Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
suirbhé idirlín Internet survey
" I suirbhé idirlín a rinne an comhlacht Netvalue, tháinig an Iodáil sa cheathrú háit san Eoraip maidir le húsáid an idirlín chun gnéas a fháil; measadh go raibh suas le dhá mhilliún agus trí chéad míle fear ag úsáid an chur chuige seo.
torthaí an tsuirbhé the results of the survey
" Baineadh siar asam agus mé ag léamh an mhéid sin nuair a foilsíodh torthaí an tsuirbhé le gairid.
torthaí suirbhé the results of a survey
" Cén fáth? Chuir torthaí suirbhé sa mBreatain a thug le fios nár chuala leath d'ógánaigh na Breataine faoi uafás Auschwitz alltacht ar thráchtairí áirithe sna meáin.
faoi thorthaí an tsuirbhé seo about the results of this survey
" Cén fáth, mar sin, a bhfuil comhlachtaí ag scaoileadh daoine chun bealaigh? Caithfidh mé a admháil go raibh amhras orm faoi thorthaí an tsuirbhé seo – níor chreid mé go raibh an méid sin post tarraingteach ar fáil i réimse na ríomhaireachta.
de réir suirbhé idirnáisiúnta. according to an international survey.
" Cúpla bliain ó shin, mar shampla, bhí Melbourne ar an gcathair is fearr ar domhan le maireachtáil inti, de réir suirbhé idirnáisiúnta.
suirbhéanna surveys
" De réir suirbhéanna éagsúla, meastar go forleathan san Astráil nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt do dhaoine atá ag obair ar chonradh AWA.
Nochtadh sa suirbhé it was uncovered in the survey
" Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
suirbhé áitiúil local survey
" Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
go ndéanfaidís baghcat ar an suirbhé. that they would boycott the survey
" Chuir sé an cheist an mbeadh an seasamh céanna ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dalta amháin ar an scoil acu agus agus a bheadh ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dornán páistí sa scoil acu? San idirlinn, bhagair cuid de phobal Chorca Dhuibhne go ndéanfaidís baghcat ar an suirbhé.
suirbhé suntasach significant survey
" (Paragraf 5) Ghlac níos mó ná 2,800 dalta ó ocht meánscoil éagsúla – idir scoileanna poiblí agus chinn táille – páirt sa suirbhé suntasach seo.
Shuirbhé Coiriúlachta crime survey
" D’fhulaing Cuid Mhór Daoine De réir Shuirbhé Coiriúlachta Thuaisceart Éireann a foilsíodh an mhí seo, d’fhulaing 20% de mhuintir na Sé Chontae drochíde nó foréigean gnéasúil uair amháin ar a laghad ina saol.
thorthaí an tsuirbhé phobail the results of the public survey
" Mianta an Phobail ======== Foilsíodh ar an 17 Nollaig ‘an anailís ar thorthaí an tsuirbhé phobail agus ar mholtaí ón tsraith fócasghrúpaí maidir le soláthar seirbhís nuachta’ ar shuíomh idirlíon an Fhorais.