Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo they seldom pay for this bad behaviour
" Is é an fáth go bhfuil na póilíní ag caitheamh mar seo go fóill le fir dhubha ná nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo.
a bheas thíos leis that will suffer
" Cé gur léir gur féidir an locht a chur ar dhrochphleanáil an cheardchumainn féin agus na Roinne Oideachais nach bhfuil go leor múinteoirí á n-oiliúint, tá seans ann gurb í an Ghaeilge a bheas thíos leis má éistítear le Joe O'Toole agus a leithéidí.
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
thíos leis would suffer
" "Bheadh an té a rachadh eatarthu thíos leis.
le fáil thíos ná thuas not to be found anywhere
" Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
thíos leis would suffer
" "Bheadh an té a rachadh eatarthu thíos leis.
go mbeadh sé thíos leis that he should suffer
" Aontaím ar fad nár chóir go mbeadh aon imreoir as póca de bharr a chuid iarrachtaí ar son a chontae agus má ghortaítear imreoir is cóir aire a thabhairt dó agus a chostais mhíochaine a íoc as ciste éigin nó scéim árachais cuí (rud atá ann ach go mb'fhéidir gur gá a fheabhsú) agus níor chóir go mbeadh sé thíos leis ó thaobh tuarastail de ach oiread.
nó go mbeidh siad féin thíos leis or that they themselves will suffer
" Léiríonn na cásanna seo ar fad gur gá do chomlachtaí súil a choimeád ar an méid atá ar bun ag a gcuid oibrithe - nó go mbeidh siad féin thíos leis.
a bheas thíos leis who will suffer
" Níl amhras ar dhaoine ach gur deachtóir brúidiúil é Saddam Hussein ach is cinnte gurb iad gnáthmhuintir na tíre sin a bheas thíos leis má bhíonn buamáil agus ionsaí i gceist.
Is é a bheas thíos leis he'll pay for it
" "Is é a bheas thíos leis," ar sí agus tharraing sí uirthi ualach mór páipéir agus níor thóg sí a ceann ar feadh uaire.
d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór certain industries in this country could suffer greatly
" Ach má thagann siad féin ar an tuairim go bhfuil Éire ag cabhrú leis na comhghuaillithe i ndúnmharú mhuintir na hIaráice, d'fhéadfadh tionscail áirithe sa tír seo a bheith thíos leis go mór dá bharr.
bíonn na feirmeoirí sna tíortha sin thíos go mór leis the farmers in those countries suffer a lot as a result of it
" Cuireann an dumpáil sin na margaí áitiúla as a riocht ar fad, agus bíonn na feirmeoirí sna tíortha sin thíos go mór leis.
is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo it is the Irish people who would suffer the most as a result of this
" Agus, ainneoin dhearcadh an phobail i leith an cheathrú eastát, i mo thuairmse is iad muintir na hÉireann is mó a bheadh thíos leis seo.
Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis it will be the fishermen who will suffer most
" Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis nuair a chuirfear an plean seo i bhfeidhm.
agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu and to kick away the ladder from those who were below them
" "Bhí siad sásta cibé deontais a bhí ag teacht ón Eoraip agus ón Bhreatain a ghlacadh agus an dréimire a chiceáil ar shiúl ón dream a bhí thíos fúthu.
ann ach go raibh sé ábalta iad a choinnéail thíos he could barely keep them down
" Chonaic Dónall faoina shúile go raibh Máire ag amharc air agus, ar mhaithe lena cur ar a suaimhneas, chaith sé siar cúpla greim ach ann ach go raibh sé ábalta iad a choinnéail thíos.
a bheadh thíos leis that would suffer
" Tuigim gur beart iontach dian a bheadh anseo agus gurb iad na hothair féin a bheadh thíos leis.
a bheas thíos leis who will suffer
" Is iad na daoine atá i bpostanna cléireachais agus riaracháin, agus chan amháin na daoine sin i bpostanna sinsearacha, a bheas thíos leis.
a bhí thíos le foréigean an IRA who suffered from the IRA's violence
" Is éard atá in *Love Ulster *na comhghuaillíocht ina bhfuil Fir Bhuí, dílseoirí paraimíleatacha agus daoine a bhí thíos le foréigean an IRA.
is mó a bhí thíos leis. who suffered most.
" Thug mé faoi deara i gcónaí gur mhinic na daoine ó na teaghlaigh sin nach raibh aon taithí acu ar an chineál seo saoil is mó a bhí thíos leis.
atá thíos leis an chibear-bhulaíocht. who are victims of cybe-bullying.
" Is gá gníomhú láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an deacracht seo, agus deireadh a chur le fulaingt na ndaoine óga atá thíos leis an chibear-bhulaíocht.
is mó a bheas thíos leis. which will suffer the most.
" Beidh tuilleadh galar, tuillte, stoirmeacha agus ganntanas uisce ann, agus is iad tíortha bochta an domhain is mó a bheas thíos leis.
beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis. the people of the countryside will suffer greatly.
" Is cinnte go mbeidh toradh fiúntach ar chur i bhfeidhm na ndlíthe maidir leis an tiomáint agus an t-ól ach beidh muintir na tuaithe thíos go mór leis.
a bheas thíos leis. who will suffer.
" Mura gcuirtear ar bun córas oiliúna Gaeilge sna blianta atá romhainn, is iad na daltaí ar mian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na teanga sin a bheas thíos leis.
ag dul ar aghaidh thíos staighre. going on downstairs.
" Bhíodh muidinne thuas sa leaba ag éisteacht leis seo ag dul ar aghaidh thíos staighre.
go dtéann Polannaigh i dtíos níos luaithe that Poles settle down sooner
" ” Luaim éagsúlacht eile le hIzabela atá tugtha faoi deara agam féin idir muintir an dá thír, is é sin go dtéann Polannaigh i dtíos níos luaithe ná Éireannaigh.
Thuas-seal-thíos-seal an tsaoil the ups and downs of life
" Thuas-seal-thíos-seal an tsaoil a bhí faoi chaibidil againn agus muid sa Barge, an teach tábhairne ar Shráid Charlemont.
go mbíonn idir mhic léinn agus fhoireann thíos léi that both students and staff suffer because of it
" Ach tá mé lánchinnte go mbíonn idir mhic léinn agus fhoireann thíos léi agus ní thaitníonn sí liom, ar chor ar bith.
nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis. that there is no recovery for the person who is suffering from it
" Ní hé gurb é an cineál galair é ailse magarlach nach bhfuil aon teacht aniar ann don té atá thíos leis.
atá thíos leis. who suffer its consequences
" Roimhe sin, chloisinn na staitisticí mar gheall ar SEIF agus bhreathnaínn ar na tuairiscí nuachta, ach níor thuig mé riamh céard a bhí i gceist leis, i ndáiríre, go dtí gur chónaigh mé i measc na ndaoine atá thíos leis.
ndiaidh a bheith thíos leis an gcibirbhulaíocht has suffered from cyber-bullying
" De réir an staidéir seo, ar thug an clár teilifíse “Primetime” agus an nuachtán *The Irish Independent *faoi, tá cailín Éireannach amháin as gach cúigear i ndiaidh a bheith thíos leis an gcibirbhulaíocht ag uair éigin ina saol.
thíos le worse off for
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda Poland suffered greatly because of the world wars
" Bhí an Pholainn thíos go mór leis na cogaí domhanda agus cailleadh sé mhilliún saoránach le linn an Dara Cogadh Domhanda amháin.
thíos leis suffering from it
" Tá tionchar an radachuir fós le sonrú inniu, agus beidh na mílte duine thíos leis an tubaiste sna glúin atá le teacht.
sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur in the regions which are most greatly affected by the nuclear fallout
" Is í an sprioc atá ag Roche, ag a heagraíocht agus ag na 5,000 oibrí deonach a dhéanann obair leo ná faoiseamh, dínit agus cúnamh a thabhairt do na páistí sna réigiúin is mó atá thíos leis an radachur.
thíos le worse off because
" “Ach níl a dhath déanta ag an Pháirtí Phoblachtánach deireadh a chur le ginmhilleadh dleathach, mar sin, níl an cogadh cultúir buaite acu, ach má gheallann siad cogadh cultúir a throid agus má bhíonn siad gung-ho fán chuid eile den domhan, gheobhaidh siad tacaíocht ó dhaoine a mbíonn a leas eacnamaíocht thíos le rialtas Poblachtanach,” ar sé.
thíos leis worse for the fact
" Ó tharla oiread sin freastail a bheith déanta ag ár gComhairleoirí ar chomhdháileacha le blianta anuas, ní dócha go mbeadh an tír thíos leis dá staonfaí ón nós ar feadh cúpla bliain eile.
thíos go dona in a bad way
" Tá an-chuid daoine thíos go dona leis an chúlú mhór mhillteanach seo, agus tá daoine óga ina measc siúd.
thíos leis worse off, negatively affected
" Fostóirí is mó atá thíos leis an gcóras mar atá.
thíos leis suffered because
" Ba iad an mhuintir dhúchais a bhí thíos leis an gcoimhlint ag deireadh an lae, mar a tharla arís agus arís eile i stair na gcoilíneach sa tír seo.
táillí tís domestic rates
" Gheall Jack Lynch san fheachtas toghchánaíochta sa bhliain 1977 go gcuirfeadh Fianna Fáil deireadh le táillí tís – cáin a ghearrtar ar luach an tí chónaithe.
bheidh thíos leis shall suffer because of it
" Bourgeois go bhfuil a fhios againn cén chumhacht atá ag COGG, ’sé sin comhairle amháin, caithfidh muid breathnú ar céard ba cheart a bheith acu, ansin suí síos leis an Roinn Oideachais, a fhad agus a bhfuil tacaíocht taobh thiar dínn agus ár gcos a chur síos agus a rá leis an Roinn go bhfuil na seacht gcumhacht uainn agus “cuir an cheist ar an Roinn, cén fáth nár chóir do thuismitheoirí agus do phobal na Gaeltachta, a bhfuil, ar shlí, a dteanga féin a chailleadh, gníomhú? Ní na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath a bheidh thíos leis, ach na gasúir a seasann a dtuismitheoirí agus a bpobal dóibh”.
atá thíos leis who are losing because
" Mar sin, is athrú bunúsach, radacach, réabhlóideach athá ag teastáil agus comhghuaillíocht idir ghnáthdhaoine na hEorpa, mar is iad súd atá thíos leis an mbrabúsaíocht agus an specúiléireacht ins an gcóras mar atá i láthair na huaire.
thíos mar sin suffering so
" Is beag an faoiseamh uimhreacha daonáirimh ag an duine atá thíos mar sin le géire na fírinne ina thimpeall.
sliocht thíos excerpt below
" Feictear dom go léiríonn an sliocht thíos an fáth a bhfuil an ardurraim seo tuillte go maith ag Éireannaigh na hAstráile.
thíos leis suffer from
" Is beag duine nach gcreideann go mbeidh Iosrael thíos leis na muirthéachtaí atá ag réabadh an Mhéanoirthir ó thús na bliana seo — in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurb iad lucht Iosrael is mó atá ag tacú le heasaontóirí an taoibh sin domhain le roinnt blianta anuas.
bheas thíos leis shall suffer because of it
" Ach in ionad fadhbanna an réigiúin a réiteach, tá a fhios go maith ag comhairleoirí Obama go gcruthóidh na hiarrachtaí seo uilig olagarcacht airgid sa Mheánoirthear mar a tharla in Oirthear na hEorpa, agus an gnáthduine a bheas thíos leis.
bheadh thíos le would suffer by
" Ghlac breithiúna na Breataine leis go dtí seo nach gá go mbeadh foilsiú an eolais seo ar leas an phobail agus gur chóir fosta cosaint a thabhairt do dhaoine neamhurchóideacha, ar nós leanaí, a bheadh thíos le nochtadh na gcaidreamh.
bheith thíos go deo to have failed forever
" A bhFuil Romhainn ========= Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas: Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo, ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
a bheas thíos leis who shall suffer
" Is iad na glúnta inár ndiaidh a bheas thíos leis.
sa chlár thíos in the table below
" Ach sa tréimhse chéanna mhéadaigh daonra na Gaeltachta 5%! Taispeáintear sa chlár thíos an méadú nó laghdú a tharla i líon na gcainteoirí laethúla Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta na gcontaethe éagsúla: <table> <caption>Tábla 3.
Thíos fúm below me
" Finné ar Riasc an Choimheascair ============== Thíos fúm, tá Béal Feirste agus an sliabh ar a bhfuil mé mar fhinné ar an stair - chonaic sé fás an bhaile ó bhí sé ina *“dismal swamp”* go dtí an baile mór tionsclaíoch ina raibh cuid de na monarchana ba mhó ar domhan, tráth.
is soghonta a bheas thíos léi most vulnerable who shall suffer as a result
" Tá ardrátaí féinmharaithe againn cheana féin agus is iad na daoine is soghonta a bheas thíos léi.
mar a mhíneoidh mé thíos as I’ll explain shortly
" Bhí an tiachóg seo lárnach sa triail, mar a mhíneoidh mé thíos.
thíos le fadhbanna inmheánacha suffering from internal problems
" Mar a mhaígh mé cheana, tá Mitt Romney thíos le fadhbanna inmheánacha an Pháirtí Phoblachtánaigh a fhágann nach bhfuil tacaíocht iomlán á fáil aige ó eite dheis ná ó dhream láir a pháirtí féin.
fonóta thíos see the note below
" Ag Saothrú Meas Namhad ============ A fhad is a bhain sé liom féin áfach agus mé mar bhall de Arm Heffo (fonóta thíos) sna seachtóidí agus ochtóidí, ba é Páidí Ó Sé an namhaid, namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige agus ag a chomhghleacaithe mallaithe Ciarraíocha ach croí gach ‘Dub’ a bhriseadh chomh minic agus ab fhéidir.
na crúba thíos faoi he’s got hooves
" Forloscadh agus dó, na crúba thíos faoi! Ó, a thiarcais! Anam an Diabhail! Agus ní raibh aon éaló ó Fhear na gCrúb i bpictiúrlanna Éireann le seachtainí beaga anuas ach an oiread.
ag a chombalacht thíos ansin his establishment down there
" Tá obair iontach ar siúl aige Ciarán agus ag a chombalacht thíos ansin.
Bhí solas na gealaí ag lonrú ar na lochanna thíos moonlight shinning on the lakes below
" Bhí solas na gealaí ag lonrú ar na lochanna thíos uainn agus áilleacht an cheantair á nochtú leis an scarthanach.
i dtreo an phoill sin thíos toward that hole below
" Ag teacht amach arís is féidir an abhainn a leanúint ó bhéal na huaimhe trí chlais na Cladaí, siúlóid dheas ann féin, ach bhí mo shúile loscánta casta i dtreo an phoill sin thíos.
gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis the countries of origin often suffer as a result
" Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
is mó a bheidh thíos who shall lose most
" Is iad an dream óg atá faoi 25 bliain d’aois agus atá ag fáil sochar sóisialta is mó a bheidh thíos ó thaobh íocaim de.
atá thíos leis who suffer because of it
" Is fadhb don ASTI nach bhfuil aon bhá ag tuismitheoirí leis an ASTI mar is iad na tuismitheoirí is na scoláirí atá thíos leis.
i mo mhála thíos in my bag
" Mo léan géar, caithfidh gur ar rudaí eile a bhí aird agam an lá sin, mar nuair a bhain mé ceann scríbe amach, thuig mé nach raibh leabhar ar bith de mo chuid féin i mo mhála thíos.
a bheadh thíos leis would suffer from it
" *’ Bhí sé i gcoinne cur le hamanta craolta Raidió na Gaeltachta fosta mar gur Radio 1 a bheadh thíos leis, dar leis.
sular deineadh an cinneadh thíos i before the decision was made ‘down’ in
" Ní hamháin sin ach tá gach cuma ar an scéal nár fhan siad leis an toradh ón bpróiséas comhairliúcháin sular deineadh an cinneadh thíos i gCill Airne, le linn Oireachtas na Gaeilge, deontas a chur ar fáil do nuachtán ar líne amháin, Smaoinigh gur deineadh an cinneadh ar an 1 Samhain ach an dáta atá ar an anailís a cuireadh ar fáil don bhForas ná an 8 Nollaig 2013! Sa chonchlúid deirtear sa tuarascáil, a réitigh Regina Uí Chollatáin agus Róisín Ní Mhaolchallann, go bhfuil sé ‘róluath le bheith ag dul i dtreo an idirlín amháin’ agus go mba mhaith le pobal na Gaeilge ‘go mbeadh nuachtán clóite ar fáil’ chomh maith le nuachtán ar líne.
Léiríonn an clár thíos the chart below shows
" Léiríonn an clár thíos an réimse oibre as a mbeidh gach ceann dena 6 cheanneagraíocht freagrach: <table style="width: auto; margin: auto"> <thead> <tr><td></td><td>Réimse Oibre</td><td>Ceanneagraíocht Bhuacach</td></tr> </thead> <tbody> <tr><td>1</td><td>Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge</td><td>Eagraíocht na nGaelscoileanna</td></tr> <tr><td>2</td><td>Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht</td><td>Conradh na Gaeilge</td></tr> <tr><td>3</td><td>Oideachas in Earnáil an Bhéarla</td><td>Gael-Linn</td></tr> <tr><td>4</td><td>Deiseanna a Thacaíonn le húsáid na Gaeilge agus le Bunú Gréasán</td><td>Oireachtas na Gaeilge</td></tr> <tr><td>5</td><td>Forbairt Pobail agus Eacnamaíochta</td><td>Glór na nGael</td></tr> <tr><td>6</td><td>Forbairt Deiseanna Úsáidte Gaeilge agus Gréasán do Dhaoine Óga</td><td>Cumann na bhFiann</td></tr> </tbody> </table> Bhíos i láthair ag cruinniú i nGaillimh, a thionól an Foras leis an ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ a phlé tús na bliana 2012.
a bhí thíos leis an eachtra seo who suffered from this incident
" Níos measa fós, níorbh iad cosmhuintir an stáit ba mhó a bhí thíos leis an eachtra seo, ach na daoine sin a thiománann isteach go Nua-Eabhrac i gcomhair oibre.
thíos leis at a loss because of it
" Mar fhreagra air seo, deir siad siúd nach bhfuil geanúil ar a phlean, nach mbeidh de thoradh air ach go mbeidh an lámh in uachtar ag an tsiamsaiocht chorparáideach sa deireadh agus tionscnamh ealaíonta na scannaíochta agus na daoine atá fostaithe ann thíos leis.
tá an geilleagar thíos leis the economy suffers
" Más ea, tá turasóireacht riachtanach don gheilleagar áitiúil i dTír Conaill agus muna bhfuil na cuairteoirí ag teacht, tá an geilleagar thíos leis.
ar an dream atá thíos for the underlings
" Ní oibríonn stát mar sin ach ar feadh tamaill sula dtéann siad thar fóir le fuath ar an dream atá thíos.
má chrochann tú thart le duine atá thíos seal if you hang out with a person who is down
" Bhí siad ag iarraidh a fháil amach an maireann an tógálacht mothúcháin ar line? Is é sin, má chrochann tú thart le duine atá thíos seal, ní bheidh sé i bhfad go mbeidh tú féin thíos seal freisin, dá dheasca.
thíos seal freisin depressed also
" Bhí siad ag iarraidh a fháil amach an maireann an tógálacht mothúcháin ar line? Is é sin, má chrochann tú thart le duine atá thíos seal, ní bheidh sé i bhfad go mbeidh tú féin thíos seal freisin, dá dheasca.
thíos seal thuas seal of fortune and misfortune
" Ríomhann Colm Mac Séalaigh scéal thíos seal thuas seal foirne peile Átha Cliath i gCraobh na hÉireann le breis is céad bliain anuas.
an té atá thíos the lesser off
" Dearcann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo ar an dóigh gur mó ag páirtithe móra na hAstráile a sochar polaitíochta féin ná urraim agus ceart a roinnt leis an té atá thíos.
thuas seal thíos seal (saw) the ups and downs
" Bhí Julia Gillard thuas seal thíos seal mar Phríomh-Aire na hAstráile agus bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an scéal.