Níor chuala mé ach dea-scéalta den chuid is mó faoi na hÉireannaigh, go háirithe sa tSaimbia, áit a raibh dea-chuimhní ag go leor daoine ar mhúinteoirí Éireannacha a bhí acu.
Chuir mé sonrú ar leith i gcaint a thug an Dr Dambisa Moyo, eacnamaí idirnáisiúnta ón tSaimbia, agus í ag caint ar an dóigh gur féidir gurb í an tSín a bheas mar eiseamláir do thíortha i mbéal forbartha (cé gur thug sí margaí éiritheacha orthu) in áit Stáit Aontaithe Mheiriceá.