Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá sé tar éis olc a chur ar dhaoine áirithe he has rubbed some the wrong way
" Tá sé tar éis olc a chur ar dhaoine áirithe, mar gheall ar gur Meiriceánach é agus ar chúiseanna eile.
tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú I doubt if anybody even read it
" “Chuir Harvard an stampa rubair ar an tráchtas – tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú – ar chóras fuaime na Gaeilge, rud nach raibh tuiscint chomh maith sin air go dtí sin.
Tá an-chion agam ar na daoine, I have great affection for the people,
" Tá an-chion agam ar na daoine, cion nár chaill mé riamh, go háirithe ar dhaoine áirithe ansin.
Tá faitíos ar dhaoine People are terrified
" Tá faitíos ar dhaoine an t-ábhar áirithe seo a phlé go macánta.
ach tá cosc ar gach duine eile everybody else is prohibited
" ” Mar sin, tá an ceart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean, ach tá cosc ar gach duine eile a leithéid a dhéanamh.
tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith. she is in favour of people having the right to bear arms
" Tá sí go láidir in aghaidh an ghinmhillte (de shaghas ar bith, fiú más de thoradh éignithe an toircheas); ní chreideann sí go bhfuil téamh domhanda ar siúl (cé go bhfuil píosaí ollmhóra dá stát ag titim isteach sa Mhuir Artach cheana féin); is mór léi sealgaireacht agus tá sí ar son ceart a bheith ag daoine gunnaí a bhreith.
Tá díomá ar dhaoine people are disillusioned
" Tá díomá ar dhaoine nach bhfuil ag éirí leis an AE cúnamh a thabhairt dóibh dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis an domhandú.
Tá mearbhall ar go leor daoine plenty of people are astonished
" Tá mearbhall ar go leor daoine faoin scéal áirithe seo agus d’fhéadfadh sé nach dtiocfaidh deireadh leis go ceann tamall maith.
Tá an-léamh ag Haneke ar an duine H. really knows the human being
" Tá an-léamh ag Haneke ar an duine, fiú más oighriúil í fís an Ostaraigh.
tá méadú tagtha ar líon na ndaoine the number of people increased
" Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
Tá roinnt daoine ar a aithne some of those he knows
" Tá roinnt daoine ar a aithne den bharúil go dtarraingeodh an 132 a dhá oiread de mhí-ádh orthu.
Tá alltacht ar dhaoine áirithe certain people are horrified
"Tá alltacht ar dhaoine áirithe faoin méid ata bainte amach ag na dojos ach tugann sé misneach dom go bhfuil glúin de chruthaitheoirí cumasacha ag teacht chun cinn”, a deir sé.
tá aithne agamsa ar neart daoine I know plenty of people
" Agus tá aithne agamsa ar neart daoine anseo i nDún Garbhán agus i nDún na Mainistreach agus is Gaeilgeoirí iad freisin.
Tá fearg ar dhaoine people are angry
" Tá fearg ar dhaoine faoin gcaoi ar theip ar pholaiteoirí fadhbanna ollmhóra tromchúiseacha a sheachaint agus faoin gcaoi ar chuir polaiteoirí leis na fadhbanna.
Tá lúcháir ar dhaoine people are delighted
" An ‘Maglia Rosa’ ======= Tá lúcháir ar dhaoine go bhfuil dearthóir de chuid na hÉireann – Fergus Niland ag obair mar cheann roinne táirge agus dearaidh leis an chomhlacht Santini i mBergamo, san Iodáil atá i mbun na ngeansaithe a dhearadh don Giro d’Italia.