Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
snáithe slándála security thread
" Cúrsaí slándála ======= Tá tréithe slándála sofaisticiúla intógtha san airgeadra nua - comhartha uisce, snáithe slándála agus stríoc scragaill - chomh maith le comhshnaidhmeadh suas le 100 dath sna bancnótaí, agus beidh géarghá leo.
shnáth thread
" Ar bhealach, is scéal fhoirne na Mí é ó 1982 i leith agus Seán Boylan mar shnáth atá fite fuaite tríd an scéal sin ó thús deireadh, an t-aon phearsa a bhí ann go leanúnach sna blianta sin go léir.
gan snáth ina mbrístí without a thread in their trousers
" In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O'Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
snáithíní eolais threads of knowledge
" Iarracht atá sa léitheoireacht seo ar fad ar ghréasán tagartha a fhí as na snáithíní eolais a bhíonn á gcruinniú agus á scaipeadh de shíor ag iomghaoth m'aigne; iarracht ar thaithí agus ar fhoghlaim áirithe a ghreamú sa ghréasán sula roiseann an díchuimhne iad.
snáithíní eolais threads of knowledge
" Iarracht atá sa léitheoireacht seo ar fad ar ghréasán tagartha a fhí as na snáithíní eolais a bhíonn á gcruinniú agus á scaipeadh de shíor ag iomghaoth m'aigne; iarracht ar thaithí agus ar fhoghlaim áirithe a ghreamú sa ghréasán sula roiseann an díchuimhne iad.
snáithí éagsúla various threads
" Post deacair, ar ndóigh, nuair a chuirtear san áireamh na snáithí éagsúla a bhaineann leis an scéal seo.
snáithe óir gold thread
" Maidin Lá Nollag beidh muifléad faoi chrann Nollag Mhic Cárthaigh, ceann breá fada, agus na focail cháiliúla sin bróidnithe air le snáithe óir: *I am one of those who is vaguely interested in Irish*.
Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile the thread that ties all the poems together
" Is é an snáth a cheanglaíonn na dánta ar fad le chéile ná go bhfuil siad ar fad bunaithe ar véarsaíocht dhúchasach Chonamara.
snáth a thread
" Aithním féin snáth ag rith tríd: tábhacht an chomhphobail agus na féidearachtaí atá ann nuair a ghríosaítear an pobal sin, ach fós féin, aithním gur torchaire agus murchuir na míosa atá ann.
snáithe thread
" Ar dtús ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil an dualgas ormsa nó ar mo chara an tiománaí bus seo a mharú? Is í an dara ceist ná an bhfuil cead againn cúpla €uro a thabhairt do choirpeach óg dífhostaithe éigin chun an jab a dhéanamh? Caitheann mo chéile bríste a bhfuil dhá chineál snáithe ann, mar atá cadás agus polyester.
snáithe thread
" Léiríonn tubaiste BP a leochailí is atá an snáithe dubh a shníomhann fabraic na ngeilleagar mór caipitleach le chéile.
snátha threads
" ”* Éacht a bhí ann, mar sin, snátha éagsúla an Chomhaontaithe a tharraingt le chéile *“by the squeakiest of squeaks.
tá snáth láidir a strong thread
" Ach do Assange níl ann ach céim i dtreo a cheann sprice - ní inniu ná inné a chrom sé ar a chuid oibre, agus tá snáth láidir le feiceáil ina shaol a cheanglaíonn cúrsaí ar fad.
snáitheanna uilig all the threads
" Sníomhann Lee Chang-dong snáitheanna uilig an scéil le chéile chun taipéis shaibhir bhrócáidiúil a chruthú.
Snáth buanseasmhach a constant thread
dhéanann na snáitheanna seo uilig a nascadh ina chéile links all of these threads together
" An lárú i gcúrsaí riaracháin agus polaitíochta, agus aon teanga 'náisiúnta/stáit' amháin a chur chun cinn a dhéanann na snáitheanna seo uilig a nascadh ina chéile, d'uireasa aon bhaint eile.
snáth dubh black thread
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.
snáth corcra purple thread
" ” Lá na coinne, chuir an sneachta moill orm, agus nuair a tháinig mé i láthair, bhí fear breá ina steillebheatha romham san oifig, folt dubh gruaige ag sileadh lena dhá ghualainn, culaith éadaigh air a raibh snáth dubh, snáth gorm agus snáth corcra fite fuaite ina chéile tríthe, agus an dá shúil ar bior ina cheann le teann grinn agus beochta.