Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thar a gceann on their behalf
" Ciallaíonn bunú an Choimisúin go bhfuil eagraíocht anois ann le cás a thógáil thar a gceann.
thar ceann on behalf of
" Bhí Cunningham i láthair nuair a tháinig an Jeanie Johnston chun duga ag Battery Park City ar an 3 Iúil chun óráid a thabhairt thar ceann an mhéara.
thar do cheann on your behalf
" Ní gá a bheith i do shaineolaí ar an bpróiseas toghchánaíochta chun a thuiscint go bhfuil fadhbanna móra slándála ag baint le daoine eile a bheith ag caitheamh vótaí thar do cheann.
thar ceann do mhuintire féin on behalf of your own people
" Is gradam pearsanta é agus cúis ónóra a bheith páirteach ann thar ceann do mhuintire féin.
thar ceann on behalf of
" Bhronn Ciarán Ó Fearraigh, gasúr óg atá ag freastal ar an mheánrang, seic ar Sheán agus bhronn Treasa O’Connor, thar ceann Fheis Ghlaschú, bronntanas air chomh maith.
ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí acting on behalf of specific groups
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
Maífidh urlabhraí thar ceann Fhianna Fáil A Fianna Fáil spokesperon will claim
" Maífidh urlabhraí thar ceann Fhianna Fáil nach mbeidh ann ach Cothrom na Féinne.
ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo acting as spokesperson for this group
" Den chéad uair riamh, bhí baill den chléir Chríostaí páirteach sa pharáid, agus dúirt duine a bhí ag feidhmiú mar urlabhraí thar ceann an ghrúpa seo gur chóir do na heaglaisí Críostaí leithscéal a ghabháil leis an bpobal aerach sa tír as ucht an leithcheala a rinne – agus atá á dhéanamh – ag na heaglaisí orthu.
ag feidhmiú thar ceann a phobail féin working on behalf of his own community
" Ach comhaontú ilpháirtí ilrialtais is ea é, a raibh baint ag na mílte duine leis thar na blianta – gach polaiteoir a bhí ag feidhmiú thar ceann a phobail féin agus gach máthair ar cailleadh a páistí sa chogadh díchéillí uafásach.
labhairt thar ár gceann to speak on our behalf
" Is ag leibhéal an Choimisiúin a dhéantar reachtaíocht a thionscnamh ach ní bheadh aon Choimisinéir againn le labhairt thar ár gceann ar feadh tréimhsí fada as a chéile.
thar ceann a rialtais, on behalf of his government
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
thar cheann on behalf of
" Mar chuid den obair a labhraím thar cheann an ghrúpa, ach déanaím cinnte de go labhraím thar cheann gach éinne acu.
éirí thar cinn excellently
" Tá a mhacasamhail i gcathracha eile na Fraince, ar nós Lyon agus Toulouse, agus tá ag éirí thar cinn leis sna háiteanna sin chomh maith.
thar ceann on behalf
" Ní fios go fóill cé a d'eagraigh é, ach táthar ag díriú na méar go forleathan i dtreo Dick Armey, feisire fíorchoimeádach as Texas, agus a eagraíocht FreedomWorks, brúghrúpa a oibríonn thar ceann comhlachtaí chun cáin a ísliú agus gnó an stáit a chur i lámha na hearnála príobháidí.
Thar cinn perfect
" Thar cinn! Tá teilifís athraithe chomh mór sin go bhfuil Nielsen, an chomhlacht a bhailíonn is a scaipeann eolais faoi scóranna féachana, ag bailiú eolais faoi *‘time-shifters’*, nó ‘lucht ceaptha an ama’ ó 2008.
Thar cinn perfect
" Thar cinn don té atá ag súil le iPhone sa stoca maidin Lá Nollag! Is féidir éarlais iTunes Store a bhronnadh ar an mbealach céanna freisin agus ligfear don bhfaighteoir ceol, cláirín nó scannáin a cheannach.
thar ceann on behalf
" Gníomhaíocht na Roinne P & T ================= “Beartas in éadan neamhspleáchais agus dínite an náisiún Éireannaigh atá sa chomhairle seo ó údaráis poist na Breataine Móire,” a scríobh an tUasal Ó Maolfabhail thar ceann an Choimisiúin chuig an Taoiseach, Cathal Ó hEochaidh ar an 24 Meitheamh 1980: “Mheabhraigh an Cathaoirleach agus comhaltaí eile gur gnách leo litreacha faoin seoladh ceart Gaeilge a fháil tríd an bpost ó thíortha an domhain.
thar a gceann on their behalf
" Gan é ach cúpla seachtain san oifig, d'fhógair sé go ngearrfaí siar go mór ar thuarastal múinteoirí, agus go mbainfí an cead de na ceardchumainn idirbheartaíocht chomhargála a dhéanamh thar a gceann.
nár éirigh thar cinn leis didn’t he succeed perfectly
" Agus nár éirigh thar cinn leis? Nuair a bhínnse ag dul trí Mhuine Gall ar an mbus scoile ar mo bhealach ó Chloch Shiúrdáin go dtí na Bráithre Chríostaí in Aonach Urmhumhan na blianta ó shin, is beag a cheapas go mbeadh “ceannaire an domhain saoir” ag teacht lá éigin go dtí an sráidbhaile beag sin, áit dúchais a shin-sin-sin-seanathair.
thar ceann on behalf
" Deir urlabhraí thar ceann na nglantóirí nach mbeidís in ann srian a choinneáil orthu féin dá dtiocfaidís ar Aire de chuid Fhine Gael lom nocht i seomra óstáin.
ag feidhmiú thar cinn ar fad operating perfectly
" Déarfadh an té atá soiniciúil go bhfuil an struchtúr atá ann faoi láthair ag feidhmiú thar cinn ar fad .
d’éirigh leis thar cinn ag féilte succeeded immensely at festivals
" Ar chúiseanna éagsúla tá mé bródúil as rudaí éagsúla; tá mé an-bhródúil as Cosa Nite mar is é an chéad ghearr scannán a rinne muid agus tharraing sé aird agus d’éirigh leis thar cinn ag féilte agus mar sin de.
thar cheann an phobail by the public
" Muna bhfuil breall ana-mhór orm, ceaptar Teachtaí Dála thar cheann an phobail d’fhonn castachtaí na polaitíochta a mhíniú do thoghthóirí na tíre seo.
cruthú thar cinn show magnificently
" **SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?** TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.
freastal thar cinn ar great service
" An bhfuil freastal thar cinn ar mhuintir na Gaeilge anois?** ÍNíCh: Bhí an tréimhse sin ann.
d’éirigh thar cinn le was very successful
" As sin amach, d’éirigh thar cinn le Adele.
Thar cinn a great job
" Thar cinn! Brúnn sí ar an gcroí.
Tá éirithe thar cinn leis have succeeded greatly
" Tá éirithe thar cinn leis na heagraíochtaí sin torthaí suntasacha a bhaint amach in achar gearr ama.
thar ceann an rialtais on behalf of the government
" Mhaígh urlabhraí thar ceann an rialtais go raibh sé riachtanach na hainmhithe a mharú mar chuid den chlár le heolas cruinn a fháil ar a n-aiste bia, ar a bpórú agus ar a n-ionchas saoil.
thar ceann na Breataine on behalf of Britain
" Creach an Phartanóin ========== Ba é an Tiarna Sasanach, an 7ú Iarla Elgin a rinne an chreach ar fhríosanna an Phartanóin, nuair a bhí sé ina ambasadóir thar ceann na Breataine don Impireacht Otamánach, a bhí i réim sa Ghréig sa 19ú Céad.
bagairt a gcinn thar dhroim a chéile growing aloft
" É sin a dhéanamh chomh tapa in Éirinn agus ab fhéidir sula gcuirfeadh aon duine de na comharsana stop leis an rás rud a d’fhéadfadh tarlú dá mbeadh gáirdín deas lusanna chromchinn nó lusanna eile ag ‘bagairt a gcinn thar dhroim a chéile’.
thar cinn ar fad excellent altogether
" An Chéad Rialtas Eile ======= Ar ndóigh, sna toghcháin áitiúla rinne Fianna Fáil thar cinn ar fad.
thar cinn ar fad excellent
" *The Great Financial Crisis* ========= **SMM: Cén leabhar is fearr a léigh tú?** NFarrell: Leabhar? Tá sé thar cinn ar fad, *The Great Financial Crisis; Causes and Consequences* an t-ainm atá air.
atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear who are promoting the Irish language abroad
" An mhí seo caite, sheol Glór na nGael comórtas nua Gaeilge atá dírithe ar dhreamanna atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear.
thar cinn greatly
" Chruthaigh Uachtarán úr Mheiriceá thar cinn dá íomhá, dó féin is dá thír ó thosaigh sé deireadh na míosa seo caite lena aitheasc do Theach na Comhdhála.
a rinne thar cinn dó féin who succeeded remarkably
" Chuir Bearnaí Ó Doibhlin spéis i ndaoránach as Tiobraid Árann a rinne thar cinn dó féin sa tír dár díbríodh é ar daorbhreith 14 bliana déag.
i measc na dteachtaí thar ceann in attendance on behalf of
" Céard a bhí le feiceáil 's le cloisteáil ann? Bhí Diarmuid Johnson i measc na dteachtaí thar ceann Beo.