Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
téann sí i bhfeidhm chomh mór sin she makes such an impression
" Deir sí go bhfuil an ábaltacht inti daoine a bhailiú timpeall uirthi agus a thabhairt léi - chreidfinn é sin mar téann sí i bhfeidhm chomh mór sin ar dhuine.
a leithéid de shaibhreas agus de ghalántacht such wealth and luxury
" Ba mhisniúil a chloisint gur ó ghluaiseacht naíonraí Gaelacha na hÉireann a fuair lucht Saterfriesisch an smaoineamh! Ach, a leithéid de shaibhreas agus de ghalántacht ní fhaca mé le fada.
chomh forleathan sin on such a widespread basis
" Ach an míbhuntáiste is mó atá ag Microsoft Outlook ná toisc go bhfuil sé in úsáid chomh forleathan sin gur fiú do dhaoine víris a scríobh dó toisc go mbeidh siad cinnte go mbeidh tionchar mór ag na víris sin.
ina leithéid in such a thing
" Tá a lán suime ag daoine ina leithéid.
ar a leithéid de thuras on such a journey
" Ní dhéanfainn mo thurais féin a chur i gcomparáid go deo lena gceann siúd ach tuigim go maith nach mairfinnse go deo ar a leithéid de thuras.
macasamhail such as
" Is maith leo scéaltaí faoi rudaí a bhfuil siad féin ag plé leo, macasamhail rudaí atá ar an teilifís.
A leithéid d'aineolas such ignorance
" A leithéid d'aineolas! Ach faraor, creidim go bhfuil cuid mhaith Meiriceánach aineolach mar mé féin fá dtaobh di.
a leithéid de chlár such a programme
" Tá sé ag mealladh daoine chuig an stáisiún nár bhain úsáid as a gcuid Gaeilge le fada an lá, daoine nach mbeadh ag féachaint ar a leithéid de chlár ar a leithéid de bhealach teilifíse de ghnáth.
go bhféadfadh a leithéid tarlú that such a thing could happen
" Níor mhaith le héinne in Éirinn go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
nach dtarlóidh a leithéid that such a thing won't happen
" Ach de réir mar a théann an cogadh seo ar aghaidh is lú atá mé cinnte nach dtarlóidh a leithéid.
a leithéid de radadh fearthainne such a deluge of rain
" " Agus bhí an ceart aici, ar ndóighe, nó is fada ó chonaic Aifric a leithéid de radadh fearthainne agus róisteacha gaoithe móire.
a leithéid de thacaíocht such support
" Cheana féin sa Tuaisceart tá an Coimisiún Um Chearta Thuaisceart Éireann tar éis a leithéid de thacaíocht a thabhairt do thuiste atá bainteach le scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste i gcás atá á thógaint aici in aghaidh an PSNI as gan dílseoirí a bhí ag léirsiú lasmuigh dá scoil a stop.
leithéid d'fhorbairt such a development
" Chuir áitreabhaigh áitiúla ina choinne seo ar an mbonn go gcuirfeadh a leithéid d'fhorbairt as do dhinimic teanga an bhaile.
Chinnteodh a leithéid such a thing would ensure
" Chinnteodh a leithéid gur pobal inmharthana a bheadh iontu agus chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.
i bhfábhar a leithéid de pholasaí in favour of such a policy
" Cosaint an chultúir atá i gceist, dar leo siúd atá i bhfábhar a leithéid de pholasaí.
dá dtarlódh a leithéid if such a thing would happen
" Ba dheas cinnte dá dtarlódh a leithéid, ach faoi láthair níl ansin ach aisling.
go bhfuil a leithéid ag titim amach that such a thing is happening
" Ní iontas ar bith é go bhfuil a leithéid ag titim amach - tá sé mar chuid de chultúr na Sé Chontae le fada an lá.
i bhfábhar a leithéid in favour of such a thing
" "An tImreoir Dúbailte": is féidir/ní feidir le duine peil agus iomáint a imirt; níl/tá an CLG i bhfábhar a leithéid; céard a déarfadh Teddy McCarthy? Is mór an spórt iad conspóidí spóirt gan dabht ar bith.
má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn if such an uncertain future awaits us
" Céard is fiú €350,000 a chaitheamh ar theach inniu má tá todhchaí chomh héiginnte sin in ndán dúinn? Ar ndóigh, deir Randall nach dóigh leis go dtarlóidh siad i ndáiríre, ach gurb é an jab atá aige ná an cineál sin pleanála a dhéanamh.
a leithéid de dhuine such a person
" * Ba ghearr gur frítheadh amach nach raibh a leithéid de dhuine ann agus Ern Malley, ná a dheirfiúr Ethel, agus gur bheirt fhilí as Sydney, James McAuley agus Harold Stewart, a chuir saothar iomlán Ern Malley le chéile tráthnóna amháin le drochmheas a chaitheamh ar stíl na bhfilí nua-aoiseacha agus a lucht tacaíochta.
a leithéid de líomhain such an allegation
" Thuig Coimisinéir an RUC John Hermon an dochar a dhéanfadh a leithéid de líomhain don chaidreamh idir an dá fhórsa agus, dá réir, shéan sé go láidir go raibh aon bhunús leis an ráfla seo.
más ann dá leithéid if such a person exists
" "Agus cad é an ceart seo a bhí aige?" a fhiafraíonn an léitheoir nach nós leis nó léi an t-alt seo a léamh go rialta - más ann dá leithéid.
ghné chomh tábhachtach sin such an important aspect
" Cén fáth go bhfuil sé seo mar ghné chomh tábhachtach sin den cheol daoibh? LK & YK: Tá níos mó taitnimh le baint as a bheith ag roinnt an cheoil, idir a bheith ag éisteacht leis agus a bheith á sheinm.
a leithéid such a thing
" B'fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b'fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d'eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha *de ghnáth*! Ag tarlú go rialta ======= Dar ndóigh, deir urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn.
beidh an oiread sin de thallann uirthi she'll have such a fit
" "Caithfidh sí í féin síos ar an urlár, agus beidh an oiread sin de thallann uirthi go dtabharfá mionna go raibh sí sna smeachanna deireanacha.
dá mbeartófaí a leithéid a dhéanamh if it was decided to do such a thing
" Ní hamháin sin, ach dá mbeartófaí a leithéid a dhéanamh, bheadh moill mhór ar thógáil an bhóthair nua.
lena leithéid d'athrú rialach with such a rule change
" Sin í an fhadhb lena leithéid d'athrú rialach ag leibhéal club agus scoile.
a leithéid such a person
" Níl aon duine ábalta a leithéid a mhíniú, áfach, muna bhfuil an comhthéacs ar fad acu sin atá ag éisteacht cheana féin.
a mhacasamhail de choinníoll such a condition
" Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh cead pleanála imlíneach don scéim.
ag lorg a leithéid looking for such a thing
" An bhfaighidh Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (Aer Rianta mar a bhí) an bronntanas luachmhar seo? Nó an mbeidh críochfort príobháideach ann agus é in iomaíocht leis an bhfoirgneamh atá ann anois (rud a chuirfeadh gliondar ar chroí crua Mhíchíl Uí Laoire, atá ag lorg a leithéid – go glórach – le fada)? Nó an dtiocfar ar chomhréiteach, agus an mbeidh comhlacht príobháideach ag reáchtáil an chríochfoirt agus é ar cíos aige ón Údarás? Níor chabhraigh an phraiseach i gcúrsaí slándála le déanaí le cás an Údaráis, agus níor chabhraigh nochtadh a fhiacha ach an oiread, ach níl an bhean ramhar ag gabháil fhoinn fós agus ba chróga an té a chuirfeadh a phinsean ar gheall go bhfágfar Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath as an gcluiche go huile agus go hiomlán.
Is acmhainn dóibh a leithéid a dhéanamh. They can afford to do such a thing.
a mhacasamhail de thionscadail such projects
" Cé nár tháinig an phíblíne faoina chúram, mhaígh Moore gur amach san fharraige seachas ar an tír mór a bhíonn a mhacasamhail de thionscadail i dtíortha eile agus nach raibh sé cruthaithe ag an iarratasóir nach bhféadfaidís a leithéid céanna a dhéanamh i gcás na Coirribe.
dá dtarlódh a leithéid if such a thing happened
" Is cinnte go mbeadh muintir an iarthuaiscirt thar a bheith sásta dá dtarlódh a leithéid.
aghaidh scéime den tsaghas sin opposed to such a scheme
" Ní dóigh liom go mbeadh mórán daoine in aghaidh scéime den tsaghas sin, ach braitheann sé ar na polaiteoirí.
má tharlaíonn a leithéid if such a thing happens
" Tá sé ráite ag an rialtas freisin go bhfuil an Astráil níos réitithe ná tír ar bith eile ar domhan má tharlaíonn a leithéid.
a leithéid de chóras such a system
"a leithéid de chóras measartha coitianta ar mhór-roinn na hEorpa agus tá trealamh ardteicneolaíochta ar fáil anois a chiallaíonn nach próiseas fadálach a bhíonn ann.
ná bíodh leathoiread seanchinn ort don't be such a smartarse
" ” “Tabhair isteach an bocsa sin agus ná bíodh leathoiread seanchinn ort,” arsa an mháthair.
a leithéid de rud agus Gaeilge such a thing as Irish
" Measaim go bhfuil sé de dhualgas ar chainteoirí Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo siúd a bhfuil grá acu don teanga agus dea-scéala na teanga a chraobhscaoileadh mar tá neart daoine ann nach bhfuil a fhios acu go bhfuil a leithéid de rud agus Gaeilge ann ar chor ar bith.
Bhí an oiread sin de dhriopás air he was in such a hurry/nervous state
" Bhí an oiread sin de dhriopás air agus é ag déanamh ar an doras go ndeachaigh sé thar a chois agus leonadh an murnán aige.
a leithéid a shamhlú to imagine such a thing
" Sa Fhrainc, feicfidh tú daoine i mbialanna agus i gcaifí agus gan iad ag ól mórán – amanna, éiríonn siad buartha nuair a ordaíonn tú an dara gloine fíona! In Éirinn, den chuid is mó, bíonn daoine le feiceáil i dtithe tábhairne agus i gclubanna oíche ag ól is ag ól – anseo, éiríonn daoine buartha nuair nach n-ordaíonn tú an dara deoch! Smaoinigh mé faoin bpraiseach a bheadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an gcéad lá den bhliain nua, agus ba dheacair a leithéid a shamhlú ar shráideanna Pháras.
a leithéid such a thing
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís to undertake such an application again
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
lena leithéid for such a thing
" Ba iad Cathal Ó Beirne agus Christy Evans a d’aithin go raibh gá lena leithéid.
a leithéid d’fhocail such words
" Agus cé go bhfuil baint níos mó ag an dearbhú seo le fadhbanna atá aige maidir lena pholasaithe eile ná le tiontú ar an bhóthar go Damascus, is cúis dheas iontais é a leithéid d’fhocail a chloisteáil ón fhoinse seo.
a leithéid a shamhlú to imagine such a thing
" Sa Fhrainc, feicfidh tú daoine i mbialanna agus i gcaifí agus gan iad ag ól mórán – amanna, éiríonn siad buartha nuair a ordaíonn tú an dara gloine fíona! In Éirinn, den chuid is mó, bíonn daoine le feiceáil i dtithe tábhairne agus i gclubanna oíche ag ól is ag ól – anseo, éiríonn daoine buartha nuair nach n-ordaíonn tú an dara deoch! Smaoinigh mé faoin bpraiseach a bheadh ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an gcéad lá den bhliain nua, agus ba dheacair a leithéid a shamhlú ar shráideanna Pháras.
dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm if such a policy were implemented
" Measann sé gur buille tubaisteach a bheadh ann don teanga dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.
a mhacasamhail d’éagóir such an injustice
" Dochreidte, b’fhéidir, ach tharla a mhacasamhail d’éagóir sa státseirbhís le scór bliain anuas.
lena leithéid for such a thing
" Ba iad Cathal Ó Beirne agus Christy Evans a d’aithin go raibh gá lena leithéid.
a mhacasamhail de scéal such a story
" Bhí a mhacasamhail de scéal amhlaidh ó thuaidh le linn na dTrioblóidí.
daonra chomh mór such a big population
" Tá cosúlacht láidir ar an scéal gur cluiche na mbochtán é an sacar i mórán tíortha ar nós na Brasaíle agus na hAirgintíne agus gur dóigh gur de bharr daonra chomh mór a bheith ag na tíortha sin agus nach bhfuil ach aon spórt amháin mar rogha ag formhór an daonra go n-éiríonn chomh maith sin leo.
i dteideal a leithéid entitled to such a thing
" Is fada é aitheanta go gcailleann pobal a chaith blianta fada mar choilíneacht a féinmheas agus a mórtas cine, santaíonn siad maoin an choilínigh ach gan an mhuinín acu a chreidiúint go bhfuil siad i dteideal a leithéid.
tuigbheáil chomh leathan sin such a wide understanding
" “Nuair a chuaigh sé isteach i bhForaois na Gaeilge, agus nuair a bhí siad siúd ag lorg duine le tionscadal tras-teorainn a bhunú, cé eile a gheobhaidís ach Fear Dia? Cé eile a mbeadh tuigbheáil chomh leathan sin aige; cé eile a mbeadh taithí chomh mór sin aige ar an dá thaobh de gach rud a fheiceáil? "Chuir George Bush fios air, ar son NASA, le fáil amach cén dreach a bhí ar an taobh eile de Pluto, ach ní raibh Éamó Ó Caoimhnis sásta scaradh leis, fiú ar an trí chéad milliún a bhí na Poncánaigh ag tairiscint.
i gcomhthéacs mar sin in such a context
" Is deacair súil a choinneáil ar chúrsaí spóirt i gcomhthéacs mar sin, in ainneoin gurb é an samhradh an t-am a tharlaíonn na hócáidí móra spóirt sa chuid seo den domhan.
ní bhacfainn lena leithéid de rud gránna I wouldn't bother with such an ugly thing
" Agus dúnmharú—ní bhacfainn lena leithéid de rud gránna go deo arís.
ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna such as the publishing of the school inspection reports
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.
dteideal tacaíocht dá leithéid entitled to such support
" Bunús an bhreithiúnais sin? Chreid an fear seo go raibh sé i dteideal tacaíocht dá leithéid, agus b’in sin.
infheistíocht chomh mór sin such a big investment
" Tá daoine eile ann ag iarraidh fáil amach cad é mar a d’íocfaí as cláracha sóisialta ar nós chóras na sláinte poiblí dá ndéanfaí infheistíocht chomh mór sin san arm.
go mbeadh an-tóir ar a leithéid that such a thing would be very popular
" Chuala sí faoin cheird nua seo, comhairleoireacht saoil, a bhí tagtha chun cinn i Meiriceá agus thuig sí láithreach go mbeadh an-tóir ar a leithéid in Éirinn.
a leithéid a dhéanamh to do such a thing
" Deir sí go mbeadh suim aici a leithéid a dhéanamh agus í i mBaile Átha Cliath an mhí seo chugainn.
ar a leithéid of such a thing
" Seans nach bhfuil sé sa nádúr ag Tiger Woods, agus a leithéid, imirt ar son daoine eile atá ar a bhfoireann féin toisc, is dóigh, nach bhfuil taithí acu ar a leithéid.
dá leithéid de choláiste for such a college
" Ní bheadh deacracht dá laghad ann ábhar múinteoirí a aimsiú dá leithéid de choláiste – tá go leor daoine ón Ghaeltacht ar fáil, mar aon le daltaí a chuaigh trí chóras na gcoláistí samhraidh.
lena leithéid de shocrú with such an arrangement
" Bheadh deacracht ag Pat Rabbitte lena leithéid de shocrú, áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh air dul i ngleic le ceannairc inmheánach ina choinne.
fás chomh mór sin such a big growth
" ***AÓF: Cén fáth, meas tú, an bhfuil fás chomh mór sin tar éis teacht ar bhallraíocht na craoibhe thar na blianta? An mbaineann na ranganna ceoil a eagraíonn sibh leis seo, meas tú?*** TÓU: Tá baint nach beag leis an gcaoi a mbíonn na ranganna eagraithe leis an méadú seo, ceapaim.
deatach chomh tiubh sin such thick smoke
" Bhí uaigh eile agus níorbh fhéidir ainm an mhairbh a léamh toisc deatach chomh tiubh sin bheith ag éirí ón lear mór coinnle.
a leithéid de shrianta such restrictions
" Ach an mbeidh sé de mhisneach ag na polaiteoirí a leithéid de shrianta a chur i bhfeidhm agus olltoghchán ar na bacáin? Tá seans maith nach mbeidh.
dá ndéanfaí a leithéid anois if such things were done now
" Go minic, rinneadh rudaí ar na páistí agus dá ndéanfaí a leithéid anois chuirfí an dlí ar dhuine éigin.
céim chomh radacach sin such a radical step
" Ní gá dúinn céim chomh radacach sin a ghlacadh ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh.
A leithéid de mhasla. Such an insult.
go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois that such a thing used to happen in Europe in the old days
" Is cosúil go dtarlaíodh a leithéid fiú san Eoraip sa tseanaois dá mbeadh fómhar maith ann.
a leithéid de mhí-eagar such disorganisation
" Bhí orm am agus áit an agallaimh a athrú níos mó ná uair amháin, agus má chuir a leithéid de mhí-eagar isteach ar Justine, d’éirigh léi é sin a cheilt go maith.
a leithéid such a thing
" Ní dóigh liom go mbeadh sé de dhánacht nó de mhisneach ag aon rialtas cáin a chur ar bhreosla eitleáin ach is cinnte go dtarlóidh a leithéid amach anseo, bíodh is gur dócha gur rialachán ón Eoraip a bheas i gceist.
murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid. if it wasn't for the fact that the military needed such a plane.
" Ní chuirfí fiú an 747 cáiliúil ar fáil an chéad lá riamh murach go raibh gá ag an earnáil mhíleata lena leithéid.
a leithéid de chosc such a ban
" Ós rud é go bhfuil a leithéid de chosc i bhfeidhm in Éirinn, san Iodáil, sa bhFrainc agus i dtíortha nach iad, cheap a lán daoine go raibh sé thar am déanamh amhlaidh sa nGearmáin.
nár chuala a leithéid cheana, who hadn't previously heard such a thing,
" Agus cuirfear iontas ar an triúr sa tír nár chuala a leithéid cheana, agus cuirfear leamhthuirse arís agus arís eile ar nócha cúig faoin chéad den daonra agus alltacht ar an leath eile.
go rabhthas ag plé a leithéid go hoscailte anois that such a thing was being discussed openly now
" Ach chuir sé iontas orm fós féin go rabhthas ag plé a leithéid go hoscailte anois i Meiriceá.
i leith a leithéid, regarding such a thing,
" Dearcadh sách fuar a bheadh ag ógánaigh in aois an choinscríofa i leith a leithéid, déarfainn, dá dtarlódh sé.
is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh. the president is reluctant to do such a thing.
" Fiú agus a leathbhádóir Tony Blair ag rá go hoscailte gur mhaith leis cainteanna a thosú leis na tíortha sin, is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh.
lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú. to pay for such a public transport service.
" ) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
chun a leithéid a dhíol, to sell such a thing,
" Shílfeá nárbh í mí Eanáir an t-am ab fhearr chun a leithéid a dhíol, ach bheadh dul amú ort dá sílfeá nárbh ea.
nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid that he doesn't pay much heed to such a thing
" Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.
fás chomh mór sin such a big growth
" Tá na srianta imithe ó mhargadh aeriompair an Aontais Eorpaigh le deich mbliana anuas: tá cead ag comhlacht as tír Eorpach amháin paisinéirí a eitilt idir dhá tír Eorpacha eile, cúis amháin go bhfuil fás chomh mór sin tagtha ar Ryanair sa tréimhse chéanna.
A leithéid de dhraíocht. Such magic.
a déarfadh a leithéid, who would say such a thing,
" duine ar bith a déarfadh a leithéid, is follas nach léir dó os comhair a dhá shúl réaltacht uafásach na Spáinne.
a leithéid de thionscadal. such a project.
" ” An todhchaíDeir Maighread go bhfuil go leor daoine ag iarraidh uirthi albam eile a thaifeadadh ach gur ghoill bás a deartháireacha oiread uirthi nach raibh fonn uirthi tabhairt faoi a leithéid de thionscadal.
nach gceadaítear a leithéid that such a thing isn't allowed
" Cheap mé nach gceadaítear a leithéid i bpáirc náisiúnta, ach bhí gunnaí acu.
ar nós na n-eolaíochtaí. such as the sciences.
" Ní bhíonn gach píosa eolais ar an suíomh 100% cruinn - ach is beag foinse eile atá níos cruinne i réimsí ar nós na n-eolaíochtaí.
An fáth go mba éacht chomh tábhachtach é The reason it was such an important achievement
" An fáth go mba éacht chomh tábhachtach é ná go bhfuil Pádraig ar an gcéad Éireannach le 60 bliain anuas a bhuaigh ceann de mhórchomórtais ghailf an domhain.
má tharlaíonn a leithéid. if such a thing happens.
" Tá polasaí i bhfeidhm sa Pháirc Náisiúnta sin cúiteamh a íoc le feirmeoirí má tharlaíonn a leithéid.
a leithéid such a thing
" Agus a leithéid d’fhoireann teagaisc a bhí aige.
An chéad uair riamh a tharla a leithéid, The first time that such a thing has happened,
" An chéad uair riamh a tharla a leithéid, is cosúil, agus cruthúnas ar chomh lag is atá an tUasal Bush anois.
a leithéid such a thing
" An chéad uair riamh a tharla a leithéid, is cosúil, agus cruthúnas ar chomh lag is atá an tUasal Bush anois.
a leithéid such
" Bhí Balor ag Féile na nGael in Milwaukee an mhí seo a chuaigh thart, a léitheoirí, agus an chaisíneacht, an chnáimhseáil agus an cheasacht atá déanta aige ó tháinig sé ar ais, níor chuala mé a leithéid riamh.
mar thrioblóid ar an stocmhalartán, such as trouble on the stockmarket,
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
shíormharú san Iaráic, (such as) eternal killing in Iraq,
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha. such as helmets and padded tops.
" Gan trácht ar na céadta dianghortú, maraíodh ocht mac léinn déag agus iad ag imirt peile sa bhliain 1905! Chun a leithéid a sheachaint, cuireadh toirmeasc ar na seifteanna úd, agus tugadh éadaí cosanta isteach, mar chlogaid agus gheansaithe pardógacha.
céim chomh raidiciúil sin such a radical step
" Ní gá dúinn céim chomh raidiciúil sin a ghlacadh ach b’fhéidir go bhfuil sé in am againn anois an margadh a thabhairt chuig an phobal agus bealaí cruthaitheacha idirghníomhacha a aimsiú leis an fhocal a scaipeadh.
gur tharla a leithéid. that such a thing happened.
" Bhraith mé ag an am go raibh an fear seo, duine de mhórscríbhneoirí Gaeilge an 20ú haois, ligthe i ndearmad agus gur chúis náire é gur tharla a leithéid.
a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill who show that there is such a thing still
" Fáiltímis roimh na beoracha nua seo, a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ann go fóill agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná brabús tábhachtach dóibh.
Sampla dá leithéid An example of such
" Sampla dá leithéid é an ceann a scríobh Pat McArt, eagarthóir *The* *Derry Journal*, ar an leabhar: Kevin Myers is just about everything a nationalist detests .
geit chomh mór sin such a big shock
" Bhain an "tseirbhís" nua seo, ar a dtugtar Beacon, geit as daoine – geit chomh mór sin go bhfuil deireadh ag teacht le ré Facebook, dar le daoine áirithe.