Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an figiúr sin a mhéadú fá thrí to increase that figure by three
" Nílim ag rá gur leor é, ba mhaith liom an figiúr sin a mhéadú fá thrí ar a laghad as seo go ceann deich mbliana, ach fós is éacht ollmhór atá i gceist.
thrí scór go leith dalta seventy pupils
" Tá scoil náisiúnta trí oide ann agus thart ar thrí scór go leith dalta ag freastal uirthi.
thrí cheannteideal three headings
" Leagtar amach plean oibre faoi thrí cheannteideal ag An Údarás um Ard-Oideachas: (a) múineadh ábhar eile seachas Gaeilge trí mheán na Gaeilge; (b) cur chun cinn na Gaeilge i measc na mac léinn agus i measc na foirne; (c) athchló a chur ar sheantéacsanna.
faoi thrí three times
" Bhí peileadóirí Laoise agus Átha Cliath le feiceáil beo ar an teilifís faoi thrí go dtí seo - ní raibh na hiománaithe beo oiread is uair amháin.
ar thrí chúis for three reasons
" Is cinnte go mbeidh ainm Abú Media in airde i rith na bliana atá romhainn ar thrí chúis: is iad an chéad chomhlacht Gaelach a bhfuil scannán déanta acu i gcomhar le comhlacht scannánaíochta i Hollywood, tá deontas suntasach faighte acu ó Bhord Scannán na hÉireann agus is iad a bhí i mbun na sraithe nua d'fhoghlaimeoirí Gaeilge, *Turas Teanga*, a bheidh á craoladh ar RTÉ agus ar TG4 sar i bhfad.
de thrí leithead of three different rail gauges
" Dá bharr sin bhí ráillí de thrí leithead á n-úsáid - an caighdeán Eorpach (1435 mm) i New South Wales, an caighdeán Éireannach (1600 mm) i Victoria agus san Astráil Theas agus an ráille caol (1067 mm) sna stáit eile.
a thrí oiread sin three times as much
" Dar ndóigh, ar nós cuid mhaith eagraíochtaí eile, dá bhfaigheadh an Bord a thrí oiread sin, d'fhéadfaimis é a chaitheamh chun tionscadail nua a bhunú agus chun cur leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil dár gcustaiméirí.
thrí chás piléir three bullet-casings
" " Ar an bhealach go dtí an t-oileán, tháinig Finbar ar thrí chás piléir.
a thrí oiread three times as much
" Tá 370,000 acra curtha faoi láthair, a thrí oiread is a bhí deich mbliana ó shin.
faoi thrí three times
" Níl i gceist ach go rithfidís mórthimpeall pháirc na scoile ar chúrsa thart ar 500 méadar ar fhad, agus é sin a dhéanamh faoi thrí.
faoi thrí, three times,
" Tá duais Leabhar na Bliana Wattie (nó Leabhar na Bliana Montana, mar a thugtar air anois) buaite aige faoi thrí, rud nach ndearna scríbhneoir ar bith eile.
daonra de thrí mhilliún go leith a population of three and a half million
" Tá Melbourne, príomhchathair Victoria, ar an dara cathair is mó san Astráil agus tá daonra de thrí mhilliún go leith aici.
thrí pháirc agóide a cheadú to allow three protest parks
" Bheartaigh na Sínigh ar thrí pháirc agóide a cheadú i rith thréimhse na gCluichí ionas go mbeadh deis acu siúd a easaontaíonn le polasaithe áirithe a míshástacht a léiriú ar bhealach síochánta dlisteanach.
thrí faoin chéad 3 per cent
" Léim an ráta dífhostaíochta ó thrí faoin chéad go hocht déag faoin chéad in achar an-ghairid, ach níor laghdaigh sé ach go mall thar thréimhse de dheich mbliana (Féach léaráid 1).
thrí through
" Tarraingíonn siad conspóid mar go dtéann siad thrí cheantair nach mbíonn fáilte rompu.
faoi thrí three fold
" Ach níor imigh Geert Wilders agus mhéadaigh a lucht tacaíochta faoi thrí.
thrí ceathrú 3 quarters
" ”* Éire Úr === Dúirt sé gur thug sé cuairt ar scoil i mBaile Átha Cliath thiar an tseachtain roimhe, áit a raibh dath dubh ar a thrí ceathrú de na daltaí.
faoi thrí dhroichead under three bridges
" Ceolann Philipsz an t-amhrán dobrónach í féin agus gí gur i nDánlann Tate atá sé le cluinstin faoi láthair, bhí sé le cloisteáil roimhe seo mar ghlór taibhsiúil faoi thrí dhroichead i nGlaschú.
fá thrí threefold
" Agus líon a suíochán sa Dáil méadaithe fá thrí tá briseadh fríd suntasach déanta ag an pháirtí ainneoin na cáinte macánta agus na bolscaireachta duibhe ina éadan.
thrí bhealach three ways
" Thosaigh siad amach le 30 gnó agus chuaigh i bhfeidhm ar thrí bhealach le comharthaíocht inmheánach agus seachtarach, stáisiúnéireacht agus le cumarsáid leis na custaiméirí.
thrí cháin by means of tax
" Cheadaigh an ÚCÉ tuilleadh bomaití fógraíochta a thabhairt do TV3 - suas le 12 bhomaite san uair (Dia ár sábháil); cheadaigh sé suíomh táirgí íoctha ar chláracha teilifíse Éireannacha - seachas i gcláracha do pháistí agus cláracha cúrsaí reatha - don chéad uair agus is iad na craoltóirí, idir theilifís agus raidió a mhaoiníonn an eagraíocht thrí cháin a chuirtear orthu.
faoi thrí nó mar sin three times or so
" Téim abhaile faoi thrí nó mar sin i rith na bliana.
gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige not permitted more than three miles out to sea
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
bunaithe ar thrí mhír based on three points
" Bhí an fíorasc i gcoinne an tseisir bunaithe ar thrí mhír.
a thrí oiread three times as much
" Dúradh go bhfuil a thrí oiread de chostas ag baint le RTÉ Radio 1 a chur ar an aer ná mar atá ag Raidió na Gaeltachta ach go bhfuil a 39 oiread níos mó den mhargadh acu.
do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga to how the general public hold the language in high esteem
" Tuigimid a thábhachtaí is atá feiceálacht na Gaeilge do ghradam agus do mheas an phobail thrí chéile ar an teanga.
ba thrí shúile an Bhraisíligh as a Brazilian he saw
" Cé go raibh eolas maith curtha aige ar an tír seo sé bliana ó shin, bhí taithí saoil ní ba leithne aige an iarraidh seo, agus ba thrí shúile an Bhraisíligh seachas trí shúile an Ollanaigh a dhearc sé ar Éirinn an t-am seo.
thrí through
" Tá Robert McMillen den tuairim gur mór idir mórshiúl spraoi agus siamsa i dtír ínteacht eile agus an mórshiúl abhus thrí cheantar nach bhfuil fáilte roimhe ann.