Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuireann lámh ina mbás féin who commit suicide
" Nuair a smaoinímid ar na fadhbanna a bhíonn ag an dream seo le halcól, le drugaí, le coireacht agus an méid acu a chuireann lámh ina mbás féin, feicimid an tábhacht a bhaineann leis an gcumasú a thugann obair agus gluaiseachtaí deonacha do dhaoine tionchar a bheith acu ar a dtodhchaí agus a saol féin.
de dheasca féinmharaithe due to suicide
" Tá páiste as gach triúr ina chónaí faoi bhochtaineacht; déantar eigniú ar thriúr páistí gach seachtain; is páistí 26% den dream a éignítear; maraítear nó gortaítear níos mó ná 1,800 páiste gach bliain i dtaismí bóthair; caitear £143 per capita ar sheirbhísí do pháistí Thuaisceart Éireann, £217 a chaitear i Sasana; tá cineál éigin meabharghalair ar 20% de dhaoine óga; caitheann idir 50% agus 70% de pháistí an lucht taistil seal san otharlann am éigin ina n-óige; bíonn 20% de dhaoine óga gan dídean am éigin ina saol; tá rátaí báis de dheasca féinmharaithe níos airde anois ná básanna de dheasca taismí bóthair i measc an aosa óig.
a chuir lámh ina bás féin who committed suicide
" Bás a deirféar ======= Mhothaigh Pádraigín go raibh dualgas uirthi a leithéid d'obair a dhéanamh, go háirithe i ndiaidh bhás a deirféar Eithne, a chuir lámh ina bás féin i 1999.
go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin that he'd commit suicide
" Faoin am sin, bhí a phósadh tite as a chéile agus bhí a lán daoine sa Roinn an-bhuartha mar gheall ar a shláinte; bhí eagla ar dhaoine áirithe go gcuirfeadh sé lámh ina bhás féin, fiú.
lámh a chur ina bás féin to commit suicide
" Tharraing an scéala atá ag Maier faoi fhonn a bheith ar Jackie lámh a chur ina bás féin tar éis mharú JFK aird na meán ar an leabhar le gairid.
féinmharú suicide
" Ag breathnú siar, an dóigh le Bríd Rodgers gur féinmharú a bhí ann don SDLP cuidiú le Sinn Féin a theacht isteach sa phróiseas? "Ní féinmharú a bhí ann ach thuig muid uilig go raibh deacrachtaí ag dul a bheith ann cuidiú le páirtí a raibh sé mar sprioc acu deireadh a chur linn," ar sí, "ach ar son na síochána a rinne muid é.
féinmharú suicide
" Fuair 96 duine bás ar an lá sin i mí Aibreáin agus gortaíodh 766 go fisiceach, ach tá na mílte eile ann a ndearna an tubaiste dochar dóibh go síceolaíoch, agus tá an féinmharú, alcólachas agus colscaradh mar thorthaí eile de chuid na tragóide.
féinmharú suicide
" Galar croí, ailse, mí-úsáid alcóil agus drugaí, féinmharú - tá drochstaitisticí i gceist i gcás na nÉireannach i ngach catagóir.
ag cur láimhe ina mbás féin committing suicide
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
bhás fóirthe assisted suicide
" Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.
iarracht féinmharaithe suicide attempt
" Má tá cabhair shíciatrach de dhíth ort, gheobhaidh tú go gasta í má tá síceois nó iarracht féinmharaithe i gceist.
fheiniméan na mbuamaí féinmharaithe the phenomenon of suicide bombings
" “Níl aon réiteach simplí ar fheiniméan na mbuamaí féinmharaithe,” a dúirt sé.
na pléascáin fhéinmharaitheacha the suicide bombs
" Sin an pictiúr mór, a deirim leis, an pholaitíocht ar scála domhanda, ach tá pictiúr beag ann fosta, na leanaí a mharaítear, na pléascáin fhéinmharaitheacha.
a chuir lámh ina bhás féin who committed suicide
" Tá sé ainmnithe as dírbheathaisnéis an scríbhneora Pat Tierney a chuir lámh ina bhás féin ag tús mhí Eanáir 1996.
ard timpistí bóthair agus féinmharaithe a high rate of road accidents and suicides
" Tá baint aige le cuid mhór tinnis agus galar agus le ráta ard timpistí bóthair agus féinmharaithe in Éirinn.
sular chuir sé lámh ina bhás féin, before he committed suicide,
" Spreag an solas geal agus na dathanna iontacha ansin go mór é agus ba as an dá bhliain a bhí fágtha dá shaol tragóideach, sular chuir sé lámh ina bhás féin, a tháinig an chuid is clúití agus is forbartha dá shaothar chun cinn.
a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, who would draw attention to the high level of suicide,
" Níl seanadóir ann d’iarchéimithe na n-institiúidí teicneolaíochta; níl seanadóir ann do na hÉireannaigh thar sáile; níl seanadóir ag an Lucht Taistil; níl seanadóir ag na hinimircigh; agus níl seanadóir ann dóibh siúd atá in ísle brí, duine a tharraingeodh aird ar an leibhéal ard féinmharaithe, mar shampla.
buamálaithe féinmharfacha suicide bombers
" Pictiúr le smál de dhaoine ag éalú ó charráiste lán deataigh agus a glacadh le fón póca a bhí ar an íomhá ba mhó chuimhne den scrios a rinne buamálaithe féinmharfacha ar thraein agus busanna Londan ar 7 Iúil, 2005.
gur cúis féinmharaithe nó féindhíobhála í. that it gives rise to suicide or self-harm.
" Deir saineolaithe go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn buairt aigne nó an galar dubhach ar íospartaigh a fhulaingíonn an cineál seo bulaíochta agus, i gcásanna áirithe, gur cúis féinmharaithe nó féindhíobhála í.
ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig. as regards suicide amongst the young.
" (Paragraf 12) I measc thíortha an Aontais Eorpaigh, tá an cúigiú ráta is airde ag an tír seo ó thaobh féinmharaithe i measc an aosa óig.
féinmharaithe suicide
" Dúirt an RUC gurbh é an cás féinmharaithe ba mheasa dá bhfaca siad riamh.
lámh a chur ina bhás commit suicide
" fr) agus a cuireadh sa phost ar an gceathrú lá déag de Mheán Fómhair, deir sé go raibh sé ar tí lámh a chur ina bhás féin toisc gur mheas sé nár thug an córas dlí cothrom na Féinne dó.
chuir lámh ina mbás féin committed suicide
" Creidtear gur eascair vaimpírí as lucht míghnímh, daoine a chuir lámh ina mbás féin, as cailleacha nó ainsprioraid a ghlac seilbh ar anamacha daoine eile.
d'fhéinmharú suicide
" Níl ionad ar domhan níos minice d'fhéinmharú ná an droichead seo, mo léan.
buamadóir féinmharfach suicide bomber
" Líon na Sibhialtach ========== Ba é buamadóir féinmharfach a shíob an carr agus a d’fhág an choscairt chnáimhe, caillteanais agus crá croí ina dhiaidh.
lámh a chur ina bhás féin commit suicide
" “An té a déarfas leat go gcuirfidh an fhearthain isteach ar do shláinte ar aon bhealach, b’fhiú dó lámh a chur ina bhás féin” a d'fhógair sé go mórtasach is é ag cur geall ar chapaill lá rásaí.
lámh a chur ina bhás féin to commit suicide
" Dá ndéanfaí sin san Ollainn, ní bheadh cead gunna a iompar faighte ag Tristan van der Vlis: sa bhliain 2006, chaith seisean deich lá i bhforas dianchúram meabhairshláinte toisc go raibh sé ag bagairt lámh a chur ina bhás féin.
féinmharú suicide
" Bíonn féimheacht, caillteanas an tí, foréigean teaghlaigh, meabhairghalar, féinmharú agus go fiú dúnmharú i measc na bhfadhbanna sóisialta a eascraíonn as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca sna hinnill.
chuir lámh ina bás committed suicide
" Thóg an abhainn seo saol chailín óg meánscoile a chuir lámh ina bás féin.
lámh a chur ina bhás féin commit suicide
" Dúirt Bertie Ahern gur chóir do dhuine ar bith a cheisteodh an Tíogar Ceilteach lámh a chur ina bhás féin.
ar lámh a chur ina bhás féin of committing suicide
" Deir na Samaritans go gcuirtear glaoch orthu gach 5 soicind ó áit éigin in Éirinn nó sa Ríocht Aontaithe ar lorg cabhrach agus faightear glaoch gach 57 soicind ó dhuine atá ag smaoineamh ar lámh a chur ina bhás féin.
féinmharaithe of suicide
" Is léir dóibhsean go bhfuil fadhbanna dúlagair is féinmharaithe ag dul i méid i gcónaí sa tír anois agus áirítear go mbaineann glaoch amháin as gach deich nglaoch orthu le deacrachtaí airgeadais.
bhí lámh curtha ina mbás féin acu they’d committed suicide
" Scaoileadh dhá urchar, laistigh den veain céanna, gníomh a thug bás na beirte – bhí lámh curtha ina mbás féin acu.
féinmharaithe of suicide
" Tá ardrátaí féinmharaithe againn cheana féin agus is iad na daoine is soghonta a bheas thíos léi.
lámh ina bhás féin suicide
" Trí lá ina dhiaidh sin, ar 22 Meán Fómhair 2010, chuaigh cúrsaí chun tubaiste ar fad nuair a chuir Tyler lámh ina bhás féin trí léim amach ón *George Washington Bridge*.
lámh ina mbás féin suicide
" Chuir tuilleadh agus 300 feirimeoir lámh ina mbás féin san Ind ag tús na bliana seo toisc go ndearna an sioc slad ar an mbarr.
lámh a ghlacaint ina bhás féin committing suicide
" ”* Ach diaidh ar ndiaidh rug na Naitsithe greim ar na sráideanna, rud a bhéimnigh Jackson féinig ina bhreithiúnas cáiliúil mar gheall ar “chath na sráideanna” tar éis don Führer lámh a ghlacaint ina bhás féin.
fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe the serious problem of suicide
" Tá go leor díospóireachtaí inniu in Éirinn faoi conas ár gcuid seirbhísí meabhairshláinte a fheabhsú, go háirithe agus fadhb thromchúiseach an fhéinmharaithe ag goilliúint ar fhir óga na tíre ach go háirithe.
chuir sé lámh lena bhás féin he committed suicide
" Chuir na drugaí isteach ar a chumas smaointeoireachta agus chuir sé lámh lena bhás féin i 1954.
géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar the article on the mother’s danger of suicide was capitulation
" Thiocfadh fosta go mbeadh an reachtaíocht ar ghinmhilleadh buan go leor i gcuimhne roinnt de chúlbhinseoirí coimeádacha Fhine Gael a mheas gur géilleadh a bhí sa mhír i leith baol féinmharaithe na máthar do chlár oibre Pháirtí an Lucht Oibre.
lámh a chur ina bás féin to commit suicide
" Nílim sásta gur féidir páiste a chur chun báis ar bhunús bagairt ó dhuine eile lámh a chur ina bás féin, bíodh gur cás an-tubaisteach, an-deacair atá anseo.
baol ón bhféinmharú san áireamh the danger of suicide included
" Leis an éagóir sin a chealú, shocraigh an Chúirt Uachtarach go raibh ceart ag bean ginmhilleadh a bheith aici sa stát seo sa gcás go mbeadh a beatha féin i mbaol de bharr a bheith ag iompar, baol ón bhféinmharú san áireamh! B’ait an breithiúnas é, nuair a léann tú an fhoclaíocht in Airteagal 40.
féinmharú, uaigneas agus eisimirce suicide, loneliness and emigration
" Spreagann an CLG mothú féiniúlachta is muintearais ní hamháin i gcóngar ach i gcéin chomh maith, rudaí atá thar a bheith tábhachtach go háirithe do dhaoine na linne seo atá in ísle brí de bharr iliomad fadhbanna le dífhostaíocht, cúrsaí óil, féinmharú, uaigneas agus eisimirce.
bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin he wanted to commit suicide
" I gclár amháin a bhain úsáid as an ‘Lapadán Fir’ cáiliúil, ’sé sin Joseph Merrick bocht, thug scríbhneoirí Ripper Street an deis dó fear cráite a tharraingt siar ó staighrí nuair a bhí fonn air lámh a ghlacadh ina bhás féin agus leanbh ina bhaclainn aige.
nglacfaidís lámha ina mbás féin they’d commit suicide
" “*Fortified by one of Roy’s dangerously potent dry Martinis*”, mhol a chomhairleoir Anthony Lester don Stát-Rúnaí gan géilleadh do bhagairt na ndeirfiúracha go nglacfaidís lámha ina mbás féin muna gcuirfí iad siar go carcair Éireannach.
chuir sí lámh lena bás féin she committed suicide
" 41 mí ina dhiaidh, chuir sí lámh lena bás féin.
lámh a chur ina bhás féin in committing suicide
" Thabharfadh an bille cead do lia-chleachtóirí leigheas a ordú agus/nó é a thabhairt d’othar ar leaba a bháis a chuideodh leis lámh a chur ina bhás féin, taobh istigh de bhearta cosanta dhochta.
lámh ina bhás féin suicide
" Agus an bille thuas idir chamáin sa Seanad, tarraingíodh aird an phobail ar cheist an fhéinbháis toilteanaigh arís nuair a chuir seanfhear as an Astráil Theas, Max Bromson, lámh ina bhás féin.
raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin he had planned to commit suicide
" Is léir go raibh rogha chrua ag gaolta Bromson nuair a thuig siad go raibh sé beartaithe aige lámh a chur ina bhás féin ar 27 Iúil: bás uaigneach don seanfhear nó iad féin a chur i mbaol le fortacht a thabhairt dó in am a ghátair.
ráta chomh hard sin féinmharaithe such a high rate of suicide
" Níltear ag cur go leor cabhrach ar fáil dóibh siúd a bhfuil fadhbanna móra pearsanta acu agus seo ceann de na cúiseanna a bhfuil ráta chomh hard sin féinmharaithe againn.
a chuir lámh ina bás féin who committed suicide
" Foilsíodh leabhar le gairid a thugann léargas ar an bhua ó thaobh na healaíne de a bhí ag Sylvia Plath, an scríbhneoir cráite Meiriceánach a chuir lámh ina bás féin ag tús na seascaidí.