Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suaite disturbed
" Tá mé cinnte dearfach go mbeidh caighdeán difriúil ceartais i gceist i gcás máthar óige gile a bhí suaite agus a mharaigh cúigear, ná mar a bhí i gceist i gcás fir mheabhairéislinnigh de shliocht Spáinneach a mharaigh duine amháin.
suaite disturbed
" Beo Ar Éigean' amháin a fuair sé, cinn saor in aisce a fhágann Leamh Ó Cuinneagáin ar foluain san aer suaite ina dhiaidh gach áit a dtéann sé, gach aon cheann acu ar aon dearadh: portráid Bhaloir féin ar chlé agus léarscáil an domhain ar dheis, mar is cuí.
shuaitheadh exercise
" Ba mhaith leo ionad pobail a thógáil a mbeadh áiseanna ann do shuaitheadh coirp de chineálacha éagsúla agus ina bhféadfadh muintir an cheantair imeachtaí sóisialta a reáchtáil.
suaitheadh coirp exercise
" Ach nach tábhachtaí go mór áiseanna spóirt de gach cineál ag leibhéal áitiúil ná airgead a chaitheamh i dtreo *elite* beag? Ar fud na tíre tá gá le hallaí ina bhféadfadh gasúir agus daoine fásta taitneamh agus tairbhe a bhaint as suaitheadh coirp le linn an gheimhridh fhada, fhliuch in áit a bheith suite os comhair na teilífíse nó, níos measa fós, istigh i dteach tábhairne ag breathnú ar an gcluiche is déanaí sa Premiership.
suaite shocked
" Gach uair a tharlaíonn dúnmharú uafásach mar seo bíonn an pobal suaite go maith agus bítear ag caint faoin *mostro*, nó drochdhuine, a rinne an t-ainghníomh.
a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá which rocked the American business world
" Ba iadsan, ar ndóigh, aghaidheanna na scannal corparáideach a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá in 2002.
suaite seething
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
Suaite shaken
" Suaite, d'fhág mé an stáisiún agus chuaigh mé trasna an bhóthair go dtí mo chruinniú i Halla an Bhaile," arsa Angie.
suaite shocked
" " Lena chois sin, rinne Fürst údaráis Bheirlín a cháineadh go géar de bhrí gur eagraigh siad an taispeántas agus dúirt sé go raibh sé suaite ag an "easpa tuisceana i measc údáras cultúrtha Bheirlín, ar léir go bhfuil an ghalántacht a bhaineann leis an airgead mór agus réimse ollmhór an bhailiúcháin tar éis iad a dhalladh agus a dhéanamh dearmadach.
ag suaitheadh thart spinning around
" Céad scúp na bliana 2005 do *Beo Ar Éigean*! Agus a leithéid de scúp! An bhfuil iontas ar bith nach raibh Balor in ann codladh agus rún mar sin ag suaitheadh thart ina chloigeann.
suaite suas sucked up
" Níos minicí ná a mhalairt bheadh siad báite fosta, nó lá fearthainne bheadh an t-uisce suaite suas cúpla orlach ar chúl gach cois.
suaitheadh coirp physical exercise
" Ach é sin ráite, is dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé go maith do shláinte an duine go mbeadh aclaíocht nó suaitheadh coirp de shaghas éigin mar chuid dá shlí mhaireachtála, is é sin gur rud sláintiúil é an spórt, bíodh sé i bhfoirm reatha nó siúil nó snámha nó dreapadóireachta nó cluichí foirne (níl snúcar ná dairteanna inghlactha mar spórt sa chomhthéacs seo!) Maidir le buachaillí scoile nach bhfuil in ann rith ach ar éigean, is dóigh liom gur údar imní é sin do phobal na tíre i gcoitinne go bhfuil a leithéid ann agus ba chóir go mbeadh sé ina údar imní dá dtuismitheoirí.
suaite in turmoil
" suaite in Toronto ======= Ba in Toronto, i lár an *soundcheck*, cois chósta Loch Ontario, ag féile an *Waterfront *a tháinig na chéad chúpla nóta de “Andy’s Bar” chugam.
suaite turbulent
" Ach i gcúrsaí gaoithe agus tonnta, is dócha go bhfuil Éire, leis an Aigéan Atlantach gaofar agus suaite, mórán níos fearr as, ó thaobh acmhainní de, ná an tSualainn.
suaite agitated
" Tá mo cheann suaite faoi nithe eile agus níl an ócáid seo ag cuidiú puinn.
suaitheadh aigne mental agitation
" Leanadh na taomanna Sócraiteacha seo dó ar feadh a shaoil agus is iad na chéad chomharthaí atá againn den suaitheadh aigne a bhain dó ó am go ham.
suaitheadh cultúir culture shock
" ” Rud eile ar labhair sé faoi ina chuid seónna go minic thar na blianta ná an suaitheadh cultúir a bhí i gceist nuair a tháinig sé go hÉirinn i dtosach.
suaitheadh síceolaíoch emotionally disturbed
" ’ Dream a bhfuil suaitheadh síceolaíoch orthu, beagnach.
shuaitheadh mór trauma
" “Faigheann an mhian sin cuidiú le daoine an lámh in uachtar a fháil ar shuaitheadh mór an uafáis atá le feiceáil os comhair do dhá shúil,” arsa Ging.
shuaite disturbed
" Caoithiúlacht an tseanráitis Thiocfadh leis an Aire tinfeadh agus spreagadh a fháil, áfach, ó cháipéis a scríobh a athair mór, Éamon de Valera, faoi thábhacht chur chun cinn na Gaeilge le linn tréimhse a bhí i bhfad Éireann níba shuaite ná na dúshláin atá le sárú san am i láthair.
t-agallóir suaite upset interviewer
" “Aon faoin gcéad?” a d’fhiafraigh an t-agallóir suaite di.
chomh suaite so enwrapped
" Ach bhí sí chomh suaite sin lena sult féin gur lean sí uirthi dá buaicphoinnte, in ionad an chontúirt don leanbh a aithint.
suaitheadh turbulence
" Thit an tóin as an chóras idirnáisiúnta airgeadais agus bhuail suaitheadh uafásach na geilleagair mhóra dhomhanda.
suaitheadh stir up
" Meas tú, cén áit? Agus ós ag caint dúinn ar ghuí, beidh Máire Ní Chlochráin ag súil go mór agus ag guí go tréan le héirí as an dá phost atá aici agus go gceapfar í ina hAire na Gaeltachta sa chéad suaitheadh eile a dhéanfaidh Biffo ar an chomhaireacht.
suaitheadh upset, worry
" Deir na dochtúirí go gcaithfear í a chosaint ó aon suaitheadh gan choinne.
suaitheadh turbulence
" Tá an suaitheadh a bhuail geilleagar na hÉireann ar aon scála leis an cheann a bhuail an Fhionlainn.
suaitheadh geilleagair economic turbulence
" In achar an-ghearr chuireamar, mar phobal, eolas ar a uafásaí agus a bhí an suaitheadh geilleagair a bhuail fúinn sa tír seo.
suaite upset
" Tá muintir na hÉireann suaite go dona ag an tubaiste seo ar fad: tá daoine ciaptha ag an imní agus tá fearg mhór chiúin faoin chroí ar go leor leor daoine.
suaitheadh exertion
" Má théinn ócáid na breithe go mór i bhfeidhm ar an tuismitheoir, áfach, ní doiligh a chreidiúint gur mór (agus b’fhéidir gur uafásach) an suaitheadh a fhaigheann an leanbán agus é ag teacht ar an tsaol.
Suaitheadh ceart a proper maelstrom
" Suaitheadh ceart a bhí ann don leagan amach a bhí ar na haicmí agus ar ndóigh thosaigh an lucht oibre ag téachtú agus ag cur ar a son an t-am sin.
suaitheadh intinne mental maelstrom
" Thig linn an suaitheadh intinne a fhágáil faoi na glúine atá fós le teacht ar an saol.
suaite disturbed
" Deiseanna ===== Faoi láthair tá geilleagair na tíre suaite ach tá buntosca an gheilleagair chéanna i gceart.
suaitheadh disturbance
" Nuair a bhuail suaitheadh geilleagair an tír agus nuair a leathnaigh an fhulaingt shóisialta ar fud na tíre, chlis ar an taca briosc a bhí faoi chosa Fhianna Fáil.
suaite disturbed
" Gan amhras ar bith, tá muintir na Fionlainne suaite ag na hathruithe a bhaineann leis an domhandú agus measann siad go bhfuil siad á gcur dá dtreo.
suaite turbulent
" Feictear seo ina cuid féinphortráidí ina bhfuil léiriú gonta gan trua déanta aici uirthi féin agus ar a saol suaite inmheánach.
suaite go maith very disturbed
" Má tá cúrsaí geilleagracha agus sóisialta suaite go maith ag an ghéarchéim i gcathracha na tíre, tá siad go dona ar fad faoin tuaith.
suaite go maith in considerable turmoil
" Ní cosúil go fóill gurb amhlaidh don leabhar, ach tá earnáil na foilsitheoireachta suaite go maith ag an líon.
suaitheadh turbulence
" Ní bhfuair geilleagar thíortha an Iarthair suaitheadh chomh mór ó bhí an ghéarchéim ola ann sna seachtóidí, ach mar sin féin, ní thig le ceannairí na hEorpa teacht ar aon intinn maidir le fuascailt na faidhbe.
imeachtaí suaite na ré seo disturbed event of this period
" Is cinnte go bhfuil i gceist ag príomhstiúrthóirí an taispeántais, Christian Viveros-Fauné agus Jota Castro, go spreagfadh an taispeántas machnamh agus go n-éileodh sé comparáid idir an tréimhse chorraithe dhorcha sin agus imeachtaí suaite na ré seo.
suaitheadh turbulence
" Ba é an suaitheadh sóisialta agus cultúrtha a tharla le linn na tréimhse sin a d’fhág an tír seo ar cheann de na tíortha is domhandaithe, is oscailte, is forbartha, is nua-aoisí dá bhfuil ann.
faoi spéir shuaite under a disturbed sky
" Seasann an neach uaigneach sa phictiúr ar dhroichead faoi spéir shuaite a bhfuil dath fola uirthi.
chomh suaite sin so disturbed about
" Tá an pobal chomh suaite sin faoin cheist go mbeadh an baol ann go ndiúltófaí do na leasuithe ar fad eile a mholfadh an Chomhdháil ar an Bhunreacht mar thoradh ar an cheist achrannach seo.
tháinig suaitheadh millteanach ar a massive upset hit
" An Deifir agus an Driopás Feasta ================= Is léir mar sin gur tháinig suaitheadh millteanach ar thionscal na teicneolaíochta ó thús na nóchaidí.
is cinnte gur suaitheadh an Eaglais the church was definitely disturbed
" Deirtear gur chuir na scéalta seo isteach go mór ar Bhenedict, agus is cinnte gur suaitheadh an Eaglais dá dheasca seo, ach ba mhall agus ba dhoicheallach an freagra a thug an Vatacáin orthu agus is ar éigean a thuill siad muinín na ndaoine ina dtaobh.
an déagóir suaite a mharaigh the disturbed teenager who killed
" In Le Fils, is de thaisme a bhuaileann fear, ar múinteoir adhmadóireachta é, leis an déagóir suaite a mharaigh a aonmhac.
tugadh suaitheadh láidir do there was a great buzz to
" Tá bunús maith leis seo nó tháinig méadú mór ar an choiriúlacht sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí i roinnt tíortha saibhre, agus ar ndóigh, tugadh suaitheadh láidir do gheilleagair na dtíortha seo le linn na tréimhse úd.
suaitheadh codarsnach na saíochta reverse culture shock
" com/tracks/122887154&color=007c21&auto_play=false&show_artwork=false"></iframe> Ba mhór agam bualadh leis an scríbhneoir iomráiteach Alex Hijmans le deireanas, agus luaigh sé rud a chuir ag machnamh mé, is é sin: *reverse culture shock* nó suaitheadh codarsnach na saíochta, más maith leat.
an suaitheadh saíochta cultural shock
" Is minic a dhéantar trácht ar an suaitheadh saíochta, agus ar ndóigh, bhí ar Hijmans dul i ngleic leis sin agus saol nua á chruthú aige i dtír atá sách éagsúil le tíortha na hEorpa.
mbainfeadh torthaí na dturgnamh seo suaitheadh asat the results of these experiments would disturb you
" Agus is minic go mbainfeadh torthaí na dturgnamh seo suaitheadh asat.
Baineadh suaitheadh as They were shaken
" Baineadh suaitheadh as cuid cairde Sheáin Henry i saol an cheoil nuair a chuala siad ceithre bliana ó shin go raibh ailse air.
suaitheadh turbulence
" Tá Ciarán Mac Aonghusa den tuairim go bhfuil an saol ag athrú agus tá polaitíocht an stáit tar éis athrú sa dóigh nach saor, glan beann, aon stát feasta, SAM san áireamh, ar an suaitheadh ilnáisiúnta a bhain siar as gach cúinne den domhan le bliain anuas.