Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tarraingt ar thríocha approaching thirty
" "Tá an fear liath ag tarraingt ar thríocha," a d'fhreagair Ali.
tríochaidí thirties
" Is mór idir an saol atá aici anois, ar maos i dteanga agus i gceol na hÉireann, agus an saol a chaith sí go dtí go raibh sí ina cuid tríochaidí.
sna tríochaidí in their thirties
" Fágann sé seo nach bhfuil mórán daoine sna tríochaidí ábalta teach a gcuid tuismitheoirí a fhágáil, toisc nach féidir leo morgáiste mór a íoc leis an gcinéal airgid a shaothraíonn siad i bpostanna nach bhfuil na coinníollacha oibre rómhaith iontu.
sna tríochaidí in his thirties
" Fuair John Lennon amach an fhírinne faoina athair nuair a bhí sé sna tríochaidí, agus an t-athair marbh.
na tríochaidí the Thirties
" "Bhí an foréigean ag teacht is ag imeacht ó na tríochaidí ar aghaidh, ach bhí sé ag cuidiú leis na haontachtaithe; bhí siad ábalta a rá go raibh siad faoi léigear, go raibh siad i gcónaí faoi ionsaí agus choinnigh sé an *monolith *aontachtach le chéile.
i lár na dtríochaidí in their mid-thirties
" Ba chóir go mbeadh an t-imeoir maith, chomh maith leis an ghnáthimreoir, in ann leanúint ar aghaidh ag imirt go dtí go bhfuil siad i lár na dtríochaidí agus b'fhéidir níos faide.
sna tríochaidí in his thirties
" Tá cuid acu níos sainiúla: léiríonn íomhá amháin fear sna tríochaidí ina shuí ar leaba atá cóirithe go néata.
sna tríochaidí in their thirties
" Is dócha go bhfuil sé sin níos deacra fós i gcás daoine a bhfuil páistí acu, atá singil arís agus iad sna tríochaidí, daichidí nó caogaidí.
na tríochaidí the Thirties
" Ó na tríochaidí anuas go dtí na caogaidí, mar shampla, d’fhaigheadh aisteoirí óga cóipeanna beaga den deilbhín in áit cinn mhóir.
na tríochaidí the Thirties
" Cé gur ceapadh nach bhféadfadh rátálacha sásaimh an Uachtaráin Bush titim tuilleadh, thiteadar arís - go dtí 33%, an ráta is ísle d'uachtarán ar bith ó bhí na tríochaidí ann, seachas Nixon i seachtainí deireanacha a uachtaránachta.
na tríochaidí the Thirties
" Cé gur ceapadh nach bhféadfadh rátálacha sásaimh an Uachtaráin Bush titim tuilleadh, thiteadar arís - go dtí 33%, an ráta is ísle d'uachtarán ar bith ó bhí na tríochaidí ann, seachas Nixon i seachtainí deireanacha a uachtaránachta.
na tríochaidí the Thirties
" Bhí Martin Corry, iar-Óglach, ina Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil ó na tríochaidí ar aghaidh.
sochaí ocrach na dtríochaidí the hungry society of the Thirties
" Ba lú an “mé-féinachas”, is ba mhó an tírghrá a gheofá i sochaí ocrach na dtríochaidí.
sna tríochaidí in her thirties
" Bhí Nikki sna tríochaidí sular chuir sí suim sa Ghaeilge ar dtús.
thart ar dheich dteach fhichead around thirty houses
" Nuair a bhí mise i mo ghasúr, is dóigh go raibh thart ar dheich dteach fhichead ar an mbaile agus bhí chuile theach acu sin, ach teach s’againne agus an teach béal dorais, ar mhúinteoirí iad freisin, beo ar an talamh nó ar an bhfarraige.
nuair nach raibh ach 38 mbliana slánaithe aige. when he was only thirty-eight years old.
" Fuair sé bás i dtimpiste nuair nach raibh ach 38 mbliana slánaithe aige.
sna tríochaidí in the Thirties
" Thug Coimisiún na Talún talamh i mBaile Ghib sa chontae céanna sin dá hathair mór agus a máthair mhór sna tríochaidí agus bhog siad ansin óna gceantar dúchais, Gaeltacht Rann na Feirste i dTír Chonaill.
lár na dtríochaidí his mid-thirties
" Ró-óg agus gan lár na dtríochaidí sroichte aige fiú.
sna tríochaidí. in the Thirties.
" B’as scríbhneoirí an cheantair seo, ar ndóigh, faoi cheannas an scríbhneora cháiliúil Langston Hughes, a d’eascair an “Harlem Renaissance” sna tríochaidí.
aon iarrthóir is tríocha thirty-one applicants
" D'ainneoin sin, deir siad nach bhfuil aon taifead acu i leith líon na dtithe a bhfuil coinníoll teanga leagtha orthu nó ainmneacha na n-eastát a bhfuil socrú dlí déanta acu leis an Chomhairle Chontae faoin choinníoll, nó go deimhin iad siúd nach bhfuil! An bhféadfadh sé seo a bheith fíor? Cén dóigh ar féidir póilíneacht cheart a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choinníll nuair nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne? Ón bhliain 2003, cuireadh aon iarrthóir is tríocha faoi agallamh i nGaillimh agus bhain ceithre dhuine is fiche an caighdeán amach mar atá leagtha síos sna haontaithe dlíthiúla.
i lár na dtríochaidí in the mid-Thirties
" Rugadh Seán i lár na dtríochaidí in aice le Baile an Róba i gContae Mhaigh Eo.
idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir between thirty and forty times the nuclear fallout
" Scaoileadh idir tríocha agus daichead oiread an méid radachuir sa phléascadh sin ná mar a scaipeadh i ndiaidh gur phléasc na buamaí adamhacha in Hiroshima agus Nagasaki sa bhliain 1945.
lárthriochaidí mid-thirties
" Sa lucht dlí, gur i gcás, tá níos mó cailíní ná buachaillí ag gabháil do chúrsaí dlí ach tosaíonn na mná ag éirí as nuair a shroicheann siad na lárthriochaidí agus leanaí á mbreith dóibh.
faoi scór go leith bliana d’aois under thirty yrs of age
" Tá sé ar dhuine de na daoine óga is cumasaí faoi scór go leith bliana d’aois ar domhan atá luaite sa chomhluadar céanna le Mark Zuckerberg, Adele agus Lady Gaga, ach ní chuirfidh an clú agus cháil go léir an dallamullóg ar an gCorcaíoch a chuir tús le gluaiseacht Coderdojo, James Whelton.
le beagnach tríocha bliain for almost thirty years
" Anuraidh an chéad uair dom le beagnach tríocha bliain.
dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh thirty two of them on horseback
" Turas deich lá a bheadh sa dá chéad míle dóibhsean nuair a d’fhág siad An Lóbháin tamall ó thuaidh de Liège ar an 28ú Feabhra an bhliain úd, ‘dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh’ agus ‘cóiste ag a mnáibh uaisle,’ mar a deir Tadhg Ó Cianáin in Imeacht na nIarlaí.
le beagnach tríocha bliain anuas for almost thirty years
" In ainneoin an chaidrimh mhaith, áfach, tá an dá thír in adharca a chéile le beagnach tríocha bliain anuas i dtaca le seilg an mhíl mhóir sa Teiscinn Theas.
breis is scór go leith crann more than thirty trees
" Tá mé in ann breis is scór go leith crann a chuir mé a fheiceáil ón bhóthar phoiblí, mar is le taobh an bhóthair féin iad nó istigh i mbearnaí sna foraoisí stáit a chuir mé iad.
scór go leith troighe ar airde thirty foot high
" Chonaic mé sail dúchais amháin atá tuairim is scór go leith troighe ar airde a bearradh ar an dóigh seo.
na tríochaidí the Thirties
" Tá líon na mbuaf cána méadaithe go mór san Astráil ó bhí na tríochaidí ann agus anois tá iarrachtaí ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
sna tríochaidí luatha in her early thirties
" Níl Máire Killoran ach sna tríochaidí luatha ach tá post mór bainte amach aici cheana féin, is é sin Ceannaire Chiste Craoltóireachta Gaeilge an tuaiscirt.