Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite if the above accusatons were true
" Dúirt ceannaire an UUP go mbeadh cibé maitheas a chothaigh an dara beart díchoimisiúnaithe curtha ó mhaith dá mb'fhíor do na líomhaintí thuasluaite.
thuasluaite above-mentioned
" As na tíortha thuasluaite is iad an Éigipt agus an Aráib Shádach is mó a cheanaíonn earraí Éireannacha.
ag brath ar na daoine thuasluaite depending on the above-mentioned
" Mar is eol d'aon duine atá ag obair i saol na Gaeilge nó a bhfuil suim aige sa teanga, tá go leor ag brath ar na daoine thuasluaite.
Murach go raibh an tacaíocht thuasluaite ar fáil dom if it wasn't for the fact that the above-mentioned support was available to me
" Murach go raibh an tacaíocht thuasluaite ar fáil dom, is é mo thuairim nach mbeadh níos mó ná cúpla focal agam anois.
an dá chinneadh thuasluaite the two decisions mentioned above
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
an dá chinneadh thuasluaite the two decisions mentioned above
" Ainneoin ráiteas an Uasail Burke - ar chainteoir breá Gaeilge é, dála Enda Kenny féin - go raibh an dá chinneadh thuasluaite bunaithe, “on respect for and promotion of the Irish language”, ní gá ach breathnú ar an tslí a ndeachaigh an caighdeán Gaeilge sna scoileanna ar gcúl le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí le haithint gur a mhalairt a tharla.
thuasluaite above
" *(Suirbhé de chuid an INTO, 2004)* Léiríonn na staitisticí thuasluaite, má tá cruinneas ar bith iontu, go bhfuil an scéal go dona sna bunscoileanna i gcoitinne maidir le háiseanna spóirt agus corpoiliúna agus go bhfuil an milleán go huile is go hiomlán ar an stát, is é sin an rialtas, faoi sin.
an dís thuasluaite the two above mentioned
" Tujdman sa Chróit agus Izetbegovich sa Bhoisnia-Herzogovina, bíodh is nach gcuirfinn an dís thuasluaite ar leibhéal céanna an uafáis le Milosevic féin is a chriú.
formhór na n-éileamh thuasluaite most of the above demands
" Réasúnta go leor ======= Ní fhéadfaí a rá dar liom go bhfuil formhór na n-éileamh thuasluaite míréasúnta nó neamh-inghlactha.
na buanna thuasluaite the above mentioned victories
" Ach, ar an 21 Bealtaine seo caite, cuireadh na buanna thuasluaite i gcomhthéacs difriúil nuair a chaill foireann sinsear Átha Cliath i gcoinne na hIarmhí.
thuasluaite above-mentioned
" Tá cuma néata ar na rudaí thuasluaite, rud a thaispeánann do na cuairteoirí go bhfuil meas ag muintir na háite ar a stair.
ar na foirne thuasluaite. in the above-mentioned teams.
" Anois, cé is moite d’eisceacht nó dhó, níl seans faoin spéir ag Éireannach áit a fháil ar na foirne thuasluaite.
an grianghraf thuasluaite the above-mentioned photograph
" Cad é a bhí ann ach an grianghraf thuasluaite den Storrúil agus “Slieve League” mar theideal air! Pictiúr ó Bhord Fáilte a bhí ann agus is dócha go bhfuil sé le feiceáil i dtreoirleabhair ar fud an domhain i dteangacha éagsúla.
roimh an bhfleá thuasluaite. before the above mentioned feast.
" B’in, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad dinnéar altaithe i Meiriceá, cé go ndeir staraithe go ndearna grúpa oilithreach altú do Dhia i Jamestown, Virginia, dhá bhliain roimh an bhfleá thuasluaite.
an eachtra thuasluaite. the above incident.
" Ní fios cé chomh forleathan is atá cinsireacht mar sin sna meáin chumarsáide, ach ní dóigh liom gurbh eisceacht an eachtra thuasluaite.
an dá rud thuasluaite the two things mentioned above
" Luann seisean arís is arís an tábhacht a bhaineann leis an dá rud thuasluaite (pobal mór bheith ag labhairt teanga agus tacaíocht stáit a bheith aici) agus is léir go mbraitheann sé gur beag eile is féidir a dhéanamh mura bhfuil an méid sin i gceist.
cuid den armlón thuasluaite sin. some of the above-mentioned ammunition.
" Má tá Kirkham ábalta míle duine a mhealladh chuig óráid, ciallaíonn sé sin go bhfuil an baol ann go mbainfear úsáid as cuid den armlón thuasluaite sin.
ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite, from adults without the above-mentioned qualifications,
" Glacfar le hiarratais ó chéimithe Gaeilge, ó chainteoirí dúchais Gaeilge a bhfuil leibhéal na hArdteistiméireachta bainte amach acu agus ó dhaoine lánfhásta gan na cáilíochtaí thuasluaite, ach ar féidir leo léiriú i dtástáil phraiticiúil go bhfuil ardchaighdeán i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla acu.
thuasluaite, aforementioned
" Tá a fhios againn fosta, ó na cáipéisí thuasluaite, go bhfuil an roinn agus an t-aire araon ag beartú an curaclam a fhorordú anois.
thuasluaite aforementioned
" Léiríonn an pobalbhreith thuasluaite gur mheas a bhformhór nach raibh “*a fair go*” á thabhairt do na hoibrithe faoi WorkChoices.
thuasluaite, mentioned above,
" I rith na mblianta sular tháinig athrú faoin mbeartas inimirce thuasluaite, bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile faoin daonra ollmhór san Áise.
thuasluaite, aforementioned
" Roimh an ngéarchéim bhunreachtúil thuasluaite, ghlac muintir na hAstráile leis gur ról searmóineach amháin é ról an ard-ghobharnóra.
i leith na heachtra thuasluaite regarding the aforementioned incident
" Mar bharr ar líomhaintí Hourigan, tar éis do Jean-Louis Bruguière – breitheamh iomráiteach ón bhFrainc – imscrúdú a mhair ar feadh cúig bliana a chur i gcrích, ba é an breithiúnas a thug sé i leith na heachtra thuasluaite ná go raibh Kagame freagrach as an ionsaí sceimhlitheoireachta seo a chuir tús leis an gcinedhíothú.
thuasluaite aforementioned
" Le dul i ngleic le fadhb thithe na mbocht in Éirinn agus leis na fadhbanna sa choilíneacht araon, cuireadh tús leis an scéim inimirce thuasluaite.
hábhair thuasluaite above mentioned matters
" Rachaidh níos mó daoine ar ais ag urnaí agus ag an Aifreann! Níl ceann ar bith de na hábhair thuasluaite chun muid a dhaoradh chun báis agus ní bheidh sa bhrú, ach athrú ón chaighdeán beatha an-ard go ceann a bheas compordach fós i gcomparáid le go leor de mhuintir eile an domhain.
fhíric thuasluaite above mentioned fact
" Ar eagla go mbeadh daoine ag ceapadh gur bhris mé isteach i nDún Aimhirgín i ndorchadas na hoíche le tóirse, ba cheart dom a shoiléiriú gur chuir feidhmeannaigh an Aire Uí Chuív féin an fhíric thuasluaite in iúl dom i scríbhinn.
thuasluaite abovementioned
" Ghabh long de chuid Chabhlach Ríoga na hAstráile bád a bhí lán d’iarrthóirí tearmainn i mí Meán Fómhair 2001, sa limistéar farraige céanna inar gabhadh an bád thuasluaite.
thuasluaite above mentioned
" Chuaigh sé ina bhall den BNP i 1995, agus tar éis an cás thuasluaite, rinne sé iarracht cuma 'mheasúil' a chur chun cinn don eagraiocht.
thuasluaite abovementioned
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
thuasluaite abovementioned
" Dála an suirbhé thuasluaite in Ardscoil Shenfield, fuair siad amach go raibh éileamh mór ar an Ghaeilge.
thuasluaite fore-mentioned
" Nuair a fógraíodh toradh an reifrinn thuasluaite sa bhliain 1999, inár vótáil beagnach 80 faoin gcéad de mhuintir na tíre ar son an neamhspleáchais, rinne arm na hIndinéise agus na mílístí a bhí i gcoinne an reifrinn sléacht uafásach sa tír (Féach Eagrán 14, Meitheamh 2000).
thuasluaite above mentioned
" Ba dhiabhalta an rud dá bhfeicfí Rialtas Iosrael ag tabhairt aon airgead do lucht séanta Uileloscadh na nGiúdach sa tír seo, ar nós Irving thuasluaite.
thuasluaite above-mentioned
" Nuair a rinne an rialtas an iarracht thuasluaite an bille STA a thabhairt isteach bhí Malcolm Turnbull mar cheannaire ar an bhfreasúra.
thuasluaite above mentioned
" Abair mar sin go bhfuil an clib “*garden*” ag Donegan thuasluaite ar a phodcraoladh.
thuasluaite above mentioned
" An bhfuil aon difir idir é agus an graffiti thuasluaite? Luaigh mé in eagrán 101 fosta an Crann Cumarsáide atá tógtha thuas ar an Mhullach Dhubh (219 méadar), i gceantar Shliabh a Liag.
gcreatlach thuasluaite the abovementioned framework
" Cuir barra ar an gcreatlach thuasluaite mar choimhlint le réiteach.
thuasluaite above mentioned
" Níor caitheadh ach tuairim is 75 faoin gcéad de na vótaí ar lá na vótaíochta féin i mbliana mar gheall ar na nósanna vótála thuasluaite.
thuasluaite abovementioned
" Mar bharántas ar na breithiúnais thuasluaite, agus mar chruthúnas, fiú muna mbíonn an ceart agam, go bhfuilim ar a laghad comhsheasamhach, luaim ‘Beo’, Eagrán 104, Nollaig 2009 (Das weisse Band); Eagrán 107, Márta 2010 ( Un prophete); agus Eagrán 97, Bealtaine 2009 (*Let the Right One In*).
thuasluaite above mentioned
" Aon duine a chonaic na himreoirí thuasluaite ag imirt (níl Jackie Carey feicthe ag mórán ar an ábhar go mbaineann sé le ré réamhtheilifíse, idir 1936 agus 1947), is iondúil gurb é John Giles a rogha.
thuasluaite above mentioned
" An mbeidh sí mar 'sháirsint earcaíochta' sa Phoblacht, chun a bheith cinnte go bhfuil a lán Éireannach i measc an 400 thuasluaite? Nach bhfuil dualgas ar Rialtas na hÉireann a chuid saoránach óg a chosaint ón chultas bháis seo?
thuasluaite mentioned above
" Foilsíodh torthaí pobalbhreithe go luath tar éis na díospóireachta thuasluaite inar léiríodh go bhfuil 57 faoin gcéad den daonra ar son an pósadh comhghnéis a dhéanamh dleathach, agus nach bhfuil ach 37 faoin gcéad ina éadan.
thuasluaite above mentioned
" Huxley === Bliain tar éis an t-alt thuasluaite a fhoilsiú, thángthas ar thaisce eile i Huxley, Cheshire, Samhain na bliana 2004.
thuasluaite above mentioned
" Luaigh an Taoiseach an lá céanna sin thuasluaite, 16 Feabhra 2011, nach raibh daltaí meán scoile in ann “cúig abairt Gaeilge a chur i ndiaidh a chéile” tar éis 13 bliain staidéir ar an Ghaeilg amhail is gur chruthú an méid sin nach raibh rath ar an gcóras.
thuasluaite abovementioned
" Fógraíodh an tseachtain seo chaite (san Irish Times, is leamh le haithris) go bhfuil maoiniú faighte acu ón dream thuasluaite is Ray Nolan, bunaitheoir Hostelworld (3).
dtosca thuasluaite above mentioned reasons
" Dá bhrí sin, is dóigh liom gur mithid do na heagrais spóirt a ndualgas a chomhlíonadh agus dul i bpáirt chun scrúdú a dhéanamh ar thionchar na dtosca thuasluaite, agus tuilleadh, ar shláinte agus ar leas na rannpháirtithe in imeacht na mblianta, nó sa chás seo, in imirt na mblianta.
thuasluaite above mentioned
" Beidh an toghchán tionóil ar siúl i gcionn míosa arís agus is é an siombalachas is mó atá i mbéal an phobail, ach tá na cásanna thuasluaite fite fuaite iontu, ainneoin gur tharla siad fada ó shin.
thuasluaite above mentioned
" An rud a cheanglaíonn na scríbhneoirí Béarla thuasluaite ná go mbunaíonn a bhformhór acu na carachtair ón Lucht Siúil ar allagar réamhbhunaithe, allagar foirmleach, réamhluaite a bhfuil athrá agus athdhéanamh déanta air ó ghlúin litríochta amháin go glúin eile.
thuasluaite above mentioned
" Tar éis an dara chupán caifé bhí an t-amhras thuasluaite leáite beagán.
thuasluaite abovementioned
" Bíodh is go bhfuil na húdaráis ag súil go meallfaidh an suíomh cuairteoirí sa bhreis as tíortha eile, tá an dara céim dá bhfeachtas thuasluaite dírithe ar mhuintir na hAstráile.
thuasluaite above mentioned
" Domhnach Broc ======= **CF: I dteannta leis na leabhar thuasluaite, tá taighde déanta agat ar an chuid eile - na hamhráin a tháinig as Oileáin an Bhlascaoid, tá Mám as Mála na mBailitheoirí agus tá taighde déanta agat ar Amhráin Mholta Bád ó Chonamara agus tá staidéar déanta agat ar Thomás Rua i Seanchas Béil Uíbh Ráthach.
thuasluaite abovementioned
" Ba chorraitheach cinniúnach iad na tréimhsí thuasluaite seo i stair na Seice san aois seo caite.
thuasluaite abovementioned
" Tá an-difríocht idir tionchar na ‘dTrí Scannán Árásán’ le Polanski thuasluaite, agus tionchar *‘Carnage’*, an obair is déanaí uaidh.
na hiompairce thuasluaite the above-mentioned rivalry
" In ainneoin na hiompairce thuasluaite, is dlúthchairde iad an dá thír nuair a thagann an crú ar an tairne.
chomhaontú thuasluaite above mentioned agreement
" Na Milliúin Caite ar Beagán Tairbhe ================ Gheall Gillard go dtabharfadh an Astráil $100 milliún do rialtas na hAfganastáine in aghaidh na bliana go ceann trí bliana, agus $250 milliún gach bliain as sin amach, de réir foráil amháin den chomhaontú thuasluaite.
thuasluaite above mentioned
" Ceardchumainn ina gCearrchumainn ================== Léiríonn na ráitis a rinneadh le linn na díospóireachta sa pharlaimint agus an reachtaíocht thuasluaite idir chamáin inti go raibh muintir na hÁise ar intinn ag na rannpháirtithe.
thuasluaite above mentioned
" Tá deireadh ar fad curtha leis na liúntais Ghaeltachta thuasluaite i gcás éinne a earcaítear feasta.
san alt thuasluaite in the fore-mentioned article
" Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.
roinnt den eolas thuasluaite some of the above mentioned information
" (Le bheith faireáilte le *Stillwater Communications*, bhí roinnt den eolas thuasluaite sa tuarascáil a cuireadh ar fáil do RTÉ ach baineadh amach é sa leagan a cuireadh ar fáil don pobal, ar chúis nach dtuigim.
alt thuasluaite above mentioned article
" Scríobh Ó Colchúin san alt thuasluaite go raibh sé soiléir don rialtas gur “mhúscail an scéal féith an chiníochais sa bpobal agus bhí siad breá sásta an deis a thapú don toghchán”.
thuasluaite above mentioned
" Tá léar mór DVD-anna fós neamhoscailte ar an tseilf thuasluaite fá choinne lá an ghátair, nó, níos measa fós, b’fhéidir, oícheanta leadránacha na saesúr seasc.
an loch thuasluaite the abovementioned lake
" Edward Eyre ab’ ainm don chéad fhear geal a chonaic an loch thuasluaite thiar sa bhliain 1840 agus bhaist sé a shloinne féin air.
an deighilt thuasluaite the above mentioned division
" Tharla fo-eachtra sa reilig nuair a thug mé féin sciuird uirthi cúpla lá ní ba dhéanaí a léiríonn go bhfuil an deighilt thuasluaite beo beathach san Astráil fós.
thuasluaite aforementioned
" Is beag an uaillmhian atá ag an stát más é an toradh atáthar á lorg tar éis ceithre bliana déag ‘ag foghlaim’ na teanga ná go mbeadh glúin úr de ‘Aindiacha na hArdteiste’ (thuasluaite) tagtha ar an saol.
thuasluaite abovementioned
" Déarfainn go dtuigfeadh formhór lucht féachana TG4 na leaganacha cainte a úsáidtear go coitianta ar an aer, na samplaí thuasluaite san áireamh.
D’ainneoin na lochtanna thuasluaite despite the problems mentioned
" D’ainneoin na lochtanna thuasluaite, is maith liom an E46.
na doicheallachta polaitiúla thuasluaite the abovementioned political reluctance
" In ainneoin na doicheallachta polaitiúla thuasluaite, bhailigh an feachtas neart de réir a chéile: mar atá feicthe go minic le feachtais ar fud an domhain, bíonn ról lárnach ag na meáin sóisialta iontu - daoine ag dul ar líne, go háirithe ar shuíomhanna ar nós *Facebook* agus *Twitter*, chun a gcuid tacaíochta a chur in iúl go poiblí.
inscríbhinn ar an gcorn thuasluaite inscription on the abovementioned cup
" Is díol spéise é gur bhain Kiernan feidhm as ‘*Minister for Ireland*’ san inscríbhinn ar an gcorn thuasluaite, seachas Ard-Choimisinéir na hÉireann, mar a bhí sé go hoifigiúil ag an am.
thuasluaite above-mentioned
" Sa leabhar thuasluaite, *Use of Weapons*, tá an *Very Little Gravitas Indeed*, an *Size isn’t Everything*, agus an *What are the Civilian Applications?* i measc cinn eile.
leis na himeachtaí staire thuasluaite a reáchtáil to run the above mentioned historical events
" Thóg siad mainistir agus scoil chónaithe ann agus baintear feidhm as na foirgnimh sin leis na himeachtaí staire thuasluaite a reáchtáil.
an t-iomrall ceartais thuasluaite the above mentioned miscarriage of justice
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
ar fad thuasluaite all the abovementioned
" Ní hé nach bhfuil focail ag na Gearmánaigh ar na rudaí seo ar fad thuasluaite.
téamaí thuasluaite above themes
" Tá na téamaí thuasluaite cíortha aige i scannáin ar nós Benny’s Video agus Das Weisse Band (An Ribín Bán) agus Caché (I bhFolach), scannáin inar thug sé dúshlán an dearcaidh iar-nua-aoisigh liobrálaigh sin, an meon coibhneasta atá le sonrú inniu ar fud na sochaí agus ar gach gné den saol comhaimseartha.
thuasluaite mentioned above
" Mhol mé do “Cúige Uladh” gur cheart an lámh in uachtair a fháil air le freagra cliste ar mo phointe faoin schadenfreude thuasluaite.
thuasluaite above mentioned
" Ba mhinic a sheas an t-ochtar ban thuasluaite an fód go láidir di nuair a rinneadh ionsaí pearsanta uirthi agus thug na meáin an “*handbag hit squad*” orthu dá bharr.
thuasluaite above
" Táthar ag súil go mór nach raibh i gceist leis an dearcadh cúngaigeanta ar mhná a léirigh Abbott ina ráiteas thuasluaite ach baois na hóige.
thuasluaite abovementioned
" Is mór agam an “chat” thuasluaite #edchatie, cé nach múinteoir mé féin.
thuasluaite above mentioned
" Má tá achan roinn eile in inmhe a gcuid cáipéisí a chur ar fáil do réamhbhreathnú na meán cad tuige nach mbeifí ag dréim leis an chleachtas céanna ó Roinn na Gaeltachta? Léiríonn na trí shampla thuasluaite nach bhfuil Roinn na Gaeltachta chomh cuiditheach is a ba cheart dóibh a bheith, dar liom, i nochtadh faisnéise faoin phróiseas chinnteoireachta.
thuasluaite abovementioned
" Bhí sé follasach don domhan mór in ochtóidí an chéid seo caite go raibh na hainmhithe mara thuasluaite i mbaol a n-éaga agus chuir Coimisiún Idirnáisiúnta an Mhíl Mhóir státchairde uilechoiteann ar a seilg sa bhliain 1986.
ghoill cuid de na heaspaí thuasluaite ar some of the above mentioned lacks hurt
" easpa suime:** Ní haon áibhéil a rá ach gur ghoill cuid de na heaspaí thuasluaite ar réamhtheachtaí an nuachtáin nua, a bheagán nó a mhórán.
na forais éagsúla thuasluaite the various abovementioned institutes
" Cheal aon nasc soiléir idir na forais éagsúla thuasluaite tá easpa cumhachta chomh maith le heaspa leanúnachais ann.
thuasluaite abovementioned
" Tá poblachtaigh go leor sa pháirtí, lena n-áirítear Malcolm Turnbull, a bhí ina cheannaire ar an Australian Republican Movement (ARM) le linn an reifrinn thuasluaite.
an t-ualach thuasluaite the above mentioned burden
" Léirigh pobalbhreith amháin, cuirim i gcás, nár mheas ach 19 faoin gcéad de na rannpháirtithe go raibh an t-ualach thuasluaite roinnte go cothrom.
tréimhse chomhairle thuasluaite advisory and counselling period abovementioned
" Ní fhaca mé poiblíocht nó bolscaireacht ar bith faoin tréimhse chomhairle thuasluaite; fuair mé amach faoi nuair a bhí mé ag déanamh taighde le haghaidh mo chúrsa timpeallachta anseo ag Oideas Gael.
thuasluaite abovementioned
" Is Treise Dúchas, ach Is Gá Oiliúint =========== Ach níos tábhachtaí ná na tosca thuasluaite ab ea cinneadh a thóg Aontacht Gailf na hÉireann (GUI) thart ar scór blianta ó shin struchtúir a chur ar bun a chuirfeadh ar chumas daoine óga caighdeán ard i scileanna an ghailf a bhaint amach.
thuasluaite above mentioned
" Deir D’Angelo thuasluaite nach cóir duit bualadh bos a dhéanamh ag deireadh ceolchoirme.
thuasluaite abovementioned
" Is cuimhin liom sa tsraith theilifíse thuasluaite gur bhain comhairleoir Hacker, an Ridire Humphrey Appleby, feidhm as na focail, “cinneadh misniúil” le cur síos ar ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh.