bealach an gharraí
thrown out
Nuair a cuireadh a raibh aois cait aige
bealach an gharraí thosaigh an glanadh.
a chaitheamh i dtraipisí
to discard, throw on the scrapheap
Le déanaí, cheannaigh an stáisiún luach £12,000 de threalamh ríomhaireachta ach níl sé i gceist acu an seantrealamh
a chaitheamh i dtraipisí.
Caith ort
Get dressed quickly, throw your clothes on
Caith ort agus rachaidh muid isteach chun an bhaile mhóir.
Díbríodh as an eagraíocht iad
there were thrown out of the organisation
Díbríodh as an eagraíocht iad agus bhain siad ballraíocht amach san ord oráisteach neamhspleách.
sa chaitheamh ga agus dioscais
in the spear and discus throwing
Ghnóthaigh Beartla Breathnach, beannacht Dé lena anam, craobhacha uile-Éireann
sa chaitheamh ga agus dioscais agus sa léim fhada agus rinne a chlann mhac, Beartla agus John, éachtaí den chineál céanna.
Chaith sí deireadh isteach
she threw it all in
Chaith sí deireadh isteach i gciseán an níocháin, agus ar ais léi agus an folúsghlantóir léi.
i mbaol díbeartha
in danger of getting thrown out
Go deimhin, bheadh Corr na Móna – an ceantar ina bhfuil cónaí ar an Aire Ó Cuív –
i mbaol díbeartha fosta.
dá ndíbreofaí na ceantair laga
if the weak areas were thrown out
Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go mbeadh níos mó acmhainní ar fáil do na ceantair láidre
dá ndíbreofaí na ceantair laga.
caitheamh orainn
to throw on (our coats)
Tá sé go maith againn
caitheamh orainn agus a dhul isteach agus muid féin a chur in aithne don dream úr.
á gcaitheamh timpeall
being thrown around
Má tá na cláraitheoirí ríomhaireachta in ann rudaí bunúsacha mar dhomhantarraingt a athchruthú laistigh do dhomhan saorga, is féidir leo déileáil leis an gcaoi a bhfuil rudaí
á gcaitheamh timpeall, mar shampla.
chaith an breitheamh an chúis sin amach
the judge threw out the charge
Bhí Elsie Doyle, ball eile den Derry Club, sa chúirt i Learpholl le Cubbon agus Watt agus d’admhaigh sí gur bhailigh sí airgead i Learpholl don UVF, ach
chaith an breitheamh an chúis sin amach, mar dúirt sé nach raibh an UVF ina eagraíocht thoirmiscthe ag an am sin!
Scairt ó na póilíní
Go gearr tar éis do m’alt a bheith i gcló i *Labour and Ireland*, fuair mé scairt ghutháin ó na póilíní agus iad ag rá gur mhian leo labhairt liom faoi m’alt agus teacht chuig mo theach leis sin a dhéanamh.
go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord
that they would be thrown out of the Order
D’admhaigh Ard-Mháistir an Oird i Sasana, Ron Bather, atá ina chónaí i Learpholl, ar ndóigh, go raibh aithne phearsanta aige ar Roy Barwise agus John Irwin agus nach raibh sé cinnte
go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord.
a chaitheamh i dtraipisí
to throw aside
Tá rudaí chomh holc sin gur fhógair Airbus, faoin ghrian ag Farnborough, go raibh sé beartaithe acu an dearadh atá acu faoi láthair don A350
a chaitheamh i dtraipisí, agus go dtógfaidís eitleán nua níos fearr, an “A350 XWB” (ciallaíonn XWB “Extra Wide Body”), ina áit.
sé go ruaigfí mac dochtúra nó mac fiaclóra nó mac dlíodóra amach as scoil.
that a doctor's son or a dentist's son or a lawyer's son would be thrown out of the school.
Ní minic a tharlódh
sé go ruaigfí mac dochtúra nó mac fiaclóra nó mac dlíodóra amach as scoil.
ag caitheamh siar seaimpéin agus beorach
throwing back champagne and beer
Dar liom, ba náireach an radharc é imreoirí gailf a fheiceáil
ag caitheamh siar seaimpéin agus beorach ag deireadh Chorn Ryder i gClub Chill Dara.
nuair nach n-éiríonn leis an teilgean.
when the throw is not successful.
Nuair a chaitheann sé an liathróid, is le stíl a dhéanann sé é, ach is rómhinic ceaptha ag imreoir den fhoireann eile an liathróid
nuair nach n-éiríonn leis an teilgean.
gur caitheadh as an veain é
that he was thrown from the van
Deirtear
gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
teilgeann an printéir
the printer throws out
Gach deich nóiméad nó mar sin,
teilgeann an printéir calóga móra bána amach.
a chaitheadh a gcuid uirlisí chuig a chéile,
who used to throw their implements to each other,
Ciallaíonn sutor gréasaí i mBéarla na hAlban agus, de réir an bhéaloidis, is beirt ghréasaithe ollmhóra iad,
a chaitheadh a gcuid uirlisí chuig a chéile, le hiad a roinnt.
gach aon duine fá scread asail dínn
everyone within a stone's throw of us
Bhí sé ag cleachtadh a chuid poirtíní béil agus é dom’ shíorcheistiú: ‘An bhfuil a fhios agat an ríl seo, a Bhaloir?’ nó ‘An bhfuil a fhios agat an port seo, a Bhaloir?’ agus é ag portaireacht isteach i mo chluas sa dóigh go raibh
gach aon duine fá scread asail dínn ag amharc go hamhrasach orainn.
Chaitheadh na bolcáin,
The volcanos used to throw,
Chaitheadh na bolcáin, atá le feiceáil go fóill i gceantar Tarawera, na clocha seo aníos.
Dá mbeinn ag caitheamh cloch
If I was throwing stones
Ghlac sé a fhad ar fhear an tacsaí tuiscint cén áit a bhí á rá agam, agus ansin sa deireadh nuair a thuig sé, dúirt sé liom, “*Ce n’est pas à Paris*”! (Níl sin i bPáras!)
Dá mbeinn ag caitheamh cloch ó bharr Concorde La Fayette, bhuailfeadh siad Place de Belgique! Dúirt sé sin cionn is nach bhfuil sé in “*Arrondissement*”.
caite as mo cheann
thrown out of my head
D'inis mé dó go raibh sin fíor, ach scéal brónach a bhí ann agus, mar gheall air sin, bhí sé
caite as mo cheann agam le blianta.
peitreal a chaitheamh ar thine.
throwing petrol on a fire
Bheadh sé cosúil le
peitreal a chaitheamh ar thine.
á dteilgeadh isteach sa chearnóg.
being thrown into the square.
** **Dermot Ahern** (Lánchúlaí): Lánchúlaí ar féidir brath air is ea é agus liathróidí arda
á dteilgeadh isteach sa chearnóg.
le hardú agus le caitheamh clocha móra
with raising and throwing big stones
D’eascair na cluichí páirce as comórtais neamhfhoirmiúla a bhíodh ar siúl fadó – comórtais a bhain le reathaíocht agus le neart;
le hardú agus le caitheamh clocha móra; le *teilgeil a’ chabair*.
caitheadh i dtír
thrown ashore
Tréigeadh cuid nach beag acu ar cibé oileán a dtéadh na longa i dtír ann, agus caitheadh go dona leo arís ag muintir dúchais cibé oileáin in ar
caitheadh i dtír iad.
shac sé
he threw her
Bhí a iníon an-óg nuair a bhain sé mí-úsáid aisti don chéad uair agus ní raibh sí ach ocht mbliana dhéag nuair a
shac sé isteach ina chuile rúnda í.
theilg sinn
threw us
Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a
theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
dá raidtear
that is cast, thrown
Is caillteanas airgid, is airgead amú é, cuid mhaith
dá raidtear isteach i dtaighde ollscolaíochta.
dteilgfidh
throws
Feiceann an Fhrainc iad féin mar chultúr láidir, sách cumasach le seasamh in éadan gach a
dteilgfidh Hollywood leo.
ar neamhní
thrown out, dropped
Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman
ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.
chaitheamh i dtraipisí
thrown out
D’aon scríob amháin, tá molta ag an abairt seo na blianta de chleachtais fhadbhunaithe Gaeltachta mar aon le struchtúr riaradh na Gaeilge a
chaitheamh i dtraipisí.
caitheadh
were thrown
Gheall Howard agus an t-aire a bhí freagrach as gnóthaí bundúchasacha, Mal Brough, go gcaomhnófaí ord poiblí sna comhphobail agus
caitheadh baill an airm chuig comhphobail áirithe le cuidiú leis na póilíní áitiúla.
á gcaitheamh féin
throwing themselves
Sna hochtóidí, gan choinne, thosaigh na sluaite mór-rón
á gcaitheamh féin aníos ar na lamairní ag déanamh bolg-le-gréin, agus ó shin i leith tá na sluaite turasóirí tagtha ina ndiaidh chun breathnú orthu.
chaitheadar uathu
they threw away
Ní raibh mórán tráchta ar na deiseanna a bhí ag na hÉireannaigh le linn an chluiche, agus a
chaitheadar uathu, le cúil a aimsiú agus an cluiche a bhuachan.
caitear
are thrown
Chuige seo éignítear mná, timpeallghearrtar buachaillí mar nach bhfuil sé ceadmhach i gcreideamh na Mandaean, scaoiltear urchair leo is
caitear isteach i dtinte cnámha iad.
shacadh sa charcair
throw into jail
Ba é an freagra a thug na húdaráis air seo ná na céadta a
shacadh sa charcair is 30 duine a mharú.
urlacain
to throw up
Tá dóthain cáise, maoithneachais agus ‘*hokiness*’ sa domhan iarbháis sin a chruthaíonn Jackson chun fonn
urlacain a ghiniuint.
caitheadh i dtraipéisí
was thrown out
Ba shin an chéad mholadh i leith na teanga mar sin a
caitheadh i dtraipéisí.
theilg
cast, threw
Ciallaíonn an dá rud gur
theilg barr na toinne uisce 220 troigh ar airde ar a laghad.
theilgfeas
who (occasionally) throws
Cé go bhfuil corrdhuine ann fós féin a
theilgfeas pacáistiú folamh milséain, brioscáin, nó fiú níos measa, amach ar fhuinneog an chairr, breathnaítear go forleathan anois air mar ghníomh mímhúinte amach is amach.
chartadh dramhaíola
throwing out rubbish
Más tuar dóchais é an t-athrú seo, is léir go bhfuil slí fhada le taisteal ag an gcine daonna fós ó thaobh
chartadh dramhaíola de.
chaitear
are thrown
Glactar le beartais áirithe de chuid na bpáirtithe éagsúla fad is a
chaitear cinn eile i dtraipéisí.
chaith siad díobh
they threw off
Léigh sé píosaí dúinn a bhí pléite níos déanaí sa scoil, sa mheánscoil fiú amháin! Ní hionadh go raibh mé bailithe de mo mhúinteoirí féin!”
Ní beag an t-athrú atá tagtha ar an bPolainn agus ar na Polannaigh ó
chaith siad díobh cuing an chumannachais, ar ndóigh.
chaith sé é féin
he threw himself
Ar a bhealach abhaile ón scoil an tráthnóna sin, is cosúil gur
chaith sé é féin amach san abhainn ó dhroichead i lár Romans-sur-Isère, baile atá céad ciliméadar ó dheas de chathair Lyon.
Caitheadh a corp
her body was thrown
Caitheadh a corp amach sa chanáil, áit ar imigh sí leis an sruth.
a chur amú
to throw away, waste
Is tubaiste é chomh maith don phobal Giúdach a chomhthoghadh ag na Síónaigh lena chuid fuinnimh, tallainne agus dóchais
a chur amú ar thionscadal nár chóir dóibh glacadh mar chúram orthu féin sa chéad áit, agus *“whose only chance of success lay in obliterating the hopes of another people.
bhíos á raideadh thart
which are thrown around
Ach mar a léiríonn an cás seo tá fadhbanna eile sa chóras nach réiteofar i ndíospóireacht na ngiotán cainte a
bhíos á raideadh thart go rómhinic sa lá atá inniu.
caitheamh sceana
throwing knives
Níl amhras ar bith fá dtaobh de, a chairde: is cluiche é an galf atá thar a bheith contúirteach; níos dainséaraí go mór ná an dornálaíocht: níos contúirtí ná
caitheamh sceana; níos baolaí ná an iomáint, ná an Iomrascáil Sumo, ná an taekwondo, ná an pholaitíocht féin, fiú.
i ndiaidh dom a bheith caite amach
after I had been thrown out
Tusa a sheas liom
i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
chartadh as
to throw out
Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a
chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
comharthaíocht
throwing shapes
Bhí pleananna spreagtha ar na forógraí go léir ach i ndáiríre ní raibh i gceist ach
comharthaíocht i ngeall ar a laghad airgid a bhí i gceist iontu.
caitheadh amach
were thrown out
Thosaigh an patrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a
caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
caitheadh amach
were thrown out
Thosaigh an seanphatrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a
caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
Steall uisce
throw, dowse, squirt
Is rud nua é an idirghníomhaíocht seo idir daoine agus na rónta, agus coinnigh an rón faoi shúil ghéar i gcónaí;
- Má bhíonn tú ag snámh go beoga, stad agus athraigh an bang snámha chuig an mbang brollaigh, nó snámh mar a bheifeá i do sheasamh;
-
Steall uisce i dtreo an róin má tá sé ar an dromchla nó séid feadóg má bhíonn a leithéid agat;
- Tabhair rabhadh do lucht snámha eile san uisce.
chaith
threw
An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus
chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair?
Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
scaipeann
throw away
Tugtar ‘cearrbhaigh le fadhbanna’, nó ‘cearrbhaigh anó’, orthu siúd a
scaipeann a gcuid ag imirt ar na fearais.
lucht a chaite
those who threw it
Bhain cuid mhaith den bhruscar le tionscal na hiascaireachta: seantéada, cáblaí agus eangachaí is mó a bhí ann ach bhí cuid mhaith bruscar tí ann chomh maith, caite ar an gcladadh amhail is go raibh
lucht a chaite ag súil go réiteodh an taoille fadhbanna dramhaíle na Rosann.
theilgtear
are thrown
Is mar sin a
theilgtear an cúpla sa tóir ar thaibhsí rúnda na máthar.
cartadh as
thrown out
De réir Arm na nIosraelach a mharaíonn daoine le ladrainn i nGaza, is iad muintir Ghaza an lucht sceimhle nuair nach bhfuil iontu ach seanbhunadh na tíre a
cartadh as a dtithe agus as a dtailte féin agus a sáinníodh isteach ar mhullach a chéile, 1,657,155 duine i gceantar atá níos lú ná leath de Chontae Lú.
geaitsíocht
throwing shapes
Leslie Ó Néill, sílim, atá ag pleidhcíocht, ag
geaitsíocht ar an ardán – ní cuimhin liom anois, cad a bhí ar bun aige ach is cuimhin liom go raibh sé ana-ghreannmhar.
ag geáitsíocht
throwing shapes
Is gearr gur thosaigh fear an tí
ag geáitsíocht agus ag pocléimneach.
tá an tuáille caite isteach aghainn
we’ve thrown in the towel
Tá sé chomh simplí le sin agus
tá an tuáille caite isteach aghainn.
ag caitheamh sleánna
throwing spears
D’iarr an Prionsa air, agus é den tuairim gur nathaíocht ghreannmhar a bhí i gceist aige, “An bhfuil sibh (ag tagairt do mhuintir dhúchais)
ag caitheamh sleánna ar a chéile fós?”
Is iontach an scéal é go bhfuil meas ar an teaghlach ríoga le sonrú abhus go fóill mar go maíonn muintir na hAstráile go bhfuil siad mórtasach as a bheith easurramach, féintuilleamaíoch agus frithúdarásach.
fhad urchair
a stone’s throw
Níl aon chlaí ar an fharraige siar as Éirinn, thar mar a bhíodh daichead bliain ó shin nuair a bhíodh trálaeir na hÍsiltíre, na Danmhairge agus eile faoi
fhad urchair don chósta ag stiúradh na warps sa mhullach ar eangacha trálaeir bheaga na hÉireann.
gotha gan bun ná barr air
pointless throwing shapes
Reáchtáladh léirsithe móra fud fad na tíre agus labhair Abbott ag cuid mhór acu, ag maíomh nach raibh sa reachtaíocht ach
gotha gan bun ná barr air leis an Páirtí Glas a shásamh.
Caitheadh
were thrown
Caitheadh roinnt polaiteoirí de chuid an fhreasúra isteach sa charcair lena cois agus theith a fear céile chun Poblacht na Seice, áit a bhfuair sé tearmann polaitiúil.
naisc aníos
(throw) up links
Is spéisiúil ina dhiaidh sin, go gcaithfidh an t-idirlíon
naisc aníos mórán chomh líonmhar céanna i dtaobh dreamanna eile ar domhan a samhlaítear an mheisce leo, ón Rúis anoir agus i bhfad siar i gceithre aird an domhain, i ndáiríre.
caitheamh diosca nó casúir
discus or hammer throwing
Níl mórán suime ag muintir na hÉireann sna spóirt theicniúla aonair ar nós ardú meáchain agus
caitheamh diosca nó casúir, cé gur bhuaigh Éireannaigh boinn i gcuid de na spóirt sin ag Cluichí Oilimpeacha san atá thart.
Dhealraigh an taispeántas ollmhór
the massive exhibition threw light (on)
Dhealraigh an taispeántas ollmhór dar teideal ‘Not Just Ned’, faoi stair na nÉireannach san Astráil, ar an tionchar a bhí ag seasamh O Farrell.
An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach
being thrown out as against being pleaded to come in
An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach
=================
Níl mé ag rá nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas.
ar caitheadh mé isteach ann riamh
which I was ever ‘thrown into’
Tháinig an bainisteoir bocht brúite amach agus d’impigh sé orainn dul isteach agus a bheith ag ól sa bheár – an chéad bheár
ar caitheadh mé isteach ann riamh.
faoi fhad urchar cloiche dá theach
within a stone’s throw of his own house
Anois deir Seán liom go bhfuil iarratas pleanála curtha isteach chuig an Chomhairle Chontae d’fheirm gaoithe a bheidh
faoi fhad urchar cloiche dá theach.
ag caitheamh gainimh na trá sa mhullach ar a chéile
throwing beach sand at each other
An bhfuil siad chomh feidhmiúil is ba chóir daofu a bheith nó an gcaitear acmhainní maithe amú go ciotach ar roinnt acu? Tá mé ag cuimhneamh ar dhream a fuair maoiniú le taisteal go hIosrael agus a phill le léaráidí powerpoint díofu féin
ag caitheamh gainimh na trá sa mhullach ar a chéile ar ‘lá breá te sa tsamhradh’, lá a chaith siad ag déanamh bolg le gréin, go bhfóire Dia orainn.
inar caitheadh iad
into which they were thrown
Go maire siad sin agus nára fada an lá go bhfeice sinn faoi rath is faoi shíocháin ina dtír féin iad in ionad a bheith sna campaí
inar caitheadh iad le dhá ghlúin anuas agus pobal an domhain ag déanamh neamhairde de scéal a ndíbeartha, dá ngéibheann is dá marú lá i ndiaidh lae.
i ndiaidh a bheith caite amach as
has been thrown out
Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin
i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
Caitheadh
was thrown
Caitheadh buama peitril isteach i gcarr póilíní ina raibh garda mná faoi ionsaí ag 12 dílseoir, nó díleasóirí? Cad é dó?
Bhí sé mar Kristallnacht eile ann, a dúirt póilín amháin agus é ag breathnú ar oifig de chuid Pháirtí an Alliance i mBéal Feirste an mhí seo caite i ndiaidh dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar oifig Naomi Long, an bhean a bhain an suíochán Westminster ó cheannaire an DUP, Peter Robinson ag an olltoghchán deireanach agus ionsaíodh foirgnimh agus bhaill eile de chuid an pháirtí le linn seachtain de racáin.
le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna
in all its glory throwing colour and shade
Bhí an áit á léiriú féin
le mórtas ag teilgean dathanna agus scáthanna ar chaon taobh.
caitheadh a chorp in aolchlais
the body was thrown into a quicklime grave
D’iarr an Ceallach ar na húdaráis a chorp a chur i dtalamh coisricthe, ach
caitheadh a chorp in aolchlais le coirp na gcimí eile a crochadh um an dtaca sin.
caitheamh an luaithrigh amach sa teiscinn
throwing of the ashes into the ocean
Ach os a choinne sin, taispeánann Simon an daonnacht i lár an uaignis, an daonnacht a fheictear i riocht sean-nósanna na cathrach:
caitheamh an luaithrigh amach sa teiscinn tar éis bhás duine muirneach le linn Mardi Gras, béilí ollmhóra cáiliúla an Quarter, an comhoibriú díograiseach idir na ceoltóirí d’fhonn na dauphins sóisearacha ina measc a chosaint le linn am an ghátair
caite de leataobh
thrown aside
Agus bhí sé mar sin do na teaghlaigh fosta - iad uilig
caite de leataobh, gan dóchas.
chaitheadh Joyce na boinn órga sin
J. would throw those gold coins
Theastaigh uaidh an léitheoir a bhodhrú le mionsonraí éigiallta agus díreach nuair a bheadh sé ar tí géilleadh don tuirse,
chaitheadh Joyce na boinn órga sin ar an leathanach.
go gcaithfí ise amach
that she’d be throw out
Dúirt sí gur thaitin an saol san Áras go mór léi, ach mura mbeadh an leipreachán ann
go gcaithfí ise amach.
clocha á gcaitheamh
stones being thrown
Ach tar éis uair an chloig nó mar sin – bhí bruscar curtha trí thine, bhí
clocha á gcaitheamh agus urchair rubair á scaoileadh faoin tráth seo – bhí mo bhuidéal folamh.
bheadh mo lón caite sa bhruscar agam
I’d throw my lunch into the rubbish bin
“Ag an scoil
bheadh mo lón caite sa bhruscar agam.
Finscéal eile a chaitear amach go tráthrialta
another myth regularly thrown out
Finscéal eile a chaitear amach go tráthrialta ná an tairbhe a bhíonn ag an fheirm gaoithe do mhuintir na háite.
Tá lá eile ag an bPaorach
there’s another throw of the dice
Tá lá eile ag an bPaorach, mar sin.
Caitheadh
were thrown
Caitheadh na Poblachtánaigh sin amach as oifig a bhí rólárnach agus róshásta comhoibriú leis na Daonlathaigh, agus tháinig drong mór boicíní antoisceacha isteach sna tithe rialtais nach raibh sásta comhoibriú ar bith a dhéanamh.
caitheadh ar shiúl cuid mhór acu
many of them were thrown out
I ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois d’éirigh daoine éiginnte faoi fhíordheimhneacht na dtaisí agus
caitheadh ar shiúl cuid mhór acu.
an bealach inar chaith Rialtas na linne sin
how the gov. of that time threw
Ní cadhain aonair an Rialtas reatha gan amhras mar gheall go dtugann cáipéisí stáit 30 bliain ó shin le tuiscint go glinn
an bealach inar chaith Rialtas na linne sin beartas cuimsitheach i leith cur chun cinn na Gaeilge i gcártaí, beartas a raibh cosúlachtaí láidre ann le Straitéis 20 Bliain an lae inniu.
caite i gcarn ar a chéile
thrown in a heap
Ní feas dúinn, áfach, líon na mílte eile atá
caite i gcarn ar a chéile i bhfoisceacht maithe na leac.
Bhfuil a cnámha siúd caite
are her remains thrown
Ar tugadh bata agus bóthar don gcailín bocht aimsire úd a luaitear? ’
Bhfuil a cnámha siúd caite i gcúinne éigin den chill chéanna? Gach seans go bhfuil.
Caitheadh lasadh sa bharrach
the fat was thrown in the fire
Caitheadh lasadh sa bharrach leis an bhfógra seo, agus d’eascair díospóireacht fhíochmhar eatarthu siúd a d’aontaigh leis an gcairt, na Franca-Cheanadaigh (scarúnaíthe agus lucht na tuaithe don chuid is mó), agus an chuid eile a d’easaontaigh leis (muintir na cathrach agus lucht an Bhéarla don chuid is mó).
caitheadh meáchain
weight throwing
D’imrímis, idir bhuachaillí agus chailíní, go leor cineálacha spóirt eadrainn féin – iománaíocht, peil, sacar, rásaíocht chapall, cruicéad, dornálaíocht, iomrascáil /an choraíocht, leadóg, lúthchleasa (rith, léim, rás cliath,
caitheadh meáchain, caitheadh sleá, léim chuaille, saighdeoireacht san áireamh), galf, snámh agus araile.
caite thart
thrown around
Bhí na gearrthóga tiubha fada a baineadh di
caite thart ar an talamh.
chuile rud isteach
(threw) all in
D’fhreagair Clarke an seic agus d’ardaigh sé é le €800,000 agus mar thoradh chaith Pollack
chuile rud isteach agus casadh thart na cártaí sa deireadh thiar thall.
caitheadh amach as
were thrown out of
Tá buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur
caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad.
chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach
that cuckoo threw the English out
Ráiteas Balfour
=====
Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917!
Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach
chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.
cartadh as tithe is as a dtailte
thrown out of their houses and lands
Is dream iad na Palaistínigh nach raibh lámh acu i ndrochobair an Dara Cogadh Domhanda, ach
cartadh as tithe is as a dtailte, tá siad sáinnithe anois in iamhchríocha agus bantustána ina dtír féin agus níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall, ach tolláin.