Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
de réir tír dhúchais agus gnéis according to country of origin and sex
" ) Na laethanta seo, tá striapacha le fáil i bpáirteanna éagsúla de na cathracha móra, ach bíonn a bhformór ag obair i gcúpla príomhcheantar de ghnáth agus bíonn siad scartha de réir tír dhúchais agus gnéis go minic.
a dtír dhúchais their native country
" Nuair a chuaigh grúpa de na mic léinn seo ar ais go dtí a dtír dhúchais ag Nollaig na bliana 1888, chruthaigh siad *Foringafelag*, cumann náisiúnta a raibh sé mar phríomhaidhm aige an Fharóis a mhúineadh agus a scaipeadh go forleathan.
as a thír dhúchais from his native country
" Éireannach ab ea an t-úinéir, fear mór gnó a raibh gníomhaireacht taistil aige freisin ar bhain sé usáid aisti chun ceoltóirí óga as a thír dhúchais a thabhairt go Bostún, agus chun blaiseadh maith den cheol a thabhairt freisin do na daoine agus iad ag ithe a gcuid *boxty *agus a *mixed Irish grill platters*.
ina thír dhúchais in his native country
" Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
ina thír dhúchais in his native land
" Is cinnte nach inniu ná amárach a dhéanfar dearmad ar an laoch Polannach seo ina thír dhúchais.
ina thír dhúchais in his native land
" Is cinnte nach inniu ná amárach a dhéanfar dearmad ar an laoch Polannach seo ina thír dhúchais.
ag filleadh ar a dtír dhúchais returning to their native country
" Glacann an mhórchuid díobh leis nach mbeidh siad ag filleadh ar a dtír dhúchais, agus, ós é an Béarla príomhtheanga Mheiriceá cheana féin, déanann siad tréaniarracht a bpáistí a thógáil trí Bhéarla.
ina thír dhúchais, an Ísiltír. in his native country, Holland.
" Ba é an cleachtadh a bhí aige go dtí sin ná pailéad dorcha gruama a úsáid agus é ag léiriú an tsaoil laethúil a bhí á scrúdú aige ina thír dhúchais, an Ísiltír.
An mbraitheann sé uaidh a thír dhúchais does he miss his native country
" An mbraitheann sé uaidh a thír dhúchais? “Ní raibh deis agam an baile a bhraith uaim mar go bhfuil mé ag caitheamh leath mo chuid ama in Éirinn go fóill.
a thír dhúchais his native country
" Liam Guidry, Rúnaí / Cisteoir Daltaí na Gaeilge“Cé gur chaith Seán blianta fada anseo, ní dhearna sé dearmad riamh ar a thír dhúchais ná ar an nGaeilge.
thír dhúchais your native country
" B’ionann a bheith ag buaileadh na liathróide le do chloigeann agus tréas in aghaidh do thír dhúchais.
tír dhúchais native land
" Scríobh an file óg é sa bhliain 1906 agus í i bhfad i gcéin, ag cuimhneamh le cumha ar a tír dhúchais.
mhuintir dhúchais na tíre the native people
" (Bhí an ceart seo ag mná geala amháin, le bheith beacht, mar níor tugadh aon cheart daonna do mhuintir dhúchais na tíre faoin am sin.
thír dhúchais native country
" Níor luaigh sé, áfach, go raibh ElBaradei ina bhall de bhord an International Crisis Group—eagraíocht neamhrialtasach a bhunaigh agus a mhaoinigh Soros—go dtí gur fhill sé ar a thír dhúchais ar 27 Eanáir, dhá lá i ndiaidh tús na n-agóidí.
thír dhúchais native country
" B’ansin a thosaigh mé ag cur ceisteanna faoi Éirinn, faoi mo thír dhúchais féin.
a thír dhúchais his native soil
" D’fhill sé ar a thír dhúchais i 1992, ach bhí fáilte chomh croíúil ag an slua roimhe gur chuir an rialtas thar teorainn ar an iasacht arís é ar fhaitíos na réabhlóide.
tar éis slán a fhágáil ag a dtír dhúchais have said goodbye to their native land
" In ainneoin an chúlaithe dhomhanda, tá geilleagar na Polainne níos fearr as ná mar atá formhór na mballstát AE eile agus ó chuaigh an Pholainn isteach sa AE i 2004 tá na céadta míle Polannach tar éis slán a fhágáil ag a dtír dhúchais.
ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais by his parents in a family unit in his own country
" Ach cén bhrí atá leis an tsaoránacht ó thaobh an linbh de mura bhfuil ceart aige a bheith tógtha ag a thuismitheoirí in aonad teaghlaigh ina thír dhúchais? An tAE ag teacht i gCabhair ar an tSaoránacht ===================== D’fhág breithiúnas na Cúirte Uachtaraí go raibh ar inimircigh nár chomhlíon coinníollacha an IBC/05 Scheme imeacht as an tír.
an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre how the native people were treated
" Bhí ciníochas follasach le sonrú san Astráil um an dtaca sin, cuir i gcás an dúnghaois inimirce, an White Australia Policy, agus an dóigh ar caitheadh go dona le muintir dhúchais na tíre i réimsí áirithe sa saol abhus.
chun tír dhúchais a fhágáil to leave one’s native soil
" Más luachmhar linn an éagsúlacht agus an ceart daonna chun tír dhúchais a fhágáil, ní chuirimid i gcoinne na himirce.
dtréigfeadh sé a thír dhúchais he’d leave his native soil
" Scéal Samplach ====== I ndiaidh dá thuismitheoirí bás a fháil, shocraigh Eric Tabo go dtréigfeadh sé a thír dhúchais ar son na hEorpa d’fhonn obair a fháil a ligfeadh dó soláthar dá dheartháireacha is deirfiúracha.
ina thír dhúchais in his native country
" Mhaígh sé gur homaighnéasach é ó bhí sé sna déaga is go raibh sé i mbaol géarleanúna ina thír dhúchais, Camarún, mar gheall air seo.
a dtír dhúchais sa lá inniu their native country is at present
" Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
ar siúl ina dtír dhúchais going on in their native country
" Ós rud é gurb ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) a fuarthas roinnt mhaith de na hairm, na hacmhainní is an oiliúint a lig d’fhórsaí míleata Ghuatamala ár a dhéanamh ar mhuintir na tíre, tá sé sách oiriúnach gur ar na Stáit Aontaithe a thug na mílte Guatamalach aghaidh agus iad ag iarraidh teitheadh ón sléacht is ó na héagóracha a bhí ar siúl ina dtír dhúchais.
feachtas ina dtír dhúchais a campaign in their native country
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
i réim ina dtír dhúchais féin arís ever come the fore in its native land again
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
ina thír dhúchais féin at home
" Cuimhnigh ar an easpa aitheantais a fuair Seosamh Ó hÉanaí ina thír dhúchais féin agus an t-éamh ina choinne mar aoi ag coirm cheoil na Dubliners.
neamhshuime i mo thír dhúchais a lack of interest in my own country
" D’airigh mé ina measc neamhshuime i mo thír dhúchais nach raibh tugtha faoi deara agam roimhe sin, agus chuir sé olc orm.
thír dhúchais mo mháthar my mother’s native country
" B'fhearr liom scéal na Breatnaise a inseacht de réir mar atá sí á cloisteáil agam le ráithe anuas ó d'fhill mé ar thír dhúchais mo mháthar le deireanas tar éis cúig bliana a chaitheamh sa bPolainn agus sa nGearmáin.
i dteanga dhúchais na tíre in the country’s native language
" Bhí daltaí meánscoile cloiste agam ag spalpadh leo i dteanga dhúchais na tíre ar an mbus i mbaile Dolgellau i lár tíre.
dá bpillfidís ar a dtír dhúchais were they to return to their native shores
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
tír dhúchais native country
" 

 Tá bean óg amháin ag obair ar an choigríoch agus cé go bhfuil gaol an-láidir lena muintir agus lena tír dhúchais tá sí ag saothrú léi i gcúrsaí Gaeilge - i Nua-Eabhrac.
fiú ina thír dhúchais féin even in his native country
" Ceannródaí i bhForbairt na Nua-Ealaíne =================== Aisteach le rá, tá Lhote dearmadta ag cuid mhór daoine anois, fiú ina thír dhúchais féin, an Fhrainc.
dtír dhúchais native soil
" Tá dhá leibhéal sa scannán seo: ríomhann an scannán scéal beirt bhan óga agus iad idir dhá thine Bhealtaine: bealach na himirce a roghnú agus slán a fhágáil lena dtír dhúchais dála na mílte eile sa lá atá inniu ann ar mhaithe le saol eile a d’fhéadfadh a bheith níos fearr? Ar leibhéal eile, leibhéal a bhfuil uilíochas níos mó ag roinnt leis, baineann an scéal seo leo siúd a sheasann an fód i gcoinne an mhaorlathais agus iad siúd a bhfuil an t-údarás gan réasún acu.
bhraith sí uaithi a tír dhúchais go mór she really missed her native country
" Chaith Emer Ní Bhrádaigh an Nollaig seo caite i Wisconsin Mheiriceá agus bhraith sí uaithi a tír dhúchais go mór.
a tír dhúchais. her native country.
" Tá an taisteal atá déanta thar lear le dhá bhliain anuas ag Máire Ní Chuagáin tar éis léargas nua a thabhairt di ar a tír dhúchais.