Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á theagasc being taught
" Seo ceist nó dhó ar féidir le léitheoirí *Beo!* a machnamh a dhéanamh orthu: Cén dóigh a dtig linn athrú a dhéanamh i measc pobal, a bhfuil nós labhairt na Gaeilge beagnach caillte ag an ghlúin déagóirí atá iontu faoi láthair? Cén dóigh ar féidir athrú meoin a chur i bhfeidhm i gcás tuismitheoirí atá ag labhairt Béarla lena gclann agus nach bhfuil ag glacadh aon chinneadh teanga ar thaobh na Gaeilge? Cén dóigh a dtig linn na bunscoileanna sa Ghaeltacht a fhorbairt mar scoileanna lán-Ghaeilge san dóigh is go mbeidh na páistí ag súgradh sa chlós i nGaeilge agus achan ábhar á theagasc go hiomlán trí mheán na teanga? Níl iontu seo a trí cheist shimplí.
á dteagasc being taught
" Tá go leor míshásta leis an Roinn Oideachais mar gheall ar an éagothroime atá sa chóras oideachais, a fhágann go bhfuil páistí a bhfuil tuismitheoirí saibhre acu á dteagasc i scoileanna breátha galánta agus páistí eile á múineadh i mbothanna bréana a bhfuil an braon anuas iontu.
chlár teagaisc teaching programme
" Fuair mé taithí éigin ar chúrsaí oideachais ar an dóigh sin agus scríobh mé mo chlár teagaisc féin.
teagasc teaching
" Rinneadh an teagasc go léir as Gaeilge, agus rinneamar ár seacht ndicheall gan Béarla a labhairt, fiú amháin nuair a bhíomar sa teach tábhairne.
ábhar teagaisc teaching material
" Ceann de na cúraimí atá ar Aled ná áiseanna agus ábhar teagaisc a fhorbairt do lucht foghlamtha teangacha.
á teagasc being taught
" Lena chois sin, tá an Ghaeilge á teagasc sna hollscoltacha, chomh maith le (scoltacha príobháideacha), i Nua-Eabhrac, do dhaoine d'achan aoisghrúpa.
á teagasc being taught
" Ollscoil Nua Eabhrac ======= Déarfainn gurb í Ollscoil Nua Eabhrac an áit is mó a bhfuil an Ghaeilge á teagasc i gCathair Nua Eabhrac.
modhanna teagaisc teaching methods
" com)) go bhfuil sé "thar barr i measc modhanna teagaisc an lae inniu" agus, cé nach n-aontódh gach aon duine leis an ráiteas sin, is cinnte go bhfuil a lán rudaí úsáideacha in EasyReader.
ag teagasc na fidle teaching fiddle
" D'fhás a ranganna ceoil ina dhiaidh sin agus bhí sé ag teagasc na fidle do pháistí ó na trí pharóiste in iarthuaisceart Thír Chonaill go dtí gur leag taom tinnis é roinnt míonna ó shin.
ag teagasc na nglantosaitheoirí teaching the beginners
" Chomh maith leis sin, bunaíodh bunrang úr chóir a bheith gach bliain le tamall anuas agus, le cúpla bliain anois, tá mac léinn atá san ardrang, Brús Ó Ciannaith, ag teagasc na nglantosaitheoirí.
forbairt áiseanna teagaisc the development of teaching resources
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
rang teagaisc cuimsitheach comprehensive tutorial
"rang teagaisc cuimsitheach curtha ar fáil a mhíníonn an próiseas eagarthóireachta agus tá sé mar aidhm ag Wikipedia spás a chruthú do dhaoine a mheasann go bhfuil fiúntas ag baint leis an ábhar a chuireann siad ar fáil.
á teagasc teaching it
" Thosaigh sé ag freastal ar ranganna Gaeilge i 1945, ag foghlaim na teanga é féin i dtús ama agus ansin á teagasc do dhaoine óga agus aosta.
ag teagasc na bhfonn teaching the tunes
" Ag Píobairí Ard Mhacha, bíonn muid i gcónaí ag iarraidh cur in iúl do na hoirfidigh, mura dtéann siad chuig na coirmeacha, mura dtugann siad tacaíocht dóibh, cad é is fiú bheith ag teagasc na bhfonn do pháistí agus do dhaoine óga.
pacáistí d’áiseanna teagaisc packages of teaching materials
" Bronnfar pacáistí d’áiseanna teagaisc, urraithe ag Gael Linn, ar an dá choiste is fearr a dhéanfaidh úsáid na Gaeilge a chothú.
acmhainní teagaisc teaching materials
" Tá siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta á bhforbairt go leanúnach againn do na ranganna sin.
acmhainní teagaisc teaching materials
" Tá siollabais, acmhainní teagaisc agus pleananna ceachta á bhforbairt go leanúnach againn do na ranganna sin.
á teagasc teaching it
" Chuir sé an cheist an raibh an Stát ag fáil luach a chuid airgid as an infheistíocht mhór atá déanta sa Ghaeilge agus as an mhéid ama a chaitear á teagasc.
níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise more vocal defending the teachings of the church
" Is beag duine a bhí níos glóraí ag cosaint theagasc na heaglaise ná an tEaspag Eamon Casey agus an tAthair Michael Cleary.
obair theagaisc, aistriúcháin agus chomhairleoireachta teaching, translation and consultancy work
" Bhí obair theagaisc, aistriúcháin agus chomhairleoireachta ar siúl aige, agus é ag múineadh na Gaeilge istigh san ardoifig i rith an lae.
atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró who are able to teach through Irish without difficulty
" Ciallaíonn sé sin go bhfuil tuairim is 1,500 múinteoir de dhíth sa chóras Gaelscolaíochta faoi láthair atá in inmhe teagasc trí mheán na Gaeilge gan stró.
teagasc gan stró to teach without difficulty
" Tá sé mar dhualgas ar an stát é sin a dhéanamh ach tá deacracht ann: Níl aon cheann de na coláistí oiliúna ag cur ar chumas na múinteoirí atá á n-oiliúint acu teagasc gan stró trí mheán na Gaeilge.
i seomra na foirne teagaisc in the teaching staff's room
" Mar sin féin, tarraingíonn sé caint agus díospóireacht agus argóintí i monarchana, i bpubanna, in oifigí agus i scoileanna, ní hamháin sa chlós ach i seomra na foirne teagaisc chomh maith, i gcás meánscoil lán-Ghaelach amháin ar a laghad! Rud amháin a chuireann as dom féin ná an chaoi a nglactar leis go coitianta go bhfuil suim ag chuile dhuine beo i gcúrsaí sacair i Sasana, agus go bhfuil tú sórt "ait" ar bhealach éigin mura bhfuil.
ganntanas mór acmhainní teagaisc a great shortage of teaching resources
" Le linn na mblianta sa scoil sin, thosaigh sé ag scríobh téacsleabhar Gaeilge de bhrí go raibh ganntanas mór acmhainní teagaisc ann.
leabhair theagaisc tutoring books
" Sa leabharlann, tá leabhair amhrán, leabhair fonn, irisí, leabhair theagaisc agus leabhair rince le fáil.
an caighdeán teagaisc the standard of teaching
" Iadsan a shuigh ag an chomhdháil an lá uilig, ní ródhearfach a bhí siad ar a mbealach abhaile! Ceann de na hábhair a pléadh ar an lá ná an caighdeán teagaisc i gcás na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta agus glacadh go forleathan leis an tuairim go raibh deacrachtaí agus dúshláin mhóra sa réimse sin.
as trinsí an teagaisc from the teaching trenches
" Bhraithfeá gur duine é atá ag éirí amach as trinsí an teagaisc agus atá ag claonadh a chloiginn i dtreo na gréine den chéad uair le fada.
na caighdeáin éagsúla uilig a theagasc, to teach the various standards,
" Faoin mhúinteoir a bhí sé na caighdeáin éagsúla uilig a theagasc, tasc nár éascaíodh nuair a chuimhnítear gur gann in áiseanna a bhí na scoileanna agus gur beag maith a chreid muintir na bpáistí bheith sa scolaíocht.
ag teagasc teaching
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
teanga teagaisc. the teaching medium.
" Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus is í an Ghaeilge an teanga teagaisc.
faoi theagasc an Bhéarla about the teaching of English
" Is cor úr é seo sa díospóireacht faoi theagasc an Bhéarla i ranganna naíonán de chuid scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna.
gan Béarla a theagasc not to teach English
" ”* Tagairt a bhí anseo do Ghaelscoil Mhic Easmainn - scoil ina raibh achrann faoina bpolasaí gan Béarla a theagasc i ranganna na naíonán.
íosmhéid ama teagaisc minimum amount of teaching time
" Tugann an curaclam le fios gur treoirlínte atá ann, a mholann íosmhéid ama teagaisc d’ábhair ar leith.
nach féidir é a theagasc nó a fhoghlaim. that it can't be taught or learned
" Agus cad faoin mhodh foghlamtha? Chuala mé gur dúirt damhsóir de chuid an tsean-nóis nach féidir é a theagasc nó a fhoghlaim.
is maith leis ceachtanna a theagasc he likes to teach lessons
" Chan é go bhfuil spéis aige féin in Uachtaránacht Mheiriceá, ach is maith leis ceachtanna a theagasc do dhaoine nach mbíonn ceachtanna ag teastáil uathu nó de dhíobháil orthu (mar a dhéanadh múinteoirí na hÉireann san am fadó, roimh theacht Mhicí Uí Leery).
ceist theanga teagaisc question of the teaching language
" Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
a gcuid ábhar teagaisc féin their own teaching material
" Is féidir le múinteoirí atá ag obair le foghlaimeoirí fásta leas a bhaint as siollabais teg chun cúrsaí Gaeilge atá céimnithe a chur ar bun – rud atá déanta ag roinnt eagraíochtaí cheana – agus a gcuid ábhar teagaisc féin a scríobh.
theagasc doctrine
" Fuair na bochtáin an rud a bhí tuillte acu, de réir theagasc na manach, mar gheall ar an olc a rinne siad sna saolta a tháinig roimhe seo.
forbairt acmhainní teagaisc, the development of teaching resources,
" Tá Gaelchultúr anois ag díriú isteach ar nideoga ar leith: forbairt acmhainní teagaisc, cuir i gcás, agus seirbhísí a chur ar fáil atá bainteach le hAcht na dTeangacha Oifigiúla.
theagasc teach
" Ó bunaíodh é, tá Cairde Rince Céilí na hÉireann i ndiaidh an rince céilí a theagasc do níos mó ná 10,000 páiste achan bhliain.
táillí teagaisc tuition fees
" Níos measa fós, mura gcuirtear airgead sa bhreis ar fáil, beidh ar na hinstitiúidí tríú leibhéal táillí éagsúla, nach táillí teagaisc iad, a bhaint de mhic léinn ionas go mbeidh siad in ann a gcuid costas a íoc.
áiseanna teagaisc teaching facilities
" Plean eile a bhí ag Gael Linn agus ar thug an eagraíocht faoi le díograis ná dhá scannán 16mm a dhéanamh – ceann ar an iománaíocht agus an ceann eile ar an bpeil – agus go mbeidís in úsáid i scoileanna mar áiseanna teagaisc.
t-ábhar teagaisc instructional material
" Luann an t-údar chomh maith gurb é scannán Gael-Linn an t-aon taifead ceart de Christy Ring, an t-iománaí, atá ann, agus gurb é an chuid is fearr den scannán ná an t-ábhar teagaisc, an t-aon taifead inchreidte de theagasc Uí Rinn ar an iomáint.
theagasc instruction
" Luann an t-údar chomh maith gurb é scannán Gael-Linn an t-aon taifead ceart de Christy Ring, an t-iománaí, atá ann, agus gurb é an chuid is fearr den scannán ná an t-ábhar teagaisc, an t-aon taifead inchreidte de theagasc Uí Rinn ar an iomáint.
theagasc to teach
" Ba mhaith liom go ndéanfaí rialacha na peile agus na hiomána a theagasc i gceart d’imreoirí óga agus go múinfí dóibh cén chaoi le iad féin a iompar mar is ceart ar an bpáirc agus ómós a thabhairt don réiteoir.
á theagasc being taught
" Bhí an curaclam á theagasc tríd an Bhéarla, agus níor thaitin an scoil seo leis na hantoiscigh taobh istigh de Ghaza a rinne ionsaí uirthi dhá uair le bliain go leith anuas ach níor éirigh leo sin é a leagadh.
ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh counters Jewish teaching
" Is 'ailse' é Iosrael do Ghiúdaigh toisc go bhfuil coincheap den stát Iosraelach ag sárú an teagaisc Ghiúdaigh, dar le baill de Neturei Karta (Féach www.
ag teagasc teaching
" Níl aon fhear ag teagasc insa tríú cuid de bhunscoileanna na hÉireann anois.
dteagasc teaching
" Tá muid ag súil le dul chun cinn i dteagasc na Gaeilge sa Bhreatain tar éis cruinniú suntasach a d'eagraigh Glór na nGael i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair.
teagasc teaching
" Níl an Sunset cóngarach do lár na cathrach, atá ar chúinne thoir-thuaidh na leithinse, ach tá ceannstáisiún líne tram ann, Zú San Francisco, agus, ar ndóigh, Lárionad Cultúrtha na hÉireann, ina raibh mé ag teagasc Gaeilge don Deireadh Seachtaine.
ag teagasc teaching
" Sula bhfuair sé an post sa Bhruiséil, bhí an tIodálach ag teagasc Léann Iosrael (ábhar a bunaíodh go príomha le híomhá Iosrael a chur chun cinn, dar le Mearsheimer agus Walt) ag Ollscoil Oxford tar éis céim dochtúra a fháil san Ollscoil Eabhrach in Iarúsailéim.
theagasc to teach
" Tráthnóna, agus mo thóin dubh le brú diallaite, d'fhilleas ar Lárionad na nÉireannach i dTír an Fhuinidh arís chun cúrsa Gaeilge a theagasc.
teagasca lessons
" Ba mheisias bréige é, dar leo, nach ndearna ach na teagasca a thug Eoin Baiste dó a shaobhadh.
theagasc taught
" ” Cinnte, bhí a barúlacha maidir le homaighnéasaigh doghlactha ach chreid sí go diongbháilte gur theagasc Íosa Críost di go raibh an homaighnéasachas “*abominable*.
ábhar teagaisc teaching materials
" Agus bhíomar ag cíoradh na ceiste seo: conas is féidir é sin a dhéanamh nuair nach bhfuil fágtha agat ach dornán beag cainteoirí, nuair nach bhfuil ar do chumas cúrsaí ollscoile a chur ar bun a thabharfadh líofacht do dhaoine sa teanga ná faic mar sin, nuair nach bhfuil aon chóras scríbhneoireachta nó múinteoirí proifisiúnta ná ábhar teagaisc ag go leor de na teangacha seo? Agus sular tionóladh an chomhdháil sin, fiú, tháinig duine amháin, Karuk eile, ar an smaoineamh gur chóir Clár na Máistrí agus na bPrintíseach a bhunú.
teagasc lesson
" Ar láimh amháin, bhí teagasc mórálta i gceist leis na pictiúir seo, ach bheadh sé deacair an ciúta collaíochta a sheachaint iontu chomh maith agus is féidir go raibh suiríocht indíreach i gceist ag Michelangelo fosta.
theagasc taught
" Is sibhse a theagasc dúinn go bhfuil dlí Dé do-athraithe go síoraí.
teagasc instruction
" Is cuid de fhealsúnacht Roddy Doyle féin, an gnáthdhuine a spreagadh i mbun pinn agus sin é an fáth gur bhunaigh sé *‘Fighting Words’* ionad scríbhneoireachta cruthaitheach i mBaile Átha Cliath i 2009, áit a mbíonn an teagasc saor in aisce do chách.
teagaisc lesson
" Nuair a thuigfidh tú fírinne an teagaisc seo ní shaolófar arís thú.
theagasc taught
" De réir Cuspóir 5 den Ráiteas úd: 'Déanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hArdteistiméireachta.
ag teagasc teaching
" Níorbh aon ionadh gurbh é an saol acadúil a bhí i ndán don bhuachaill óg, agus a mháthair ina dochtúir leighis, chomh maith le huncailí ag teagasc matamaitice dó.
teagasc na hiomána teaching hurling
" An bhféadfadh an eolaíocht cabhrú le teagasc na hiomána, le hiománaithe níos fearr a chruthú, le hiománaithe i gcontaetha laga a fheabhsú? Tá súil agam go rachaidh an CLG i dteagmháil le hAlexander go luath.
theagasc taught
" An Chosmhuintir agus an Sóisialachas ================== Mar mhúinteoir scoile a theagasc i bpríosúin chomh maith, aithníonn Ervine an tábhacht atá leis an litearthacht.
theagasc to teach
"   “Bhí scoilt riamh idir muintir na gcathracha agus muintir na tuaithe, ach san fheachtas seo, chuaigh muintir na gcathracha amach chun na tuaithe leis na daoine a theagasc agus b’ansin a chonaic siad saol na mbocht mar a bhí sé don chéad uair.
ag teagasc teaching
" Bhí beirt mar seo (Déaglán agus Daithí) nuair a bhí mé ag teagasc ar cúrsa eachtraíochta lasmuigh i 2005 i gcoláiste anseo.
mheán teagaisc bunscoile means of national school instruction
" D’úsáidfinn na figiúirí a chuirtí ar fáil chuile bhliain chun monatóireacht a dhéanamh ar staid na teanga sna ceantair láidir Ghaeltachta agus chun meabhrú don saol mór nach ann don Ghaeilge mar theanga teaghlaigh nó mar mheán teagaisc bunscoile in os cionn leath de na ceantair oifigiúla Gaeltachta.
ag teagasc teaching
" Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge i Mí na Samhna 1993 agus bhí mé ag teagasc na hIodáilise ag an am.
ranganna teagaisc tutorials
" Chláraigh muid le haghaidh ranganna teagaisc ar an láthair ach bhí taithí réasúnta maith ag m’fhear céile agus fágadh mé liom féin i mbunrang do ghlantosaitheoirí.
theagasc na fealsúnachta teaching of philosophy
" Le córas feidhmiúil meánscolaíochta do na Caitlicigh mheánaicmeacha faoi cheannas na hEaglaise agus le greim docht coinnithe ag sagairt ar theagasc na fealsúnachta agus na socheolaíochta sna hOllscoileanna Náisiúnta, ní hiontas ar bith é nach raibh mórán glacadh sa stát nua ‘neamhspléach’ sna 26 Contae, le smaointí réabhlóideacha polaitíochta ná le liobrálachas maidir le cúrsaí gnéis.
i dteagasc in the teachings
" Cé go mbeadh sé deacair a leithéid a fháil i dteagasc Íosa, is cuma sa diabhal leis na “Críostaithe” seo, óir ní Íosa ach Iosrael a adhraíonn siad.
am teagaisc teaching time
" Tá réiteach simplí ar sin: fad na scoilbhliana a mhéadú beagán sa gcaoi is nach gcaillfí aon am teagaisc.
teagasc instruction
" Mura ndúisíonn gach earnáil iad féin agus teagasc de chineál éicint a chur orthu féin, na meáin san áireamh, i dtaca leis an gheilleagar, ní hé amháin go dtarlóidh sé arís, ach tarlóidh níos measa fós.
ag teagaisc tutoring
" Agus bhí sé ag teagaisc ansin ar feadh tamaill, ag léachtóireacht.
cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom his teaching methods help me
" Is é an ghné is mó den chluiche a bhfuil ar Dhaithí feabhas a chur air dar leis, gné na hintinne: “tá aigneolaí spóirt ar fáil do lucht spóirt an choláiste agus cuidíonn a mhodhanna teagaisc liom a bheith ar mo shuaimhneas agus roghanna maithe a dhéanamh nuair a thagann an crú ar an tairne le linn cluiche”.
ag teagasc teaching
" Bhí fear óg as Dún na nGall ag teagasc.
tchí tú i modhanna teagaisc do you see in teaching methods
" **SÓC: Cén t-athrú a tchí tú i modhanna teagaisc agus iompair sa seomra ranga ón uair a thosaigh tú i ’61 agus gur éirigh tú as i ’94?** MMGE: Tháinig athruithe ar bhéasaí na bpáistí agus ar an oiliúint a fuair múinteoirí, bealaí nua le teagasc.
ag teagasc teaching
" Cé gur trí mheán an Bhéarla don chuid is mó a bhí sí ag teagasc, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa go raibh sé de cheart ag an Roinn a leithéid de cháilíocht a éileamh cionn is go raibh sé mar aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga náisiúnta agus mar chéad teanga an Stáit.
Chuallacht um Theagasc an Chreidimh society for the propagation of the faith
" An Cairdinéal Liam Ó Leamh-mhadaidh ============= Meiriceánach – fear ó thír sin na saoirse cainte – atá taobh thiar den bhalbhú seo ar fad: an Cairdinéal William Levada, fear atá ina cheann ar an Chuallacht um Theagasc an Chreidimh, nó an Congregatio pro Doctrino Fidei.
teagaisc teaching
" Múscailt an tSamhraidh ========= Beidh leath d'airgead an Redadeg (timpeall €60,000) ag dul chuig Diwan, agus an leath eile chuig réimse tionscadal a roghnaíodh ag 'kuzul ar re fur' (comhairle na ngaoiseach), comhairle speisialta eagraithe ag foireann an Redadeg le daoine ón earnáil cultúrtha nó teagaisc.
clár teagaisc syllabus
" Go séimh béasach chuir sí coincheapanna mar chlár foghlama, clár teagaisc, plean ranga, agus sprioc ranga os ár gcomhair.
theagasc na Gaeilge the teaching of Irish
" Tá sé chomh maith agam an diallait a chur ar an each chóir, áfach, agus a admháil gur deineadh brachán bocht de theagasc na Gaeilge sa chóras scolaíochta ó bhunú an stáit i leith.
theagasc dom teaching me
" Thosaigh sé, Alan Mac ’ille Mhoire, ar bheagán Gaeilge a theagasc dom.
thagann tú anall ag teagasc you come over here teaching
" Cé chomh minic is a thagann tú anall ag teagasc?** AW: Is é seo an tríú iarraidh dom mar fhear teagaisc.
mar fhear teagaisc as a teacher
" Cé chomh minic is a thagann tú anall ag teagasc?** AW: Is é seo an tríú iarraidh dom mar fhear teagaisc.
an lucht teagaisc in éineacht along with the teachers
" Ba iadsan a dhear an cúrsa, an bhfuil a fhios agat, agus a choinníonn i gceart é, iad féin agus an lucht teagaisc in éineacht.
dul ag teagasc to go teaching
" Cá huair ar thoisigh tú ar sin?** Ray Mac Mánais: Chas mé le Liam Ó Cuinneagáin ag Oireachtas Ghleann Cholm Cille in ’89 agus thug sé cuireadh domh dul ag teagasc ann, cúpla uair, agus níor oir sé dom.
dream a leanann teagaisc a group that follows the teachings
" Ní nach ionadh, tá méid áirithe Críostaithe ag iarraidh cinntiú go bhfanfaidh Al-Assad i gceannas na tíre ar eagla go dtiocfadh Ioslamaigh radacacha, lena n-áirítear na Salafi i gcumhacht - dream a leanann teagaisc Wahhabi a bhí mar ábhar inspreagtha ag Osama Bin Laden roimh uafás 9/11.
teagasc teaching(s)
" Cé go raibh teagasc na ndiagairí seo bunaithe ar dhea-luachanna, droch-chleachtas dlí a bhí ann sa mhéid is go raibh sé préamhaithe ar choincheap iontach teibí a bhféadfaí brí leathan a bhaint as.
lucht teagaisc teachers
" Tháinig pointí míréire nó éiginnteachta chun solais i measc úsáideoirí agus lucht teagaisc.
ag teagasc teaching
" D'fhógair An Roinn Caiteachais Phoiblí is Athchóirithe ar na mallaibh go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar na liúntais a íoctar le múinteoirí sa Ghaeltacht agus le múinteoirí a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
nach raibh sé indhéanta ábhair léinn a theagasc trí mhéan na Gaeilinne that it wasn’t possible to teach a subject through Irish
" Binchey agus Shéamuis Uí Dhuilearga - an saineolaí béaloideasa is tábhachtaí roimis Ó Crualaoich féin - “nach raibh sé indhéanta ábhair léinn a theagasc trí mhéan na Gaeilinne.
ndéanfainn mo chleachtadh teagaisc I’d do my teaching practice
" Mar sin, nuair a bhí mé ar an choláiste oiliúna, chinn mé go ndéanfainn mo chleachtadh teagaisc i nGaelscoil agus uaidh sin, theagaisc mé ar feadh bliana i nGaelscoil, bhí mé i mo láithreoir ar Raidió na Life ar feadh bliana fosta agus chaith mé sealanna i nGaeltacht Chonamara .
theagaisc mé ar feadh bliana I taught for a year
" Mar sin, nuair a bhí mé ar an choláiste oiliúna, chinn mé go ndéanfainn mo chleachtadh teagaisc i nGaelscoil agus uaidh sin, theagaisc mé ar feadh bliana i nGaelscoil, bhí mé i mo láithreoir ar Raidió na Life ar feadh bliana fosta agus chaith mé sealanna i nGaeltacht Chonamara .
modhanna teagaisc níos solúbtha more flexible teaching methods
" I gcomórtas le cruth an tseomra ranga bíonn modhanna teagaisc níos solúbtha ag an dojo, agus is é bunphrionsabal na gluaiseachta ná cothrom na Féinne do chách.
mar áis teagaisc as a teaching aid
" Ó tharla go bhfuil rath ar an tionscadal, tá suim ag lucht oideachais tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh faoin mbealach go bhféadfadh scoileanna na tíre leas a bhaint as Coderdojo mar áis teagaisc i réimse na heolaíochta agus matamaitice.
teagasc na Gaeilge the teaching of Irish
" ”* Thug sé le fios fosta go raibh teagasc na Gaeilge ar an *“biggest single policy failure in Irish education”*.
go leor leasuithe ar theagasc enough reforms of the teaching
" An ndéanfar go leor leasuithe ar theagasc na Gaeilge idir seo agus an chéad saothar eile a fhoilseofar faoin ábhar? Ní gá a rá gur tubaiste a bheadh ann don teanga agus don Ghaeltacht dá mbainfí ón éigeantas.
le hí a theagasc to teach it
" Ní thig le teanga a bheith go fiú ina hábhar roghnach, mura bhfuil éinne ann le hí a theagasc agus chun an rogha a chur ar fáil do na scoláirí.
theagasc na hEaglaise the church’s teachings
" Díobh siúd a théann ar Aifreann, tá a fhios agam féin go dtugann cuid mhór acu neamhaird ar theagasc na hEaglaise maidir le cúrsaí collaí nó le pleanáil clainne.