Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ardú suntasach a noticeable increase
" Táthar ag dúil go mbeidh olltoghchán Westminster ann ar an 7 Meitheamh ach Dé Domhnaigh seo caite (29 Aibreán) glacadh an chéad daonáireamh ó thuaidh le deich mbliana, agus táthar ag súil go mbeidh ardú suntasach i líon na gCaitliceach le sonrú ann.
méadú suntasach a remarkable/noticeable increase
" Grianghraf: Matt Turner Tá méadú suntasach tagtha ar tháirgeadh fíona sa tír le tamall de bhlianta anuas.
gnéithe suntasacha noticeable aspects
" Is gnéithe suntasacha dá gcultúr corparáideach an col le machnamh, le hathmheas agus le nuálaíocht.
suntasaí remarkable
" Tá sé seo níos suntasaí fós nuair a chuireann tú san áireamh gur daonra de 140,000 atá in Trondheim, agus go bhfuil Rosenborg ar cheann de na clubanna is faide ó thuaidh ar domhan.
Dul chun cinn suntasach noticeable progress
" Dul chun cinn suntasach déanta maidir le soláthar seirbhísí do phobal na Gaeilge.
suntasach distinctive
" Ó thaobh margaidh de, tá pobal suntasach, dílis ag an stáisiún, daoine a cheannaíonn gluaisteáin, earraí tí, bia agus agus deoch agus a théann ar saoire.
go suntasach noticeably
" In ainneoin na ndeacrachtaí teicniúla atá leis an síneadh fada a aistriú ó chóras an teilithéacs go córas an idirlín, tá méid agus réimse an lucht féachana ag Gaeltext ardaithe go suntasach ó tharla an t-athrú.
suntasach remarkable
" (Nach suntasach go bhfuil daoine ag gearán gur céim straitéiseach é an díchoimisiúnú.
shuntasach prominent
" Bhuaigh Creed, 33, as Wakefield Shasana an Turner Prize, duais shuntasach, as a phíosa lom, "The Lights Going On And Off".
bailiúchán suntasach remarkable collection
" Is síneadh nua é seo atá curtha leis an phríomhfhoirgneamh agus tá go leor suime curtha ann cheana féin, ní hamháin ó thaobh na hailtireachta de ach mar gheall ar go bhfuil bailiúchán suntasach de shaothar Impriseanaithe na Fraince acu mar thaispeántas oirnithe.
méadú suntasach marked increase
" Na trí rud is tábhachtaí ba chóir a bheith bainte amach againn - ar an drochuair níl siad uilig faoinár smacht - ná méadú suntasach ar líon na gcláracha Gaeilge le soláthar níos fearr a dhéanamh do phobal na Gaeilge; leis an mhéadú sin ar líon agus réimse na gcláracha, dul i bhfeidhm ar bhealach níos fearr ní hamháin ar phobal na Gaeilge ach ar phobal iomlán Thuaisceart Éireann agus riar níos fearr ar na pobail éagsúla éisteachta agus féachána atá ann.
suntasach prominent, remarkable
" Is taispeántas suntasach é seo sa mhéid is go mbaineann sé go mór le traidisiún - nuair a thosaigh sé ar dtús, mar shampla, ní raibh an Bhanríon Victeoiria ach ag tús a réime.
gaol suntasach distinctive relationship
" An féidir le gaol suntasach a bheith ann idir ailtireacht agus teanga, mar sin? Chuaigh mé go Béal Feirste ar thóir fheagra na ceiste seo agus chaith mé cúpla uair an chloig ar oilithreacht ailtireachta ar fud na cathrach leis an ailtire Michael Doherty.
suntasaí noticeable
" Is é an rud is suntasaí ná an t-atmaisféar nó an easpa atmaisféir atá le brath in Ollscoil Rennes.
athrú suntasach noticeable change
" Ach áit go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an saol ná in úsáid an idirlín chun siopadóireacht agus gnó bainc a dhéanamh, agus chun teilea-obair a dhéanamh.
suntasach noticeable
" " Seirbhísí webmail ======= Go deimhin, tá difear suntasach idir cláracha ríomhphoist ar nós Microsoft Outlook, agus na seirbhísí *webmail* atá coitianta anois.
suntasach noticeable
" An rud a bhí suntasach faoin mhéid a bhí le rá acu ná gur luaigh achan duine áit in Éirinn agus nár luaigh siad áit ar bith thar sáile.
suntasach noticeable
" Na rialacha ======= Tá gach cosúlacht ar an scéal gur ar an gcluiche rugbaí mar a imríodh i Sasana é (cé go raibh rialacha éagsúla á n-úsáid fós) a bunaíodh rialacha an choiste, ach bhí cúpla athrú suntasach i gceist freisin.
suntasach noticeable
" Rud amháin suntasach is ea go bhfuil muintir an pharóiste dílis dá ndúchas agus ana-mhórálach as agus tá ceoltóirí agus amhránaithe óga den scoth ina gcónaí sa pharóiste seo anois.
suntasach noticeable
" Ach tá cúpla athrú beag suntasach le tabhairt faoi deara an babhta seo.
ísliú suntasach noticeable decrease
" Ní nach ionadh go bhfuil ísliú suntasach tagtha ar ioncam an stáit.
suntasach noticeable
" Ar an drochuair, mar gheall ar pholasaí earráideach teanga, níor éirigh leis na húdaráis an teanga a chur chun cinn ar bhealach suntasach i measc an phobail.
ba shuntasaí most noticeable
" Ach ba é an t-athrú ba shuntasaí ná teanga eile a bheith agam, nach raibh a fhios agam í a bheith ann ar chor ar bith sular fhág mé, teanga a thabharfadh radharc eile dom ar an saol.
suntasach noticeable
" Ábhar imní é an méadú suntasach atá tagtha ar úsáid cócaoin sa tír le gairid.
suntasach remarkable
" Cill Chainnigh arís ======= Maidir le Cúige Laighean, is deacair do dhuine a chur ina luí air féin go dtiocfaidh aon athrú suntasach ar thorthaí na gcluichí i gcomórtas leis an bhliain seo caite.
suntasach noticeable
" Is athrú suntasach é seo ar an gcaidreamh le tíortha iasachta a bhí ag an Spáinn le cúig bliana is fiche anuas.
i bhfad níos suntasaí much more remarkable
" Rud i bhfad níos suntasaí, níos spéisiúla, níos spreagthaí go mór ná conamar airgid a fuair Laoch na Litríochta.
shuntasaí prominent
" In 1880, tharla an eachtra ba shuntasaí i stair na Ceathrún Rua nuair a cuireadh tús ann le Cogadh na Talún.
athrú suntasach meoin noticeable change in thinking
" Ní mar sin, áfach, a d'amharc tromlach na ndaoine in Éirinn ar an cheist agus is athrú suntasach meoin é seo ón dóigh a raibh cúrsaí.
gníomh suntasach díchoimisiúnaithe a substantial act of decommissioning
" Le himeacht na n-easaontóirí, má bhíonn Trimble agus a pháirtí athbheirthe mar chrann taca an Chomhaontaithe), má bhíonn fuinneamh úr i measc na bpáirtithe atá ar thaobh an Chomhaontaithe, má thig freagra dearfach ó phoblachtánaigh (gníomh suntasach díchoimisiúnaithe nó gníomh críochnaithe dá leithéid), ansin beifear ábalta na toghcháin a ghairm agus an Feidhmeannas a chur ar bun arís.
suntasach remarkable
" Ba léir gur shíl na meáin chumarsáide go raibh an scéal tábhachtach agus suntasach.
suntasaí remarkable
" Is é *An Leabhar Mòr *an ceann is suntasaí agus is feiceálaí de na tionscadail seo ó ICC go dtí seo.
difríocht shuntasach noticeable difference
" Is é an chéad difríocht shuntasach a thug Laoch na Litríochta fá deara nuair a shiúil sé isteach sa Brandon an easpa gleo.
tá méadú suntasach noticeable increase
" Tá gradaim bainte ag cláracha éagsúla de chuid TG4 in Éirinn agus ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas, agus tá méadú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag féachaint ar an stáisiún de bharr fheabhas a sceidil.
méadú suntasach noticeable increase
" Dála na hÉireann, tá méadú suntasach tagtha ar phraghas na dtithe sna cathracha sin le cúpla bliain anuas.
an-suntasach very noticeable
" ) ná an traenáil a dheineadh amaitéaraigh scór bliain ó shin, ach mar sin féin tá an t-athrú ar chruth na n-imreoirí an-suntasach.
suntasach remarkable
" Tháinig taispeántas suntasach de chuid an ealaíontóra Iodálaigh Francesco Clemente chuig Áras Nua-Ealaíne na hÉireann le gairid.
suntasach remarkable
" Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Márta i Maidrid.
suntasach noticeable
" Bhí sé suntasach go raibh cuid mhaith de na daoine a cháin an t-ionsaí i Maidrid ina dtost an t-am seo anuraidh agus faoi na smachtbhannaí.
suntasach noticeable
" Ach taobh amuigh den mhéid sin, tá athruithe nó nósanna nua ag teacht i dtreis nach raibh chomh suntasach sin cheana i gcúrsaí spóirt, sa tír seo ar chuma ar bith, agus tá cúpla dream ann a raibh a mbaint le spórt an-imeallach roimhe seo ach atá anois ag teacht chun cinn de réir a chéile agus a ról agus a dtionchar ag dul i méad ó lá go lá.
suntasach noticeable
" Nuair a chríochnaigh babhta a haon bhí rud amháin suntasach agus ina údar imní ag an lucht leanúna: nár cháiligh contae ar bith as Cúige Laighean, Cill Chainnigh san áireamh, do bhabhtaí ceannais na Sraithe Náisiúnta.
suntasach noticeable
" Rud eile atá suntasach ná an méid mór ceoil chlasaicigh atá ar siúl sa chathair, agus tá traidisiún snagcheoil ann freisin.
difríochtaí suntasacha noticeable differences
" Ach tá difríochtaí suntasacha idir na ceamaraí digiteacha is saoire agus na cinn is daoire agus is gá an teicneolaíocht atá le fáil iontu a thuiscint chun an luach is fearr a fháil.
an ceann is suntasaí dá shórt the most remarkable of its kind
" Ach is dóigh gurb é scéal Ern Malley an ceann is suntasaí dá shórt.
ba shuntasaí most prominent
" Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus? Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl.
suntasach remarkable
" Tá fás suntasach tagtha uirthi ó shin i leith agus i mbliana tá 199 dalta ag freastal ar an scoil.
an rud is suntasaí the most remarkable thing
" (Bí ag caint ar dhá thine Bhealtaine!) Is é an rud is suntasaí ná go raibh Paisley ag rá go bhfuil muid ar an bhealach cheart ar an lá a raibh beirt bhall de Shinn Féin os comhair na cúirte as siocair iad a bheith san IRA.
cheann de na tréithe is suntasaí one of the hallmarks
" Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil ilghnéitheacht ó thaobh inimirce de ar cheann de na tréithe is suntasaí a bhaineann le Nua-Eabhrac, is beag aird a thabharfaí ar athrú mar seo sa chuid is mó de na comharsanachtaí.
suntasach remarkable
" Déanfaidh *The Knitting Map*, tionscadal suntasach neamhghnách eile a bheidh le feiceáil i gCorcaigh, seanteicneolaíocht (cniotáil) agus nuatheicneolaíocht (satailít) a nascadh le chéile chun an gaol atá ag Éirinn le snáth a léiriú.
suntasach noticeable, remarkable
" Soitheach gan stiúir ======= Ó ceapadh Martin Cullen ina Aire Iompair i mí Mheán Fómhair seo caite, níl tada suntasach déanta aige.
stríoca suntasacha noticeable stripes
" Bhí stríoca suntasacha le feiceáil ar dhroim an ainmhí.
ócáid shuntasach prominent event
" Is ócáid shuntasach é *Biennale *na Veinéise (nó *La Biennale*) d’ealaíontóirí an domhain bliain ar bith, ach tá suntas ar leith ag baint le *Biennale *na bliana seo d’ealaíontóirí na hÉireann, agus thuaisceart na hÉireann go háirithe, mar is é seo an chéad uair riamh a bheidh grúpa ag freastal ar an fhéile thar ceann na hÉireann, thuaidh agus theas.
laghdú suntasach noticeable decrease
" Tháinig na fógraí seo chun mo chuimhne le déanaí nuair a d’eisigh Cónaidhm Thionscal Turasóireachta na hÉireann tuarascáil a thug le fios go raibh laghdú suntasach tagtha ar líon na dturasóirí atá ag teacht go hiarthar na tíre.
níos suntasaí more noteworthy
" Ach níos suntasaí ná sin, mhaígh sé gur cheart diúltú dó mar gur sháraigh sé Treoir Seveso 11 maidir le haistriú substaintí contúirteacha siocair go raibh suíomh an chríochfoirt róghar do thithe.
suntasach noticeable
" Tá na riachtanais sin ag teacht i bhfeidhm anois agus creidim go dtiocfaidh méadú, agus méadú suntasach, ar an éileamh a bheidh ar sheirbhísí ar nós aistriúcháin agus seirbhísí teanga eile, sna blianta atá romhainn.
suntasach prominent
" Ach an bhfuil athrú meoin ar bith le brath i measc an phobail? An bhfeiceann muid corp, ealaín nó míchumas nuair a mheabhraíonn muid ar an saothar seo de chuid Marc Quinn? Nó an bhfuil sé ag baint úsáide as Alison Lapper nó ag ceiliúradh an cineál difriúil áilleachta atá le feiceáil inti? Nó an raibh amhras riamh ar Alison Lapper faoin dóigh ar leiríodh í sa saothar seo? “Bhí mé féin ag déanamh obair den chineál céanna ach bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta rud chomh suntasach agus ar an scála céanna leis seo a dhéanamh,” a dúirt sí.
Foirgneamh suntasach impressive/noticeable building
" Na dánlanna ======= **Rijksmuseum** Foirgneamh suntasach a tógadh in 1885 é an Rijksmuseum agus is é príomhdhánlann na tíre – tugann 1.
buntáiste suntasach noticeable advantage
" Tá sí á húsáid go forleathan le drugaí a chur ar fáil agus glacann an pobal leis sin mar gur féidir buntáiste suntasach a fheiceáil uaidh.
céatadáin shuntasacha significant percentages
" Tháinig céatadáin shuntasacha amach i dtoghcháin uachtaránachta 2000 agus 2004.
suntasach remarkable
" Thuigeas, áfach, go raibh ní éigin suntasach tagtha chugam.
is suntasaí most remarkable
" Má tá do chloigeann ag casadh ag smaoineamh ar an oiread sin seomraí, seo chugat roinnt de na píosaí ealaíne is suntasaí nach mór duit a fheiceáil: Sala Caravaggio ar an chéad urlár, ina bhfuil trí phíosa chiaroscuro de chuid an ealaíontóra chlúitigh sin *Madonna in Maesta* le Cimabue i seomra 1 *La Battaglia di San Romano* (Cath San Romano) le Paolo Uccello i seomra 7 *Fredrico da Montefeltro* le Piero della Francesca i seomra 7 *Madonna col Bambino e due Angeli *le Fra Filippo Lippi i seomra 8 *La Nascita di Venere *(Breith Venéis) agus *Primavera* le Sandro Botticelli i seomraí 10-14 *Anunciazione *(Teachtaireacht an Aingil) le Leonardo da Vinci i seomra 15 *Tondi Doni *le Michelangelo i seomra 25 *Madonna del Cardellino * le Raphael i seomra 26 *Venere d’Urbino* le Titian i seomra 28 Is fiú go mór ticéid a chur in áirithe roimh ré do chuairt mar bíonn an-tóir ar an dánlann agus ag amanna gnóthacha is minic a bhíonn na ticéid ar fad díolta.
dul chun cinn suntasach noticeable progress
" Ba mhaith liom bheith dearfach ina thaobh agus gan a bheith diúltach ach tá fhios ag an saol mór go mbeidh jab aige dul chun cinn suntasach a dhéanamh maidir le forbairt na hiomána.
ba shuntasaí most prominent
" Ceann de na dátaí ba shuntasaí i gcúrsaí spóirt in Éirinn le tamall anuas ab ea an 23 lá Aibreán 2006.
ardú suntasach noticeable increase
" Tuigeann sé gur gá dó ardú suntasach a dhéanamh ar an mothúchán-mhéadar.
trí bhua shuntasacha three remarkable victories
" Taca an ama seo anuraidh is beag duine a cheapfadh go mbeadh trí bhua shuntasacha bainte amach ag foirne as Baile Átha Cliath.
ardú suntasach noticeable increase
"ardú suntasach le feiceáil i líon na nEaspáinneach i Meiriceá le corradh is scór bliain anuas.
ceann de na hardeaglaisí is suntasaí one of the most remarkable cathedrals
" Is fiú go mór fosta cuairt a thabhairt ar *La Seu,* ceann de na hardeaglaisí is suntasaí sa Spáinn, a tógadh ar shuíomh seanteampaill Romhánaigh agus a críochnaíodh sa bhliain 1450.
an-suntasach very noticeable
" Bhí mé i lóistín le ceathrar acu – bhí teach ar cíos acu i Highgate – agus tar éis píosa bhí sé an-suntasach nár iompaigh siad mórán ar an mBéarla, rud atá coitianta anois nuair a bhíonn duine nach bhfuil aige ach Béarla ina measc.
níos treise, níos suntasaí stronger, more prominent
" Is í an mhórsprioc atá againn ná go mbeidh an Ghaeilge níos láidre, níos treise, níos suntasaí ag na leibhéil éagsúla.
suntasach remarkable, distinctive
" Rinneadh an phortráid 100 bliain ó shin nuair a bhí Vín aitheanta ag an phobal ealaíne ar fud an domhain mar lárionad taibhseach tábhachtach forásach ealaíne, agus is sampla suntasach é saothar Klimt den ealaín nua *fin de siècle *a bhí i réim sa chathair ag an am.
bailiúchán suntasach a remarkable collection
" Ba Ghiúdach Ferdinand Bauer ar thrádálaí saibhir siúcra é agus leis an saibhreas seo bhí sé ábalta ní hamháin saothar Klimt a cheannach ach caisleáin agus páláis, chomh maith le bailiúchán suntasach d’ealaín agus phoirceallán na hOstaire.
borradh suntasach remarkable growth
" Thug an pobal bata agus bóthar dó in olltoghchán na bliana 1948, in ainneoin an borradh suntasach a chuir Fianna Fáil faoi thógáil thithe Bardais agus Chomhairle Chontae.
an ceann ba shuntasaí the most noticeable one
" Cuireadh tús le scéim mhór inimirce i 1948 agus tháinig na sluaite as deisceart, lár agus oirthear na hEorpa agus thug siad leo a gcuid nósanna féin maidir le go leor rudaí ach ba é an bia an ceann ba shuntasaí.
líon suntasach ranganna a noticeable number of classes
" Bhí daoine áirithe ann a raibh líon suntasach ranganna caillte acu toisc “fadhbanna” éagsúla bheith acu.
mar rud níos suntasaí ná atmaisféar as something more distinctive than atmosphere
" Le linn na bhfonn úd, aithnítear muid mar rud níos suntasaí ná atmaisféar.
céatadán suntasach de thuismitheoirí a remarkable percentage of parents
" Is léir fosta, ó na forbairtí atá ar siúl, go bhfuil cinneadh déanta ag céatadán suntasach de thuismitheoirí na tíre oideachas trí mheán na Gaeilge a thabhairt dá bpáistí.
gearradh siar suntasach a significant cutting back
"gearradh siar suntasach ar an réimse leabhar Gaeilge atá i siopa leabhar Easons ar Shráid Uí Chonaill, cuir i gcás, agus is truamhéalach an scéal é ina lán siopaí eile, Waterstones agus mar sin de.
an chéad difríocht shuntasach the first noticeable difference
" ” Ba é seo an chéad difríocht shuntasach a thug Balor an Bromaire Bomannach faoi deara, ach níorbh fhada go bhfacthas dó go raibh an tErectus seo ní hamháin ina *cock-up* ach ina *cock-up* aisteach fosta.
bearna shuntasach significant gap
" Ach tá bearna shuntasach eatarthu anois agus tá an bhearna ag méadú de shíor.
suntasach significant
" Comórtas suntasach is ea Tennessee, áit a bhfuil cúrsaí cine mar cheann de mhórcheisteanna an fheachtais.
suntasach significant
" Agus tá sé suntasach gur muidne, an triúr ag deireadh an áil, a d’fhan sa tír, a bhí ábalta fanacht sa tír.
borradh suntasach significant growth
"borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, le 30 bliain anuas.
poiblíocht agus fógraíocht iontach suntasach agus tarraingteach very noticeable and attractive publicity and advertising
" Níl dabht ar bith ach go bhfuil poiblíocht agus fógraíocht iontach suntasach agus tarraingteach á fáil ag an iomáint agus ag an rugbaí de bharr a gceangal leis na comhlachtaí móra seo.
An difríocht is suntasaí, the most noticeable difference,
" An difríocht is suntasaí, dar liom, seachas cúrsaí airgid dar ndóigh, ná go bhfuil traenálaithe ag Setanta agus Aisake a bhíonn ar fáil gach lá le cabhrú leo i ngach gné den spórt agus den ullmhúchán ó thaobh nirt, aclaíochta, scileanna éagsúla, bia, síceolaíochta, agus araile.
an dul chun cinn suntasach the impressive progress
" Nuair a thrácht mé ar an snagcheol agus ar an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag snagcheoltóirí maidir le comhcheol, d'aontaigh sé liom.
an-suntasach ar fad very remarkable indeed
" Ach tá na hiarsmaí an-suntasach ar fad agus tá sé furasta a thuigbheáil cé chomh tábhachtach a bhí an áit seo sa seanam.
suntasach prominent
" Le gairid, cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath saothar suntasach a rinne an t-ealaíontóir cráite Vincent Van Gogh.
céatadán suntasach a significant percentage
"céatadán suntasach de thuismitheoirí na tíre tar éis cinneadh a dhéanamh a gcuid páistí a chur chuig gaelscoil.
méadú suntasach a significant increase
"méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
suntasach prominent
léiriú suntasach a remarkable illustration
"léiriú suntasach déanta ag Picasso ar pháis Guernica.
suntasach significant
" Tá sé suntasach mar sin go bhfuil comhartha ceiste leis an teideal.
radharcanna suntasacha prominent scenes
" **Slógaí polaitiúla**Tá radharcanna suntasacha sa scannán a thaispeánann na slógaí polaitiúla a bhí forleathan san am sin, mar shampla, de Valera agus an Coileánach i mbun toghchánaíochta.
taispeántas suntasach ollmhór a remarkable and large exhibition
" Beidh taispeántas suntasach ollmhór de shaothar an ealaíontóra cháiliúil Lucian Freud le feiceáil in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath ón 6 Meitheamh.
sciar suntasach a significant share
" Agus sin á dhéanamh acu, ámh, tá na hiarrthóirí ag dul sa seans nach gcaillfidh siad sciar suntasach de vótóirí dílseacha an pháirtí atá ar son an chogaidh go fóill.
suntasach remarkable
" De réir an bhéaloidis, bhí ballaí sheanbhaile ársa na Traí tógtha ar bhealach chomh casta sin nach dtiocfadh le naimhde ar bith a rinne a mbealach isteach sa chathair a mbealach a dhéanamh amach arís! Séadchomhartha suimiúil é Julian’s Bowers, agus is suntasach an méid dua (agus airgid) atá á chaitheamh air, ainneoin nach bhfuil an láithreán féin go hard ar liosta tosaíochtaí English Heritage.
a bhí suntasach dóibh nuair a tharla siad. but were eminent to them when they happened.
" Tá cuimhne ag gach duine ar éachtaí nó ar mhórghníomhartha nach raibh coinne leo agus a bhí suntasach dóibh nuair a tharla siad.
an ceann is suntasaí the most distinctive one
" Is é an ceann is suntasaí don chuairteoir ná an Manhattan Greenway, a théann timpeall chiumhais oileán Manhattan.
suntasach noticeable
" Cé gur drochshamhradh a bhí ann ó thaobh na haimsire de, bhí sé suntasach go raibh an aimsir go breá nuair a imríodh formhór na gcluichí móra.
an dá bhua ba shuntasaí the two most prominent victories
" Is dóigh gurb iad bua Shligigh i gCraobh Chonnacht agus bua na Mí ar Thír Eoghain an dá bhua ba shuntasaí i mbliana.