Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Más fíor don tairngreacht seo if this prediction is true
" Más fíor don tairngreacht seo, beidh áit lárnach ag WAP sa teicneolaíocht choitianta sa todhchaí.
leabhar na tairngreachta the book of prophecy
" Ach tar éis na scéalta a bhí ag teacht chugam faoi ó fhoinsí éagsúla (ceoltóirí den chuid is mó), thar tréimhse fhada, bhí sé cosúil le seanchas a bhí scríofa i leabhar na tairngreachta a fheiceáil ag tarlú.
tairngreacht prediction
" Sa gcomhthéacs sin ba dhána an mhaise dom é aon tairngreacht a dhéanamh.
Má thig an tuar fán tairngreacht if the prediction comes through
" Má thig an tuar fán tairngreacht, buille mór síceolaíoch a bheas ann d'aontachtaithe nach mbeidh ábalta labhairt ar an mhóramh aontachtach níos mó.
tairngreacht prediction
" Ní fada ó shin gurbh é tairngreacht Mitchell McLaughlin go mbeadh 46% de dhaonra na Sé Chontae ina gCaitlicigh, agus go dtitfeadh líon na bProtastúnach go dtí níos lú ná an leath.
b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay perhaps Hay's prediction will come true
" Má bhíonn sé drámatúil mar ghníomh, b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay.
tháinig an tuar fán tairngreacht the prediction was fulfilled
" Ba é a thuar Bertie Ahern ná gur praiseach a bheadh i dtorthaí an toghcháin ó thuaidh agus tháinig an tuar fán tairngreacht.
a tháinig fán tairngreacht ar ball which later came true
" Lawrence, Ted Hughes, Dylan Thomas, Bob Dylan, Rimbaud, Mallarmé, Ungaretti, an t-aistriúchán, an mhatamaitic, an gréasán domhanda, Bill Gates, John Nash, deirfiúr Neitzsche, Bonnie Prince Charlie, Macpherson, Art Pepper, Prokofiev, JFK, *New Labour, the Bush family coup*, an tuar (a tháinig fán tairngreacht ar ball) go rachadh clann George Herbert Walker Bush chun cogaidh le clann Saddam Hussein, tionscal an *Holocaust* sna Stáit Aontaithe, an Siónachas agus an tacaíocht a fuair sé ó na frith-Ghiúdaigh, an Phalaistín, Edward Said, an Chaismír, Tarik Ali, Pablo Escobar, tógáil beostoic i Meiriceá Theas, an tsíocanailís, an t-oideachas tríú leibhéal, Camembert, Conrad, Camilla Parker Bowles, Lady Gregory, Colm Tóibín, Paul Muldoon, Heaney, an Oxford *English Dictionary*, J.
a tháinig fán tairngreacht ar ball which later came true
" Lawrence, Ted Hughes, Dylan Thomas, Bob Dylan, Rimbaud, Mallarmé, Ungaretti, an t-aistriúchán, an mhatamaitic, an gréasán domhanda, Bill Gates, John Nash, deirfiúr Neitzsche, Bonnie Prince Charlie, Macpherson, Art Pepper, Prokofiev, JFK, *New Labour, the Bush family coup*, an tuar (a tháinig fán tairngreacht ar ball) go rachadh clann George Herbert Walker Bush chun cogaidh le clann Saddam Hussein, tionscal an *Holocaust* sna Stáit Aontaithe, an Siónachas agus an tacaíocht a fuair sé ó na frith-Ghiúdaigh, an Phalaistín, Edward Said, an Chaismír, Tarik Ali, Pablo Escobar, tógáil beostoic i Meiriceá Theas, an tsíocanailís, an t-oideachas tríú leibhéal, Camembert, Conrad, Camilla Parker Bowles, Lady Gregory, Colm Tóibín, Paul Muldoon, Heaney, an Oxford *English Dictionary*, J.
rinne Balor tuar agus tairngreacht Balor prophesied and foretold
" Seacht mbliana ó shin go díreach a rinne Balor tuar agus tairngreacht: go mbeadh an bua ag Mary Mac i dtoghchán na hUachtaránachta, fiú sula ndeachaigh sí isteach sa rás, sular thogh baicle Bhertie í mar iarrthóir agus sular fágadh Albert bocht ar an tseilf in aice leis an *Pedigree Chum*.
le tuar agus tairngreacht a dhéanamh to make predictions
" Agus os ag caint dúinn ar na ba, bhí Balor ag grinniú phutóga bó ar na mallaibh le tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoin bhliain atá romhainn amach.
tairngreacht prophecy
" Ansin rinne Balor Fáidh tuar agus tairngreacht agus dúirt: "Roghnaigh mé sibh as measc mhuintir dhúr na tíre seo nó aithníonn sibh sladmhargadh maith nuair a fheiceann sibh é, fiú i gceo na haislinge.
tairngreacht prediction
" Shíl gach duine, dar ndóigh, go mbeadh Cill Chainnigh in iomaíocht le Corcaigh don chraobh arís i mbliana ach tháinig báireoirí sciliúla na Gaillimhe idir iad agus an tairngreacht áirithe sin.
rinne Balor tuar agus tairngreacht Balor made a prediction and prophecy
" Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra tá scríofa *Up The Dubs*! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh sé logainm úr a bheas inghlactha don dá thaobh: *Dingle Uí Chúis!* Do Mháire Ní Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, tá bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollag – cúpla cloch meáchain de shiúcra candaí.
tuar agus tairngreacht prediction and prophecy
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach go ndéanfaidh Balor Críonna Eagnaí Éigseach tuar agus tairngreacht faoi imeachtaí na bliana atá romhainn amach.
go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís that their prophecy will be fulfilled again
" Má leanann an freasúra lena bhfaitíos agus mura dtosaíonn siad ag treabhadh a ngort féin, beag beann ar Shinn Féin, tá an baol ann go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís.
Tá sé sa tairngreacht it has been foretold
" Tá sé sa tairngreacht go mbeidh toradh maith ar na Sméara Dubha an bhliain seo chugainn.
tairngreachtaí predictions
" Shílfeá go raibh Sinn Féin i mbun an Státchiste anseo, tá foláirimh agus tairngreachtaí an DUP chomh tréan sin.
ag tuar agus ag tairngreacht predicting and prophesising
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2007 dó.
tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann forecast currents events in Ireland
" Ní fear é Balor le seans a ligean thairis agus rug sé greim sceadamáin ar an taibhreamh tanaí agus thug a rogha di idir bás nó beatha nó tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann mar a bheadh i mí na Samhna.
tairngreacht prophecy
" Seo tairngreacht (atá le fáil in *Aniar*, leabhar úr Thaidhg Mhic Dhonnagáin) a scríobhadh san 18ú haois agus is iontach fadradharc an údair.
tairngreacht prediction
" Ní léir ach an oiread gur tháinig an tuar fán tairngreacht agus gur theip ar thurasóirí an baile a aimsiú.
Thír na Tairngreachta the Promised Land
" Billiún nóiméad ó shin bhí Íosa Críost ag siúl bhóithre Thír na Tairngreachta agus ag ruaigeadh lucht sainte an airgid amach as Teampall Dé in Iarúsailéim.
an tuar fán tairngreacht things came to pass
" Níl aon amhras ach gur tháinig an tuar fán tairngreacht áirithe sin agus tráchtairí ag baint na sála dá chéile anois leis na focail is tarcaisniúla ina bpluic a chaitheamh i dtreo na teanga, agus ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ach go háirithe.
tairngreacht prophesy
" Más fíor don tuar is tairngreacht atá á dhéanamh le blianta beaga anuas, ní fada go dtiocfaidh deireadh le saol ársa Mandaean na hIaráice.
ag tairngreacht prophesying
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2010 dó.
tuar fán tairngreacht as promised
" Ach níor tháinig an tuar fán tairngreacht seo ach an oiread agus i ndeireadh na dála, d’fhógair an tAire Ó Cuív sa Dáil an mhí seo caite go mbeadh cúram na scéime á aistriú go Roinn na Gaeltachta agus go gcaillfeadh na mná tí 50 cent an dalta in aghaidh an lae.
tuar fána thairngreacht it has come to pass as he told it
" Ach tá an chosúlacht ar an scéal anois go dtiocfaidh an tuar fána thairngreacht i ndeireadh thiar thall.
An Tuar Faoin Tairngreacht the prophecy comes to pass
" ”* An Tuar Faoin Tairngreacht ================ Agus i mí Aibreáin 1948, mí roimh cruthú Iosrael, thuar Comh-Chinn Foirne SAM go dtarlóidh seo.
tairngreacht prophesy
" Déanann sé athrá ar an tairngreacht dhiúltach seo go rialta i rith an dáin.
nach dtiocfaidh an tuar faoina tairngreacht imeaglach the terrifying prophecy doesn’t come to pass
" Is léir nár chuir an Dochtúir fiacail ann, ach táthar ag súil go mór nach dtiocfaidh an tuar faoina tairngreacht imeaglach.
Tháinig tuar faoin tairngreacht seo this came to pass
" Tháinig tuar faoin tairngreacht seo taobh istigh de thréimhse ghairid.
ag tairngreacht predicting
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2012 dó.
tuar is tairngreacht prophecy and prediction
" Céard atá i ndán dúinn an bhliain úr seo? Faraor, níl cruinneog chriostail agam a thuarfas a bhfuil i ndán dúinn i 2012, ach rachaidh mé san fhiontar agus déanfaidh mé tuar is tairngreacht faoi imeachtaí na bliana atá romhainn amach cibé ar bith.
an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc whether the gloomy prophesy shall come into being
" Is le linn do shealsa mar Phríomhfheidhmeanach mar sin a chinnteofar cinniúint na Gaeltachta agus an dtiocfaidh an tuar fán tairngreacht dhuairc a rinne údair an Staidéir Chuimsithigh.
thairngreachtaí fadtéarmacha long term forecasts
" Insan aiste shíoraí seo, cháin Nietzsche na staraithe a leag an iomad béime ar thairngreachtaí fadtéarmacha agus a rinne iarracht na mílte bliain a achoimriú le halt aonaránach.
tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh verify nor censure such abstract forecasts
" Ba léir do Nietzsche gur chur i gcéill an cineál sin obair staire toisc ná féidir na tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh.
tháinig an tuar faoin an tairngreacht the prophecy was fulfilled
" * Bhuel, mar is eol do chách, tháinig an tuar faoin an tairngreacht agus ní ag maíomh atáim as eolas ná as tuiscint ar leith a bheith agam nuair a scríobh mé an méid sin thuas in 2008.
Tá an tuar ag teacht fán tairngreacht what was foretold is coming to pass
" ” (Aindí na hArdteiste in ‘Ar Son na Cúise’ Foinse 23 Feabhra, 2003) Tá an tuar ag teacht fán tairngreacht.
bhí tairngreacht ag (Cheiro) had a prophecy
" Anuas air sin, bhí tairngreacht ag Cheiro go dtarlódh tubaiste mhór éigin ar chéad turas an Titanic.
bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht is the prophecy coming to pass
" An bhfuil an baol ann go bhfuil an tuar ag teacht fán tairngreacht i dtaobh an steiréitíopa náisiúnta, ar throid ár sinsir go fíochmhar ina éadan? Cumas Teanga sa Mheá ========== Eascraíonn an cheist ar ndóigh faoi cad is brí le bheith id’ Éireannach sa lá atá inniu ann? An bhfuil an té a ghlac páirt i Lá Mór na Gaeilge an mhí seo caite chun cearta a éileamh do chainteoirí Gaeilge a dhath níos Éireannaí ná deisceabail Ross O Carroll Kelly a bheas ag tarraingt ar Staid Aviva ar Lá 'le Pádraig le tacaíocht a thabhairt do Choláiste na Carraige Duibhe nó do Chlongowes Wood i gcluiche ceannais rugbaí scoileanna Chúige Laighean? Ar cheart idirdhealú a dhéanamh feasta idir an t-ionannas Gaelach agus an t-ionannas Éireannach? Ní thig a shéanadh ach an oiread go bhfuil a rian fágtha ag cultúr na n-imirceach a tháinig chun na tíre seo le linn réimeas an Tíogair Cheiltigh ar an aitheantas dúchasach fosta.
dtiocfaidh an tuar ar an tairngreacht the prophecy shall come to pass
" Is mó mar spórt é dul sa bhfiontar le tuairim agus fanacht go dtiocfadh nó nach dtiocfaidh an tuar ar an tairngreacht.
tairngreachtaí predictions
" Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana 2001 agus déanann roinnt tairngreachtaí faoin bhliain atá amach romhainn.
ag tairngreacht prophesying
" Is é tuairim Bhalor go mbeidh Caoimhín My Erse ag tairngreacht inimirce, bás agus díothú ar Ghaelaibh um Earrach na bliana.
ag gabháil i mbun tuair ná tairngreachta making prophesies
" Tá cac na réinfhianna súite aníos ag lorraithe bardais ach níl Balor ag gabháil i mbun tuair ná tairngreachta don bhliain úr mar nach aon uimhir mhuiníneach í an 13.