Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag lorg tairscintí looking for tenders
" Cathain a bunaíodh an comhlacht agus cé a bhunaigh é? Bhí mo dheartháir, Cúán, tar éis filleadh ó Londain thart ar 1995 tar éis dó sé bliana a chaitheamh ag obair mar eagarthóir leis an BBC agus rith an smaoineamh leis comhlacht a bhunú tar éis dó fógra ó TnaG a fheiscint sa pháipéar ag lorg tairscintí ó dhreamanna a raibh suim acu seirbhís dubála a chur ar fáil dóibh.
tairiscint tender
" Níor chuir conspóid thithe Eanach Mheáin rómhór lena cháil, áfach, agus an chuma ar an scéal gur fochoiste réigiúnda a ghlac an cinneadh na tithe a dhíol leis an tríú tairiscint ab airde.
tairiscintí tenders
" Beidh na conarthaí reatha thart i mí Iúil, áfach, agus d’iarr an Roinn Iompair tairiscintí nua cúpla mí ó shin.
ag lorg tairiscintí seeking tenders
" Sna seachtainí beaga romhainn amach fógrófar go poiblí go mbeifear ag lorg tairiscintí don chonradh le hoifigí a thógáil ar an Muileann gCearr, i bPort Laoise agus i gCeatharlach.
ag lorg tairiscintí looking for tenders
" Cuir i gcás dá mbeadh leithéidí Fhoras na Gaeilge ag lorg tairiscintí le haghaidh conartha le hiris Ghaeilge a fhoilsiú, ba cheart go mbeadh sé soiléir go gcuirfí fáilte faoi leith roimh iarratais ó Ghaeltacht Thír Chonaill nó ó Chiarraí.
ar théarmaíocht mhuirneach, gheanúil, bhách an Taoisigh, of the Taoiseach's tender, loving, affectionate terminology
" Agus i dtaca leis na heascainí sin, nach maith mar a roghnaigh sé an bhean cheart le bheith ag caint mar sin léi? Máire Ní Chlochráin, atá anois ina Tánaiste, a bhfuil tuigbheáil as an choiteann aici ar théarmaíocht mhuirneach, gheanúil, bhách an Taoisigh, a chuala é go soiléir.
séimh tender
" Tá rud éigin álainn, síochánta agus diamhair fiú, ag baint le folcadán (nó jakuzzi má tá pinginí agus an spás agat!) - solas íseal, boladh coinneal ar lasadh, ceol séimh ciúin ar siúl.
Fearaim I tender
" SMM: Fearaim fíorchaoin fáilte romhat go BEO.
leochailleach tender
" Tá an cnuasach iontach seo le feiceáil sa Courtauld Gallery i Londain faoi láthair agus léiríonn sé taobh leochailleach bog Michelangelo agus é ciaptha ag an ghrá, nach raibh feicthe ag mórán roimhe sin.
dtairgíonn tender, offer
" Is é atá againn in oidhreacht na dtaifeadtaí agus na leathanach de chur síos ar na faisnéiseoirí a théann leo, a d’fhág tionscnamh Doegen ina dhiaidh agus atá curtha inár láthair ar shlí chomh soiléir sin ag Róise, ná grianghraf, grianghraf a glacadh ag am faoi leith i saol na hÉireann ina dtairgíonn daoine a choinnigh greim – in amanna greim an fhir bháite – ar ar mhair dá gcultúr béil, samplaí de na gnéithe a ba luachmhaire leo féin: seanscéalta agus amhráin, agus, lena chois sin uaireanta, eachtraí as a saol féin.
bronnta na gclúdach litreach tendering brown envelopes
" Scaip cultúr caochta na súl agus nós bronnta na gclúdach litreach ar fud an chórais riaracháin.
briosc tender, brittle
" Nuair a bhuail suaitheadh geilleagair an tír agus nuair a leathnaigh an fhulaingt shóisialta ar fud na tíre, chlis ar an taca briosc a bhí faoi chosa Fhianna Fáil.
D’fhear he tendered
" D’fhear an tUachtarán fáilte mhór Mheiriceánach roimh Bhalor agus chuir sé é ina shuí go sócúil le gloine ina chrobh agus Pall Mall ina bhéal, mar a bhí aige féin, agus chrom siad ar an chaint.
aghaidh leochaileach a tender expression on her face
" *Gets others to please it too*…(aghaidh leochaileach, fadfulaingteach uirthi,)….
tláith tender
" Tá an bhrídeog Justine fionn, buailte leis an ngalar dubhach, tláith, dúnta, aonarach, ag titim as a chéile.
ag aos leochaileach soineanta at an innocent tender age
" Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil sé d’acmhainn ag páistí teacht ar eolas ar Facebook agus eile nár cheart dóibh a bheith á léamh ag aos leochaileach soineanta.
Cách ar Tinneall everyone on tender hooks
" Cách ar Tinneall ======= Rogha na coitiantachta a bhí inti le fada, ní nach ionadh agus Craobh na hEorpa buaite faoi chúig agus craobh an Domhain faoi cheathair.
fuair sé na doiciméidí tairisceana ar ais he recieved the tender documents back
" Ach nuair a fuair sé na doiciméidí tairisceana ar ais ó lucht coimisiúnú na gclár: is i mBéarla a bhí gach rud! D’fhéadfainn samplaí eile a thabhairt ach ceapaim gur leor na trí chinn thuas le mo phointe a dhéanamh.
mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian I tender to you the sun and the moon
" An tabharfar cead dóibh teacht ar ais - an leor iad an tríocha páiste seo chun cur in iúl go mbeadh suim níos mó ann an chéad uair eile? Nó an mbeadh hypersexualisation pléite ag an Seanad mairtheanach s’againn féin? > ‘A iníon bhán, seo dearbhú ó do mhaithrín go mbeirim ar láimh duit an ghealach is an ghrian is go seasfainn lem chorp féin idir dhá bhró an mhuilinn i muilte Dé chun nach meilfí tú mín mín.
níl an snáth briste fós the tender link has still held fast
" Ach níl an snáth briste fós agus ní bheidh go deo le cúnamh Dé.
nach mbuailfidh splanc Tindrí tusa leis Tender may strike you like lightening also
" Féach é agus cá bhfios nach mbuailfidh splanc Tindrí tusa leis?
D’fhear tendered (a welcome)
" D’fhear an tOllamh David Flint, urlabhraí ar son Australians for a Constitutional Monarchy (ACM), fáilte is fiche roimh fhógairt Abbott, mar a bheifí ag súil leis.
fearaimid fíorchaoin tender a kind
" Guímid gach rath air agus fearaimid fíorchaoin fáilte roimh a chomharba, Roseanne Smith.
fhearaimid we tender, give
" Is céad míle fáilte faoi choinníollacha áirithe an fháilte a fhearaimid roimh an duine isteach sa tír as tíortha eile an domhain.