Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teasaí heated
" Deir sé go raibh cruinniú teasaí idir comhairle inmheánach an UDA agus baill an UPRG agus nár thug ach Tuaisceart agus Iarthar Bhéal Feirste tacacíocht don eite pholaitiúil.
roinnt de na seisiúin idirbheartaíochta ba theasaí riamh some of the stormiest negotiations ever
" Cuireadh iachall ar Aire páirtaimseartha na Mara, Dermot Ahern, an socrú a shlogadh i ndiaidh roinnt de na seisiúin idirbheartaíochta ba theasaí riamh.
teasaí hot-headed, passionate
" Admhaíonn Ballagh go raibh sé ar a shuaimhneas sa "chomhluadar spairneach" seo agus é ina "fhear óg teasaí", go dtí 1968 nuair a chothaigh na rudaí a bhí ag titim amach sna Sé Chontae scoilt idir é féin agus na "nua-aoisithe".
teasaí hot-tempered
" Tá rud beag leisce orainn filleadh ar scéal na hIaráice arís de bharr go raibh díospóireacht chomh géar agus chomh teasaí sin ar siúl mar gheall air i gClár Plé na hirise seo le déanaí.
díospóireacht theasaí heated debate
" Anois, tá an tUachtarán Bush ag cur chun cinn cláracha ar fud na tíre ina leagtar béim ar staonadh go lá an phósta, athrú i bpolasaí sláinte atá tar éis díospóireacht theasaí a chothú faoin tslí is éifeachtaí chun daoine óga a choimeád sláintiúil go fisiciúil, go spioradálta agus ó thaobh mothúchán de.
díospóireacht theasaí heated debate
" " Tá seo ar fad ag tarlú agus díospóireacht theasaí ar siúl faoi iarrthóir an Pháirtí Dhaonlathaigh don uachtaránacht, John Kerry, Caitliceach a chleachtann a chreideamh agus atá i bhfábhar rogha i gcúrsaí ginmhillte.
teasaí heated
" Le tamall anuas, tá sé tar éis a bheith ag déanamh taighde ar ghrúpa a chuideoidh le toghchán uachtaránachta thar a bheith teasaí na bliana 2004 a shocrú: vótóirí Caitliceacha Mheiriceá.
teasaí fiery
" Gan amhras, meallfaidh sé na sluaite isteach chun iontas a dheánamh den saothar dorcha cumhachtach seo agus chun meabhrú ar an fhear teasaí a rinne é.
teasaí heated
" Chuir an ICMSA preasráiteas ón uachtarán chugam agus bhí sé teasaí, histéireach fiú.
léirmheas teasaí heated review
" Murrow an oibiachtúlacht a bhain riamh anall leis an iriseoireacht i dtraipisí agus cuireann sé ar fáil léirmheas teasaí ar McCarthy, rud a chuireann tús le turnamh an tseanadóra.
teasaí heated
" ” Cé go raibh an díospóireacht mar gheall ar an ghinmhilleadh teasaí agus salach go maith, go háirithe le linn na n-ochtóidí, deir Muireann nár chaith an dream a bhí go láidir ina choinne go dona léise riamh.
ealaíontóir teasaí hot-tempered artist
" Léiríonn an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo an bua millteanach a bhí ag an ealaíontóir teasaí a dhear é, agus is fiú go mór am a chaitheamh ansin chun meabhrú air.
teasaí hot-tempered
" “Cé hí an bhean teasaí?” a d’fhiafraigh mé d’fhear in aice liom.
níos teasaí agus níos géire more heated and intense
" Agus ceathrar in iomaíocht don duais cháiliúil, mar aon le £25,000 agus aitheantas idirnáisiúnta, ní hionadh ar bith go n-éiríonn an troid níos teasaí agus níos géire le himeacht gach bliana.
teasaí heated
" Tá deireadh leis an fhánaíocht ó thír go tír ag na sluaite fear iarann a mhúnlaigh an dealbhóir Anthony Gormley agus an scéal amuigh, i ndiaidh conspóide a bhí teasaí go leor in amanna, nach i dtíortha i gcéin a bheidh siad ag cur fúthu go buan ach i ndúiche an dealbhóra féin ar bhruach an Mersey i Sasana.
chomh teasaí sin so heated
" D’éirigh cúrsaí chomh teasaí sin idir na hiarrthóirí uilig gur eagraigh na stáisiúin teilifíse dhá dhíospóireacht bheo idir na hiarrthóirí Poblachtánacha agus Daonlathacha faoi seach.
comhfhreagras teasaí heated exchanges
" Bhí mé ag súil fosta le comhfhreagras teasaí ó cheannasaithe, leithéidí Conradh na Gaeilge, Gaelscoileanna, Gael Linn agus Comdháil Náisiúnta na Gaeilge agus iad ag cosaint a gcuid luachanna agus a dtábhacht don teanga.
an-teasaí very tempestuous
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
teasaí wound up, uptight
" Anois, baineann sé le nádúr an duine a bheith teasaí agus glórach ag ócáidí spóirt mar a bhí le feiceáil níos déanaí an tráthnóna céanna le linn chluiche ceannais Chorn an Domhain sa sacar.
teasaí heated
" D’éirigh rudaí teasaí nuair a thug Ceannaire na n-Aontachach Ulaidh, David Trimble, le fios go raibh an t-aitheantas céanna dlite don Ultais: *“Bertie did not take quite the same relaxed view of the importance of Ullans as I did, suggesting that maybe David would like to speak some of ‘the fecking thing’ so we could hear what it sounded like; and David taking umbrage at the idea that the dialect was a Unionist invention, explaining solemnly and at length the Scottish roots of Ullans with all the sensitivity of a landowner talking to the village idiot.
saol teasaí neamhghnách unusual fiery life
" Is mór an léargas a thugann an taispeántas seo ar an saol teasaí neamhghnách a bhí ag an bheirt agus ar an ghaol láidir a bhí acu lena dtír dhúcháis, ar chúrsaí polaitíochta na tíre agus ar an réabhlóidí Bhoilséiveach, Leon Trotsky.
chomh teasaí ná chomh contúirteach as heated nor as dangerous
" "Le deireadh na trioblóidí sa Tuaisceart, is féidir linn an t-ábhar a chíoradh ar mhodh nach bhfuil chomh teasaí ná chomh contúirteach," a dúirt sí linn.
D’éirigh an chaint teasaí go leor matters became heated to some extent
díospóireacht theasaí heated debate
" Chothaigh an cinneadh a rinneadh dealbh Michelangelo, Daithí, a ghlanadh díospóireacht theasaí go hidirnáisiúnta agus bhí go leor daoine den tuairim nár cheart dul in aice le saothar ealaíne chomh luachmhar.