Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thiocfainn isteach air I'd get used to it
" Dá mbeinn tar éis dul ann agus mé fiche éigin bliain, thiocfainn isteach air.
tháinig mé isteach air I became used to it
" Tá an córas in Éirinn difriúil ón cheann atá sna Stáit Aontaithe, ach tháinig mé isteach air ar deireadh.
tháinig mé isteach air I became used to it
" Tá an córas in Éirinn difriúil ón cheann atá sna Stáit Aontaithe, ach tháinig mé isteach air ar deireadh.
dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi she took as deep a breath as she could
" Nuair a d'oscail doras an ardaitheora, dhiúl sí isteach a hanáil chomh domhain agus a thiocfadh léi, ag dúil go dtabharfadh sin rud beag uchtaigh di.
nuair a thagadh daoine isteach when people used to come in
" Bhí orm seasamh suas agus an haiste a oscailt nuair a thagadh daoine isteach, ansin é a dhruid arís.
thar an tairseach isteach over the threshold
" Má tá léitheoir dílis ar bith de chuid *Beo Ar Éigean *amuigh ansin a bheadh sásta Balor bocht a ligean thar an tairseach isteach, díreach le lóistín saor in aisce a thabhairt dó ar feadh cúpla mí, ní gá ach d'ainm agus do sheoladh a fhágáil le heagarthóir na liarlóige, Éamonn Ó Doornail, agus an chuid eile a fhágáil faoi féin.
thagaidís isteach they used to come in
" Éinne a bhíodh ag tabhairt cuairte ar Dhún Chaoin, ó thír eile nó ó chultúr eile, thagaidís isteach go dtí an scoil againn chun labhairt linn.
go dtagadh sé isteach that he used to come in
" Is cuimhin liom go dtagadh sé isteach sa rang.
tháinig sé isteach inár gcloigeann arís it came into our heads again
" Bhí muid ag smaoineamh air i ndiaidh an tórraimh ach tháinig sé isteach inár gcloigeann arís roimh an Nollaig.
ionas go dtiocfadh an solas isteach. so the light would come in.
" Shocraigh na mic go scarfaidís a dtuismitheoirí óna chéile ionas go dtiocfadh an solas isteach.
fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair he seldom came into work
" I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre! Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad.
Ar dhul isteach thar an táirseach di on entering
" Ar dhul isteach thar an táirseach di, tarraingítear aird Justine ar réalta mhór dhearg sa spéir, Antares.
tháinig an chríochdheighilt isteach partition came into being
" Agus fórsaí an stáit traochta, don chéad uair ó tháinig an chríochdheighilt isteach, imscaradh saighdiúirí Shasana ar shráideanna na Sé Chontae agus tháinig ciúnas bhagarthach go malltriallach ar Dhoire.
tháinig sé isteach i mo chloigeann it occurred to me
" "* “Tá na soilse lasta ach níl aon duine istigh,” an abairt sa ghnáthchaint agus tháinig sé isteach i mo chloigeann i ndiaidh mé Peter Robinson agus Nigel Dodds a fheiceáil ar dhá chlár teilifíse Dé Domhnaigh.
tháinig giolcairí eile isteach other tweeters joined in
" Nuair a tháinig giolcairí eile isteach sa scéal chuaigh rudaí in aimhréidh arís agus “Cúige Uladh” bocht ag tabhairt “béalastán poblachtach” ar an tweeter eile.
thar táirseach chuige isteach came all the way
" Ansin, agus an ghrian ag dul faoi ar a ghairmré, siúd Western Sydney Wanderers thar táirseach chuige isteach le tairiscint conartha ná féadfaí a dhiúltiú agus pinginí an Phríomh-Aire taobh thiar di.