Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faitíosach apprehensive, timid
" Go leor acu tá siad compordach leis an nGaeilge agus níl aon fhadhb acu, ach na daoine gur mhaith liom cumarsáid a bhunú leo tá siad faitíosach faoina gcaighdeán féin.
ábhairín scáfar a little bit timid
" Measann sé go raibh an Ríordánach “ábhairín scáfar ar shlite áirithe”.
súile faiteacha, timid eyes,
" Uair amháin ghlaoigh sé isteach chugam is sheas go sollúnta i bhfráma an dorais, aghaidh liath dháiríre air, súile faiteacha, a chrúca sínte amach, lán le pinginí an lae, agus dúirt go mall béasach mar ba dhual dó: ‘Luach dhá phunt ochtó naoi de do *hash* is fearr, led’ thoil.
faiteach i mbun cosanta timid when defending
" Cuireadh ina leith san am a chuaigh thart go raibh sí faiteach i mbun cosanta ach is cinnte nach mbeidh a leithéid inghlactha a thuilleadh agus í roghnaithe mar leaschaptaen na foirne.
is faití most timid
" Tagann an duine is faití isteach ar seo go gasta, nó is é bua na hoiriúnachta atá i gceist sa chathair seo, dá bhrí sin ciceáil thusa tóin nó do cheannsa a bheas ciceáilte.
faiteach timid
" ‘Un prophete’ ‘*The Prophet*’ le Jacques Audiard Caitear Arabach óg faiteach ó bhruachbhaile doilíosach éigin, déagóir neamhliteartha, isteach i gcarcar sceonmhar ina bhfuil maifia chrua na Corsaice i réim.
ní ba bheaguchtúla more timid
" An ndéanfaidh tú sin, a stóirín?’ Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin ================== Mar sin, a léitheoirí dílse: Má shíl sibh go raibh Beo Ar Éigean ní ba leimhe fiú ná mar is gnách an mhí seo a chuaigh thart, ní ba mharbhánta, ní ba bheaguchtúla.