Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a thiteann amach that occur
" Leis an teanga chéanna a chuireann lucht a labhartha eolas ar an domhan iomlán ina maireann siad, rud a fhágann an saothar litríochta ina thrasghearradh den iliomad dioscúrsaí a thiteann amach sa teanga.
a thiteann amach that occur
" Leis an teanga chéanna a chuireann lucht a labhartha eolas ar an domhan iomlán ina maireann siad, rud a fhágann an saothar litríochta ina thrasghearradh den iliomad dioscúrsaí a thiteann amach sa teanga.
a thiteann amach which occur
" Bímse ag plé le cúrsaí airgeadais agus riaracháin an stáisiúin, chomh maith le hearcaíocht a dhéanamh ar chraoltóirí nua, an sceideal a shocrú agus déileáil le haon fhadhbanna a thiteann amach ó lá go lá.
má thiteann sé if it falls
" Gach bliain ar 26 Eanáir – nó ar an Luan ina dhiaidh, má thiteann sé ar Shatharn nó ar an Domhnach – bíonn cóisirí ar fud fad na tíre le ‘Australia Day’ a chomóradh.
thiteann falls
" Seo eas a thiteann anuas ón cnoc Kinder Scout (636 méadar) agus nach raibh reoite le blianta fada.
thiteann i ngrá falls in love
" Léirmheas na Míosa ‘*Let the Right One In*’ (2008) Kare Hadebrant OskarLina Leandersson EliPer Ragner Hakan Johan Soderqvist CeolHotye van Hoytem Ceamara Tomas Alfredson Stiúrthóir Suite i mbruachbhaile suarach i Stockholm sna luathochtóidí, is scéal fíorshímplí ar shlí amháin é ‘*Let the Right One In*’ faoi bhuachaill óg dhá bhliain déag a thiteann i ngrá leis an chailín nua a bhogann isteach béal dorais.
thiteann amach happen
" Aisteach le rá, ní ar shaoire ó thuaidh atá dreamanna áirithe eachtrannach abhus ag smaoineamh, ach ar thuras siar go lár na tíre le breathnú ar fheiniméin nádúrtha annamha a thiteann amach an t-am seo bliana: glasú an láir agus líonadh Loch Eyre.
thiteann amach happen
" Tá an scéal féin bunaithe ar imeachtaí a thiteann amach nuair a thosaíonn ‘An Strainséir’ ag cur ceisteanna faoi eachtra inar cailleadh iascaire amuigh ar an bhfarraige.
thiteann fall
" Seo na daoine a thiteann fríd eangach sábhála an oideachais agus a chríochnaíonn suas le fadhbanna drugaí agus an deoch mheisciúil nó sna paraimíleataigh nó an dá rud.
thiteann falls
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
thiteann falls
" Is ar Fhine Gael a thiteann an dualgas rialtas a thiomsú.
thiteann tinneas clainne ar becomes pregnant
" Go deimhin, rinneadh clár iomlán sa tsraith teilifíse *"30 Rock"* faoi seo le déanaí, nuair a thiteann tinneas clainne ar charachtar an-choimeádach agus í i gCeanada.
thiteann céadatán na dífhostaíochta the unemployment percentage drops
" Bíonn na polaiteoirí sásta nuair a thiteann céadatán na dífhostaíochta agus nuair a shábháiltear na milliúin euro ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh.
thiteann saol duine as a chéile a person’s life falls apart
" Meabhraíonn an t-údar Dave Duggan ar an mhéid a tharlaíonn nuair a thiteann saol duine as a chéile ina leabhar nua, *A Sudden Sun*.
is orm féin a thiteann an dua it falls to my lot
" Ar an drochuair, is orm féin a thiteann an dua.
a thiteann faoina dhraíocht who fall under it’s spell
" Is é an dream is mó a thiteann faoina dhraíocht, dílseoirí.
má thiteann tú faoi chluain if you’re captivated by
" Seo do thodhchaí má thiteann tú faoi chluain Raspberry Pi: “*If my home were a Federation Star Ship, that corner would be the Engineering Department.
a thiteann sé anois it falls (on their shoulders)
" Is ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nó go deimhin éinne gur cás leis rath na gcoláistí samhraidh a thiteann sé anois brú a chur ar an Aire Shatter lena chinntiú go bhfeicfidh an tuarascáil seo solas an lae, óir ní shásófar tart na córa dá uireasa.
má thiteann an stocmhargadh if the stock-market falls
" “Cén fáth nach mbíonn oiread is focal faoi sna nuachtáin nuair a fhaigheann seandaoine bás inár gcuid cathracha de bharr fuachta agus ocrais: agus go mbíonn na nuachtáin lán den scéal má thiteann an stocmhargadh cúpla pointe?” a d’fhiafraigh sé ar na mallaibh.
a thiteann anuas which fall down
" ‘Is linne gach uile bhraon d’uisce in Éirinn anois, fiú uisce na farraige a thagann i dtír agus uisce na díleann a thiteann anuas ón spéir orainn.
faoina Roinn a thiteann an cúram sin that Dept.’s responsibility
" Fuair siad freagra uaidh siúd ag maíomh nach faoina Roinn a thiteann an cúram sin a thuilleadh ach faoin fhoras cháiliúcháin chuí – an CCEA sa chás seo.
a thiteann amach gach which happens every
" Tá líne dhaite de bhróga agus t-léinte don samhradh á thairg ag Seán Ó Corráin i stíl bhratacha na náisiúin a bheas páirteach sa chomórtas sacair a thiteann amach gach ceithre bhliain.
thiteann sé amach it happens
" Is fánach mar a tharlaíonn sa teach féin nó faoin sliabh ard, ach is faide a bheas tú ag fanacht le tarrtháil más amuigh ar an sliabh a thiteann sé amach.