Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chuaigh i mbun léinn. who sent for learning.
" Ag an am sin níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú don mhionlach sin a chuaigh i mbun léinn.
chuathas i mbun coimhlinte conflict started
" I ndiaidh do Hongi filleadh ar Kerikeri, chuathas i mbun coimhlinte ina cheantar.
chuathas i mbun ionsaithe pearsanta personal attacks were initiated
" Ach nuair a thaispeáin go leor pobalbhreitheanna eile gurbh fhearr le muintir na tíre Kevin Rudd ná John Howard mar phríomh-aire, chuathas i mbun ionsaithe pearsanta ar cheannaire nua an fhreasúra.
chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint Irial began to generate ideas
" Ar dtús, ní raibh taobh teicniúil ag baint leis an gcomhlacht, agus chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe.
chuathas i mbun péinteála painting was carried out
" Nuair a leasaíodh na comharthaí bóthair le dul i bhfóirstean don dlí úr chuathas i mbun péinteála i ndorchadas na hoíche, rud a d’fhág na comharthaí ar fad ina ngráin súl.
chuathas i mbun géarleanúna a witch-hunt was begun
" In áiteanna eile, ar an drochuair, chuathas i mbun géarleanúna.
áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga. a place where he went about intensive study on the language
" ”Seal sa Ghaeltacht I mí an Mhárta anuraidh chuir Bishop faoi i dTír an Fhia i Leitir Móir, i nGaeltacht Chonamara - áit a ndeachaigh sé i mbun dianstaidéir ar an teanga.
ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne muscials in which the character start singing at the drop of a hat
" Murab ionann agus leithéidí *Mary Poppins* nó *Singing in the Rain* - ceoldrámaí ina dtéann na carachtair i mbun amhránaíochta gan choinne - tá inchreidteacht ag baint le húsáid na n-amhrán sa scannán áirithe seo mar gheall ar gur ceoltóirí iad na príomhcharachtair.
chuathas i mbun círéibeacha there were riots
" Tar éis don fhíorasc neamhchiontachta a bheith fógartha, chuathas i mbun círéibeacha ar caitheadh 1,700 duine i bpríosún mar gheall orthu.
téann siad i mbun drochíde a thabhairt they start their abuse
" (Paragraf 6)Mar gheall ar nach bhfeiceann na bulaithe a gcuid íospartach, téann siad i mbun drochíde a thabhairt gan tuiscint iomlán a bheith acu maidir leis na himpleachtaí agus na hiarmhairtí a bhíonn i gceist ó thaobh an íospartaigh de nó an rian a fhágann an bhulaíocht ar a shaol.
chuathas i mbun lánpháirtithe san AE integration was begun in the EU
" San am céanna, chuathas i mbun lánpháirtithe san AE agus rinneadh na nascanna a dhoimhniú go mór.
le go rachfar i mbun gnímh so that action will be taken
" Tá maoirseacht de dhíth le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí agus le go rachfar i mbun gnímh chomh luath agus a dhéantar gearáin.
rachfar i mbun shall be approached
" Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.
Téann siad i mbun oibre they set to work
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
Téann siad i mbun oibre they set to work
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
go rachaidís i mbun idirghabhála le that mediation be entered with
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
go dté sibh slán i mbun tiomána safe driving
" Mar sin, go dtí an mhí seo chugainn, go dté sibh slán i mbun tiomána!
nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair. when the demolition of the area's abandoned warehouses was undertaken.
" Thángthas ar neart fionnachtana seandálaíochta i Lìte sna nóchaidí nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair.
a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge who set about realising their dream
" Chuaigh Colm Mac Séalaigh i dteagmháil le dream iontach aislingeach san ardchathair, dream gníomhach a chuaigh i mbun fíorú a n-aislinge, Na Gaeil Óga.