Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taifead record
" com, mar shampla, déantar taifead den saghas leabhair a d'ordaigh tú.
thaifeadadh record
" Mar shampla, má dhéantar fógra a thaifeadadh sa stiúideo is féidir liomsa é a sheinm ar mo ríomhaire san oifig, eagarthóireacht a dhéanamh air anseo agus é a sheoladh ar ais go dtí an stiúideo.
á thaifeadadh recording it
" Bhí mé féin díreach ag tosnú ar bhóthar an cheoil agus mé fós ag foghlaim faoi na difríochtaí idir ríleanna agus portanna! Bhí mé ag seinm ar an mbodhrán ag an am agus bhí an seisiún faoi lán seoil agus lucht na teilifíse á thaifeadadh.
a thaifeadadh to record
" Rinne sé iarracht dhá amhrán, "Éist do Bhéal " atá eisithe cheana féin ag Sinéad Lohan, agus "Rugadh orm i gCorcaigh", a bhuaigh comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta, a thaifeadadh le Declan Sinnott ach theip ar na hiarrachtaí.
trealamh taifeadta recording equipment
" Ainneoin gheallúintí an iar-Aire Dlí agus Cirt, go dtí seo níl trealamh taifeadta le fáil ach i thart ar an ochtú cuid de na stáisiúin Ghardaí.
taifeadadh recording
" Is é an giotáraí Astrálach Steve Cooney a léirigh é agus rinneadh an taifeadadh ina stiúideo i gContae Chill Dara.
thaifeadtaí recordings
" Tá a cuid eolais agus a cuid foinsí faighte aici ón leabharlann, ón chartlann, ón traidisiún béil, óna bailiúchán príobháideach féin, ó thaifeadtaí, ó nuachtáin áitiúla, agus ó roinnt foilseachán.
a thaifeadadh record
" "Ní dhéanfaidh siad ach do sheoladh a thaifeadadh.
thaifeadadh recording
" Faoin am a bhí ár gcomhrá críochnaithe, bhí an lámh in uachtar faighte ar na Conallaigh i bPáirc an Chrócaigh agus breis is dhá uair an chloig de thaifeadadh déanta agamsa.
taifead record
" Déarfainn gur na *cello suites *le Bach is fearr liom, go háirithe taifeadadh de chuid Rosterkovich a mbíonn ag éisteacht leis de shíor.
a taifeadadh which were recorded
" Cé go bhfuil rianta air atá tógtha ó albaim eile a foilsíodh roimhe seo, chomh maith le rudaí a taifeadadh as an nua go speisialta don tionscadal seo, níor íslíodh an caighdeán ceoil in am ar bith.
a thaifeadadh to record
" Amhránaithe óga sean-nóis agus ceoltóirí óga traidisiúnta a thaifeadadh.
albam a thaifeadadh to record an album
" " Albam ======= Tá sé beartaithe ag an bhean thar a bheith gnóthach seo albam a thaifeadadh go luath chomh maith, ar a mbeidh amhráin sean-nóis agus dhá cheann nua-chumtha.
thaifeadadh recording
" " Gan mhoill i ndiaidh a bua san Oireachtas, rinne Gearóidín na hamhráin ab ansa léi a thaifeadadh agus d'eisigh Cló Iar-Chonnachta iad ar an albam *Ar Fhoscadh na gCnoc*.
taifeadta recorded
" Bhí an dlúthdhiosca taifeadta cheana féin.
taifeadadh recording
" ES: Ar bhain sibh taitneamh as bheith ag taifeadadh nó an raibh sibh ag troid le chéile uaireanta? BNGP (ag gáire): An fáth go bhfuil mé ag gáire ná go raibh laethanta ann go rabhamar ag stróiceadh na gruaige asainn le frustrachas, mar nach raibh sé ag teacht le chéile go héasca, b'fhéidir amhrán a chanamar go breá beo.
taifeadadh recording
" Dála Fenster, tá McNabb lonnaithe i San Francisco, agus ceathrar ban a bhí ag freastal ar chúrsa Gaeilge sa chathair sin a rinne an taifeadadh leis.
a thaifeadadh to record
" Fuair mé fístaifeadán ar cíos mar bhí a fhios agam nach mbeadh deis eile agam go ceann tamaill fhada Teilifís na Gaeilge (mar a bhí air) a thaifeadadh.
ag taifeadadh recording
" Tá roinnt mhaith taistil déanta aige féin agus ag an ghrúpa Kíla le bliain anuas, sna Stáit Aontaithe den chuid is mó, ach i láthair na huaire tá siad ag taifeadadh albam nua agus ag obair leo ar a suaimhneas.
trealamh taifeadta recording equipment
" Is leo féin an trealamh taifeadta a úsáideann siad, mar shampla, agus tugann siad a n-albaim ar ceadúnas do dhreamanna éagsúla le hiad a dháileadh.
a thaifeadadh to record
" Fuair mé fístaifeadán ar cíos mar bhí a fhios agam nach mbeadh deis eile agam go ceann tamaill fhada Teilifís na Gaeilge (mar a bhí air) a thaifeadadh.
taifeadta recorded
" Tá suas le scór amhrán scríofa agam faoin tráth seo, comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta buaite acu faoi dhó agus amhráin dá gcuid taifeadta ag Sinéad Lohan agus Karan Casey.
taifeadadh ceart proper recording
" Agus táimid ar tí taifeadadh ceart a dhéanamh le chéile ar deireadh thiar thall, an bheirt againn, tar éis deich mbliana agus níos mó ag gabháilt de stuif le chéile! AÓF: Céard eile atá amach romhat anois nó an bhfuil aon tionscadal spéisiúil eile idir lámha agat faoi láthair? CDeB: Beidh mé ag obair le Brian Kennedy sa BBC i mBéal Feirste go gairid, istoíche amárach, ar amhrán nó dhó don tsraith atá aige siúd faoi chúrsaí ceoil.
taifeadadh recording
" Rinneadh taifeadadh ar na cláracha thíos sa Daingean i gContae Chiarraí agus is é Glen Hansard ó The Frames, seanchara le Mundy, atá á chur i láthair gach seachtain.
taifeadadh recording
" AÓF: Céard iad na taifeadtaí atá déanta agat? An bhfuil aon albaim eisithe agat? OMD: Rinne mé mo chéad taifeadadh in 2000 le beirt cheoltóirí eile darb ainm Brian Fitzgerald agus Micheál Ó Ruanaigh ar lipéad Chló Iar-Chonnachta.
taifead record
" Cosaint ar ghalair ======= Deir an Roinn go bhfuil taifead cinnte coinnithe ar páipéar faoi na beithígh atá ag dul chuig an seamlas, agus go gcuirfear an t-eolas cuí isteach sa gcóras ríomhaireachta nuair a bheas an t-aighneas thart.
taifeadadh recording
" Ach mar is eol d'éinne a rinne taifeadadh riamh is rud an-difriúil é agus is rud an-deacair é uaireanta nuair nach bhfuil taithí agat air.
ar taifead on record
" De réir an dlí in Éirinn, caithfidh na comhlachtaí gutháin eolas ar láthair gutháin a choinneáil ar taifead ar feadh tréimhse fada ama.
oifig na dtaifead poiblí the public records office
" De réir páipéar oifigiúil atá le fáil in oifig na dtaifead poiblí i Kew sa Bhreatain, is ag an bpointe seo a d'iarr Rialtas na Breataine ar MI6 eagraíocht a bhunú sa stát seo.
taifead stairiúil historical record
" Cé go bhfuil iarsmaí seandálaíochta fágtha ar an oileán, níl aon taifead stairiúil againn de bhuanchónaí ar Árainn Mhór go dtí 1641.
chun í a thaifeadadh to record her
" Tháinig Coimisiún Béaloideasa Éireann agus RTÉ isteach chun an oileáin chun í a thaifeadadh agus scríobh máistir scoile an oileáin, Pádraig Ua Cnáimhsí, a beathaisnéis (*Róise Rua*).
a thaifeadadh to record
" AÓF: Tá tú ag pleanáil dlúthdhiosca de do chuid féin a thaifeadadh chomh maith, nach bhfuil? SR: Tá, ach níl mé ach ag tosnú ar a bheith ag ullmhú rudaí anois agus ag tarraingt mo chuid smaointe le chéile.
taifeadta recorded
" Cheana féin, tá an iomad gigeanna déanta aige leis an West Ocean String Quartet, scríobh sé *suite *do Matt Molloy a seinneadh sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Atha Cliath, tá albam aonair taifeadta aige féin do Cheirníní Universal ar a seinneann sé na píobaí agus a thiocfas amach i mí Feabhra 2004.
taifid records
" Tá bearnaí móra i gceist sa chur síos atá ag Maier ar an chéad ghlúin de mhuintir Chinnéide a chuir fúthu sna Stáit Aontaithe de bharr, is dócha, nach bhfuil teacht ar na taifid.
taifeadadh recording
" Fuair mé cuidiú mór ón Chomhairle Ealaíon sa tuaisceart taifeadadh a dhéanamh gan tionlacan ar an 54 amhrán sa leabhar.
taifead record
" Mar shampla, baintear úsáid as trealamh a dhéanann tomhas ar leibhéal Carbóin-14 chun aois ábhar orgánach a mheas, agus tá teicneolaíocht na grianghrafadóireachta á húsáid le fada chun taifead a dhéanamh ar na rudaí a aimsítear.
taifeadadh recording
" "Ba mhaith liom taifeadadh eile a dhéanamh d'amhráin gan tionlacan, ansin ba mhaith liom taifeadadh a dhéanamh le tionlacan.
a thaifeadadh to record
" Tá cuid mhaith físcheamaraí maithe digiteacha ar fáil anois ar phraghas réasúnta, agus go deimhin is féidir le roinnt ceamaraí a ghlacann grianghraif dhigiteacha giotaí gairide físe a thaifeadadh freisin.
taifead record
" I measc na rudaí atá á lorg ag an ngrúpa seo ná go mbeadh taifead déanta ar páipéar de gach vóta ionas go bhféadfaí iad a chomhaireamh go neamhspleách dá mbeadh aon amhras faoin toradh leictreonach.
a thaifeadadh to record
" Ach, tá súil againn ceirnín úr a thaifeadadh gan mhoill, roimh dheireadh an tsamhraidh, agus é a sheoladh amach anseo san fhómhar.
taifead record
" Tá forbairt á déanamh ar na clibeanna simplí sin anois chun gur féidir leo níos mó eolais a chraoladh faoin earra ar a bhfuil siad - agus taifead a choimeád de gach rud a dhéantar leis tar éis dó an mhonarcha a fhágáil.
taifid fhuaime sound recordings
" I measc na n-áiseanna atá sa chlár tá foclóir leictreonach, chomh maith le míniú cuimsitheach ar rialacha gramadaí agus go fiú taifid fhuaime de théacsanna Gaeilge á léamh amach os ard.
taifeadta recorded
" As sin fuair mé cuireadh ó Ghael Linn albam a dhéanamh; bhí cúpla amhrán taifeadta agam roimhe sin chomh maith le Raidió na Gaeltachta.
ar deineadh taifeadadh as an nua air that was newly recorded
" " Ar na hamhráin atá ar an dlúthdhiosca nua seo tá "Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir", an t-aon cheann ar deineadh taifeadadh as an nua air.
taifeadadh recording
" Rinne PJ Hayes, Paddy Canny, Peter O'Loughlin agus Bridie Lafferty taifeadadh air sa bhliain 1959.
taifeadadh recording
" Teaghlach ceolmhar Uí Mhaonaigh ======= Sa bhliain 1983, d'iarr Gael Linn ar Frankie Kennedy agus Mairéad Ní Mhaonaigh taifeadadh a dhéanamh de cheol agus amhráin Thír Chonaill.
taifead record
" Tá sé i gceist an vótáil leictreonach, gan taifead páipéir, a úsáid sa Stát seo.
á taifeadadh being recorded
" Beimid ag seinnt i Vicar Street ar an 6 Bealtaine agus beidh an cheolchoirm sin á taifeadadh againn.
cúlra na dtaifeadtaí the background to the recordings
" Sa leabhar freisin tugann Nioclás cúlra na dtaifeadtaí, conas a tharla sé go raibh Gael Linn ann ar an gcéad dul síos, conas a tharla sé gur chuir siad spéis i gcúrsaí ceoil agus míníonn sé gurb é Gael Linn an chéad chomhlacht ceirníní in Éirinn a chuaigh le taifeadtaí a eisiúint den cheol traidisiúnta.
á thaifeadadh being recorded
" Thug mo chairde misneach dom amhráin Ghaeilge a cheapadh, agus fiú ceann nó dhó a chur ar an dlúthdhiosca a bhí á thaifeadadh againn.
taifeadadh recording
" Chuir Clannad taifeadadh iontach ar fáil den cheann sin i 1978 agus rinne Seoirse Ó Dochartaigh leagan galánta funkyáilte i 1994.
taifeadadh recording
" An raibh tú ag smaoineamh air i bhfad agus ar thóg sé i bhfad ort é a dhéanamh? Bríd Ní Mhaoileaoin: Bhuel tá mé ag smaoineamh ar dhlúthdhiosca a dhéanamh le blianta agus thóg an tionscadal féin dhá bhliain agus trí mhí - sin taifeadadh, meascadh agus an leabhrán a chur le chéile san áireamh.
taifeadadh recording
" Bhí taifeadadh déanta aige roimhe sin sa bhaile agus, cé nár éirigh leis an iarracht sin, bhí sé cinnte go raibh an t-ábhar aige le halbam maith a chur le chéile.
taifeadadh recording
" Tugtar gléas luchchúpláite nó CCD ("charge-coupled device") ar an micrishlis sin agus is é a dhéanann taifeadadh ar an solas a théann tríd an lionsa - díreach mar a dhéanann scannán ceimiceach i ngnáthcheamara.
an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead The National Archives and Records Administration
" " Tá na seoda seo, agus tuilleadh, curtha faoi bhráid an phobail ag an scoláire uachtaránachta James Warren, atá ag scríobh amach an ábhair atá ar na téipeanna seo de chuid Nixon, a bhí rúnda tráth, ó thosaigh an tÚdarás Náisiúnta Cartlann agus Taifead á gcur ar fáil don phobal ó bhí 1996 ann.
taifeadadh recording
" Rinneadh an taifeadadh ar an 2 Feabhra, 1972.
taifeadadh recording
" Ar thug Máire na focail duit ar pháipéar, nó ar oibrigh sibh leis an gcluas, nó an ndearna sibh taifeadadh de na hamhráin? CÓCC: Bhíodh na focail againn ar pháipéar ar dtús.
a thaifeadadh to record
" Fhad is nach gcaitheann muid ár gcuid laethanta saoire ar fad os comhair ríomhaire, is cinnte gur féidir leis an teicneolaíocht is déanaí cabhrú linn cinn thaitneamhacha a eagrú - agus a thaifeadadh.
a thaifeadadh to record
" Rinneadh an gearrscannán seo, atá 16 nóiméad ar fhad, a thaifeadadh taobh istigh de cheithre lá agus, ar nós *Yu Ming*, tá *Fluent Dysphasia *suite sa phríomhchathair den chuid is mó, ach amháin an radharc deireanach.
a thaifeadadh to record
" Déanann siad é seo uilig a thaifeadadh chomh maith.
taifeadadh speisialta special recording
" AÓF: An bhfuil aon tiún, aon cheoltóir, nó aon taifeadadh speisialta gur ansa libh a bheith ag éisteacht leis? LK & YK: Is cosúil go bhfilleann muid i gcónaí ar cheol Phaddy Fahey agus Phaddy Carty.
sa mhodh taifeadta in the recording mode
taifeadadh recording
" Tháinig seisean go ceantar an Tulaigh i bParóiste Chluain Máine sa bhliain 1929 agus rinne sé taifeadadh ar chuid de na daoine deireanacha a raibh Gaeilge acu sa cheantar sin.
taifeadadh recording
" Déanaim taifeadadh anois is arís ar iarmhúinteoirí agus cairde liom ar nós Thomáis Uí Neachtain.
taifead luachmhar a valuable record
" Rinneadh breis agus 260 gnéscannán sa tsraith agus measaim gur theip orthu uair amháin é a dhéanamh in am – bhí ceo ag an aerfort i Londain!” Is taifead luachmhar de shaol na hÉireann iad na scannáin seo, agus leanann a dtábhacht ar aghaidh.
cultúr taifeadta recording culture
" “Ag an am sin, bhí an cuma ar an scéal go raibh cultúr taifeadta i bhfeidhm i nDún na nGall,” a d’inis an tUasal Carty don Bhinse.
gaireas taifeadta recording apparatus
" Dúirt an Coimisinéir Carty go bhfaca sé gaireas taifeadta i bpóca an Bhleachtaire White i rith an chruinnithe.
taifeadadh rúnda secret recording
" ” B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
cultúr taifeadta recording culture
" “Ag an am sin, bhí an cuma ar an scéal go raibh cultúr taifeadta i bhfeidhm i nDún na nGall,” a d’inis an tUasal Carty don Bhinse.
gaireas taifeadta recording apparatus
" Dúirt an Coimisinéir Carty go bhfaca sé gaireas taifeadta i bpóca an Bhleachtaire White i rith an chruinnithe.
taifeadadh rúnda secret recording
" ” B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
a taifeadadh i seantigh which was recorded in an old house
" AÓF: Tá seisiún ceoil ann a taifeadadh i seantigh.
taifeadadh recording
" Bhíodh sé de nós agam taifeadadh a dhéanamh ar na cláracha agus iad a athsheinm arís is arís.
na taifid scríofa is luaithe the earliest written records
" Is iad seo na taifid scríofa is luaithe sa Bhreatain.
dhein sé mé a thaifeadadh he recorded me
" Fiú bhí téipthaifeadán aige agus dhein sé mé a thaifeadadh ag canadh nuair a bhíos sé bliana.
Nítear trí chóip d’achan taifeadadh three copies are made of every recording
" Nítear trí chóip d’achan taifeadadh – ceann amháin don chartlann féin, ceann eile don té gur leis/léi an bhunchóip agus an tríú ceann do dhaoine a thig isteach le héisteacht leis an cheol agus le taifeadadh a dhéanamh de, más mian leo.
na taifid scríofa is luaithe the earliest written records
" Is iad seo na taifid scríofa is luaithe sa Bhreatain.
ag taifeadadh recording
" Bliain níos déanaí agus muid ag taifeadadh an albaim *Lemonade & Buns*, chuireamar fonn de chuid Dee idir an dá fhonn thuas agus thugamar “Andy’s Bar” ar an bpíosa iomlán.
taifeadadh recording
" AÓF: Cén t-albam nó taifeadadh is deireanaí ar éist tú leis? NMacC: *The Tap Room Trio* leis an ngrúpa den ainm céanna ina bhfuil Harry Bradley: (fliúit, piccolo), Jesse Smith (fidil) agus John Blake (giotár, pianó, fliúit).
dhein sé mé a thaifeadadh he recorded me
" Fiú bhí téipthaifeadán aige agus dhein sé mé a thaifeadadh ag canadh nuair a bhíos sé bliana.
Nítear trí chóip d’achan taifeadadh three copies are made of every recording
" Nítear trí chóip d’achan taifeadadh – ceann amháin don chartlann féin, ceann eile don té gur leis/léi an bhunchóip agus an tríú ceann do dhaoine a thig isteach le héisteacht leis an cheol agus le taifeadadh a dhéanamh de, más mian leo.
taifeadadh recording
" Bhí an banna ag athrú ag an am; bhí Colm Mac Con Iomaire agus Dave Odlum tar éis cinneadh a dhéanamh cloí leis na Frames (cé go rabhadar lánsásta cuidiú linn sa taifeadadh) agus bhí Dave Reidy agus Dee tar éis teacht isteach chugainn ina n-ionad.
le ceol réasúnta casta a thaifeadadh to record fairly complex music
" Agus b’in í cúpla bliain níos déanaí ag dul isteach i stiúideo linne le ceol réasúnta casta a thaifeadadh.
seisiún taifeadta recording session
" Ag spochadh as an mbainseó a bhíomar anuraidh nuair a dúirt Dee linn go raibh ceann ceannaithe aici ón gceardaí uirlisí Frank Tate, agus go raibh sí ag súil len é a sheinnt sa seisiún taifeadta a bhí pleanáilte againn do mhí Dheireadh Fómhair.
trealamh taifeadta recording equipment
" Shroicheamar an áit deireanach go leor sa tráthnóna agus mar sin níor éirigh linn mórán oibre a dhéanamh seachas an trealamh taifeadta a chur isteach san ionad agus na huirlisí uilig a leagan amach go néata ionas go mbeimis ábalta teacht orthu go tapaidh nuair ba ghá.
taifead record
" Ach níl aon taifead ar chor ar bith ag an Roinn den iarratas seo agus ainneoin tréaniarrachtaí níor tugadh aon sonraí dom faoi cé a rinne an t-iarratas seo, nó cén uair nó cá háit a ndearnadh é.
taifead coiriúil criminal record
" De bhrí gur dhuine mé nach raibh taifead coiriúil aige, mheas mé nach raibh mé “fóirsteanach” mar gur iriseoir mé agus nach raibh na húdaráis ag iarraidh go bhfaigheadh a bpolasaí sna príosúin aon phoiblíocht.
a thaifeadadh to record
" Smuigleáil sé téipthaifeadán isteach sa phríosún agus rinne sé na príosúnaigh a thaifeadadh.
ó taifeadadh an t-albam seo since this album was recorded
" Tá sé blianta anois ó taifeadadh an t-albam seo agus fós níor éirigh le héinne dul gar dó.
an físeán a thaifeadadh ar do ríomhaire to record the video on your computer
" Chomh maith leis sin, tá sé casta an físeán a thaifeadadh ar do ríomhaire – mar sin ní féidir é a chóipeáil nó a “ghoid” go héasca.
i mbun an taifeadta doing the recording
" ” De bhrí go raibh Muireann féin ag íoc as an stiúideo, chiallaigh sé nach bhféadfadh sí an oiread sin ama a chaitheamh i mbun an taifeadta.
stiúideo taifeadta recording studio
" Tá Stiofán Ó Loinsigh, innealtóir fuaime, ag obair ar bhonn conartha sa stiúideo taifeadta atá againn, Dearg.
taifeadadh recording
" Déanann Fearghal taifeadadh, logáil agus eagarthóireacht ar na cláracha agus déanann sé cothabháil ar an trealamh uilig.
tionscnamh taifeadta recording project
" Bhí anailís ar stíl i gcomhthéacs mar chuid amháin de agus rinneadh í sin sa chéad seimeastar agus ansin bhí an tionscnamh taifeadta le déanamh sa dara seimeastar.
a taifeadadh riamh ever recorded
" Nach mbeadh sé iontach, a dúirt sé agus slócht éigin air, iontach dá mbeadh gach uile phíosa ceoil a taifeadadh riamh i do chartlann? Bhí sé suite ar chéad chéim an staighre—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha arís—agus a bhéal oscailte, na fiacla buí nochta aige, iad fliuch le seile agus cúr, rud gránna.
taifead fuaime iomlán a total sound recording
" Mar shampla, tá taifead fuaime iomlán déanta ar imeachtaí Scoil Samhraidh Willie Clancy i mbliana.
a thaifead muid that we recorded
" Albam a thaifead muid le hOki, fear ón gcine Ainu i dtuaisceart na Seapáine.
a thaifeadadh to record
" – Ar ais sa stiúideo le leagan den “Last Mile Home” a thaifeadadh do chlár cultúir TV3.
taifeadadh recording
" Bhí taifeadadh déanta againn den oíche agus bhí sé beagnach maith go leor le heisiúint mar albam beo ach chinneamar ar albam stiúideo a dhéanamh ina ionad – bhíomar cinnte go raibh breis le fáil as na píosaí ceoil.
ceann a thaifeadadh to record one
" Dúirt muid ansin go raibh sé thar am againn ceann a thaifeadadh agus thosaigh muid air i mí Iúil 2005.