Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
theip failure
" Agus mé ag breathnú ar Bhóthar na bhFál agus ar Bhóthar Gharbh Achaidh, is siombail láidir í gach bratach thrídhathach de theip Paisley 37 bliain níos moille.
sular theip ar an chomhlacht before the company failed
" Ghlaoigh Comhdháil na Stát Aontaithe ar Skilling, iar-CEO Enron, chun fianaise a thabhairt ach mhaígh seisean nach raibh cuimhne aige ar shonraí na n-imeachtaí a tharla sular theip ar an chomhlacht.
theip glan orm I failed completely
" Bhí mise ag breathnú thart ar an idirlíon ag iarraidh teacht ar ainm oiriúnach, a bhain le déithe Ceilteachta, b'fhéidir, ach theip glan orm.
theip ar na hiarrachtaí the attempts failed
" Rinne sé iarracht dhá amhrán, "Éist do Bhéal " atá eisithe cheana féin ag Sinéad Lohan, agus "Rugadh orm i gCorcaigh", a bhuaigh comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta, a thaifeadadh le Declan Sinnott ach theip ar na hiarrachtaí.
teip failure
" teip ======= Níl aon amhrán Gaeilge ar an albam nua seo, in ainneoin cinn den scoth a bheith scríofa i nGaeilge ag Spillane agus a dhlúthchara, an file Louis de Paor.
a dteipeann orthu who fail
" "Déanann SpamAssassin a lán trialacha éagsúla ar gach teachtaireacht ríomhphoist chun *spam *a aithint agus cuireann sé bac ar theachtaireachtaí a dteipeann orthu sna trialacha sin.
teip failure
" Cad é eile a dtiocfadh libh bheith ag dúil leis ach amháin teip, agus sibh ag gabháil do chluichí na nGall!!'" Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle agus na nGall atá lucht seirbhíse na tíre seo dar le Balorina na Súile Glinne Nimhe.
Theip ar an bhanna sin that band failed
" Theip ar an bhanna sin agus chuaigh Jon isteach sa ghrúpa Yes ina dhiaidh sin.
is mó a bhainfidh leas as an teip seo who will benefit most from this failure
" Is iad Sinn Féin agus an DUP is mó a bhainfidh leas as an teip seo.
níor theip riamh ar bhean an mhisnigh the woman with courage never failed
" Is lú áiseanna agus taithí atá againn ná dreamanna eile go dtí seo ach níor theip riamh ar bhean an mhisnigh! Díograis na ndaoine atá ag obair sna scoileanna an bua is mó atá ar thaobh s'againne.
nuair a theip air when he failed
" Níor thaitin saol na hollscoile leis, áfach, agus nuair a theip air ina chuid scrúduithe, d'éirigh sé as.
níor theip riamh ar bhean an mhisnigh the woman with courage never failed
" Is lú áiseanna agus taithí atá againn ná dreamanna eile go dtí seo ach níor theip riamh ar bhean an mhisnigh! Díograis na ndaoine atá ag obair sna scoileanna an bua is mó atá ar thaobh s'againne.
teip failure
" Ag breathnú siar air, níor cheart go gcuirfeadh teip na Meiriceánach iontas ar éinne, go mór mór sa tír seo.
dá dteipfeadh air sin if that failed
" " De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin chaillfí postanna.
má theipeann air if it fails
" Agus tá sé contúirteach nuair nach bhfuil ach sórt amháin á fhás, mar bíonn tubaiste ann má theipeann air.
Theip ar shláinte Noonan Noonan's health failed
" Theip ar shláinte Noonan le linn dhrochgheimhreadh na bliana 1910 agus fuair sé bás sa Liverpool Royal Infirmary.
go dteipfeadh air that he would fail
" " Go dtí go ndeachaigh sé go Meiriceá, mheas Allen nach raibh na cúrsaí léinn a rinne sé ródhúshlánach agus d'éirigh go maith leis i gcónaí i scrúduithe; le linn na chéad bhliana in MIT, áfach, tháinig imní air agus thosaigh sé ag smaoineamh go raibh baol ann go dteipfeadh air sna scrúduithe.
go dteipfeadh air seo that this would fail
" Léiríonn na páipéir oifigiúla seo go raibh comhoibriú suntasach idir an Roinn Cosanta anseo agus MI6 le linn an Dara Cogaidh Domhanda, ach go raibh eagla ar Rialtas na Breataine go dteipfeadh air seo dá mbeadh easaontas sa todhchaí idir an dá thír.
theip orainn we failed
" Ba mhian linn leanúint ar aghaidh ach theip orainn múinteoir eile a fháil.
theip uirthi she failed
" Rinne sí iarracht amhras a chur i mo chuid fianaise, ach theip uirthi.
teip failure
" Bíodh is gur ceanglaíodh cinniúint Nice leis an reifreann in Éirinn, bhí teipthe ar Nice sular thosaigh pobal na hÉireann ag smaoineamh air mar chonradh.
ná teipeadh orthu arís let them not fail again
" Bhí leathbhliain acu le meabhrú ar an bhealach chun cinn - ná teipeadh orthu arís.
dá dteipfeadh orth if they failed
" Gan a bheith ag iarraidh leatrom a dhéanamh ar aon saghas eile ceoil, is ceart a lua nach n-imeodh *ballet *nó *opera *de dhroim an domhain ar fad dá dteipfeadh orthu in Éirinn.
theip air he failed
" Chaith Paisley a shaol ag troid in éadan an náisiúnachais, Eaglais na Róimhe, *line dancing*, agus míle rud eile agus theip air i gcás achan cheann acu.
theip orthu they failed
" Ionsaí ======= Ní raibh Ingimund sásta fanacht ar Wirral agus rinne na Lochlannaigh agus na hÉireannaigh ionsaí ar Chester, ach theip orthu.
go dteipfidh ar na cainteanna that the talks will fail
" Dár ndóigh ní mian le haon duine smaoineamh air seo, ach má tharlaíonn sé amach anseo go dteipfidh ar na cainteanna, agus má bheartaíonn an IRA ar dhul ar ais chun cogaidh, beidh fuil na ndaoine a mharófar ar lámha na bpoblachtánach go cinnte.
teip failure
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
theip orthu they failed
" Ar feadh na tréimhse sin, bhí tír neamhspleách acu arís, ach faoi dheireadh bhí Sasana rómhór agus róláidir dóibh agus theip orthu.
nuair a theip orthu when they failed
" Is cuimhin le daoine an t-achrann a thóg leithéidí Cathy Sinnott agus Nicky Kelly nuair a theip orthu san olltoghchán deireanach.
gan teip without fail
" Tagann na hoilithrigh seo ó Aontroim, ó Longfort, ó Áth Cliath, ó Chill Dara, is é sin ó gach aird den tír, gan teip gach samhradh go Páirc Uí Chaoimh, Staid Semple nó Páirc na nGael.
an teip agus an díomá failure and disappointment
" Is é a bhí sí a mhaíomh, má thuig mé i gceart í agus más buan mo chuimhne, gur beag duine a mbíonn sé de phribhléid aige an draíocht chéanna a bheith air arís leis an léitheoireacht, ach ina áit sin gurb iad an teip agus an díomá is gnách a bheith i ndán don léitheoir fásta.
theip air é a chur ina luí ar mhórán he failed to convince many people
" Tuairimí maithe curtha chun cinn aige maidir le "gorlanna gnó" i gConamara ach má bhí fiúntas ina mholadh go ndéanfaí cuid mhór de ghnó an Údaráis a dhílárú go Casla, theip air é a chur ina luí ar mhórán.
theip air sa scrúdú Gearmáinise faoi dhó he failed the German exam twice
" Ach ní hamháin gur mná a bhí iontu, ach Protastúnaigh a bhí iontu chomh maith!” Bhí sé ar intinn aige céim a dhéanamh sa Ghaeilge agus sa Ghearmáinis ar dtús ach theip air sa scrúdú Gearmáinise faoi dhó.
teip failure
" Tá an oiread flosca chun cáinte air gur mór an t-iontas nár chuir sé an milleán ar Shinn Féin as teip fhoirne na hÉireann i gCaerdydd agus i dTel Aviv.
teip failure
" Beidh díomá ar chách má dhiúltaíonn an IRA scor agus is cinnte go gcuirfear i leith na bpoblachtánach gurb iadsan is cúis le teip Chomhaontú Aoine an Chéasta.
teip fail
" Cheana féin tá go leor daoine ag léiriú imní nach bhfuil an cumas labhartha sa Ghaeilge atá ag go leor de bhunmhúinteoirí an stáit sách maith, agus go bhfuil ag teip ar an churaclam nua i go leor bunscoileanna dá bharr seo.
teip fail
" Cheana féin tá go leor daoine ag léiriú imní nach bhfuil an cumas labhartha sa Ghaeilge atá ag go leor de bhunmhúinteoirí an stáit sách maith, agus go bhfuil ag teip ar an churaclam nua i go leor bunscoileanna dá bharr seo.
gan teip without fail
" Is aoibhinn liom bheith ag spaisteoireacht timpeall na cathrach, ag stopadh i gcorrchaife, agus ag dul ar strae sna sráideanna beaga cúnga – is cuma cén treo a théann tú, tiocfaidh tú ar La Rambla gan teip i gcónaí ag an deireadh! Is cultúr ann féin é an caife i mBarcelona; caitheann daoine an-chuid ama ina suí ag ól caife agus ag comhrá.
theip ar a shláinte his health failed
" Níor shroich sé gig na Nollag seo imithe tharainn i Sráid Vicar, áfach, óir theip ar a shláinte cúpla lá roimhe sin agus shleamhnaigh sé uainn chun na síoraíochta.
gan teip without fail
" Is aoibhinn liom bheith ag spaisteoireacht timpeall na cathrach, ag stopadh i gcorrchaife, agus ag dul ar strae sna sráideanna beaga cúnga – is cuma cén treo a théann tú, tiocfaidh tú ar La Rambla gan teip i gcónaí ag an deireadh! Is cultúr ann féin é an caife i mBarcelona; caitheann daoine an-chuid ama ina suí ag ól caife agus ag comhrá.
ar theip go holc air which failed badly
" Labhraíonn sé ansin faoi cheann ar theip go holc air.
theip ar a shláinte his health failed
" Níor shroich sé gig na Nollag seo imithe tharainn i Sráid Vicar, áfach, óir theip ar a shláinte cúpla lá roimhe sin agus shleamhnaigh sé uainn chun na síoraíochta.
teip failure
" Má d’éalaigh Milosevic ó bhreith na cúirte, is ar cheann na cúirte féinig an teip sin.
teip failure
" ” Ach an dteipeann air uaireanta dul i bhfeidhm ar dhalta a bhfuil deacrachtaí foghlamtha aige? “Tarlaíonn sé uaireanta nach ndéanann tú an dul chun cinn a raibh tú ag súil leis.
chomh luath agus a theip ar thaidhleoireacht as soon as diplomacy failed
" Ba é a moladh, mar shampla, ná fórsaí míleata a úsáid chomh luath agus a theip ar thaidhleoireacht.
má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua if the Jackals fail to get the better of Nashua
" Críochnóidh an tsraith, agus b’fhéidir an séasúr iomlán, má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua, agus áit a fháil i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais dá bharr.
Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil. We'll be the poorer for it if the sector fails.
" Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil.
bhí teipthe ar an sprioc sin that target had failed
" Bhí sé mar aidhm ag an rialtas go mbeadh an líon básanna ar na bóithre faoi bhonn 300 duine i mbliana ach bhí teipthe ar an sprioc sin faoi thús mhí Dheireadh Fómhair.
theip ar na hiarrachtaí. the efforts failed.
" D’fhéach an Roinn Oideachais cúpla uair le réiteach a dhéanamh ar an rud agus theip ar na hiarrachtaí.
go raibh sprid an ghrúpa ag teip that the spirit of the group was failing
" Bhí scéal ann gur fhreastail sé ar scoil, Coláiste na Carraige Duibhe, sna héadaí céanna, gur cuireadh abhaile é lena éadaí a athrú ach nuair a d’fhill sé go raibh culaith oíche eile á caitheamh aige! Teip ar an sprid Tháinig deireadh leis an ngrúpa ag Live Aid ach tá sé soiléir ón DVD agus ó leabhar Geldof, *Is That It?*, go raibh sprid an ghrúpa ag teip ar feadh roinnt blianta sula stopadar.
an teip failure
" Ach sin ráite, b’fhéidir gurb é an teip a bhí i ndán i gcónaí dó.
do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny. the documentary on RTE recently about Dónal Lunny failed totally.
" Ar an ábhar sin do theip go hiomlán ar an gclár faisnéise a bhí ar RTÉ le déanaí faoi Dhónal Lunny.
teip failure
" Ach thuig an tIfearnánach tar éis teip 1975 go raibh gá le himreoirí ní ba láidre timpeall lár na páirce agus sa líne leath-thaca.
nuair a theip glan orthu when they completely failed
" Náiríodh ann iad sa bhliain 2002, nuair a theip glan orthu oiread agus suíochán amháin a bhuachaint i ndáilcheantar seo na seanmheasúlachta.
Cén fáth gur theip ar a phósadh? Why did his marriage fail?
" Conas a fuair sé bás ina aonar, beo bocht i gcarbhán san Aill, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath? Cad a tharla san idirlinn? Cén fáth gur theip ar a phósadh? Cén fáth nár tugadh post dó in Éirinn nuair a d’fhill sé ó Shasana sna seascaidí? Cén fáth? Cén fáth? Cén fáth? Ceisteanna, ceisteanna.
theip air he failed
" Sna trí chomórtas, theip air an bua a ghnóthú taobh istigh de na ceithre bhabhta imeartha.
dá dteipfeadh ar Harrington, had Harrington failed,
" Dá gcuirfeadh Garcia sa pholl é, agus dá dteipfeadh ar Harrington, bheadh breisimirt i gceist go dtí go mbeadh toradh níb fhearr ag imreoir amháin ag poll amháin.
theip ar an oíche. the night failed.
ag teip failing
" Creideann Europus go bhfuil ag teip ar dhaoine a chuireann isteach ar phostanna leis an AE mar nach mbíonn oiliúint curtha orthu roimh ré.
Theip ar chadhnraí mo cheamara the batteries in my camera failed
" Forais PuketiTheip ar chadhnraí mo cheamara agus mé ar thuras timpeall an tuaiscirt – mo léan! Stadamar i bhforaois Puketi chun breathnú ar na kauri móra atá ag fás inti.
teip an ghrá, the failing of love,
" Ní haon ionadh ach an oiread go bhfuil a shaothar breac le fadhbanna grá, teip an ghrá, agus, níos uaigní fós, cé acu an bhfuil caidrimh phearsanta neamhfhéideartha sa tírdhreach sceirdiúil spioradálta sin agus cé acu an maireann saoi an cheamara ansin.
Ba bheag nár theip ar an Rialtas The Government nearly failed
" Ba bheag nár theip ar an Rialtas maidir le tairiscint i dtaobh Aerfort na Sionainne ag deireadh mhí Mheán Fómhair agus chuir an Freasúra rún eile os comhair na Dála an tseachtain chéanna – tairiscint mhímhuiníne i leith an Taoisigh.
Má theipeann ar aon réimse amháin, If one area fails,
" Má theipeann ar aon réimse amháin, is féidir linn díriú ar na réimsí eile.
Theip ar chuid mhór acu, A lot of them failed,
" Theip ar chuid mhór acu, tá cuid eile acu ag maireachtáil ar éigean agus tá cuid eile acu ag dul in éag.
Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m'acrainm-se. In this particular case, my acronym failed abysmally
" Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m'acrainm-se.
theip ar an iarracht the attempt failed
" Ar an ócáid sin vótáil tromlach na nAlbanach ar son Déabhlóide ach theip ar an iarracht mar go raibh coinníoll leagtha síos ag Rialtas na Breataine go mbeadh ar 40% den toghlach vótáil ar a son le hí a bhaint amach.
an dóigh ar theip orthu the way in which they failed
" Níl seans faoin spéir go mbuailfidh Corcaigh – tá nithe mar chúrsaí stailce, mar bhainisteoir nua agus mar an dóigh ar theip orthu in 2007 go léir ina gcoinne.
Tar éis gur theip ar thionscal na cruaiche, after the steel industry failed,
" Tar éis gur theip ar thionscal na cruaiche, ní raibh sé chomh héasca dóibh bogadh amach ó na cathracha.
theip thubaisteach disastrous failure
" Ach ní mar a shíltear a bítear go minic agus tá na daoine céanna trína chéile i ngeall ar theip thubaisteach na nÉireannach sa bhFrainc.
nó an dteipfeadh ar an jóc. or if the joke would fail.
" Bhí gach saghas Tuaisceartach i láthair ag an ócáid seolta, má thuigeann tú leat mé, agus ní raibh a fhios ag daoine roimh ré cé acu an n-éireodh le Fíbín daoine a chur ag gáire, nó an dteipfeadh ar an jóc.
theip ar na hinnill. the engines failed
" Cúpla nóiméad roimh thuirlingt an eitleáin, theip ar na hinnill.
Theip ar sheisear six failed
" Theip ar sheisear agus níl toradh iarrthóra amháin próiseáilte go fóill.
theip ar sheachtar. seven people failed.
" Tá agallaimh Ghaeilge déanta ag seacht nduine dhéag; d’éirigh le deichniúr acu agus theip ar sheachtar.
admháil teipe admission of failure
" Mar shampla, dúradh i léirmheas amháin a léigh mé gur "admháil teipe” é an rogha teanga.
nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera when the realisation was arrived at the de Valera's vision had failed
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
tar éis gur theip ar bhanc a bhunaigh Smith. after the collapse of a bank founded by Smith.
" AchrainnNíorbh fhada in Ohio iad gur éirigh idir na Mormannaigh agus pobal na háite tar éis gur theip ar bhanc a bhunaigh Smith.
theip orm I failed
" I gcás na ndaoine sin, theip orm dul go croí an duine, teacht ar an bhfírinne – agus níl mé ag caint faoi *exposé*.
Theip uirthi go n-uige seo she has failed so far
" ***Míbhuntáistí:*** Theip uirthi go n-uige seo dul i ngleic go sásúil lena cuid dualgas agus tá cuma spíonta uirthi le deireanas.
theip air sin that failed
" Rinneadh iarracht Bunreacht Eorpach a bhrú ar bhallstáit an Aontais in 2004 agus theip air sin nuair a dhiúltaigh muintir na Fraince agus na hÍsiltíre glacadh leis i reifrinn in 2005.
Ná teipimis orainn féin, let us not fail ourselves,
" Ná teipimis orainn féin, ar náisiúin bheaga na hEorpa ná ar oibrithe, iascairí agus feirmeoirí beaga na hEorpa.
Theip ar an rún seo this proposal failed
" Theip ar an rún seo de bharr go raibh scoilt i gceist sa ghluaiseacht phoblachtach sa tír.
Tá teipthe orthu they have failed
" Tá teipthe orthu dul i bhfeidhm ar an phobal ar an cheist áirithe seo go dtí seo.
Theip ar an gcomhlacht the company failed
" Theip ar an gcomhlacht cúpla bliain ó shin agus díoladh le comhlacht eile é.
boladh tais na teipe the damp smell of failure
" Ach thar aon ní eile, dúirt sé go raibh oifig thruamhéalach acu – í leathfholamh agus boladh tais na teipe inti.
Deirtear go bhfuil ag teip ar chomhlachtaí ceirníní it is said that record companies are failing
" Deirtear go bhfuil ag teip ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain, ach ó bheith ag breathnú ar oifigí áille an chomhlachta seo, níl sé sin fíor.
faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain about the way in which record companies are continually failing around the world
" Buaileann Rónán isteach agus labhraíonn an triúr againn faoi chúrsaí ceoil i gcoitinne – faoin gcéad singil a cheannaíomar, “Mull of Kintyre”, a bhí mar bhronntanas do mo sheanmháthair; faoin gcéad cheolchoirm ar fhreastalaíomar uirthi, Lark in the Park le U2 i 1978; faoin dóigh a bhfuil ag teip go leanúnach ar chomhlachtaí ceirníní timpeall an domhain (le sé mhí anuas, cuir i gcás, tá laghdú cúig déag faoin gcéad i ndiaidh theacht ar mhargadh na gceirníní sna Stáit Aontaithe).
theip ar chuid mhór daoine, a lot of people failed
" Ach bhí sé an-deacair; theip ar chuid mhór daoine, go háirithe orthu siúd a bhí ar bheagán Gaeilge.
Teip cumarsáide a communications failure
" Teip cumarsáide mar sin ó rialtas a bhfuil bolg ag teacht air tar éis chóir a bheith dhá bhliain déag i gcumhacht.
teip failure
" Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929.
theip air he failed
" Níor dhochtúir in aon chor é mar gur theip air sa chúrsa ollscoile a dtug sé faoi.
teip an chórais airgeadais financial system failure
" ” Is dócha go bhféadfaí a rá gur saint an lucht rachmais, nach mbíonn sásta lena ndóthain, is bunchúis le teip an chórais airgeadais sa tír seo agus i dtíortha eile.
shaol teipthe ort you (have) failed in life
" ‘Muna bhfuil uaireadóir Rolex agat agus tú ag tarraingt ar an leathchéad, tá do shaol teipthe ort.
teip failure
" Chonaic an tÉireannach an teip agus an rath le linn a chuid oibre ó 1974 ar aghaidh.
teip chomhchoiteann a failure of both sides
" Is teip chomhchoiteann polaitíochta é a chaithfear a chur ina cheart.
teip failure
" Ba ghearr gur thosaigh saol na mainistreach ag teip áfach – na manaigh ag éirí tuirseach, tinn agus go dtí gur tháinig Tomatis ar cuairt, níor cheap éinne go raibh baint ag an dteip ná ag an easpa amhránaíochta lena chéile.
Theip failed
" Theip ar an frith-Sheimiteachas nua mar straitéis, dar le Gates, óir is deacair míchlú 'frith-Sheimiteach' a chur ar raibithe! Má cheapann éinne go bhfuil na Stáit Aontaithe tagtha slán ó dhrochthionchar na Síónach anois, tharla gur chloígh Obama Mc Cain i dtoghchán na huachtaránachta, ní thugann Jeff Gates mórán dóchais dó.
theip ar failed
" B’é Jim Kemmy a bhris comhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre nuair a theip ar John Bruton cáinaisnéis Eanáir 1982 a iomramh tríd an Dáil.
ag teip fosta failing also
"ag teip fosta le haon iarracht atá ar bun ag an Roinn Oideachais agus ag na Coláistí Oiliúna íomhá na bunmhúinteoireachta a athrú mar gur léir go n-amharctar air go fóill mar rogha ghairme do mhná amháin.
theip spioradálta spiritual failure
" Ach cad chuige na dallóga, agus cad a bheidh ar siúl sa seomra dorcha sin? Seans gur léiriú, b’fhéidir, ar theip spioradálta na brionglóide móire sóisialaí atá sa scannán seo.
theipeann ar fails
" Nuair a theipeann ar iarracht a thugann sé féin agus compánach dá chuid dul i bhfolach ar leoraí atá ar tí an bád farantóireachta a bhordáil, socraíonn sé nach bhfuil an dara rogha aige ach snámh trasna.