Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh a dhá shúil sáite inti that he couldn't take his eyes off her
" Thug sé faoi deara go raibh a dhá shúil sáite inti am ar bith a raibh siad beirt sa tseomra amháin.
bainfidh tú an soc den veain you'll take the front off the van
" "Bí cúramach nó bainfidh tú an soc den veain! Tá sé cúng go maith.
Ní bhainfeadh a dhath an chuma den lá seo nothing would take the shine off this day
" Ní bhainfeadh a dhath an chuma den lá seo, nó sin an rud a shíl sí go dtí gur amharc sí ar a dialann agus go bhfaca sí go raibh coinne aici leis an fhiaclóir ar cheathrú i ndiaidh a trí.
seolta a chrochadh maidin Dé Domhnaigh to take off on Sunday morning
" Le fírinne, bímse in éad leo sin a bhfuil sé d'acmhainn agus de shaoirse acu seolta a chrochadh maidin Dé Domhnaigh (nó, níos fearr fós, maidin Dé Sathairn) agus aghaidh a thabhairt seachtain i ndiaidh seachtaine i rith an tsamhraidh ar cheann de mhórionaid Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre.
ann ach gur bhain sí an doras den bhalla she nearly took the door off the hinges
" "Bhéarfaidh mise ubh agus muiceoil duit," arsa Síle agus chaith sí péire na *Marigolds *air, thiontaigh a droim leis agus ann ach gur bhain sí an doras den bhalla.
d’imigh sí ar chos in airde she took off
" “*Cult*,” arsa Aoife agus d’imigh sí ar chos in airde i dtreo an dorais.
a theacht i dtír ar to live off, take advantage of
" Beidh orthu siúd atá ag iarraidh go fóill a theacht i dtír ar an chlú a tharraing *Ryan’s Daughter *ar an chontae a n-aird a dhíriú ar an am atá romhainn agus bheith straitéiseach agus cruthaitheach ina gcuid pleanála.
le bliain a thógáil saor to take a year off
" ” Sos ón oideachas I ndiaidh di an Ardteist a dhéanamh, spreag a tuismitheoirí Natasha le bliain a thógáil saor ón oideachas agus roinnt taistil a dhéanamh.
bhí na blianta tar éis faobhar a bhaint den chairdeas the years had taken the edge off our friendship
" Ní raibh mórán le rá againn le chéile – bhí na blianta tar éis faobhar a bhaint den chairdeas.
gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh every second airplane which lands or takes off
" Tá Heathrow mar dhaingean ag British Airways – is leo gach dara heitleán a thuirlingíonn nó a éiríonn den talamh ann – agus go dtí seo d’éirigh leo cur ina luí ar Rialtas na Bhreataine an *status quo* a choimeád.
baineadh den fhoireann iad they were taken off the team
" ”* Ní raibh ach beirt Ghiúdach ar fhoireann raoin agus faiche na Stát Aontaithe ag na Cluichí Oilimpeacha a bhí ar siúl i mBeirlín sa bhliain 1936 – Marty Glickman agus Sam Stoller – ach baineadh den fhoireann iad roimh chraobh an rása sealaíochta 400 méadar.
bhí mo dhá shúil sáite iontu. I couldn't take my eyes off them
" Stad den stánadh,” ach bhí mo dhá shúil sáite iontu.
gur lig an Rialtas na maidí le sruth that the Government took their eye off the ball, derogated from their duties
" Maolaisnéis a bheadh ann a rá gur lig an Rialtas na maidí le sruth agus an “feachtas” ar son dhaingniú an Chonartha ar siúl acu.
bailíonn siad leo they take off
" Tá nós eile acu fosta: fágann siad leathghloine Rosé ar an bhord agus bailíonn siad leo chun an bhaile! Scannalach agus an méid sin ocrais agus gorta sa domhan! Ar scor ar bith, ní hiontas go bhfuil gach duine acu chomh caol le cú! **Pétanque** Oíche amháin d’imir muid Boules, nó Pétanque mar a deir siadsan.
aor take off, satire
" Tá idir aor agus maoithneachas in ‘Away We Go’, tranglam sofaisticiúil do lucht féachana ar dúil dóibh leithéid ‘American Beauty’, ‘Sideways’ agus ‘Little Miss Sunshine’.
tugann sé faoin sliabh takes off
" Baineann sé díoltas amach agus tugann sé faoin sliabh.
bhailíos liom I took off
" Maidin amháin, bhailíos liom ar m’aistear aonair, d’imigh na blianta, ciúnas fada eadrainn.
na seolta a chrochadh taking off, leaving
" ** SÓD: Tá mé ag smaoineamh ar na seolta a chrochadh, tá a fhios a't.
tabharfaidh go leor de lucht ardioncaim na boinn as high earners will take off
" Ach tabharfaidh go leor de lucht ardioncaim na boinn as, a deir tú.
lasc sé leis faoi luas he took off at speed
" Ach mo chapaill, a leithéid feicthe aige na mílte uair roimhe agus an córas ar eolas aige, lasc sé leis faoi luas ina diaidh.
an aithris scanrúil sin that incredible take off
" Cibé taispeántas a chuireann Tóibín i dteannta a chéile, is cuma an é an aithris scanrúil sin a dhéanann sé ar Bhrendan Behan i mBorstal Boy, nó an tráchtaireacht shóisialta bhinbeach sin ina chuid oícheanta cáiliúla sa Cork Opera House sa 80idí, teilgeann sé pearsa sholasmhar ar an ardán.
Tuilleadh díobh éalaithe leo more of them took off
" Tuilleadh díobh éalaithe leo go dtí an phríomhchathair Dakar.
As go brách le Balor B. took off
" Tá sé sa Bhíobla; agus tá sé sin ar fad le ceiliúradh… As go brách le Balor ansin le labhairt le Cosamán Mac an Taca ó Chumann Chónaitheoirí Cosantacha Ard Eoin: **Balor: Inis dom, a Chosamáin, cad tuige nach dtig leat féin agus na cónaitheoirí cosantacha eile fanacht sa bhaile ag amharc ar an tele, nó dul ag siopadóireacht faoin bhaile mór, nó dul ag snámh san fharraige, nó rud ar bith eile a dhéanamh seachas a bheith in bhur seasamh go bagrach nuair a bhíonn an Lucht Siúil Flannbhuí ag dul thar bráid.
Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige taking off at a clipping pace
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
Chroch an naomh úd a chuid seolta the saint took off
" Chroch an naomh úd a chuid seolta le heolas a chur ar na farraigí siar.
As go brách le he took off
" As go brách le Balor chun na Laplainne, agus é sa tóir ar Shan Nioclás.
i mbéal forbartha about to take off
" “Aontaíodh go mbeidh Misneach neamhpleách ar mhaoiniú stáit agus saor ón pholaitíocht pháirtí ach seachas seo, tá an coincheap féin i mbéal forbartha agus le bheith múnlaithe ag an ghlúin úr de dhíograiseoirí atá mar spriocghrúpa againn leis an bhéim ar spás cruthaitheach sóisialta inár féidir le Gaeil óga teacht le chéile mar phobal aitheanta.
chrap sí chun bealaigh she took off
" Tháinig bean álainn as an Ghearmáin leis chun an bhaile, ach chrap sí chun bealaigh blianta ina dhiaidh sin.