Pota Focal Intergaelic
hey | the | thee | them | then
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhraith siad they felt
" Bhí Gaeilge sa bhaile agus ar scoil ag a bpáistí ach bhraith siad gur ghá céim eile a thógaint le saol níos leithne a chur ar fáil dóibh trí imeachtaí sóisialta agus oideachasúla, ranganna, ceardlanna, cóisirí, etc.
go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas that they will fulfill their responsibility
" Dualgas i leith na Gaeilge a chur ar na forais atá á maoiniú ag an stát agus a eagraíonn imeachtaí oideachasúla agus caitheamh aimsire don óige, ar nós The Ark Ard-Mhúsaem na hÉireann agus an Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonfaidh siad a ndualgas.
nach bhfuil an dara rogha acu that they have no other choice
" Tarlaíonn sé seo go rialta, áfach, agus deir na Cúbaigh nach bhfuil an dara rogha acu mar nach féidir leo a bheith beo ar a dtuarastal amháin ($10 Meiriceánach sa mhí ar an mheán).
tairgíodh gnéas airgíodh gnéas dóibh: they were offered sex
" Bhí an gliomach go breá ach baineadh siar as mo chuid compánach fir nuair a tairgíodh gnéas (bean go maidin ar $30) dóibh! Caithfidh tú a bheith ar d'airdeall i gcónaí.
Bhain siad siar asam They took me back
" Bhain siad siar asam le binb agus boirbe a ngutha.
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú They can survive without you
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
tá ag éirí leo they're succeeding
" Tá na cathanna céanna le troid acu agus atá ag Gaeltachtaí beaga eile lena gcultúr a thabhairt slán, ach tá ag éirí leo é sin a dhéanamh.
chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar chuir siad an dlí orthu: they took them to court
" Chuir an clár ríomhaireachta sin ar chumas daoine ceol a fháil ó bhailiúcháin daoine eile ar an idirlíon agus chuir na comhlachtaí ceoil an dlí ar an gcomhlacht a bhunaigh é.
is lú an fonn a bheidh orthu they will be less enthusiastic
" Ar an taobh eile den scéal, má léiríonn an daonáireamh go bhfuil an líon céanna Caitliceach agus Protastúnach ann, agus má dháiltear seirbhísí agus urraim dá réir, má tá an "place in the sun" ag Caitlicigh, is lú an fonn a bheidh orthu buntáistí na Ríochta Aontaithe a fhágáil ina ndiaidh.
sháraigh sháraigh siad: they got the better of
" Mar shampla, i dtoghcháin an Tionóil i 1998, fuair an SDLP 177,963 vóta, an chéad uair riamh a sháraigh an páirtí sin Aontachtaithe Uladh.
caitheann siad leo mar they treat them as
" Fearann siad fáilte agus fiche rompu isteach sa tír; caitheann siad leo mar chaoirigh na hÉireann; tugann siad béile breá blasta amháin d'fhéar na hÉireann dóibh; ansin díolann siad ar aghaidh iad mar chaoirigh na hÉireann.
baileoidh siad leo they will up and go
" Athlonnú ======= Tá sé go maith go bhfuil na comhlachtaí seo ar fad in ann postanna a sholáthar d'aos óg agus do dhaoine dífhostaithe na tíre, ach a luaithe is a thiocfaidh siad ar láthair eile ina bhfuil na scileanna agus an bonneagar céanna ar fáil, baileoidh siad leo mar a dhein na comhlachtaí éadaí agus comhlachtaí carranna le fiche bliain anuas.
léiríodar they showed
" Seo sampla iontach de dhream Éireannach a dhein iomaíocht le hinfheistíocht bhreise a mhealladh go hÉirinn; léiríodar go bhféadfaidís airgead an chomhlachta a shábháil trí ionad nua a bhunú sa Spidéal seachas é a lonnú i Meiriceá.
nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo they seldom pay for this bad behaviour
" Is é an fáth go bhfuil na póilíní ag caitheamh mar seo go fóill le fir dhubha ná nach minic a bhíonn siad thíos leis an mhí-iompar seo.
Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo they American public condone their crimes
" Ligeann pobal na Stát Aontaithe a gcoireanna leo, ceadaíonn siad iad agus spreagann siad iad.
chuireadar fúthu they settled
" Tháinig Liútaraigh as Siléis na Gearmáine a d'fhág a dtír dhúchais de bharr achrann creidimh agus chuireadar fúthu sa mBarossa Valley in aice le hAdelaide san Astráil Theas.
na feachtais atá á n-eagrú acu the campaigns that they are organising
" ie/)) lán d'eolas faoi na feachtais atá á n-eagrú acu.
conas a mhaireadar how they lived
" Chuaigh beirt mhac léi go scoileanna Seapánacha agus chuir Neasa aithne ar mhná Seapánacha agus ar conas a mhaireadar.
go mbeidís that they would be
" Is cuma cén casadh a chuireann siad sa scéal, thuig na páistí an ceacht simplí - nach raibh a dtuismitheoirí ag iarraidh go mbeidís sa rang céanna le Taistealaithe.
bíodh siad ar a n-aire they had better watch out
" Iad siúd sa tír a bhfuil páiste acu nach bhfuil cumas acadúil ard go leor aige/aici, bíodh siad ar a n-aire.
le fonn caointe feeling like they want to cry
" Ar an drochuair, tá an píosa áirithe talaimh sin ag titim isteach sa chlábar agus lucht féachana scanraithe ag breathú air le fonn caointe.
dhíbir siad they expelled
" Bhunaigh siad fochoistí, dhíbir siad Sinn Féin ó na fochoistí sin agus ansin rinne an fochoiste obair an choiste mhóir.
bhuail néal codlata iad they nodded off
" Bhí cuid acu crom isteach ar chomhrá agus cuid mhaith acu ar bhuail néal codlata iad.
B'acmhainn leo they could afford
" B'acmhainn leo é sin a dhéanamh, ach an rud ba shuimiúla dom ná go raibh an toradh ar an infheistíocht níb airde ag na fir chéanna nuair a chuir sé iad i gcomparáid le "mionlaigh" eile - mná, daoine neamhbhána agus "dropouts" nár chríochnaigh a gcúrsaí ollscoile.
bhuail néal codlata iad they nodded off
" Bhí cuid acu crom isteach ar chomhrá agus cuid mhaith acu ar bhuail néal codlata iad.
dá mbuafaidís if they had won
" Ach dá mbuafaidís i 1961 b'fhéidir gur a mhalairt a tharlódh.
le go mbeidh sé d'acmhainn acu so that they can afford
" Mheall siad réiteoir i ndiaidh réiteora le cluiche i ndiaidh cluiche a chríochnú le comhscór - athimirt i ndiaidh athimeartha agus milliúin i ndiaidh milliún punt ag dul isteach i gciste Ard-Chomhairle Chumann na gCleasaithe Lúbaireachta, le go mbeidh sé d'acmhainn acu bosca corparáideach a fháil ar cíos.
dhiúltaigh siad they refused
" Ar ndóigh, ní raibh Rialtas Shasana sásta le hÉire neamhspleách agus dhiúltaigh siad glacadh leis an vótáil dhaonlathach sin.
Tá seanbhlas orthu they're stale
" Tá seanbhlas orthu cibé.
chuir siad fúthu they settled
" Tá cuid eile acu ina ndochtúirí; tháinig siad go hÉirinn mar mhic léinn agus ansin chuir siad fúthu anseo.
nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint they couldn't understand the insults
" Níl Béarla acu agus an rud maith faoi sin ná nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint.
ar mhian leo clarú leis that they would want to register with
" Roghnódh na vótóirí féin an toghlach ar mhian leo clarú leis.
go sáróidh siad that they will transgress
" Tá na meáin chumarsáide i Sasana lán scéalta faoi dhlíthe úra in aghaidh sceimhlitheoireachta, cé go bhfuil seans ann go sáróidh siad Acht Chearta Daonna an Aontais Eorpaigh.
gur chinn siad that they decided
" ) Chuir Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan, in iúl don Státrúnaí "gur thuig an UDA an damáiste a bhí an foréigean á dhéanamh do dhaoine aonair, agus an damáiste a bhí sé á dhéanamh do phróiseas na síochána, agus gur chinn siad ar stop a chur leis an fhoréigean.
cé go raibh fuadar fúthu although they were in a rush
" Bhí daoine cneasta, cabhrach cé go raibh fuadar fúthu.
Tachtadh iad they choked
" Tachtadh iad nuair a shúigh na tinte an t-aer as an log staighre ina rabhadar.
gineann siad they generate
" agus Roy Keane agus Denis Irwin agus gineann siad an t-uafás airgid don CLG.
a ghineann siad which they generate
" Tá an t-airgead a ghineann siad ag teastáil chun an óige a mhealladh, a choinneáil agus a thabhairt chun blátha.
thograigh siad féin they themselves chose
" Má tá moill ag baint lena gcuid oibre, is i ngeall ar gur thograigh siad féin jab críochnúil a dhéanamh, ní i ngeall ar mhoill ó thaobh an stáit de.
bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge whether they be fluent or speak only a little Irish
" Oscailte do gach duine - bídís líofa nó ar bheagán Gaeilge.
threisigh siad a chéile they strengthened each other
" Is amhlaidh a threisigh siad a chéile in ionad a bheith in iomaíocht lena chéile.
ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith they couldn't be accused of being two-faced
" D'fheicfí go raibh an Lucht Oibre ag tabhairt teachtaireacht shoiléir don phobal agus ní fhéadfaí Tadhg an dá thaobhachas a chur ina leith.
Bunphá caolmhaireachtála basic pay they could barely survive on
" Bunphá caolmhaireachtála á fháil ag a gcuid oibrithe agus gan sochair fhostaí ná eile acu.
a thréig siad that they abandoned
" Ach an mbeidh na haltraí sásta filleadh ar na seanphostanna a thréig siad - postanna ar thuarastail ísle agus le leibhéal ard struis? An mbeidh an Rialtas in ann tacaíocht na ndochtúirí comhairleacha a fháil nuair a laghdófar an méid ama agus an méid acmhainní is féidir leo a chaitheamh lena gcliaint phríobháideacha.
nuair a mhothaíonn when they feel
" Ach, ar an drochuair, nuair a bhíonn níos mó misnigh ag na Caitlicigh, nuair a mhothaíonn siad gurb é an Tuaisceart a mbaile, bíonn imní ar na Protastúnaigh ansin, a dúirt sé.
Ó ghnóthaigh siad since they won
" Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
ar comhaois leo the same age as they are
" Is minic a deirtear nach mbíonn deis ag an aos óg daoine eile ar comhaois leo féin, atá ina gcónaí taobh amuigh dá gceantar féin, a chloisteáil ag canadh.
Ní raibh an dara rogha acu They had no choice
" Ní raibh an dara rogha acu, áfach, de bharr go raibh bearnaí le líonadh sa sceideal.
níl múineadh madaidh orthu they have no manners at all
" "An bhfuil a fhios agat seo, aos óg an lae inniu, níl múineadh madaidh orthu.
cead raide leave to do as they please
" " "Tá, is dócha," arsa Tadhg, "ach bheir muid cead raide daofa ar na bronntanais lá Nollag nó ní bhíonn siad beag óg ach an seal gairid.
chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh they all had a pleasant evening
" Chuir sé amach gloine beorach do féin, fíon dona chuid tuismitheoirí agus do na cuairteoirí agus *Coke* d'Eilís agus d'Aoife agus chaith siad uilig an tráthnóna fá shult agus fá shásamh.
a rogha luach any price they liked
" Ba seo nuair a cruthaíodh an t-idirlíon i dtús báire agus mheas go leor comhlachtaí úra idirlín go bhféadfadh siad a rogha luach a bhaint amach siocair go raibh saineolas acusan ar an teicneolaíocht úr seo.
tá scaoll fúthu they're in a panic, running scared
" Tá an chuid is mó den phobal sna Stáit Aontaithe paranóideach agus tá scaoll fúthu mar gheall ar eachtraí an 11 Meán Fómhair.
go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad that they are fully implemented
" Beidh orainn dul i ngleic leis na moltaí seo agus féachaint chuige go gcuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad.
réitíonn siad go maith le chéile they get on well with each other
" Tá triúr tánaistí aigesean agus deir sé go réitíonn siad go maith le chéile agus go dtugann siad tacaíocht láidir dá chéile i gcónaí.
braitheadh iad they were betrayed
" Ansin braitheadh iad, agus fuair siad uilig bás sna sluachampaí, seachas athair Anne, Otto Frank.
ag éileamh go n-íocfaí iad demanding that they be paid
" Tá an Gaelic Players' Association cheana féin ag éileamh go n-íocfaí iad as a gcuid costaisí agus ama agus iad mbun traenála.
Ní d'aon ghnó a dheineadar é They didn't do it deliberately
" Ní d'aon ghnó a dheineadar é.
dhiúltaigh siad they refused
" Ghlac oifigigh eile an Cúigiú Leasú Bunreachta in aghaidh féinchiontaithe agus dhiúltaigh siad ceisteanna a fhreagairt.
nach ndeachthas chun cainte leosan that they weren't consulted
" Bhí fearg orthu nach ndeachthas chun cainte leosan faoi na leasuithe a bhí á ndéanamh, leasuithe a mbeadh tionchar an-mhór acu ar a dtodhchaí.
a tháirgíonn siad that they produce
" Is mian léi saghas plean gnó a leagan síos do scoileanna agus fostaithe a íoc de réir an líon uaireanta a oibríonn siad, an méid a tháirgíonn siad agus na cuspóirí a éiríonn leo a bhaint amach faoi dheireadh gach míosa.
dá mba mhian leo if they wanted to
" An féidir eolas a mheas mar seo? Rachaidh cuid de na hathruithe i bhfeidhm ar dhaltaí an-óga chomh maith, mar shampla iad siúd atá sna *scuole elementari* (páistí idir sé bliana agus deich mbliana), a raibh scrúdú le déanamh acu go dtí seo dá mba mhian leo dul isteach sa *scuola media* (do dhaltaí idir aon bhliain déag agus trí bliana déag).
chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile they hoodwinked Australian voters
" Fuarthas amach le deireanaí gur chuir siad dallamullóg ar vótóirí na hAstráile.
mar ar ciapadh go dona iad where they were tormented, harrassed
" Níor ligeadh isteach sa tír seo iad cé gur bheag nár bádh iad, idir fhir, mhná agus pháistí, agus cé gur thréig siad tír mar ar ciapadh go dona iad.
go dtabharfaí i dtír iad that they would be brought ashore
" Líomhaintí ======= Rinne John Howard deimhin dá lucht tacaíochta nuair a chuir sé i leith na dteifeach i mbád eile gur chaith siad páistí isteach san fharraige ag súil go dtabharfaí i dtír iad de bharr a gclann a bheith i gcontúirt.
a lucht aitheantais the people they know
" Mar shampla, le 'Group Text', tá daoine á úsáid chun scéalta grinn a scaipeadh chuig a lucht aitheantais mar a dhéantar thar an ríomhphost go minic.
Aibíonn (they) mature
" Aibíonn na scéimeanna coigiltis nua cúig bliana agus mí tar éis a n-oscailte, agus íocfar cáin ag ráta 23% ar thoradh na taisce.
nach dtapóidh siad an deis that they won't seize the opportunity
" An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo? Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach.
ba ghnách leo they used to
" Is idir Contae an Chláir agus Inis Oírr a sheoladh na soithí ar a mbealach isteach go Gaillimh agus ba ghnách leo píolótaí ón oileán a thógáil ar bord le hiad a threorú isteach sa gcuan.
sular aimsigh siad before they found
" B'éigean don fhoireann tarrthála streachailt trí shneachta domhain agus gaoth láidir ar feadh cúig huaire sular aimsigh siad na coirp.
thochail siad they dug
" chonaic ball den fhoireann sciathán ag gobadh amach as an sneachta agus thochail siad an grúpa amach.
a raibh de dhíobháil orthu all that they wanted
" Agus ba mhaith liom na ceamaraí sin - nach raibh ar siúl nuair a bhris an triúr gadaí isteach in Castlereagh an mhí seo caite; thug gríosáil do bhall den fhórsa; chuaigh fríd comhaid an-rúnda ar feadh 10-30 bomaite; sciob a raibh de dhíobháil orthu agus d'imigh - a chur i Seomra 220.
Cuirtear ina leith they are accused
" Cuirtear ina leith go minic sna meáin go bhfuil siad cúlráideach agus paróisteach ach má théann tú isteach i gclubtheach de chuid an CLG aon oíche den tseachtain tá seans go mbeidh cluiche ón *Premiership* ar siúl ar scáileán mór sa tsólann.
rinne siad turas ar they went around
" Anuas leo ansin agus rinne siad turas ar an seomra suí, seomra staidéir Nigel a bhí i gcúl an tí agus a raibh radharc álainn aige amach ar an gharradh.
go dtabharfaidís thar n-ais dom é that they would give it back to me
" Tá mo bhainisteoir ag caint leo agus thugadar a bhfocal go dtabharfaidís thar n-ais dom é ar phraghas éigin.
le hoidhreacht {they} inherit
" Faigheann siad teach a muintire le hoidhreacht, agus tarlóidh an rud céanna i gcás a gcuid páistí.
as go brách leo abhaile off they go home
" Ansin, chomh luath is a bhíonn siad in uiscí na hIodáile, léimeann siad isteach i mótarbhád a bhíonn ag fanacht leo agus as go brách leo abhaile.
Cothaítear iad they are fed
" Cothaítear iad agus tugtar cóir leighis dóibh nuair is gá.
má dhiúltaíonn siad if they refuse
" Uaireanta díoltar ar suas le €12,000 iad le máistir striapach a dhéanann bagairt go minic a dteaghlach sa bhaile a mharú má dhiúltaíonn siad comhoibriú.
ionsaíonn siad they attack
" Uaireanta ionsaíonn siad daoine a dhiúltaíonn airgead a thabhairt dóibh agus is minic fosta a bhíonn argóintí fíochmhara acu le daoine.
go bhfreastalóidís that they would attend
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
go bhfreastalóidís that they would attend
" Gheall a bhformhór go bhfreastalóidís ar an gcéad chúrsa eile a bheadh ar siúl againn.
D'éalaigh siad they escaped
" D'éalaigh siad ón seomra ranga ag an am céanna fosta agus caitheann siad a gcuid ama in oifig anois ag obair mar "bhainisteoirí oideachais", ag cur brú agus struis ar na daoine bochta atá fágtha sa seomra ranga.
ar na bacáin acu they're preparing for it
" Bhain siad clú agus cáil amach ar Shráid Ghrafton ag seinm ceol bríomhar rithimeach Laidineach agus anois tá an cheolchoirm mhór seo ar na bacáin acu.
níor bhraith siad they didn't depend on
" Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
a shaothraíodh siad that they used to earn
" " Is féidir a lán airgid a shaothrú ag fánseinm a deir siad, meangadh beag gáire ar a n-aghaidh, gan iad sásta aon rún a scaoileadh faoin mhéid a shaothraíodh siad.
dhiúltaigh siad go hiomlán they totally refused
" Ach dhiúltaigh siad go hiomlán rud ar bith a rá dom.
bhí alltacht orthu they were astonished
" Nuair a chuala muintir na hIndia go rabhamar ag dul chun na Seapáine bhí alltacht orthu - itheann na Seapánaigh an *naga*, an nathair dhiaga! Timpeall an chúinne uainn tá brainse d'Arm an tSlánaithe, an t-arm is fearr a tháinig riamh as an mBreatain.
Cuma an rachmais orthu they look well-off
a chraobhscaoileann siad they propagate/broadcast
" Scaothaireacht gan dochar a chraobhscaoileann siad: "Tugtar ómós don Impire! Bata is bóthar don Bharbarach! " Tá Banphrionsa na Seapáine ag súil le leanbh; sceitimíní ar an *uyoku* - ar gach éinne chun na fírinne a rá.
go rachadh sé rite leo that they would find it extremely difficult
" Deir an rialtas anseo go rachadh sé rite leo a thaispeáint gurbh é an tobac ba chúis leis na costais atá ar an gcóras sláinte.
is cosúil nach cás leo it seems that they don't care about
" Más mar sin atá an scéal, is cosúil nach cás leo an 19,000 Astrálach a fhaigheann bás in aghaidh na bliana de bharr an tobac.
ar eagla go gceapfaí go raibh siad i bhfábhar an fhoréigin in case it was thought that they were in favour of censorship
" Ní raibh fonn orthu tabhairt faoin rialtas agus bhí faitíos míréasúnta orthu, dar le Mac Coille, cur in aghaidh na cinsireachta ar eagla go gceapfaí go raibh siad i bhfábhar an fhoréigin.
ní raibh an dara rogha acu they had no choice
" Ach chonaic an deartháir óg an dúnmharú agus ní raibh an dara rogha acu ach eisean a mharú chomh maith.
más áil leo if they wish
" Ach anois, ar a laghad, beidh seans ag na daoine a gcuid botún féin a dhéanamh más áil leo, i leaba a bheith ag fulaingt agus ag fulaingt go tréan de bharr bhotúin daoine eile.
Fuarthas ciontach iad they were found guilty
" Fuarthas ciontach iad, tugadh ar lámh d'arm Shasana iad, agus gearradh fíneáil £2 orthu, "the fine to be deducted from their army pay".
go gcuirfí faoi chois that they'd be supressed
" Shíl na Protastúnaigh go raibh saol níos fearr i ndán dóibh faoin choróin Shasanach, agus go gcuirfí faoi chois iad dá mbeadh Éire aontaithe neamhspleách ann.
is geall le hoileáin san aigéan iad they're like islands in the ocean
" Clocha aonair i ngairdín, ar sé, is geall le hoileáin san aigéan iad.
bainid aoibhneas as an duilliúr they take delight from the leaves
" Ach na Seapánaigh, glacann siad grianghraif de chrainn agus ní gá go mbeadh an crann ar fad ann; bainid aoibhneas as an duilliúr, dathanna á dtréigean, glas, buí, dearg, órga.
a ruaig siad as seilbh é that they dispossessed him
" É ag grúscán leis féin go friochanta nó gur chroith sé a dhorn go bagrach i dtreo Dhónail, ag maíomh go borb gurbh é féin an t-úinéir agus go gcaoinfidís an lá a ruaig siad as seilbh é.