Ina leabhar *‘Voices and the Sound of Drums’* cuireann Patrick Shea síos go beacht ar an mbealach ar tugadh ardú céime do chuile dhuine roimhe ach dóibh siúd a bhí *‘completely incompetent’*, mar go mba Chaitliceach eisean, cé go raibh sé chomh dílis don stát is a bhí aon duine eile.