Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thaitin le hachan duine which appealed to everyone
" Bhí muid ag iarraidh go mbeadh téama spreagúil agus dóchasach sa dearadh agus thóg sé tamaillín teacht ar théama a thaitin le hachan duine.
Ainmnigh roinnt amhránaithe a thaitníonn leat name some singers that you like
" AÓF: Ainmnigh roinnt amhránaithe a thaitníonn leat agus cad iad na saghsanna ceoil a thaitníonn leat? DNíS: Is breá liom na hamhránaithe Meiriceánacha cosúil le Emmylou Harris, Dolly Parton agus Alison Krauss, ach fós is breá liom Kate Rusby ó Shasana, Niamh Parsons ó Bhaile Átha Cliath agus Mairead Ní Mhaonaigh ón ngrúpa Altan.
Thaitneodh sé le leithéidí van Miert, pé scéal é. It would appeal to the likes of van Miert anyway.
" Ní mé ar chóir do lucht West on Track straitéis "phanEorpach" den chineál sin a tharraingt chucu féin? Thaitneodh sé le leithéidí van Miert, pé scéal é.
muna dtaitneodh an toradh leis if he didn't like the result
" Ní fhéadfadh sé a chás a thógáil chun na cúirte muna dtaitneodh an toradh leis.
cé acu a dtaitníodh sé leat nó nach dtaitníodh whether you used to like it or not
" Le tríocha bliain anuas, cé acu a dtaitníodh sé leat nó nach dtaitníodh, ba chuma tú i lár na hAfraice nó i lár na hÁise, dá ndéarfá gurbh as Éirinn duit ní haon cheann de na nithe thuasluaite a luafaí leat ach an IRA.
a thaitneodh léi that she would like
" Ní raibh Bounds den tuairim i dtosach gur seo an cineál áite a thaitneodh léi.
nuair a thaitneoidh an ghrian when the sun will shine
" Táthar ag súil, nuair a thaitneoidh an ghrian ar Farnborough i mí Iúil 2008, go mbeidh fadhbanna Airbus réitithe, go mbeidh sé ag eitilt níos tapúla agus ar bhealach níos suaimhní arís.
nuair a thaitníonn an ghrian when the sun shines
" Go deimhin, tá sé cosúil le dorchla dorcha, ábhalmhór agus bíonn ceiliúradh speisialta ar siúl i mí an Aibreáin nuair a thaitníonn an ghrian ar lár Rjukan den chéad uair sa bhliain.
taitníonn leagan faoi leith go mór liom, I really like a particular version,
" Uaireanta taitníonn leagan faoi leith go mór liom, ach nuair a dhéanaim iarracht é a chanadh ní oireann sé dom.
Thaitin sin liom. I liked that.
Thaitin sé liom. I liked him.
Thaitin sé liom I liked him
chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin. there is every chance that they like my stuff already
" Tá na daoine i ndiaidh airgead maith a íoc as ticéid – mar sin, chuile sheans go dtaitníonn mo chuid stuif leo cheana féin.
ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós I don't like panel shows any way
" Ní raibh mé sásta leis an obair a bhí ar siúl agam – ní thaitníonn cláracha painéil liom ar aon nós agus níor thaitin riamh.
fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin. Barry asked me whether I like any of the apartments
" Faoi dheireadh, d’fhiafraigh Barry díom cé acu ar thaitin aon árasán liom nó nár thaitin.
Thaitneodh sé it would please
" Thaitneodh sé leis dá bhfeicfeadh sé ag a leithéid d’ócáidí “bratacha Oráisteacha ar crochadh go maíteach ard, agus an Sash i gcóiriú nua Gaelach Albanach, á chanadh leis an mustar sin is dual don Fhear Buí.
thaitin pleased
" Buachaill ‘dána’ a bhí ann agus buachaill báire, agus thaitin sin leis an slua, ach níor thaitin sé leis na húdaráis agus bhíodh siadsan agus é in adharca a chéile go minic.
Níor thaitin sin le that didn't please
" Cogadh na Sceimhlitheoireachta Níor thaitin sin le Washington, áfach.
Taitníonn agrees (with)
" Taitníonn an scríbhneoireacht liom, ach bhí mé chomh gnóitheach go minic is nach mbíodh am agam mír bhlaig a scríobh.
taitníonn agrees
" Ach taitníonn an t-athrú liom chomh maith.
thaitin like, agree with
" Níor thaitin seo liom cé gur thuigeas an iarracht a bhí á dhéanamh acu teacht ar bhealach ceolmhar le cur síos ar ní éigin nó rud éigin sa saol.
thaitin pleased
" ” Is cinnte gur thaitin focail Bush (ach ní móide gur chum sé féin iad) go mór le Perle agus a chairde sa tionscal ‘cosanta’, mar a thugtar air.
Taitníonn liom I like
" SMM: An bhfuil feabhas tagtha ar do chuid cócaireachta? DÓS: Taitníonn liom a bheith ag cócaireacht.
nach dtaitníonn don't like
" Fiú amháin iad siúd nach dtaitníonn rí-rá agus fuadar na Nollag leo, faigheann siad suaimhneas éigin le linn na féile.
Taitníonn like
" Taitníonn sé go mór liom agus ní athróinn é.
thaitin liked
" Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa.
nach dtaitníonn le doesn’t please
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
is mó a thaitníonn leat you most prefer
" Ráiteachas an Ghiolla Mhóir ============ Labhair sé ar dtús le hÉamonn an Giolla Mór, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, nó mar a thugann daoine áirithe orthu: Páirtí an Locht Oraibhse: **“A Éamoinn, caidé an spórt is mó a thaitníonn leat?”** “Bhuel, a Bhaloir na páirte, tá a fhios ag an saol mór an dúil atá agam sa pheil.
Thaitin pleased
Thaitin like
" Thaitin dearcadh Trócaire léi cionn is gur thug sé cumhacht do mhuintir na háite ar an talamh.
Thaitin sé léi she liked
" Thaitin sé léi a bheith ag déanamh cur síos uirthí féin agus mhínigh sí go raibh seo amhlaidh mar gur chaith sí an oiread sin ama ina haonar agus go raibh aithne níos fearr aici uirthi féin ná ar dhuine ar bith eile.
thaitin pleased, agreed
" Caidé mar a thaitin Air Force 1 leat?” “Ó bhí sé ar fheabhas ar fad, a Bheairic,” arsa Balor.
thaitin go mór le greatly pleased
" Ceol feadóige den scoth atá le cloisteáil ar an albam seo - ‘The Dublin Reel’, ‘The Ivy Leaf’ agus ‘Seán sa Cheo’, píosa a thaitin go mór le Donncha.
Thaitin an t-úrsceal sin le enjoyed that novel by
" Thaitin an t-úrsceal sin le Jack Kerouac go mór liom, caithfidh mé a rá.
Níor thaitin didn’t like
" Níor thaitin Béal Feirste liomsa ar aon chor i dtosach mar ní raibh mé ann riamh roimhe agus is iontach an t-athrú a bhí thuas ansan i gcomparáid le Bhaile Atha Cliath.
Ní thaitníonn an nós sin le that style doesn’t agree with
" Ní thaitníonn an nós sin le mórán foilsitheoirí Gaeilge ach an oiread, cé gur nós seanbhunaithe i measc Ghaeil na hAlban é.
dtaitníonn sí go mór liom I really like it
" (gáire sásta deimhneach) **SMM: An raibh sé deacair Gaeilg na hAlban a fhoghlaim?** AW: Chan fhuil sí chomh furasta leis an Spáinnis, ach ag an am chéanna, déarfainn go dtaitníonn sí go mór liom agus gach rud a thaitníonn leat, éascaíonn sé sin é.
Thaitin saol an choláiste go mór liom I really liked college
" Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! (Gáire mór) Thaitin saol an choláiste go mór liom.
Ceann amháin a thaitin go mór liom a good one I really liked
" Ceann amháin a thaitin go mór liom i mbliana ná ceann a eagraíodh ar Instagram (bhuel sin an áit ar chuala mise faoi!) Séard a bhí i gceist ná taispeántas de ghrianghrafanna a tarraingíodh is a roinneadh ar Instagram.
Níor thaitin sé seo le this didn’t please
" Níor thaitin sé seo le cara mo ghasúir agus thosaigh sé ar racht maslaí.
b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn that’s why we liked Ó N.
" Feictear saibhreas agus bunúlacht ina shaothar, agus b'shin an fáth gur thaitin Ó Nualláin linn agus tá suim fós ina shaothar, féach, cuirim i gcás i mbliana féin, an fhéile nua faoin scríbhneoir a thosaigh ar an Srath Bán i dTír Eoghain! Bhí ainm cleite eile ag Ó Nualláin ina shaothar grinn mar cholúnaí, an Cruiskeen Lawn, (an t-ainm is barrúla is dóigh), Myles na gCopaleen.
thaitin a gcuid ceoil go mór liom I really liked his music
" Ní raibh mórán thart ag an am sin go bhféadfainn tagairt dó i dtaobh cumadóirí ceoil comhaimseartha Gaeilge, seachas léithidí Thaidhg Mhic Dhonnagáin agus Na Fíréin – thaitin a gcuid ceoil go mór liom agus de réir a chéile thosaigh mé ag scríobh i mo theanga féin, ar mo stíl féin.
thaitin an stíl phioctha sin go mór liom I really liked the neat style
" “Is ag éisteacht le blue grass agus rockabilly a bhí mé ag an am ar scríobh mé an ceann beag seo agus thaitin an stíl phioctha sin go mór liom.
ba mhó a thaitin leis na girseacha which the girls liked most
" Ach ba é an rud ba mhó a thaitin leis na girseacha ná an leipreachán.
thaitin sé leis gunna a iompar leis he liked having a gun with him
" Cé gur cosúil go ndearna sé gach rud de réir na rialacha, bhí cor eile sa scéal - thaitin sé leis gunna a iompar leis, piostal Kel-Tec 9mm, agus é i mbun a chuid dualgaisí.
thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin she really liked singing from then on
" Thosaigh sí ag canadh agus í ceithre bliana d’aois agus thaitin an amhránaíocht go mór léi ó shin.
gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom that I enjoyed secondary very much
" Cúrsaí Oideachais ====== **CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?** DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
thaitníonn leis an rialtas reatha pleases the current government
" Is léir gur cur chuige é seo a thaitníonn leis an rialtas reatha a bhfuil meitheal idir-aireachta curtha ar bun chun léirmheas a dhéanamh ar an rochtain atá ag inimircigh ar sheirbhísí poiblí.
thaitin sé amhlaidh go mór leo it suited him just perfectly so
" Ní minic gur féidir obair le foireann teilifíse gan dul i muinín na Fraincise agus thaitin sé amhlaidh go mór leo.
thaitin an cruth a bhí air léi she liked its shape
" Bhí sí ocht mbliana d’aois agus ní shíleann sí gur chuala sí cláirseach ach thaitin an cruth a bhí air léi.
mar sin thaitin an ghné sin liom so that aspect I really liked
" "Ar na rudaí is mó a thaitin liom faoi Owenvarragh ná go raibh muid ag éisteacht leis an fhíor-Bhéal Feirste, an trácht, rithimí na cainte, an blas, an dá thraidisiún mhóra, chuala muid sin uilig agus is aoibhinn liom an chathair seo, mar sin thaitin an ghné sin liom.
Thaitin an áit go mór liom I really liked the place
" Thaitin an áit go mór liom.
Cé gur thaitin amhráin although they liked song(s)
" Cé gur thaitin amhráin agus cluichí leo, ba é an rud ba mhó a dtug siad taitneamh dó ná sleachta a scríobh ina gcóipleabhair agus iad a chur de ghlanmheabhair.
thaitin siad go mór leo they really enjoyed them
" Penalty Shoot Out, Shot Stopper, Pass Master, d’fhéach siad iad uilig agus thaitin siad go mór leo.
a thaitníonn go mór liom which I really like
" Tá mé ag tástáil cairr i láthair na huaire a thaitníonn go mór liom.
Thaitin sé thar barr liom I really liked it
a thaitníonn go mór liom which I like big time
" : Bailiúchán d’amhráin tíre agus den cheol traidisiúnta a thaitníonn go mór liom atá cuimsithe agam ar an albam seo.
thaitin le pobal pleased (the NJ) people
" Ní Bhíonn Tréan Buan ======== D'fhreagair Chris Christie do gach rud a thaitin le pobal Nua-Gheirsí.
thaitin an teideal go mór liom I really liked the title
" Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
a thaitin liom faoin réiteach seo which pleased me about this solution
" Rud amháin a thaitin liom faoin réiteach seo ar fadhb na gadaíochta rothair ná gur éist siad leis na léirmheastóirí agus cruthaigh siad leagánacha éagsúla a d’freagair na ceisteanna a ardaíodh faoi infheiceacht na huirlise.
nach dtaitneoidh sé le it won’t please
" B'fhéidir nach n-aontóidh gach duine leis seo, agus b’fhéidir nach dtaitneoidh sé le cuid mhaith daoine, ach sílimse go n-aithneofar amach anseo gurb í foireann Átha Cliath na linne seo an fhoireann peile is fearr a bhí riamh ann i stair na peile Gaelaí go nuige seo.
a thaitníonn le daltaí bunscoile which captivate school children
" Anuas air sin, tá an tsraith úrscéalta, *Silver Brumby*, le Elyne Mitchell, ar na leabhair is mó a thaitníonn le daltaí bunscoile agus le déagóirí araon le corradh is seasca bliain anuas.
dtaitníonn appeal, like
" Tugann Donncha Ó hÉallaithe cur síos ar thoghcháin agus míníonn sé gur féidir vótáil in aghaidh duine, nach dtaitníonn leat chomh maith le vótáil i bhfábhar an iarrthóra is ansa leat.