Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teilgthe amach cast out
" Ní táirge é seo atá teilgthe amach ar mhargadh an cheoil le blustar agus le bladar.
ag teilgeadh a chuid cainte projecting his talk
" "Nuair a bheas an chos bainte de agaibh céard a dhéanfar léi?" arsa Simpleoir, é ag teilgeadh a chuid cainte mar ráiteas níos mó ná mar cheist.
taispeántais teilgthe projected displays
" Sa dara sraith, a bheidh le feiceáil san fhómhar mar chuid de chomhdháil idirnáisiúnta, beidh taispeántais a thógfar go speisialta i suímh ar leith, beoláithriú agus taispeántais teilgthe ann.
a theilg to cast
" “Is féidir linn tuanna cré-umha a theilg anseo,” a deir Mark.
teilgeann an printéir the printer throws out
" Gach deich nóiméad nó mar sin, teilgeann an printéir calóga móra bána amach.
á dteilgeadh isteach sa chearnóg. being thrown into the square.
" ** **Dermot Ahern** (Lánchúlaí): Lánchúlaí ar féidir brath air is ea é agus liathróidí arda á dteilgeadh isteach sa chearnóg.
theilg sinn threw us
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
dteilgfidh throws
" Feiceann an Fhrainc iad féin mar chultúr láidir, sách cumasach le seasamh in éadan gach a dteilgfidh Hollywood leo.
Teilg Luaidhe cast lead
" B’fhéidir gur fíor dó – mar céard eile ach ‘barbarachas’ a thabharfá ar an stát a d’ordaigh Obráid Teilg Luaidhe ar mhuintir Gaza gan chosaint an Nollaig seo caite.
teilgeadh rendered
" Ina dhiaidh seo, tháinig fás suntasach faoi líon na bpríosúnach a teilgeadh chun báis de bhéal snáithide, den chathaoir aibhléise nó ar bhealach eile.
theilg cast, threw
" Ciallaíonn an dá rud gur theilg barr na toinne uisce 220 troigh ar airde ar a laghad.
Oibríocht Teilg Luaidhe Operation Cast Lead
" I ndiaidh Oibríocht Teilg Luaidhe, inar maraíodh os cionn 300 páiste i Stráice Gaza, vótáil Schakowsky ar son rún Tí ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint.
teilgthe cast off
" Coinneoidh an t-eireaball teilgthe ag lúbarnaíl as féin go draíochtúil i do láimh cúpla nóiméad.
theilg flung
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
theilgtear are thrown
" Is mar sin a theilgtear an cúpla sa tóir ar thaibhsí rúnda na máthar.
Teilgtear are propelled
" Teilgtear chugainn gan taise iad, cóta aibhléise á gcoimeád beo don chéad ghlúin eile.
teilgeadh were fired
" Cosnóidh gach diúracán Hellfire $58,000 agus teilgeadh 4,184 díobh san Afganastáin anuraidh.
theilgeadh used to fire
" Ní mharaítí aon duine an chuid is mó den am, ach is iomaí fear, bean is páiste a loiteadh go dona, a dalladh, nó a chaill leathlámh nó leathchos nuair a theilgeadh na hIosraelaigh sliogán den chineál sin le teach cónaí gan choinne, nó le teach i ndiaidh a chéile tríd na sráidbhailte.
Teilgeann sé dath óir it casts a golden hue
" Teilgeann sé dath óir ar an gcnoc agus ar an sneachta.
Teilgeann siad they project
" Teilgeann siad an t-uachtar sin gach oíche Dé Luain ar a hocht a chlog.
a teilgeadh an chéad diúracán sa spás when the first rocket was fired into space
" Bhí nuachtáin ina measc freisin ón lá a teilgeadh an chéad diúracán sa spás i 1969; bhí trí nuachtán ó chuairt an Phápa go hÉirinn i 1979 agus sleamhnáin, clár agus ticéid ó chluichí Oilimpeacha Munchen i 1972.
Urlacan teilgthe vomit splashed
" Urlacan teilgthe ar leabhair ealaíne boird ísil nuair a thugann tuistí na beirte leads fána chéile tar éis dóibh ‘insint aontaithe’ ar an eachtra a chur le chéile in árasán an íobartaigh.
theilgeadar siúd they flung
" Rinneadar iarracht i ndiaidh iarrachta bac bóthar na bpóilíní a shárú, ach theilgeadar siúd buamaí deorgháis leis an slua.
diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde a weather rocket which the Norwegians shot up
" Ba é an rud a bhí ann ná diúracán aimsire a theilg muintir na hIorua in airde chun staidéar a dhéanamh ar na Gealáin Thuaidh.
teilgeann taispeántas portrayal propels
" Céad rogha Mc Queen anois don tríú uair as a chéile, teilgeann taispeántas Michael Fassbender isteach ina fhithis aisteoirí móra scannán na linne é.
teilgeadh íomhánna projecting images
" B’iad chéad iarrachtaí sin Huygens agus fear de bhunadh na Danmhairge darbh ainm Thomas Walgensten a thug ar eolaithe agus aireagóirí tuilleadh dua a chaitheamh le teoiricí a bhain le cúrsaí solais, lionsaí, teilgeadh íomhánna agus eile.
nach dteilgeann airm an iarthair that the western armies don’t shoot
" Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
Ní bhítear mar a theilgtear things are not as they’re projected
" Ní bhítear mar a theilgtear, ar chláir theilifíse ar aon chuma.