Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thionscail teallaigh cottage industries
" Bhí an lámhcheardaíocht go láidir sa cheantar, go háirithe ag na cailiní, agus ba thionscail teallaigh iad an chniotáil agus an spruigeáil.
ar an teallach at the hearth
" Sin ráite, sílim go mbreathnaítear orainn mar "ghlúin nua" sa mhéid is nár shealbhaigh muid an traidisiún beo ar an teallach agus gur faoi scáth an Ghaelacadaimh a shealbhaigh muid na hamhráin, agus an traidisiún dá réir.
teallach hearth
" Dúirt an file Brendan Kennelly gurbh é Bewley's "teallach agus croí" Bhaile Átha Cliath agus is dá bharr seo, is dócha, a chaith leithéidí James Joyce, Samuel Beckett, Patrick Kavanagh agus go leor eile nach iad den aos ealaíon am san áit.
teallaigh hearths
" " "Agus é ag caitheamh anuas ar lucht an IRA bíonn sé ag tarcisniú sceimhlitheoirí bochta a chaith oíche i ndiaidh oíche amuigh faoin doineann, iad sioctha ag an sioc agus leathbháite ag an fhearthainn fhuar, i bhfad óna dteaghlaigh agus óna dteallaigh, ag pleanáil robáil an bhainc le go mbeadh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir; í ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith; agus na meirligh a bheith ní hamháin Gaelach ach saor chomh maith.
ghaiscígh teallaigh armchair generals
" Ba í an tuairim choitianta í i measc ghaiscígh teallaigh agus thráchtairí na meán cumarsáide gurbh eisean an t-imreoir haca ab fhearr riamh.
Teallach fireside
" Baill den club sléibhteoireachta An Teallach ab ea iad, agus bhí siad ag dul suas Buachaille Etive Mór (1022m) tríd Coire an Tulaich nuair a bhuail maidhm shneachta faoin mhullach orthu agus plúchadh ann iad, na créatúir.
dá iarann déag sa teallach aici too many irons in the fire
" mobi/ga/Tony_Gregory) An Aigne Choiteann Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
teallaigh fireside
" Agus caidé mo bhreithiúnas ar thoradh na dtrí fhéachaint sin? Tá sárshaothar déanta ag Audiard ar fiú éirí as sócúlacht teolaí an teallaigh ar cheann de na hoícheantaí fuara Earraigh seo chun ligint don scannán Francach is dúshlánaí ar an chamchuaird reatha dul i gcionn ort.
cois teallaigh in the home
" I gcaint a thug sé ag Feis na Meán Ceilteach anuraidh, dúirt Collins nár thuig daoine cad é chomh mór is a bhí na hathruithe a bhí ag teacht i gcúrsaí craolacháin, mar sin chuir mé ceist air, don ghnáthdhuine cois teallaigh, cad é a bhí roimhe agus roimpi sa saol úr seo.
Theallach dynasty
" Tugtar siar muid chuig an am nuair a bhain an Ísíltír saoirse amach ó Theallach Habsburg agus ón Eaglais Chaitlíceach i ndiaidh tréimhse fhada chogaíochta, agus feictear an t-athrú céadach dá bharr seo a tháinig ar chruth cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre.
an dá theallach the two hearths, houses
" Ach ní mar gheall ar chomhrá beirte a thabharfainn Gaeltacht ar an dá theallach.
bheith á seachadadh ó ghlúin go glúin cois teallaigh were being transmitted each generation at the fireside
" Toisc na hamhráin sean-nóis a bheith á seachadadh ó ghlúin go glúin cois teallaigh, ba mhodh é a bhíodh de shíor ag athrú agus ag forbairt.
na gabháltais teallaigh family holdings
" Ba ghéar an choimhlint a bhíodh idir na gabháltais teallaigh agus an comhlacht stáit Coillte, i dtaca leis an talamh ard go háirithe.
ceapadh file teallaigh a poet in residence was appointed
" I dtús na míosa ceapadh file teallaigh sa teach mór a dtugannn siad Rhos-y-Gilwen air.
an chéad oíche agam ar an teallach my first night in office/present
" ) Sólás do Phádraig Ó Mileadha ========== Anocht an chéad oíche agam ar an teallach más ea.
Theallaigh Eachach Tullyhaw, west Cavan
" **Aguisín:** Ar mo bhealach siar i dtreo Ghleann Fearna, bheannaigh fear i nGaeilg bhreá Theallaigh Eachach domh le taobh leac chuimhneacháin an fhile, Cathal Buí, ar bhruach Loch ‘Mhic an Éin’.