Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
á theilgean aici being projected by her
" Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra "cu cúú… cu cúú…" á theilgean aici go hard san aer.
teilgean cainte idiom, expression
" Ba chóir don fhoghlaimeoir na focail nua a mharcáil le peann agus iad a chuartú i bhfoclóir Néill Uí Dhónaill, ach thar aon rud eile ba chóir dó a mharana a dhéanamh ar achan struchtúr teanga nó teilgean cainte a thuigeanns sé, siúd is go bhfuil a fhios aige nach dtiocfadh leis a leithéid a rá ná a scríobh as a stuaim féin.
teilgin projections
" Chuir na teilgin a thug mé in iúl, trí líon na gcainteoirí Béarla sa líonra a chur i gcoimheas le húsáid teanga sa líonra, gur féidir le líon beag cainteoirí Béarla an-tionchar a imirt.
ráiteas a theilgean to project a statement
" In áit an scannáin, tá sé beartaithe acu ráiteas a theilgean a mhíneoidh cén fáth nach féidir é a thaispeáint.
nuair nach n-éiríonn leis an teilgean. when the throw is not successful.
" Nuair a chaitheann sé an liathróid, is le stíl a dhéanann sé é, ach is rómhinic ceaptha ag imreoir den fhoireann eile an liathróid nuair nach n-éiríonn leis an teilgean.
á dteilgean being fired
" Bhí an bheirt i láthair chomh maith nuair a bhí na sliogáin á dteilgean leis na Ceithre Cúirte.
theilgean cast off
" Is féidir le gasúr breith air ar urlár stroighne nó ar an mbóthar nuair nach mbíonn deis rith i bhfolach ag an earc, ach más earc sléibhe é, is laghairt ó cheart é agus thig leis an t-eireaball a theilgean uaidh má bheirtear air agus éalú leis.
a theanga a theilgean uaidh to cast aside his language
" Cén fáth go gcaithfidh an cainteoir dúchais a theanga a theilgean uaidh le go mbeidh dúil aisteach i bhfoghlaim na teanga sin ag a gharchlainn? Gach dream a thug aghaidh ar SAM as an Eoraip, rinne siad amhlaidh lena gcuid Iodáilise, Yidise, Gearmáinise agus tá sé ag tarlú i gcónaí leis an Pholainnis agus fiú leis an Spáinnis go deimhin.
Teilgean Físe agus Íoc an Cheadúnais projecting an image and paying the licence
" Teilgean Físe agus Íoc an Cheadúnais ================== Maidir leis an táille eile, is scéal eile ar fad í.
breac le teilgin chainte dá leithéid full of such turns of phrase
" ”* Tá an scannán breac le teilgin chainte dá leithéid.
físeán nó pictiúr a theilgean to project a video or a picture
" Ligfidh sé duit, mar sin, aon ní, físeán nó pictiúr a theilgean suas ar bhalla.
le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna in all its glory throwing colour and shade
" Bhí an áit á léiriú féin le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.
theilgean isteach thrust into
" Is fada an staid reatha ó ré órga na meán Gaeilge ag tús an chéid seo nuair a bhí nuachtáin laethúla agus seachtainiúla againn, bealach raidió fadbhunaithe a bhí ina chuid lárnach de shaol an chainteora Gaeilge, neart irisí bríomhara agus stáisiún teilfíse nuálach a bhí chun seanteanga na nGael a theilgean isteach san fhiche haonú haois.
ag teilgean na n-arm sin firing those arms
" Tá ladrainn Mheiriceá armtha san aer os cionn Bagdad faoi láthair, agus is ar éigean a thiocfaidh siad anuas go ceann tamaill, ó is mó is dóichí go mbeidh siad ag teilgean na n-arm sin sar i bhfad muna gcuirfear stop le hionsaí na bhfórsaí Sunnaíocha san Iaráic.
le teilgean cainte with a saying
" Chabhraigh muintir na Gaeltachta le gach éinne freisin, ag roinnt an tsaibhris orainn agus ag tabhairt cúnaimh dúinn nuair a bhí deacracht againn le teilgean cainte nó le heaspa cruinnis.