Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil we took the political situation for granted
" "Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil.
déantar talamh slán de i measc an aosa léinn. academics take it for granted.
" Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.
Déanaimid talamh slán de we take it for granted
" Déanaimid talamh slán de go mbíonn corbadh agus caimiléireacht ar siúl i réimse na polaitíochta.
is féidir talamh slán a dhéanamh de you can bet on it
" Ach ós rud é go bhfuil mionlaigh eitneacha dá gcuid féin ag na tíortha ábhalmhóra seo atá ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh siad aon bhrú ar Bhurma oiread is orlach a ghéilleadh do na Carainn.
talamh slán a dhéanamh de to be assured
" D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith.
talamh slán a dhéanamh rest assured
" Is iad an Iordáin agus an tSiria an dá thír atá bainte amach ag formhór na dteifeach agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ard an caighdeán maireachtála atá ag na Mandaean seo anois ós rud é go bhfuil breis is milliún go leith Iarácach san iomlán dulta isteach sa dá thír sin ó 2003.
ndéanann muid talamh slán de we take it for granted
" Tá an obair seo chomh mór de dhlúth agus d’inneach shaol na tíre go ndéanann muid talamh slán de.
talamh slán a dhéanamh be assured
" Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.
talamh slán a dhéanamh de take for definite
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach, gur mó de chonspóid ná de dhul chun cinn a bheidh de thoradh an dlí seo.
talamh slán a sure thing, rest assured
" Ós rud é gurbh fhiú breis is 443 billiún dollar na seoltáin a cuireadh abhaile i 2008, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cúlú geilleagair domhanda dulta i gcion ar imircigh timpeall na cruinne agus ar an méid airgid a thugann siad dá dteaghlaigh.
is féidir talamh slán you can rest assured
" Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
talamh slán a dhéanamh de to accept
" Ach fiú má ghlacfar leis, is féidir talamh slán a dhéanamh de go gcloisfear trácht ar leithéidí Rita agus an dúshaothrú a imrítear orthu go ceann tamaill mhaith eile.
ag déanamh talamh slán de taking it for granted
" Tuirlingíonn Eorpaigh isteach in aerfoirt Mheiriceá gach lá ag déanamh talamh slán de go mbeidh traenacha agus busanna poiblí ag fanacht leo chun iad a thabhairt timpeall na tíre chomh tapaidh agus chomh saor le córais iompair na hEorpa, ach ní hamhlaidh atá.
talamh slán a dhéanamh de be certain, be assured
" In eagarfhocal sa Washington Post i 2002, dúirt Kenneth Adelman, nuachoimeádach eile, gur féidir le Meiriceánaigh talamh slán a dhéanamh de gur ‘cakewalk’ a bheadh san ionradh ar Iaráic.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de you can rest assured
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir.
Ná déan talamh slán don’t take for granted
" Glac leis na rialacha seo a leanas ar mhaithe leis na rónta agus ar mhaithe leat féin! - Ná bí ag snámh id’ aonar agus ná himigh le scaoll má thagann rón i do threo; - Ná spreag iad chun teacht chugat i slí chairdiúil nó ar bhealach bagrach; - Ná déan talamh slán d’iompar ‘cairdiúil’ an róin.
thig talamh slán a dhéanamh you can rest assured
" Ach chomh cinnte is atá mé go bhfuil deireadh leis an phlean mar a bhí, thig talamh slán a dhéanamh de fosta, nach n-éireodh éinne as a phost de bharr an phrácáis seo.
cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de although one can’t take for granted
" Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de one couldn’t be certain
" Mar sin, in ainneoin gurbh í Katie Nic an Táilliúra an dornálaí ban ab fhearr ar domhan dar le cách, níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de gur aici a bheadh an bua sna cluichí Oilimpeacha.
an talamh a bhaint amach beo slán to reach the ground alive in one piece
" Ní hé gur duine é nach bhfuil an eagla ann mar mhothúchán, mar chuir sé síos ar na smaointe a bhí ina cheann agus é ar tí léim na tairsí chaitheamh – “ní ar churiarrachtaí nó ar an teicneolaíocht a bhí mé ag smaoineamh”, a dúirt sé, “ach ar an talamh a bhaint amach beo slán”.
talamh slán a dhéanamh de take it for granted
" Freastal ceart ar an sprioc lucht léitheoireachta:** Níor cheart don nuachtán úr talamh slán a dhéanamh de go mbeidh lucht léitheoireachta na teanga á léamh ar an bhonn go bhfuil sé saor in aisce agus gur i nGaeilge atá sé.