Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a fhoirceanadh to terminate
" Cén dóigh ar féidir leat agóid a dhéanamh i gcoinne bhás fóirthe mná a bhfuil damáiste do-aisiompaithe déanta dá hinchinn trí dhuine eile a dhúnmharú? Agus muid ag trácht ar na cúrsaí seo, cén chaoi ar féidir leat troid “ar son na beatha” trí dhochtúirí i gclinicí ginmhillte a dhúnmharú le díoltas a bhaint amach orthu as ginte a fhoirceanadh.
a scor to cease, terminate
" Dá vótálfadh Mc Grath, Behan, Mc Daid agus Grealish in aghaidh an Rialtais ar vóta muiníne, nó ar vóta a bhainfeadh leis an gCáinaisnéis, chaithfí an Dáil a scor.
ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht considering terminating its membership
" Bhí údar teannais eile idir na tíortha le linn thréimhse Kiernan abhus mar go raibh Éire ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht sa Chomhlathas agus í ag bogadh i dtreo na poblachta.
cuireadh deireadh leis na teidil the titles were terminated
" Bunaíodh córas gradam na hAstráile, an Order of Australia, sa bhliain 1975 in ionad an chórais impiriúil Bhriotanaigh, agus cuireadh deireadh leis na teidil ‘ridire’ agus ‘dáma’ sa chóras áitiúil beagnach tríocha bliain ó shin.
i leith deireadh a chur leis about terminating
" An amhlaidh go bhfuil an Taoiseach ag iarraidh díoltas a bhaint amach in éadan ghluaiseacht na Gaeilge a chuir chomh binibeach sin in éadan a chuid moltaí i leith deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar éigeantach i ndiaidh an Teastais Sóisirigh? Ghlacfá an cheist a chur fosta: dá mbeadh meas ag an Aire Mc Hugh ar na pobail Ghaeltachta (beidh an Ghaeltacht is mó ó thaobh na tíreolaíochta de ina dháilcheantar an chéad iarraidh eile) nár cheart dó diúltú do thairiscint an Taoisigh ar an bhonn nach mbeadh sé ábalta freastal ceart a dhéanamh orthu? Dá olcas a cheapacháin, chuir an Taoiseach an lasóg sa bharrach nuair a d'fhógair sé go sotalach go mbeadh Gaeilge líofa ag an Aire Stáit roimh dheireadh an tsamhraidh.