Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thug siad droim láimhe they turned their back on
" Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe that we would turn our back on an enlarged Europe
" Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe? Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge that most of these people abandoned the Irish language
" Is fíor fosta gur thug cuid mhaith de na daoine seo droim láimhe leis an Ghaeilge nuair a bhain siad Meiriceá amach, mar bhí a fhios acu go maith gurbh é an Béarla teanga na tíre, agus gurb é a bheadh á labhairt ag bunús na ndaoine a chuaigh ann rompu.
thug Cudahy droim láimhe leis an tsagartóireacht Cudahy opted against the priesthood
" Ach nuair a bhí cinneadh le déanamh aige faoi phost, thug Cudahy droim láimhe leis an tsagartóireacht agus d'éirigh leis post a bhaint amach ag múineadh na fealsúnachta i gColáiste Bhostúin.
thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe he ignored to a long-established principle
" Ach bhain an tAire McDowell mí-úsáid as a phost agus thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo - go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe he ignored a long-established principle
" Go deimhin, thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo – go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt.
Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach when communism was rejected
" Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais.
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí a tradition which turns it back on the old understandings
" Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin, traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
thugann droim láimhe refutes, doesn’t use
" Agus feictear domhsa go bhfuil dhá bhua ar leith riachtanach don té a thugann droim láimhe don mbealach inste traidisiúnta.
tugadh droim láimhe do was rejected
" Craobhscaoilim an tuairim sin, ag cur san áireamh éagóir shraitheach na bliana seo caite nuair a tugadh droim láimhe do ‘Das weisse Band’, le Haneke, agus don sárshaothar ‘Un Prophete’ a rinne Jacques Audiard.
thug sé droim láimhe he affronted, turned down
" Léiriú é ar a charachtar is dóigh go bhfuil an grianghraf áirithe sin sa leabhar aige nuair is údar náire agus aiféala aige ó shin gur thug sé droim láimhe dá bhainisteoir.
Thug an triúr eile droim láimhe the other three objected
" Cime agus Caomhnóir is ea an Rialtas =============== Thug an triúr eile droim láimhe do Finlay agus Griffin.
a thugann droim láimhe don chur chuige rómánsúil which abandons the romantic approach
" Íomhá ar leith searmóin ghonta DJ Davis anseo toisc gur íomhá rómánsúil, soineanta fiú í laistigh de chlár a thugann droim láimhe don chur chuige rómánsúil ó thús go deireadh beagnach.