaca tú riamh! Thit mé i ngrá lena chuid ceoil láithreach agus leis an duine féin ar ndóigh agus chaith mé an deireadh seachtaine ar fad ina chomhluadar séimh, suáilceach.
chomhluadar fathaigh shéimh shuáilcigh seo an cheoil the company of this gentle cheerful of the music
" Cé gurb é "An Port Uaigneach" a chuireann tús leis an gceol ar an diosca seo agus cé gur ceol aonair den chuid is mó atá air, níor mhothaigh mise uaigneach ar chor ar bith agus mé ag éisteacht leis, ach amháin b'fhéidir sa gcaoi is gur thuig mé arís an luach atá agam ar chomhluadar fathaigh shéimh shuáilcigh seo an cheoil agus na n-amhrán.
a suáilcí her charms
" Admhaím go raibh mé meallta ag a suáilcí ar tús.
suáilceach joyful
" Gheall mé dom féin go mbeinn sonasach, suáilceach, súgach an mhí seo agus nach dtabharfainn fúthu sin a mbeadh sé doiligh orthu iad féin a chosaint.
dream suáilceach a virtuous crowd
" Bithiúnaigh iad muintir SAM, agus is dream suáilceach iad na daoine a chuireann inár gcoinne.
suáilcí simplí an tsaoil the simple pleasures of life
" "D'imigh an lá a raibh páistí ábalta am a bhaint as suáilcí simplí an tsaoil.
suáilceach virtuous
" A mhalairt ar fad a bhí fíor ó thaobh lucht an airgid de, de réir an Bhúdachais – is cosúil go raibh daoine saibhre suáilceach san am a chuaigh thart.
suáilceach happy
" Ba dhuine suáilceach mórchroíoch é a raibh an-ghreann ann – gan trácht ar dhiabhlaíocht! Ba bhreá leis comhluadar a dhéanamh le daoine agus ní iarrfadh sé aon phléisiúr ach a bheith ina shuí i measc cairde sa teach tábhairne, deoch os a chomhair amach.
suáilcí virtues
" Ach cá leandálann siad chun pluais éalaithe a bhunú ach ar dhíon tí Roman, áit ina socraíonn siad isteach i bpoball beag oráiste! Tá féith ghrinn ag Neranjo, i dtaca le suáilcí eile, is léir.
suáilcí delities, goodies
" Is léir nach bhfuil pobal labhartha na Gàidhlige ag maireachtáil ach ar an ghannchuid le hais na suáilcí atá ag pobalteanga na Gaeilge.
saol suáilceach a happy life
" “Bhí saol suáilceach i ndáiríre agam, go dtí gur thosaigh an réamhscoil agus níos measa fós, an scoil – chuir an réaltacht chumannach déistin orm.
suáilceach jovial
" Ach mar sin féin, is suáilceach an seansálaí tú.
Suáilceach agus Sochainteach decent and easy to talk to
" Suáilceach agus Sochainteach ========== San ollscoil ina raibh mé féin ag múineadh is ag stáidéar, chaith mé laethanta is oícheanta ag éisteacht is ag caint le mic léinn eile faoi ábhair mhóra ár linne.
na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce the blessings and failings of emigration
" Téann na suáilcí is na duáilcí a bhaineann leis an imirce i gcion ar gach duine, idir fhir is mhná, ó liath go leanbh, agus is iomaí buntáiste agus míbhuntáiste a roinneann gach duine a thugann faoi thuras thar lear, pé inscne atá i gceist.