Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suaimhneach calm
" Ach ansin labhair a thuismitheoirí, Colin agus Wendy, ar an teilifís i nguth suaimhneach faoin mhac iontach a bhí caillte acu, agus d'iarr siad ar mhuintir na háite gan a bheith feargach.
ní ba shuaimhní more relaxed
" De réir mar a chuaigh an comhrá ar aghaidh, áfach, bhraith mé gur éirigh sí ní ba shuaimhní agus go raibh sí ní ba thoilteanaí a bheith ag roinnt a cuid tuairimí liom.
suaimhneach peaceful
" "Saoire ar dóigh - sainiúil, sultmhar, sláintiúil, suaimhneach!" a deir ceann acu.
go suaimhneach calmly
" Deir sé go bhfuil na rudaí a bhí fíor faoin phost roimh 9/11 fíor go fóill: "Am ar bith a théann tú amach le do chuid oibre a dhéanamh, cuireann tú do bheatha i mbaol," arsa Cole go suaimhneach.
gcruthaitheacht shuaimhneach quiet creativity
" Ach conas a léimeann sí ón gcruthaitheacht shuaimhneach sin go heagrú taispeántais? Cén chaoi a bhfaigheann duine cead a shaothar a thaispeáint san RHA? "Tá cead iontrála le sé shaothar ag chuile acadamhaí, ach bíonn sé deacair ar ealaíontóirí óga uaireanta.
saol suaimhneach a quiet life
" "Nuair a tháinig mé anseo ar dtús naoi mbliana ó shin bhí saol suaimhneach agam," ar seisean.
suaimhneach peaceful
" Ag barr an locha tá carrchlós agus áit picnice darb ainm Cnoc an Oileáin agus radharc álainn suaimhneach ann.
ar bhealach níos suaimhní in an easier manner
" Táthar ag súil, nuair a thaitneoidh an ghrian ar Farnborough i mí Iúil 2008, go mbeidh fadhbanna Airbus réitithe, go mbeidh sé ag eitilt níos tapúla agus ar bhealach níos suaimhní arís.
ag longadán go suaimhneach swaying quietly
" Tá cruinneas binn ag baint lena méaracha agus bogann sí go mall, cuisleach le gach tonn ceoil – an veidhlín agus a corp ag longadán go suaimhneach in aon sruth le línte na bhfonn.
cuma shona shuaimhneach a happy relaxed appearance
" Bíonn na sráideanna plódaithe le daoine a thagann ó gach cearn den domhan, agus cuma shona shuaimhneach orthu.
sráidbhaile suaimhneach cairdiúil a quiet friendly village
" Is sráidbhaile suaimhneach cairdiúil é Cromba anois.
suaimhneach peaceful
" Ba dhuine umhal suaimhneach é chomh maith – tréith a bhí inmholta i saol méaldrámata na meán cumarsáide.
an tábhairne sona suaimhneach sin that happy peaceful tavern
" Le breacadh an lae, shroich siad An Bóthar, an tábhairne sona suaimhneach sin ag bun Chnoc Bhréanainn, áit a raibh grúpa sléibhteoirí ó Fhórsaí Cosanta na hÉireann ag fanacht chun an Tóirse a thabhairt suas an sliabh.
uisce an tsrutháin deilte shuaimhnigh water of the peaceful delta stream
" uisce an tsrutháin deilte shuaimhnigh ag lapadaíl ar thaobh báid.
suaimhneach relaxing
" Ag siúl thart ar Amharclann an Ambassador, na seomraí lasta ag solas bog suaimhneach, titeann mo shúil ar fhear a bhfuil a chorp casta mar a bheadh lúthchleasaí de chuid na sean-Ghréige ann, a chuid matán ag lúbadh go teann.
háit chiúin shuaimhneach a quiet restful place
" Do dhaoine eile is deis éalaithe a bhíonn in óstán go háit chiúin shuaimhneach ar shiúl ó strus a tsaoil.
suaimhneach quiet
" Bhí sé suaimhneach ag an droichead, ach a luaithe is a bhain muid 700 méadar in airde amach bhí gaoth láidir ann, le sneachta séidte sa chaoch-cheo.
suaimhneach peaceful
" 100,000 duine a bhí i lathair agus bhí gach rud suaimhneach go dtí gur ionsaigh na póilíní iad agus d’fhág 180 taismeach san otharlann ina dhiaidh.
lá suaimhneach quiet day
" Baineadh geit asam nuair a d’athraigh sé mo lá suaimhneach go tobann.
suaimhneach peaceful
" D'ainneoin seo, mórshiúl suaimhneach a bhí ann, le tuismitheoirí agus páistí ag baint suilt as an lá le chéile.
Saol Socair Suaimhneach an easy quiet life
" (Mar a tharlaíonn sé, bhain Éire an seachtú háit ar domhain amach sa bhliain 2011) Saol Socair Suaimhneach ========== Is cinnte go ndeachaigh “Innéacs um Fhorbairt Dhaonna” na hEorpa go mór chun cinn le céad bliain anuas.
cuma shuaimhneach a quiet appearance
" Cé go mbíonn cuma shuaimhneach ar an chaolas cuid mhaith den am, bíonn an fharraige seo fealltach.
atá séimh suaimhneach which is quiet and pleasant
" Tá cuan an Atlantaigh ar ár gcúl taobh thiar agus na hoileáin, agus ansin tá Cuan an Fhóid Duibh atá séimh suaimhneach.
buartha nó suaimhneach faoi worried or relaxed about
" An bhfuil sibh buartha nó suaimhneach faoi sin?** Séamas Mac Annaidh: Tá muid buartha faoi, mar níl a fhios againn cad é go díreach atá ann.
go suaimhneach quietly
" Cá bhfios an t-am agus an dua a caitheadh lena dhéanamh agus é anois thart ar an leanbh go suaimhneach.
suaimhneach tranquil
" Ach fiú in áit chomh suaimhneach síochánta sin, ní féidir dearmad a dhéanamh ar stair achrannach na Sé Chontae.
shaol suaimhneach quiet life
" Thug Seán Greif aghaidh ar iargúil na hAmasóine le blaiseadh de shaol suaimhneach agus le héalú ón nead seangán a chruthaíonn an duine nach mór gach áit ar domhan.