Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Chaill David Trimble a mhí-thapaí David Trimble lost his temper
" Chaill David Trimble a mhí-thapaí ar chlár theilifíse.
dreach dalba, diabhlaí a bad-tempered diabolic expression
" "Ach nuair a léigh an príomhoide m'aiste, chonaic mé dreach dalba, diabhlaí ag teacht air.
mar a bheadh cearc aicíde ann short-tempered, touchy
" D'amharc Bróna ar Frank agus bhí a fhios aici go mbeadh sé mar a bheadh cearc aicíde ann ar feadh tamaill anois.
teasaí hot-tempered
" Tá rud beag leisce orainn filleadh ar scéal na hIaráice arís de bharr go raibh díospóireacht chomh géar agus chomh teasaí sin ar siúl mar gheall air i gClár Plé na hirise seo le déanaí.
chochallaigh hot-tempered
" “Charlie Bird mo thóin!” a mhaígh Balor an Bhéil Bhinn, agus é ag déanamh beag is fiú d’éachtaí agus d’eachtraí an chomhfhreagraí chalma chochallaigh chonfaigh.
ealaíontóir teasaí hot-tempered artist
" Léiríonn an píosa ailtireachta ardéirime álainn seo an bua millteanach a bhí ag an ealaíontóir teasaí a dhear é, agus is fiú go mór am a chaitheamh ansin chun meabhrú air.
teasaí hot-tempered
" “Cé hí an bhean teasaí?” a d’fhiafraigh mé d’fhear in aice liom.
le teann feirge with dint of temper
" Ar ndóigh, is truamhéalach an fear nó an bhean a chaitheann maslaí agus eascainí i dtreo scáileán na teilifíse le teann feirge agus buile, de dheasca easpa céille agus tuisceana an réiteora, dar leo.
fearg an tsaoil láimhe a massive temper
" Fear as iarthar domhain agus fearg an tsaoil láimhe air le linn ionsaí Iosrael ar Ghaza, é ag caint ar a bhfaca sé d’uafás taobh istigh den otharlann ar a chúl.
feirge of temper
" An Magadh go hÉag agus thairis sin Agus scagadh á dhéanamh agam ar Cháinaisnéis na Mílaoise, Cáinaisnéis Uí Lionnacháin, Céad Cáinaisnéis Ceartaitheach tar éis an tSunami Geilleagair a scuab roimpi saofacht an Tíogair Cheiltigh go tóin poill le cumhacht doshásaithe a cuid feirge, nach ait mar a thagann Earnán de Blaghad agus Jim Kemmy chun cuimhne? B’é Earnán cróga a ghearr réal ó Phinsean na Sean i gcáinaisnéis Fheabhra na bliana 1924.
fhearg temper
" Tá an díomá agus an fhearg ag maolú de réir a chéile.
racht feirge fit of temper
" Theastaigh bealach uainn leis an racht feirge in aghaidh na Breataine a chur dhínn.
colg temper
" Níl muid ag iarraidh colg an Aire a tharraingt orainn féin.
fhearg temper
" Sin ráite, de réir mar a dhéanfar creach ar airgead daoine idir an aicme oibre agus an mheánaicme, is mó an fhearg a bheas ar dhaoine.
feirge temper
" Is Gá Athrú ===== Creideann Hessel go bhfuil údar imní agus feirge ag daoine sa chaoi a bhfuil cúrsaí sa Fhrainc faoi láthair.
fhearg temper
" Níor phléasc an fhearg náisiúnta amach ar na sráideanna agus bhí an feachtas féin thar a bheith sean-nósach.
Tá fearg le brath there is a palpable temper
" Cinsireacht Ealaíne ======== Tá fearg le brath ina phictiúr ina bhfuil cur síos ar Dhomhnach na Fola trí chuimhneacháin agus íomhánna curtha i láthair ar cheithre phainéal.
Gléas faghartha a chuid carachtar his characters are a tempered instrument
tá sé ina chaor mhire he’s burning with temper
" Ag tús mhí álainn seo an Mheithimh tá Balor bocht ar buile; tá sé le ceangal; tá sé ina chaor mhire.
i racht ollmhór feirge in a massive rage of temper
" Daoine a bhí cleachtaithe le neamhaird a dhéanamh de na maslaí, den leatrom, den chos ar bolg, phléasc siad i racht ollmhór feirge.
Bhí mé in aice liom féin le fearg I with temper was beside me
" Bhí mé in aice liom féin le fearg nuair a d’imigh sé i ndiaidh cúig bhomaite, agus bhí muid ag iarraidh é a thabhairt amach go dtí an clós.
an fhearg sin a tharraingt orthu féin to draw that temper of his on them
" Is cosúil, nó tá sé ráite ar aon nós, go raibh faitíos, sceon b’fhéidir, ar imreoirí roimh fhearg Ferguson agus nár mhaith leo an fhearg sin a tharraingt orthu féin trí chluiche a chailleadh.
fearg as an ghnách unusual temper
" Is iad na sainchomharthaí is coitianta a bhíonn ar na hothair ná: fearg as an ghnách a chuireadh baol an urchair mhillte ar dhuine agus dúlagar domhain a chuirfeadh baol báis ar dhuine.
agus racht feirge as cuimse dá gcéasadh while being persecuted by a massive fit of temper
" Is í an fhadhb anois ná an t-idirdhealú a dhéanamh idir bagairtí cruthanta agus bagairtí atá fógartha ag daoine nach bhfuil mar chlaíomh acu ach méarchlár agus racht feirge as cuimse dá gcéasadh.
fearg temper
" Am lóin, tús na n-ochtóidí agus sinn ag míniú dá chéile a bhrúidiúla is a bhíodh meánscolaíocht na linne, labhair fear amháin inár measc amach le fearg.