Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhuíochas le thanks to
" Tháinig meath arís ar an teanga le linn na gcaogaidí agus na seascaidí ach tá feabhas mór tagtha ar an scéal ó na seachtóidí ar aghaidh, a bhuíochas le dúthracht agus díograis mhúinteoirí na scoileanna agus an dream a roghnaigh an Ghaelainn mar theanga bhaile.
a bhuíochas sin do thanks to
" Feiceann siad sceimhlitheoir ar chúl gach crainn agus thart gach coirneál, a bhuíochas sin do Tom Ridge agus an rialtas.
ag gabháil buíochais leis thanking
" Deir siad go bhfuil na píosaí ceoil ar an albam "Foc" a d'eisigh siad anuraidh ag gabháil buíochais leis na daoine a casadh orthu agus ag ceiliúradh na n-eachtraí a bhain dóibh le linn a gcuid taistil.
a bhuí sin don idirlíon thanks to the Internet
" Tá sé i mbun an chláir sin le tuairim is ceithre bliana anuas anois agus tá lucht éisteachta dílis aige, ní hamháin anseo in Éirinn ach ar fud na cruinne, a bhuí sin don idirlíon.
a bhuí sin le thanks to
" Cloisfidh tú amhráin i dtaobh na himirce chomh maith, nó fiú tuairiscí nuachta ina dtugtar an scéal is úire faoi ghortaí an lae inniu, a bhuí sin le trealamh éisteachta an ionaid.
A bhuíochas don thanks to
" A bhuíochas don diongbháilteacht sin agus samhlaíocht an ailtire Frank O.
buíochas thanks
" Tá beirt ar mhaith liom buíochas mór a ghabháil leo as na hiarrachtaí a dhéanann siad ar son na teanga agus ar son na bhfoghlaimeoirí: Dennis King agus Panu Höglund.
a bhuí sin le thanks to
" Bhí amhráin le cloisteáil faoin imirce, mar aon leis na scéalta is nua faoi ghortaí an lae inniu, a bhuí sin le córas fuaime an ionaid cuimhneacháin.
a bhuí sin don spreagadh thanks to the encouragement
" Lean Cole lena iarracht, a bhuí sin don spreagadh a fuair sé ó fhir dhóiteáin mar Eric Allen ó Scuad 18.
a bhuíochas sin do thanks to
" Bhí *Dubs *ag cur ceiste ar a chéile i nguth íseal, tachtaithe: an bhfuil sé fíor? An bhféadfadh sé a bheith fíor? Ag an am ba é Kevin Moran laoch óg scafánta fhoireann pheile na hArdchathrach a bhí i ndiaidh Craobh na hÉireann a bhuachaint i l976 agus l977, agus buachaint ar Chiarraí sa dá bhliain sin - a bhuíochas sin do Jimmy Keaveney, Brian Mullins, Bobby Doyle agus go speisialta don pheileadóir óg gaisciúil Caoimhín Ó Móráin.
ghlacadh sí buíochas leis she would thank him
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
nótaí buíochais thank-you notes
" Le cois na ndea-nósanna a múineadh dom féin agus don chuid is mó de na páistí Meiriceánacha eile a raibh aithne agam orthu - ag rá go raibh brón ort, ag scríobh nótaí buíochais, ag féachaint an dá threo roimh dhul trasna na sráide, ag athrú do chuid fo-éadaí gach lá, agus ag sruthlú an leithris *gach *uair a d'úsáid tú é - cothaíodh an tírghrá ionainn chomh maith.
a bhuíochas ar thanks to
" Ba mhian liom an leabhar a bheith fóinteach, sothuigthe, agus cuíosach saor, agus tá - a bhuíochas ar na heagarthóirí ag Cois Life agus ar an chlóchuradóir.
a bhuíochas don IRA thanks to the IRA
" Déarfar, a bhuíochas don IRA, go bhfuil Éire shaor, aontaithe ar na gaobhair ach gur mithid anois an chuid dheireanach den bhealach a shiúl gan na gunnaí.
a bhuíochas sin don thanks to
" Pé scéal é, in achar nach bhfuil an-fhada, táimid tagtha go dtí an pointe go bhfuil gach cluiche peile, geall leis, i gcraobhchomórtas peile na hÉireann “beo” ar an teilifís agus le feiceáil ar fud an domhain mhóir a bhuíochas sin don “Sunday Game” ar RTÉ agus don BBC.
a bhuíochas ar thanks to
" Níl sé ró-iontach gur mar sin atá cúrsaí ach, ar a laghad, a bhuíochas ar theicneolaíocht nua-aimseartha na ríomhaireachta agus na cumarsáide, tá an teileachomaitéireacht ann chun rogha a thabhairt do dhaoine ar mian leo post lánaimseartha a bheith acu gan a saol a chaitheamh san oifig nó ag taisteal idir í agus an baile.
a bhuí sin thanks to
" Rinneadh na scéimeanna seo ón mbunphlean a luathú, a bhuí sin le brú leanúnach poiblí (agus cúpla suíochán imeallach san olltoghchán in 2007).
a bhuí sin le teicneolaíocht chliste thanks to a clever technology
" Luathaíonn sé ó bheith stadta go dtí 100 ciliméadar san uair níos tapúla ná Ferrari, agus gan fuaim – ach amháin seabhrán beag cosúil le fuaim triomadóra gruaige! Cuirtear le chéile é i monarcha Lotus i Sasana – agus má dhéanann tú é a phlugáil isteach um thráthnóna, is féidir leis turas 400 ciliméadar a dhéanamh an maidin dár gcionn, a bhuí sin le teicneolaíocht chliste a úsáideann ceallraí iain litiam, cosúil leis na cinn a bhíonn i ríomhairí glúine (ach i bhfad níos mó).
buíochas le Dia nár dhein. thank God we didn't do that.
" Bhíomar ag cuimhneamh ar na seanamhráin a chur amach mar a bhíodar – buíochas le Dia nár dhein.
mar chomhartha buíochais, as a sign of thanks,
" Mhair an chuid is mó acu trí 1621, agus mar chomhartha buíochais, shocraíodar fleá a eagrú.
Ghabh Geldof buíochas leis an slua Geldof thanked the crowd
" Ghabh Geldof buíochas leis an slua as ucht na ndeich mbliana roimhe sin agus d’fhág an stáitse.
trugarez! thank you (Breton)!
" AÓF: A Youenn, a chara, trugarez! YB: Tá fáilte romhat! Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
a bhuíochas ar shárscileanna thanks to the great skills
" Agus d'éirigh go hiontach leis an tionscal, a bhuíochas ar shárscileanna Shaun Greenhalgh – a bhí freagrach as an chóipeáil – agus a athair George, a mheall na saineolaithe lena scileanna margaíochta, mar a mheallfadh iascaire ardoilte an t-iasc isteach ina líon.
a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí thanks to the weak play of the Cork team
" Ba léir tar éis cuid ghearr a bheith imeartha go mbeadh an bua ag foireann Chiarraí, a bhuíochas sin ar lag-imirt fhoireann Chorcaí níos mó ná ar shár-imirt na gCiarraíoch.
a bhuíochas sin don chóicín ar fad thanks to all of the cocaine
" *(Tá sorry orm, a eagarthóir!)* Ní raibh Nollaig bhán ann ar fud na tíre, ach bhí an Nollaig bán go leor in áiteanna áirithe, a bhuíochas sin don chóicín ar fad a bhí dá smúradh ag liúdair agus ag óinseacha agus ag gamail na hÉireann.
a bhuíochas sin thanks to
" Tháinig gach duine slán as an eitleán seo – a bhuíochas sin ní hamháin ar na píolótaí, ach ar an méid a d’fhoghlaim an tionscal eitlíochta ó thionóiscí eile roimhe seo.
A bhuíochas do nuachtáin áitiúla thanks to local newspapers
" A bhuíochas do nuachtáin áitiúla – *The Newsletter* a thugann tacaíocht don DUP, ina measc – agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.
a bhuíochas cuid mhór thanks for the most part
" Is léir go meileann muilte na Comhairle Contae chomh gasta le hoighearshruth! Gaeltacht na RinneTá an chosúlacht ar an scéal gur i nGaeltacht Phort Láirge is fearr atá monatóireacht á déanamh ar an choinníoll teanga, a bhuíochas cuid mhór do Mháire Seo Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Contae Phort Láirge.
buíochas ar leith particular thanks
"buíochas ar leith ag dul do Gerry Adams, Feisire Iarthar Bhéal Feirste, agus don Seanadóir Ó Dochartaigh agus don Seanadóir Brian Ó Domhnaill as Gaoth Dobhair, do Dhoiminic Ó Brollacháin agus don iomad eile polaiteoir de gach dath.
a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA thanks to the helping hand of the CIA
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
a bhuíochas sin ar mhaoiniú a fuarthas thanks to funding which was received
" Osclaíodh an t-ionad sa bhliain 2001, a bhuíochas sin ar mhaoiniú a fuarthas ón Millennium Commission – is é sin, airgead ó chrannchur náisiúnta na Breataine – agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.
altú do Dhia as gach duine acu thanks be to God for every one of them
" Tagann na páistí ar an saol (altú do Dhia as gach duine acu), tugann tú aire dóibh, cuireann tú oiliúint orthu agus – agus tá seo iontach tábhachtach ag an athair comhaimseartha – caitheann tú am, as do stuaim dheonach féin, ag súgradh leo.
a bhuíochas le thanks to
" Tuigeann John Ghráinne go mbaineann sé le saol eile ar fad anois, ach tá sé linn go fóill agus a bhuíochas le Seán Mac Labhraí, beidh sé linn go deo.
a bhuíochas sin ar chiste speisialta, thanks to a special fund
" Éagsúlacht clárachaAch ní hé gur cláracha ceoil amháin a mbíonn an stáisiún ag gabháil dóibh na laethanta seo; tá cuid mhór cláracha faisnéise agus oideachasúla déanta acu le déanaí, a bhuíochas sin ar chiste speisialta, ar a dtugtar Fís agus Fuaim, a chuir Coimisiún Craolacháin na hÉireann sa tsúil le maoiniú a thabhairt do chláracha teilifíse agus raidió a bhfuil baint acu le cúrsaí oidhreachta, oideachais nó pobail.
bhuíochas thanks
" A bhuíochas do na meáin chlaonta - nó saonta, b’fhéidir - ceaptar go forleathan go ndearna rialtas Ariel Sharon an díscoir aontaobhach sin chun cabhrú le ‘próiseas na síochána.
bhuíochas thanks
" Ach, tá painéal láidir go maith ag Áth Cliath don chéad uair le blianta fada, a bhuíochas sin de dhúnghaoiseanna Choiste an Chontae le deich mbliain anuas agus don obair éachtach atá déanta ag pobal na hiomána sa chontae.
chomaoin thanks, being beholden to
" Is fearr linn an t-aitheantas agus an chomaoin.
a bhuíochas thanks to
" Tá cáil i bhfad is i ngearr ar Beckham ní hamháin i ngeall ar a chumas peile, ach a bhuíochas go háirithe don chóras margaíochta, bolscaireachta agus fógraíochta a bhaineann go dlúth le spórt sa domhan forbartha ar na saolta seo.
bhuí thanks
Ní beag an chomaoin ach oiread atá curtha orainn we really have to thank
" Ag Caomhnú agus ag Roinnt an tSaibhris Ní beag an chomaoin ach oiread atá curtha orainn ag Róise san aiste scolártha de réamhrá a scríobh sí le hábhar an leabhair a chur ar ná súile dúinn.
comaoin thanks, gratuity
" Níor shamhlaigh Balor go mbeadh comaoin ná cuing riamh ag baint le cuairt a thabhairt ar an Cheathrú Chultúrtha seo den Fhéile.
Ba mhór an gar é thanks be to jazus
" Ba mhór an gar é seo di, nó bhí sí ar airgead mór ó Colgate, a bhí ag déanamh urraíochta uirthi.
bhuíochas thanks
" Ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghlacadh libh as bhur dtacaíocht liom mar cheannaire úr ar an pháirtí úr seo.
chun buíochas a ghabháil to give thanks
" Ba nós le daoine i dtíortha uile na hEorpa sa Mheánaois féasta a chaitheamh ar oíche na féile chun buíochas a ghabháil le Dia tar éis dóibh an Fómhar a thabhairt isteach.
a bhuíochas thanks
" Agus a bhuíochas don idirlíon, is féidir le muintir Mheiriceá agus le daoine nach iad tuiscint níos fearr a bheith acu chomh maith ar an “taobhú paiseanta” fíorchontúirteach seo.
a bhuíochas thanks to
" Is tráthúil é mar scéal freisin a bhuíochas do thubaiste thragóideach eile a tharla níos lú ná bliain ó shin.
a bhuíochas thanks for that
" Níor thuig muid go mbeadh oilbhéimeanna gnéis mar chuid den normáltacht sin, a bhuíochas d'Iris Robinson, do Brian Crowe agus do laoch óg an DUP, Paul Berry.
A bhuíochas sin thanks for that is due
" A bhuíochas sin do cheannaire Fhine Gael Enda Kenny, a d’fhógair gan dul i gcomhairle le duine ar bith go mbeadh an Ghaeilge ina ábhar roghnach do dhaltaí meánscoile th’éis an Teastais Shóisearaigh.
bhuíochas thanks
" I rith na séimhse seo, chun cothrom na Féinne a thabhairt dí agus mo bhuíochas a ghabháil léi as a crogacht i mo rangsa, chuir mé m’ainm síos don chúrsa Seapáinise.
a bhuíochas de thanks to
" D’eisigh Gael Linn ceirnín leis i 1970 agus tá curtha go mór leis ar an eisiúint nua seo, a bhuíochas de RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Go maire tú thanks
" Caidé an chéad teagmháil a bhí agat leis an Ghaeilge?** CL: Go maire tú a Mhaitiú.
Buíochas do thanks to
" Buíochas do Mheiricéanach agus don teicneolaíocht úr, bhí bás Tomlinson ina 'cause célèbres’ idirnáisiúnta mar scannánaigh Christopher La Jaunie, fear gnó as Nua-Eabhrac, an eachtra agus thug sé an t-eolas don nuachtán *The Guardian*.
Buíochas le Dia thanks be to God
" Buíochas le Dia, ní bhfuair duine ar bith bás san ionsaí fíochmhar a rinne an SPG orainn, cé go raibh neart doirteadh fola ann.
a bhuíochas don thanks to
" Nochtadh ainm an pheileadóra úd ó shin faoi phribhléid na Parlaiminte – Ryan Giggs – cé go raibh sé seo ar eolas ag an saol fódhlach a bhuíochas don twitterati.
Ghabh sé buíochas le he thanked
" Ghabh sé buíochas le Comhairle na Cathrach, a sholáthair suíomh don leacht.
a bhuíochas sin dá dhiongbháilteacht thanks to his determination
" Ach choinnigh sé leis agus chuaigh TnaG ar an aer Oíche Shamhna 15 bliana d’éag ó shin, a bhuíochas sin dá dhiongbháilteacht.
t-altú móide focal buíochais ráite grace and thanks said
" ‘Ní fhéadfaidh mé a dhul isteach…’ Nuair a bhí an dinnéar thart, agus t-altú móide focal buíochais ráite ag an easpag mór, lean mé cuid den slua i dtreo an stáisiúin.
gur a bhuíochas le hairgead it’s thanks to the money
" Lena chois sin, cuireann Saïf al-Islam, mac Muammar Gaddafi, i leith Sarkozy gur a bhuíochas le hairgead iardheachtóra Libia a toghadh é ina uachtarán ar an bhFrainc an chéad lá riamh.
Tapadh leat thank you
" – Ní fhéadfainn aon rud eile a rá ar aon nós! (gáire) **SMM: Tapadh leat a Andreas.
a bhuíochas le thanks to
" Tar éis roinnt blianta gan mórán a bheith ar siúl, agus a bhuíochas le buíon bheag dhíograiseach gníomhairí teanga, tagann dreamanna beaga comhrá le chéile ar a laghad uair sa tseachtain anois, agus tá ranganna Gaeilge ar siúl ar gach leibhéal i dToronto le tamall anois.
grma a sheagarthóir thanks you shagger
" (& ní ‘Bancríona’, grma a sheagarthóir) D’fhág sé slán agus beannacht ag a chairde agus d’imigh leis as go brách agus amach an cnoc.
a bhuíochas sin dóibh siúd and they to thank for it
" Ní hamháin go bhfuil tionchar na hIaráine ag méadú in aghaidh an lae laistigh den Iaráic – idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh, ach dá bhféadfaidís cinntiú go mairfeadh rialtas al-Assad (a bhuíochas sin dóibh siúd – na hIaránaigh) bheadh an tSiria anois ag brath ar an Iaráin fiú níos mó ná mar atá muintir na hIaráice i láthair na huaire.
Gabhaimid buíochas leis we thank those
" Gabhaimid buíochas leis na daoine a scríobh chugainn ag gearán, agus fosta leis na daoine nár scríobh ach gur mhothaigh go ciúin leo féin buille na feille ón chorrdhuine chladhartha.
a bhuíochas do dheontas thanks to a grant
" Tá Linda ar scor bliana óna post mar mhúinteoir leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail Phrotastúnaigh, a bhuíochas do dheontas ó Fhoras na Gaeilge.
ní a scoilt an tír a bhuí siúd do something which split the country thanks to
" Conchobair co sochraiti moir do Gaidelaib leis hi furtacht in Rig i mBretnaib, & ro milset an tir uili’ 1245AConn), Gaill in aghaidh Gaeil na hÉireann agus Protastúin in aghaidh na nGael nuair a d’fhóir sin, Muslamaigh in aghaidh Induach na hInde, ní a scoilt an tír a bhuí siúd do MtBatten, Tuirc in aghaidh Ghréagaigh na Cipire, Sínigh agus Mong in aghaidh Vítneamach i Víteam, Shia agus Curdaigh in aghaidh Sunni na hIaráice agus Sunni in aghaidh Shia agus Críostaithe na Siria ad infinitum.
Ghabh sé buíochas leis he thanked
" Ghabh sé buíochas leis na hÉireannaigh sa Bhreatain as a gcuidiú chun é sin a chur i gcrích.
a bhuíochas sin thanks for that due
" I gcás cuid de na cluichí in Ulaidh mar shampla ba mhó an t-éileamh ar thicéid ná an soláthar, a bhuíochas sin do shuim an phobail agus don aimsir bhreá.
a bhuíochas do shoiléiriú daoine eolacha eile thanks to the enlightenment of other knowledgeable people
" Ach, a bhuíochas do shoiléiriú daoine eolacha eile agus don Ghréasán Domhanda chomh maith, tuigim anois gur disciplín ar leith é an siúl a bhfuil rialacha ar leith ag baint leis agus a éilíonn féinsmacht dian agus aigne an-dírithe i gcás an iomaitheora.
mar chomhartha buíochais as a sign of thanks
" Ní dhearna sí ach a ceann a chromadh mar chomhartha buíochais leis an lucht féachana sular treoraíodh amach as an bpictiúrlann í chun na ngluaisteán le fuinneoga dorchaithe a bhí ag feitheamh léi is lena comhthionól den mheitheal aisteoirí a bhí in éineacht léi.
a bhuíochas sin den líon mór daoine óga thanks to the large number of young people
" Inniu, tá an Ghaeltacht ag cúngú lá i ndiaidh lae, is ríchosúil, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an sean-nós chomh sláintiúil is a bhí ariamh, a bhuíochas sin den líon mór daoine óga atá ag gabháil di.
A bhuí don thanks to
a bhuí sin den we have (the senator C. J.) to thank for that
" Ní bheidh tuairim dá laghad acu faoi céard a bhí ar siúl, ná cuimhne ina dhiaidh! Gníomhú na Fraince ======== Cuireadh an tuarascáil ‘Against Hyper-Sexualisation: A New Fight for Equality’ le chéile sa Fhrainc anuraidh, a bhuí sin den seanadóir Chantal Jouanno.
Gabh muid buíochas le we thanked
" Gabh muid buíochas le fear an tí nuair a bhí muid ag imeacht.
a bhuíochas do na dronga seo thanks to these gangs
" B’é an rásúr an gléas airm ba choitianta a d’úsáididís, rud a mheas Breitheamh amháin a bheith ‘un-British’ ó tharla gur daoine dubha a ba mhó, dar leis, a chuaigh i muinín na cruaiche! Tá cur síos maith déanta sa leabhar seo (bunaithe ar thuairiscí cúirte don chuid is mó) ar an réimeas uafáis a bhí i bhfeidhm sa chathair a bhuíochas do na dronga seo, idir dhúnmharaithe, eachtraí sáite agus chambhrú cosanta.
gabhadh buíochas le was thanked
" ” Thug mé faoi deara gur gabhadh buíochas le Pádraig Ó Cíobháin sa leabhrán eolais a cheannaigh mé féin, ach bhí iontas orm a chloisteáil ó Paul Buttle gurb é an scríbhneoir cáiliúil, údar an iliomad leabhar ar nós ‘An Grá Faoi Cheilt’ (Coiscéim 1992) atá i gceist.
A bhuíochas don thanks to the
" A bhuíochas don Fhleadh Cheoil tá dul chun cinn as cuimse déanta chun gnaoi an phobail a tharraingt ar cheol traidisiúnta, go háirithe i measc na nÓg.
mo bhuíochas a ghabháil libhse uilig to thank you all
" Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libhse uilig atá ag tabhairt aire dár muintir i gcaitheamh na saoire agus tríd an gcuid eile den bhliain freisin go deimhin – áirim orthu san An Garda Síochána, an tSeirbhís Príosúin, iomlán na bhfoirne inár n-ospidéil agus inár seirbhísí éigeandála, agus comhaltaí na bhFórsaí Cosanta atá ag cruthu nó ag tacú leis an tsíocháin thar lear.
a bhuíochas sin don mhúinteoir thanks to the teacher
" Mhaígh sí go raibh sí sa rang céanna ón am a chuaigh sí ann an chéad bhliain riamh; go raibh a cuid cairde uilig i ndiaidh bogadh suas go rang eile, ach go raibh sise i ndiaidh fanacht ag an leibhéal céanna i gcónaí, a bhuíochas sin don mhúinteoir a bhí aici, May Mac Ránais.
Ghabh sí buíochas leis as she thanked him for
" Ghabh sí buíochas leis as an stocaireacht a rinne Liam ar a son, agus dúirt sí nach raibh sí ag smaoineamh ar an chuidiú sin ar chor ar bith nuair a cheap sí é mar Chathaoirleach.
A bhuí den Uasal Ciotach thanks to mr. wrong
" Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe ============= A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
le homós agus le buíochas a theaspáint to demonstrate thanks and respect
" ‘Slán le Seán’ ====== Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail.
Ghlac sé buíochas leat go láidir leat he thanked you profusely
" Ghlac sé buíochas leat go láidir leat go minic cheana.
a bhuíochas don mhéid foinsí fuinnimh thanks to the amount of sources of power
" Is fíor a rá fosta gur i dtreise a chuaigh cumhacht na Rúise le deich mbliana anuas (a bhuíochas don mhéid foinsí fuinnimh atá inti agus don ardú praghais a tháinig ar an fhuinneamh sin).
a bhuí leis na meáin thanks to the media
" Feictear dom go bhfuil sí fós i gcarcair – a bhuí leis na meáin a rinne dúshaothrú uirthi beagnach ón bhomaite a gabhadh í deich mbliana ó shin.
a bhuíochas san d’ealaín chócaireachta thanks to the culinary skills
" Dá fheabhas í Parramatta mar cheann scríbe gastronomique, a bhuíochas san d’ealaín chócaireachta na bpobal éagsúla, nua agus sean, ba bheag eile anseo a thláthaigh dlúth iad.
a bhuí don thanks to
" Ar an Mháirt, an 18ú Márta, a bhuí don Ambasadóir James Mc Intyre, bhí mé ag ceiliúradh de chuid Ambasáid na hÉireann san Airgintín i gceann de na hionaid is galánta in Buenos Aires, Lo de Aberg Cobo, é plódaithe le meascán mearaí de Gaeil-Airgintínigh agus a gcairde.
a bhuí don thanks to the
" A luaithe is a insealbhaím uirlis nasctha beidh mé in ann é a leanúint gach áít is mian liom, a bhuí don tseirbhís nua Dweet.
ghabhtar buíochas one is thanked
" *” Shíl muintir bhocht na Breataine gur tancanna míleata a bhí i gceist aige, go dtí gur mhínigh duine de thráchtairí *Sky Sports* dóibh gur mar sin a ghabhtar buíochas i mBéarla na hÉireann, ach gur minic a luaitear Mac Dé san abairt: “*Ah! Jazus, tanks!*” Thiontaigh Michael Dee ar an tuiseal ginideach uimhir iolra agus é ag tagairt do mhuintir na Breataine i nGaeilge sa Royal Albert Hall.
a bhuíochas leis thanks to
" Agus an Cine Gorm ag bogadh isteach sna cathracha, thosaigh an Cine Geal, go háirithe sa tréimhse i ndiaidh an dara chogadh domhanda, ag bogadh amach go dtí na fobhailte, a bhuíochas leis na gluaisteáin nua a cheannaíodar.
a bhuíochas sin don thanks due to
" Níos tábhachtaí ná a gcumas aonarach áfach, tá tuiscint agus comhimirt eatarthu nach mbíonn le feiceáil ach go hannamh ar na saolta seo a bhuíochas sin don fhealsúnacht peile atá á cur chun cinn ag an lucht bainistíochta.
Seolaim nóta buíochais with a word of thanks
" Seolaim nóta buíochais chuig eagarthóir Beo.
Glacaim buíochas ó chroí leis I sincerely thank
" Glacaim buíochas ó chroí leis na daoine a chuidigh linn ó thosach ama, go háirithe na heagarthóirí, na colúnaithe agus na scríbhneoirí (fiú an deamhan úd, Balor na Súile Nimhe, nár chaill eagrán ar bith den chéad seasca agus sé cinn acu a foilsíodh); leis na dearthóirí, Michal agus Rónán Ó Dochartaigh; an fhoireann oibre anseo i nGleann Cholm Cille (Siobhán agus Gearóidín) agus libhse, ach go háirithe, ár gcuid léitheoirí.
a bhuíoch sin do thanks to
" Tá an-bhorradh faoi chúrsaí Léann na hÉireann Ollscoil Notre Dame, a bhuíoch sin do Donald Keough a thug suim mhór airgid don institiúid i 1992 chun tús a chur leis an chlár.
a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua thanks to the new technology
" Tá an Ghaeilge faoi bhrú an-mhór sna Gaeltachtaí go léir ach tá an teanga ag scaipeadh ar fud an domhain ag an am chéanna, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua go háirithe.
a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua thanks to new technology
" Míníonn Diarmaid Mac Mathúna an tslí a raibh deis ag gnáthdhaoine cur le tuairiscí nuachta na meán cumarsáide tar éis bhuamáil Londan an mhí seo caite, a bhuí sin leis an teicneolaíocht nua.
a bhuí sin leis na hinimircigh thanks to the immigrants
" Tá réimse i bhfad níos leithne bia le fáil san Astráil na laethanta seo, a bhuí sin leis na hinimircigh atá tagtha chun na tíre ó bhí aimsir an Dara Cogadh Domhanda ann, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge thanks to a branch of Conradh na Gaeilge
" Tá an-bhorradh faoin Ghaeilge i nGlaschú faoi láthair, a bhuí sin le craobh de chuid Chonradh na Gaeilge atá lonnaithe in Govanhill, ceantar ina bhfuil roinnt mhaith Éireannach ag cur fúthu go fóill.
A bhuíochas ar an teicneolaíocht thanks to the technology
" A bhuíochas ar an teicneolaíocht atá anois ar fáil, is féidir le físiriseoirí léargas i bhfad níos doimhne a fháil ar a mbíonn faoi chaibidil acu ina gcuid cláracha faisnéise, dar le Alex Hijmans