Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teiscinn open sea
" Tá Cromba suite ag béal Chaolas Chrombaidh, a bhfuil dhá cheann tíre ollmhóra aige mar chosaint ón teiscinn mhór.
Teiscinn Ocean
" Mar cheann de dhá mhórchathracha Mheiriceá ar an gcósta thiar, bhí a haghaidh caite go tréan amach ar an Teiscinn Chiúin, agus rinneadh cathair agus calafort trádála mór di.
truailliú na teiscinne ocean pollution
" org, eagraíocht tathanta a bhfuil sé mar aidhm acu fadhb truailliú na teiscinne a phoibliú, téann 50% den dramhaíl phlaisteach a chruthaímid chuig an líonadh talún, agus déantar athchúrsáil ar thimpeall 5% breise arís.
teiscinn mhór ocean
" Thrácht Naomh Bréanann ina ‘iomramh’ cháiliúil, Navigatio Sancti Brendani, ar ‘colún criostail’ a fheiceáil ar snámh ar an teiscinn mhór.
dteiscinn an domhain the world’s oceans
" Toirt ollmhór uisce breise ab ea é sin i dteiscinn an domhain, agus d'ardófaí leibhéal na mara timpeall 7m dá bharr.
teiscinn reoite frozen ocean
" Ar ndóigh níl an Rúis ina haonar agus í ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar teiscinn reoite ar mhullach an domhain.
Teiscinn Chiúin Pacific Ocean
" Is cosúil nach stadfaidh Arm an Atlantaigh Thuaidh go dtige siad aniar ar an Teiscinn Chiúin.
Teiscinn Chiúin Pacific Ocean
" Nuair a bhunaigh an Bhreatain coilíneach san Astráil sa bhliain 1788 ghlac siad seilbh ar na hoileáin chóngaracha sa Teiscinn Chiúin, an chuid ba mhó den Nua-Shéalainn san áireamh.
i lár na Teiscinne Ciúine in the middle of the Pacific
" Nuair a bhreathnaigh mé an charraig lom agus an scáineagán san áit a mbíodh an portach chuir sé ag smaoineamh mé ar scéal Oileán na Cásca, an áit bheag i lár na Teiscinne Ciúine a raibh pobal daoine ann a leag gach aon chrann dá raibh ar an oileán.
caitheamh an luaithrigh amach sa teiscinn throwing of the ashes into the ocean
" Ach os a choinne sin, taispeánann Simon an daonnacht i lár an uaignis, an daonnacht a fheictear i riocht sean-nósanna na cathrach: caitheamh an luaithrigh amach sa teiscinn tar éis bhás duine muirneach le linn Mardi Gras, béilí ollmhóra cáiliúla an Quarter, an comhoibriú díograiseach idir na ceoltóirí d’fhonn na dauphins sóisearacha ina measc a chosaint le linn am an ghátair
sa Teiscinn Theas in the South Seas
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
teiscinne moiré the great open sea(s)
" Bhí Tomás Ó hAodha ag faire ar na balscóidí bruscair atá ag tiomsú i lár na teiscinne moiré le glúin anuas, mórán i ngan fhios dúinn a chruthaigh iad.
Teiscinn Chiúin Pacific Ocean
" An té a shantaíonn suaimhneas, áille agus solas na gréine agus go bhfuil an t-am agus an t-airgead aige chuige, tarraingíodh sé ar Oileáin Mhic Cùga sa Teiscinn Chiúin mar a rinne Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile.
ar dhá bhruach na teiscinne on both sides of the ocean
" Chas Robert McMillen le cumadóir, ceoltóir agus amhránaí a bhfuil díolamaí seolta aici agus gealladh fúithi le tamall anuas ar dhá bhruach na teiscinne, Julie Feeney as Achréidh na Gaillimhe.
Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin the Pacific Ocean is often not peaceful
" Is minic an Teiscinn Chiúin gan a bheith ciúin nuair a bhíonn an míol mór le cosaint ó shaint an duine.